An Timire - FĂłmhar 2011

Page 43

Timire

43

Cuallacht Léannta Michelle O Riordan

An tAthair Ó DuinnĂ­n Is Ă© PĂĄdraig Stiabhna Ó DuinnĂ­n (1860 – 1934) (nĂł Ua DuinnĂ­n mar a scrĂ­obhadh sĂ© fĂ©in an sloinne) an tĂ© ba shine den triĂșr ÍosĂĄnach (agus iar-ÍosĂĄnach, ina chĂĄs-san) atĂĄ faoi chaibidil anseo. TriĂșr ba ea iad a d’fhĂĄg rian lĂĄidir ar lĂ©ann na Gaeilge, ar shaol agus ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge, i leith na staire agus i leith ceisteanna sĂłisialta agus spioradĂĄlta a linne. SaolaĂ­odh an bheirt eile san aon bhliain, 1870 – an tAthair Eoin Mac Fhir LĂ©inn, a d’éag i 1950, agus an tAthair LĂĄimhbheartach Mac Cionnaith, a d’éag i 1956. BhĂ­ saol an triĂșir comhthreomhar lena chĂ©ile ar bhealaĂ­ ĂĄirithe, agus fite isteach ina chĂ©ile, uaireanta. ChloĂ­gh an triĂșr le raon saoil rialta toilsmachtaithe. Agus d’fhĂĄg an triĂșr lear mĂłr oibre ina ndiaidh, agus chuireadar mĂłr-chomaoin ar chĂĄch. Is mar charachtar finscĂ©alaĂ­och is mĂł a fhĂ©achtar anois ar an DuinnĂ­neach, agus is mar shaothar Ă­ocĂłnach a fhĂ©achtar ar a Ă©acht scolĂĄrtha, FoclĂłir Gaedhilge agus BĂ©arla. Ach fear meĂĄnaosta a bhĂ­ ann nuair a foilsĂ­odh an chĂ©ad eagrĂĄn den fhoclĂłir sin i 1904, agus fear a bhĂ­ ag druidim le scothaostacht a bhĂ­ ann nuair a cuireadh an dara heagrĂĄn amach i 1927. CeannaĂ­ caorach agus beithĂ­och ba ea an t-athair agus gabhĂĄltas talĂșn fĂ­orshuarach aige cĂłngarach don RĂĄth MhĂłr i gCo. ChiarraĂ­ (ceantar Shliabh Luachra). Teaghlach arbh Ă­ an Ghaeilge an ghnĂĄth-theanga labhartha acu ab ea

2011_TIMIRE Special Edition.indd 43

Ă© , a bhĂ­ – mar a bhĂ­ go leor de mhuintir na hĂĄite mĂĄguaird – ag druidim de rĂ©ir a chĂ©ile le BĂ©arla. Ba go hĂĄitiĂșil ar fad a fuair sĂ© a chuid oideachais go dtĂ­ gur chrĂ­ochnaigh sĂ© ina mhonatĂłir i scoil sna MĂ­nteoga (1874). LĂ©irigh sĂ© cumas ar leith chun na matamaitice. D’éirigh sĂ© as an monatĂłireacht agus d’fhan sa bhaile idir 1874 – 1877, ag foghlaim Laidine agus GrĂ©igise, deirtear, Ăłn Athair Conchubhar Ó SĂșilleabhĂĄin a bhĂ­ ina shĂ©iplĂ­neach sa pharĂłiste. Deirtear gurbh Ă© an tAth. Donncha Ó MurchĂș SJ (1833 – 1896), staraĂ­ agus seandĂĄlaĂ­ a rugadh in Áth Trasna, Co. ChorcaĂ­, a chĂ©adspreag PĂĄdraig Ó DuinnĂ­n i dtreo na sagartĂłireachta nuair a bhĂ­ sĂ© i mbun misin ĂĄitiĂșil. Chuaigh PĂĄdraig Ó DuinnĂ­n ina nĂłibhĂ­seach i 1880 go PĂĄirc Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. ChlĂĄraigh sĂ© ar ball ina mhac lĂ©inn de chuid chĂłras na hOllscoile RĂ­oga (a bunaĂ­odh i 1880). Bronnadh BA air 1885 sa LitrĂ­ocht Nua-Aimseartha agus san EolaĂ­ocht MhatamaiticiĂșil. CĂ© go raibh daoine de na staraithe agus den lucht teanga ba bhisiĂșla agus ba mhĂł le rĂĄ timpeall an cholĂĄiste sa trĂ©imhse Ășd (an tAth. Éamon Ó hÓgĂĄin SJ [1831 – 1917]; an tAth. Donncha Ó MurchĂș SJ [1833 – 1896]; agus an tAth. Eoin S. Ó Cearbhaill SJ [1837 – 1889]), nĂ­l le tuiscint, Ăłn mĂ©id a bhĂ­ le rĂĄ ag an DuinnĂ­neach lĂĄnfhĂĄsta ar ball, gur bhain sĂ© aon leas as a gcuid lĂ©achtaĂ­ ag an am. Ba leis an Ollamh Ó Cathasaigh (CorcaĂ­och a bhĂ­ ina bhall de

25/08/2011 12:27


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - FĂłmhar 2011 by Conradh na Gaeilge - Issuu