An Timire - Earrach 2011

Page 30

30

Timire

LĂ­s NĂ­ Chulainn

MISE EOGHAN Dia dhaoibh, a chairde Ăłga,

agus an tEarrach ag filleadh go leisciĂșil drogallach orainn. BhĂ­ an Geimhreadh reoite go leor le moill ar an trĂĄcht agus an t-uisce gann in a lĂĄn ĂĄiteanna. Nuair a d’fhilleamar ar an cholĂĄiste anseo chaitheamar trĂ­ lĂĄ gan uisce reatha. B’éigean dĂșinn gach soitheach a lĂ­onadh as taiscumar a bhĂ­ lĂĄn d’uisce bĂĄistĂ­ agus iad d’iompar timpeall chun freastal ar gach rang. Nuair a thosaigh uisce ag teacht Ăł na buacairĂ­ arĂ­s d’ardaĂ­omar liĂș ĂĄthais! Arsa an seansagart linn: ‘CuimhnigĂ­ go raibh Maois bocht ag iarraidh uisce d’fhĂĄil trĂ­ bhualadh ar charraig, ar ordĂș an Tiarna agus gur theip air. Is dĂłcha go ndearna na hIosraeilĂ­tigh bualadh bos mall ĂĄ chĂĄineadh. FĂ©ach go gceapann daoine go bhfuil an cine daonna uilechumhachtach – go dtĂ­ an lĂĄ ina bhfĂĄgtar iad gan braoinĂ­n uisce!”

TIMIRE Spring_2011.indd 30

02/02/2011 16:17


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Earrach 2011 by Conradh na Gaeilge - Issuu