18
Máirtín Ó Comhraí, SJ
AN tATHMHUINTEARAS SAN AFRAIC Tuairim is sé bliana ó shin, nuair a bhí mé ag tabhairt cuairt ar thograí Íosánacha a bhí ar siúl sa tSúdáin Theas, bhuail mé isteach ar mheánscoil a bunaíodh le deireannaí ag siúracha Éireannacha Loreto gar do chathair Rumbek. Scoil bheomhar, lán d’fhuinneamh a bhí inti. Agus gach cailín ann ar labhair mé léi, bhi aisling mhór aici faoin saol agus an obair a bhí os a comhair amach. Duine amháin acu, bheadh sí ina múinteoir, duine eile ina dlíodóir, duine eile fiú, bhí sí chun bheith mar uachtarán ar an dtír nua a bunaíodh cúpla mí roimhe sin. Bhíodar an-dóchasach ar fad faoin saol a bhí rompu. Ag an am sin, bhí tríocha trí cailíní ag staidéar sa scoil. Ach dúradh liom go raibh beagnach seachtó cailín ann ag tús na bliana. Diaidh ar ndiaidh, d’imigh siad faoi ordú a gcuid dtuismitheoirí chun pósadh mar bhí gach cailín tar éis teacht chun sleachta agus bhí a clann ag súil leis an spré a ghnóthódh sí óna fear céile. Bhí na siúracha Loreto ag iarraidh an nós seo a athrú ionas go mbeadh seans ag na cailíní oideachas maith a fháil agus seans acu freisin slite beatha difriúla a leanúint. Agus tá ag éirí leo. Creidim go bhfuil níos mó ná trí chéad cailíní sa scoil anois. Ar an gcaoi sin, bhíodar ag tabhairt fianaise fháidhiúil bu-
Timire Spring 2017.indd 18
naithe ar chothrom na Féinne do mhuintir na háite agus do na cailíní go léir. Ach ní ghlacfar leis an athrú seo ar an seanchultúr go héasca. Leis na blianta anuas, an nós san áit sin ná go bpósfadh na cailíní mar dhéagóirí óga. Agus ón spré a fuair an t-athair ón bpósadh sin, bhí sé in ann na daoine a chabhraigh leis féin an spré a chur le chéile dá phósadh féin a íoc ar ais. Bhí deacrachtaí ag baint le haon athrú sna nósanna pósta a bhí á gcleachtadh ag na daoine le fada. Mar sin féin, ar son oideachas agus shlí bheatha na gcailíní, bhí tréaniarracht á déanamh iad a choinneáil ar scoil agus an pósadh a chur ar athló. Tógfaidh sé i bhfad áfach chun go nglacfar le cothrom na Féinne do na cailíní go hiomlán. Nach cuimhin linn an tuarascáil a foilsíodh i mí na Samhna seo caite faoi na difríochtaí pá atá i bhfeidhm idir fir agus mná anseo in Eirinn! Níl cothrom na Féinne anseo againne go fóill, gan bacadh leis an tSúdáin Theas! Agus tá tríoblóidí níos mó sa tSúdáin Theas freisin. I mí Mheitheamh 2011, d’éirigh an tSúdáin Theas neamhspleách ón tSúdáin tar éis fiche cúig bliana cogaíochta. Agus bhí an-áthas agus dóchas sa tír ar fad. Ach taobh istigh de dhá bhliain eile, bhí cogadh cathartha ar siúl idir an
06/02/2017 12:00