An Timire - Samhradh 2010

Page 17

Timire uafásach sin, síos an pasáiste plódaithe go dtí oifig an mhaoir. Shínigh sé cáipéis a scaoilte le lámh chrathach. Bhí sé slán, saor. Ba dhuine luachmhar daonna é a bhíothas tar éis a sciobadh saor. Ní raibh ann ach iarsma de longbhriseadh an tsaoil, cuid den bhruth faoi thír a fágadh ar an trá tar éis racht na stoirme, gan fiúntas, gan fáilte roimhe ag éinne, ná roimh a ghnúis dhorcha is a ghruaig chatach. Ní raibh ann ach bundúchasach suarach, den cheast (caste) ab ísle. Ach, anois, bhí sé tagtha slán sábháilte, tugtha saor ón bhás cinnte a bhí daite dó murach sin. ‘Tháinig mé chun saoirse a thabhairt do na cimí’, a dúirt Íosa; agus ba chóir dúinn uile an rud céanna a dhéanamh. Tig linn casadh le hÍosa, go díreach, i bpearsa gach duine ar nós Hakim, eisean agus an tochas ar a chraiceann, le logaill mhodartha na súl scaollmhar. ‘Insím an fhírinne daoibh, cibé rud a rinne tú don té is lú de na bráithre seo liom, domsa a rinne tú é.’ Laistiar dínn, dhruid an doras de phlimp, agus ar an lá úd i mí Mhárta, shiúil Hakin amach ina dhuine fuascailte. Stad sé nóiméad, ag sú isteach solas scalltach neamhghnách na gréine. Bhí mála plaisteach ina ghlac, nach raibh ann ach T-léine shalach, an t-aon tráithnín de mhaoin an tsaoil ba leis. Smaoinigh mé arís ar an mhéid sin d’earraí gan úsáid, gan úsáideacht fiú, a bhí agam. Dhein mé geallúint ansin go scaoilfinn leo, faoi dheireadh.

TIMIRE May.indd 17

17

Lastall den plaza, tháinig cling an chloig ó Eaglais Santa Lucia, ag comóradh Theachtaireacht an Aingil. Mheabhraigh mé Banóglach an Tiarna, agus a hurnaí iontach, an Magnificat: ‘Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí…agus d’ardaigh sé daoine ísle. Líonfaidh sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus cuirfidh sé na saibhre uaidh folamh’. Ó, go raibh lá na fuascailte den chinéal sin ar na gaobhair do mhuintir faoi leatrom na bhFilipíneach, agus do mhuintir gach náisiúin a bhfuil éagóir agus dúshaothrú á ndéanamh orthu. Bhris dúchas an Ghorta Mhóir trí shúile mo chuid smaointe. Ach bhí sé in am trátha le haghaidh ‘nithe maithe’. Lón, mar shampla. Chuireamar na smaointe réabhlóideacha ar leataobh, agus thionlaic Hakin ocrach isteach inár veain, agus ar aghaidh linn go dtí an bhialann Jollybee ba chóngaraí, le slám de bhia gasta a fháil. Bhí sé in am an seang a bheathú. D’ordaigh muid rís agus sicín, agus uachtar reoite. Ach ní héasca a chuaigh Hakimn i seilbh a shaoirse. Ar dtús, bhí móramhras air inár leith, ag samhlú, b’fhéidir, nach raibh ionainn ach ‘drong na n-aenna’, drong a d’fhuadaigh agus a mharaigh roinnt tachrán sráide, lena mbaill bheatha inmheánacha a bhaint amach astu agus a dhíol. Bhí moill ar Hakim chun ite. Bhí sé rólag chun an píosa sicín a chogaint i gceart, an chéad bhlúire feola a bhí

25/05/2010 15:35


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
An Timire - Samhradh 2010 by Conradh na Gaeilge - Issuu