An Timire - Earrach 2017

Page 15

15

An tOllamh Micheál Mac Craith, OFM, Coimirceoir Choláiste Isidore, An Róimh

FUÍOLL ÁIR, FINNÉ AGUS FEAR INSTE SCÉIL Bhásaigh Elie Wiesel ar an dara lá de mhí Iúil anuraidh. Bhí sé ochtó seacht mbliana d’aois. Rugadh agus tógadh ina Ghiúdach é i Sighet na Romáine agus nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois díbríodh Giúdaigh uile Sighet go hAuschwitz. A luaithe is a shroich siad an campa géibhinn cuireadh a mháthair agus an deirfiúr ab óige chuig na seomraí gáis. D’éirigh le hElie agus a athair fanacht i dteannta a chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile go tús na bliana 1945 nuair a seoladh na príosúnaigh ar fad as Auschwitz sula mbainfeadh na fórsaí Sóivéideacha an campa amach. Cuireadh chomh fada le Buchenwald iad áit ar bhásaigh athair Elie trí mhí sular fhuascail na Meiriceánaigh an campa. Tógadh an dílleachta go Páras áit a bhfuair sé amach gur éirigh le beirt dá dheirfiúracha teacht slán as Auschwitz. Cheap sé go raibh cúis faoi leith ann gur tháinig sé féin slán agus bheartaigh sé a shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt fianaise ar uafás an Uileloiscthe. Ach chun é féin a ullmhú don chúram seo thóg sé móid gan labhairt faoi thaithí na gcampaí géibhinn go ceann deich mbliana. D’fhoghlaim Elie Fraincis agus Béarla agus faoi thús na gcaogaidí fostaíodh ina iriseoir é do nuachtán Giúdach. Sa bhli-

Timire Spring 2017.indd 15

ain 1954 iarradh air agallamh a chur ar Pierre Mendès France, príomhaire nua na Fraince, gan ann ach an dara Giúdach a bhain an post tromchúiseach sin amach. Toisc nár nós leis an bpríomhaire agallaimh a thabhairt, mheas Wiesel leas a bhaint as an údar cáiliúil François Mauriac mar idirghabhálaí. Chuir Mauriac fáile gheanúil roimh an iriseoir óg, ach nuair a thosaigh sé ag caint ar Íosa, chaill Wiesel an cloigeann agus phléasc sé amach go raibh aithne aige ar pháisti Giúdacha a d’fhulaing míle uair, sé mhilliún uair go fiú, ná Críost ar an gcrois. Agus nach raibh éinne ag labairt fúthu sin. Shéimhigh Wiesel a luaithe agus a bhí a racht ligthe aige, agus faitíos air go raibh praiseach déanta den choinne aige, rith sé amach as an seomra agus é go mór trí chéile. Ach lean Mauriac go dtí an doras é agus d’impigh air filleadh. Nuair a bhí siad ina suí os comhair a chéile thosaigh Mauriac ag gol agus le linn dó bheith ag sileadh na ndeor d’fhiafraigh sé de Wiesel faoi na cúinsí a bhain lena shaol in Auschwitz. Bhí drogall air faic a rá ach sa deireadh mhínigh sé faoin móid tosta bhí glachta aige. D’fhreagair Mauriac go raibh dul amú air, go raibh dualgas air labhairt amach. Bliain ina dhiaidh sin sheol sé lám-

06/02/2017 11:59


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.