An Timire - Geimhreadh 2014 / 2015

Page 28

28

An tAth Clement Mac MĂĄnuis

I nGRÁ LE DIA

I ngach glĂșin agus i measc gach pobal tĂ­re, bhĂ­, tĂĄ, agus beidh daoine i gcĂłnaĂ­ ann a bhfuil croĂ­ mĂłr cineĂĄlta acu, agus a dhĂ©anann a bhfuil acu a roinnt leis an tĂ© atĂĄ ina nganntanas. BĂ­odh an tĂ© Ăłg nĂł aosta agus tart orthu - tugtar deoch dĂłibh; ocrasach - roinntear bia leo; gan dĂ­dean - tugtar lĂłistĂ­n; tinn - tugtar aire agus leigheas; aineolach - tugtar oideachas; brĂłnach - tugtar cluas Ă©isteachta agus fĂ©in-mheas. BĂ­onn an bua ag an maith ar an olc i mbeatha a lĂĄn lĂĄn daoine i ngach glĂșin. Is fan a choinne sin a chruthaigh Dia muid. Ta sĂ­ol na maitheasa i gcroĂ­, i gcorp agus i meon gach duine againn. AithnĂ­onn an duine atĂĄ ag lorg na fĂ­rinne an mhaitheas san, leanann sĂ©/sĂ­ Ă©, agus spreagtar Ă©/Ă­ chun an dearcadh cĂ©anna. Dar ndĂłigh, tĂĄ daoine ann agus nĂ­l creideamh ar bith acu, ach caitheann siad a saol ag teacht i gcabhair ar dhaoine eile. I ngan fhios dĂłibh fĂ©in, tĂĄ siad ag leanĂșint an treoir a thug CrĂ­ost – “grĂĄ don chomharsan”. Cinnte bhĂ­ treoir DĂ© ĂĄ leanĂșint ag Catherine Mc Auley sa 19Ăș haois dĂ©ag agus Ă­ ina conaĂ­ agus ag obair ar an gCĂșlĂłg i mBaile Átha Cliath. Chuidigh sĂ­

Timire Winter 2014.indd 28

le gach duine a thĂĄinig chun an dorais ag iarraidh cabhrach. An creideamh a bhĂ­ aici a spreag Ă­. Nuair a fuair an fear agus an bhean a d’fhostaigh Ă­ bĂĄs, d’fhĂĄgadar ina ndiaidh gach de maoin an tsaoil a bhĂ­ acu do Chatherine. BhĂ­ sĂ­ saor a rogha rud a dhĂ©anamh leis. DhĂ­ol sĂ­ an teach agus thĂłg sĂ­ teach mĂłr i SrĂĄid BagĂłid chun freastal ar na bochtĂĄin sa gcathair. An chĂ©ad rud nĂĄ bia a chur ar fĂĄil don tĂ© a raibh ocras air. Thuig sĂ­ go raibh na cailĂ­nĂ­ gafa le sclĂĄbhaĂ­ocht agus gan deis acu Ă©alĂș as. Thosaigh Catherine ar iad a bhailiu isteach agus oideachas a chur orthu. Thuig sĂ­ gurb Ă© an t-oideachas thar rud ar bith eile a thugann saoirse dĂșinn. Scaip an scĂ©al faoi cad a bhĂ­ idir lĂĄmha aici. Thug mnĂĄ Ăłga faoi deara Ă­, agus spreag maitheas agus cineĂĄltas Chatherine iad. ThĂĄinig siad chuici lena bheith pĂĄirteach sa bhfreastalaĂ­ocht. NĂ­orbh Ă© meon Catherine bheith ina bean rialta leis an obair a bhĂ­ idir lĂĄmha aici a dhĂ©anamh, ach chomhairligh an t-easpag di sin a dhĂ©anamh. Sin scĂ©al eile. I dteannta bheirt chompĂĄnach eile, chaith sĂ­ trĂ©imhse ag foghlaim le SiĂșracha na Toirbhirte i gCnoc Seoirse. 1n 1831, d’fhill Catherine ar ShrĂĄid

04/11/2014 15:21


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Geimhreadh 2014 / 2015 by Conradh na Gaeilge - Issuu