An Timire - FĂłmhar 2014

Page 8

8

Daithí Ó Ceallaigh OSA

DHÁ THURAS AGAISTÍN

Sa chuntas a thugann AgaistĂ­n dĂșinn, is lĂ©ir go raibh sĂ© ag lorg gaoise chomh maith le tuiscint ar cheart-bhrĂ­ an tsaoil i gcoitinne. Mar a luadh cheana sa chĂ©ad chaibidil, chuaigh AgaistĂ­n Ăł thuaisceart na hAfraice chomh fada leis an RĂłimh agus an MhiolĂĄin agus ar ais go dtĂ­ a bhaile dĂșchais i Thagaste. B’in gnĂ© amhĂĄin de thaistil AgaistĂ­n. Mar is lĂ©ir Ăł Na FaoistinĂ­, bhĂ­ AgaistĂ­n ar thuras eile ag an am cĂ©anna – an turas ina chroĂ­ istigh, turas na fĂ­rinne, turas na gaoise, turas an spioraid. Ar a bhealach chun DĂ© agus chun na CrĂ­ostaĂ­ochta a bhĂ­ AgaistĂ­n ach ghabh sĂ© thar bhĂłithre Ă©agsĂșla sar ar thĂĄinig sĂ© ar an gCrĂ­ostaĂ­ocht. Agus Ă© i mbun Na FaoistinĂ­ a scrĂ­obh, bhĂ­ AgaistĂ­n in ann fĂ©achaint siar ar bhlianta a thurais agus in ann a rĂĄ: ‘Is tusa a bhĂ­ogann sinn ionas gurbh aoibhinn linn tĂș a mholadh mar gur duit fĂ©in a dheinis sinn agus go mbĂ­onn ĂĄr gcroĂ­ gan suaimhneas nĂł go dtĂ©ann sĂ© chun

Timire Autumn 2014.indd 8

suaimhnis ionatsa’. Turas crĂĄite chroĂ­ AgaistĂ­n, croĂ­ gan suaimhneas, sin atĂĄ leagtha amach sna FaoistinĂ­ agus bhĂ­ compĂĄnaigh Ă©agsĂșla aige ar an turas cĂ©anna, fiĂș munarbh eol do chuid acu go rabhadar pĂĄirteach sa turas: a mhĂĄthair Monica, a mhac Adeodatus agus a mhĂĄthair siĂșd, a chara Ailipias, na mic lĂ©inn a mhĂșin sĂ© i gCarthage, sa RĂłimh agus sa MhiolĂĄin, na MainicĂ©igh lenar chaith sĂ© naoi mbliana, Victorinus agus lucht NuaPhlĂĄtĂłnachais, AmbrĂłis, easpag sa MhiolĂĄin agus a lĂĄn eile nach iad. Luaitear an focal ‘croí’ (cor sa Laidin) go mion minic sĂ­os trĂ­d an mbailiĂșchĂĄn ollmhĂłr de scrĂ­bhinnĂ­ AgaistĂ­n. ‘SĂ©ard a thuig AgaistĂ­n le ‘croí’ an duine, nĂĄ an leibhĂ©al is doimhne istigh den duine, mar a bhfuil an duine ina dhuine go hiomlĂĄn is go hiontaofa. Go minic san ealaĂ­on ChrĂ­ostaĂ­, dealbhaĂ­tear AgaistĂ­n agus croĂ­ ar lasadh

31/07/2014 11:44


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - FĂłmhar 2014 by Conradh na Gaeilge - Issuu