An Timire - Earrach 2017

Page 38

38

Loinnir Ní Dhonnghaile Mac Léinn Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

ÓMÓS DO SHÉAMUS MAC GÉIDIGH Fán am seo anuraidh bhí mé go fóill ar thaithí oibre faoi stiúir Shéamuis Mhic Géidigh. Ach nach mór is nach aisteach an t-athrú agus an difear a dhéanann bliain ghairid amháin. Tá mise ar ais san Acadamh anois ag críochnú mo chéime agus Séamus cóir, níl sé linn a thuilleadh. Is minic a chuala mé guth meidhreach Shéamuis Mhic Géidigh ach is beag a shíl mé riamh le linn m’óige go gcuirfinn aithne air. Fuair mé an deis sin nuair a chuaigh mé ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga. Is cuimhin liom mo chéad lá leis an raidió. Thug Séamus thart ar an stáisiún mé, do mo chur in aithne d’achan duine. Is duine cinéalta cairdiúil a bhí i Séamus agus ba léir dom ón chéad chúpla lá sin ina measc go raibh meas mór ag an fhoireann air. Ba dhuine thar a bheith tuisceanach é fosta. Laistigh den chéad choicís mhol sé dom gan a theacht isteach go dtí níos moille maidin Luain, ionas go dtiocfadh liom breis ama a chaitheamh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Fear mór teaghlaigh ab ea Séamus agus grá mór aige ar a bhean Dolores agus a dtriúr clainne, Póilín, Éadaoin agus Dónal agus ba mhinic é ag trácht orthu. Ní raibh mé i bhfad ag cur aithne ar

Timire Spring 2017.indd 38

Shéamus de bharr na hiarrachta a rinne seisean. Chaith sé am liom, bhí suim aige ionam, agus is rud annamh é sin i saol gnóthach na meán, go mbeadh ceannaire chomh lách fial sin lena chuid ama. Is ag craoltaí seachtracha is mó a d’aithin mé cé chomh fial flaithiúil is a bhí sé. Níor lig sé d’aon duine díol as deochanna go raibh cupla ceann ceannaithe aige féin ar dtús agus b’amhlaidh a bhí sé ag cóisir na Nollag fosta, ina chroí na féile i gcónaí. Bhí Séamus iontach tiomanta dár dteanga dhúchais agus cultúr. Bhí an Ghaeilge go smior ann agus ba mhinic muid ag plé foclaíochta ag am lóin. Bhíodh neart díospóireachtaí againn leis agus muid ag ithe sa chistin bheag sin i nGaoth Dobhair agus seisear againn brúite thart ar sheantábla. Ba níos mó ná bainisteoir é Séamus, is dlúthchara a bhí ann, nár thaobhaigh riamh níos mó le duine amháin seachas duine eile nó bhí achan duine ar comhchéim, dar leis. Bhí a chuid dóigheanna beaga aige fosta. Is cuimhin liom é ag déanamh cúirtéise amach ar an fhuinneog leis na snaga breaca agus an dóigh nach rachadh sé síos chuig an tsiopa in am ar bith. B’fhearr leis suí thuas ag an Raidió agus tóstaí tuinnín le cáis leáite a bheith aige, sin nó chuireadh

06/02/2017 12:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Earrach 2017 by Conradh na Gaeilge - Issuu