An Timire - Earrach 2017

Page 10

10

Seosamh Mac Aogáin Mac léinn sagartóireachta do Dheoise BhÁC atá ag staidéar i gColáiste na nGael sa Róimh

AG ÉISTEACHT LEIS AN nGAIRM CHRÁBHAIDH Bíonn gairm bheatha ag gach duine. Is gairm ó Dhia é atá uathúil don duine aonair. Is é atá inti cuireadh chun saol a chaitheamh mar dhuine go hiomlán beo agus is cuireadh é chun a bheith sásta. Iarann Dia orainn le linn ár saoil tabhairt faoi thascanna agus chaidreamh áirithe. Mar a scríobh John Henry Newman: ‘God knows me and calls me by my name ... God has created me to do Him some definite service; He has committed some work to me which He has not committed to another.’ Tugann Dia cuireadh do roinnt daoine a bheith ina sagairt nó ina ndaoine rialta. Tá ról riachtanach ag sagairt, mná rialta agus bráithre i saol na hEaglaise. Tá an sagart in ainm is a bheith mar dhroichead idir daoine agus Dia. Tá an duine rialta in ainm a bheith mar fhinné ar Ríocht Dé. Is comharthaí iad d’eaglais shláintiúil. Níos mó ná riamh, ní mór daoine a bheith ag éisteacht go haireach le cuireadh Dé agus é a freagairt go flaithiúil. Ach conas a bheidh a fhios ag duine go bhfuil gairm chrábhaidh aige nó aici chun dul le sagartacht nó an bheatha chrábhaidh? Gan dabht bheadh sé soiléir, mar a bhí sé leis an soiscéalaí Matha, dá siúlfadh Íosa isteach sa seomra agus dá n-inseodh sé ár ngairm bheatha go

Timire Spring 2017.indd 10

díreach dúinn. Don chuid is mó dínn, cé go mbíonn taithí fhíorspioradálta againn uaireanta inár saol, is minice a fhaigheann muid ár ngairm chrábhaidh thar thréimhse ama. Faigheann muid amach céard a chuireann áthas agus síocháin Dé inár gcroí, agus leis sin cuirtear ár ngairm chrábhaidh in iúl go soiléir. Go minic ní mór dúinn dul trí thréimhse fhada streachailte. Ba mhaith linn freagraí soiléire a fháil ó Dhia ón tús ach go minic ní fhaigheann muid na freagraí a bhíonn muid ag iarraidh. Ní leor le Dia go nglacfadh muid lenár ngairm chrábhaidh amháin: ba mhaith le Dia go n-athródh muid muid féin freisin, ár smaointeoireacht, ár mianta, ár slí mhaireachtála. Ba mhaith le Dia go gcónódh Críost inár gcroí agus go mbeadh muid fréamhaithe agus bunaithe sa ghrá (Eifeasaigh 3:17). Caithfidh muid an ‘ego’ a smachtú. Ní mór dúinn a bheith foighneach le Dia agus ag an am ceanna ní mór do Dhia a bheith foighneach linn. Má chuirimid ár n-iontaoibh i nDia, má leanaimid den chuardach, freagróidh sé muid. Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh (Matha 7:7). B’fhéidir nach dtiocfadh an freagra chomh tapa agus ba mhaith linn, ach tiocfaidh sé sa deireadh.

06/02/2017 11:58


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.