Teagasc agus teachtaireacht Newman agus na Gaeil An tAth. Leon Ă GiollĂĄin Is lĂ©ir go raibh an-mheas go deo ag Newman ar stair agus cultĂșr na nGael agus ar na Gaeil fĂ©in. I leabhar atĂĄ curtha in eagar ag an Dr. PĂĄdraig Ă Fiannachta in ĂłmĂłs dâEoghan Ă ComhraĂ, Ollamh le Stair agus SeandĂĄlaĂocht na hĂireann san Ollscoil Chaitliceach a bhunaigh Newman, faoi stiĂșir na nEaspag, tĂĄ cur sĂos ĂĄlainn ar an gCairdinĂ©al, a lĂ©irĂonn go maith cĂ© chomh lĂĄch, tuisceanach agus tacĂșil is a bhĂ sĂ©: âBâĂ© an Dr. J.H. Newman, UachtarĂĄn na hOllscoile CaitlicĂ, a chuir ina luĂ ar an scolĂĄire cĂșthalach Ăł Chontae an ChlĂĄir go raibh sĂ© thar a bheith cĂĄilithe agus oiriĂșnach dĂĄ phost san ollscoil2 nuair a cheapadh Ă© in 18541. Thosaigh sĂ© ar an tsraith lĂ©achtaĂ, âLectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish Historyâ, an bhliain dĂĄr gcionn, 1855, agus lean siad go 1856. I lĂĄthair ag gach lĂ©acht bhĂodh an Sasanach macĂĄnta, an Dr. Newman. I ndiaidh gach lĂ©achta bhĂodh sĂ© 1. Is lĂ©ir go rabhthas ag caitheamh anuas go tarcaisniĂșil ar an ollamh ag an am. 2. Ba Ă© Newman, uachtarĂĄn na hOllscoile, a cheap Ă©. 3. Is lĂ©ir Ă© seo Ăłn alt iomlĂĄn atĂĄ faoi chaibidil anseo.
TIMIRE dec_2010.indd 17
ĂĄ mholadh agus ĂĄ ghrĂosadh mar dâaithin sĂ© a fhiĂșntasâ. Agus is amhlaidh freisin gur Ăoc an Ollscoil, faoi stiĂșir Newman, as na lĂ©achtaĂ sin â nĂos mĂł nĂĄ 700 leathanach! â a cuireadh i gclĂł in 1861. Sna Sceitseanna StairiĂșla, Iml. III, caibidil X â TraidisiĂșn na Sibhialtachta: OileĂĄin an Tuaiscirt â a scrĂobh Newman thart ar 1856, lĂ©irĂtear freisin ardmheas an ChairdinĂ©il ar na Gaeil, ĂĄ gcur fiĂș i gcomparĂĄid lena chomhthĂrigh fĂ©in! For the Celt, it cannot be denied, preceded the Anglo-Saxon, not only in his Christianity, but in his cultivation and custody of learning, religious and secular, and again in his special zeal for its propagation⊠In the schools of science, England has no name to rival Erigena in originality, or St. Virgil in freedom of thought; nor among its canonized women any saintly virgin to compare with St. Bridget; nor, although it has 150 saints in its calendar, can it pretend to equal that Irish multitude which the Book of Life alone is large enough to contain. Is amhlaidh a chreid Newman go raibh Ăire faoi choimirce speisialta DĂ© i stair na CrĂostaĂochta, go mĂłr mĂłr san Eoraip3.
10/11/2010 12:44