Clare Island Brochure IE

Page 1

TEACH SOLAIS Oileán Chliara Bunaithe in 1806

TEACH LÓISTÍN IN IARTHAR NA HÉIREANN

www.clareislandlighthouse.com


AN FHÍS ATÁ AGAINN Measaimid gurb áit iontach é Teach Solais Chliara le héalú chuige, gur dídean é ina gcuirfear aíonna ar ais ina gceart, agus gurb áit é ina mbeidh suaimhneas ag fiú an aigne is gnóthaí gan mhoill mar gheall ar luas bog shaol an oileáin. Tá ár gcuid seomraí simplí agus saor ó thranglam ach tá siad anchompordach, agus tagann siad le héiteas an tí solais agus a shuíomh. Ligeamar don tírdhreach an chaint a dhéanamh nuair arbh fhéidir sin! Tá Teach Solais Chliara ina chlúid nach ann dá macasamhail, áit ar leith inar féidir le haíonna an aimsir a bhréagadh ina n-aonar nó sult a bhaint as an gcomhluadar agus an saol sóisialta i dteas mealltach na cistine, an tseomra suite nó na leabharlainne. Níl aon teilifís sa Teach Solais ach tá Wi-Fi ar fáil ionas gur féidir le haíonna úsáid a bhaint as a ngléasanna iniompartha féin. Cuirtear ábhar léitheoireachta, cluichí, compord corpartha agus pianó ar fáil - is ar ár gcuid aíonna a mbraitheann an comhrá!

AN ÁIT MHAIREACHTÁLA IS FEARR IN ÉIRINN Is é Cathair na Mart an baile mór is gaire do Chliara, agus, dar le Destination Westport, is baile é atá fíor-tharraingteach agus a bhfuil blas na mór-roinne air. Is baile oidhreachta uathúil, gleoite é, a fuair gradam mar an Áit Mhaireachtála is Fearr in Éirinn ó léitheoirí an Irish Times in 2012. Is mór idir fuadar agus fuinneamh Chathair na Mart agus an saol suaimhneach ar Theach Solais Chliara, agus is breá le cuairteoirí an dá thrá a fhreastal. Ní fheadar nach é turas le dhá cheann scríbe éagsúla díreach an rud atá uait!

CHUN AN TEACH SOLAIS Tá Teach Solais Chliara suite ar an bpointe is faide ó thuaidh den oileán, agus é go hard ar na haillte. Is é Marcas Shligigh a rinne é a thógáil in 1806, agus chomhlíon an teach solais a dhualgas ar feadh seacht mbliana, go dtí gur scrios tine an laindéar agus cuid den túr i mí Mheán Fómhair 1813. Tógadh túr laindéir nua in 1818. Seasann an Túr Laindéir saoirseachta seo, a bhfuil déanamh sorcóra air agus atá 12.6 méadar (41 troigh) ar airde, 118 méadar


(387 troigh) os cionn leibhéal na farraige agus is ionann a thrastomhas seachtrach ar urlár na talún agus 5 mhéadar (16 throigh). Rinneadh díchoimisiúnú ar an Teach Solais in 1965 mar gheall go bhfuil sé chomh hard ar na haillte gur minic nach raibh feiceáil air tríd an gceobhán, aisteach go leor! Tá na foirgnimh, lena n-áirítear an túr tí solais bunaidh, athchóirithe go híogair agus go saineolaíoch ag an úinéir reatha, a cheannaigh an teach solais in 2008. Tá an Teach Solais athbhunaithe anois i gcroílár Chliara, agus cuirtear compord nua-aimseartha ar fáil mar aon le fáilte ar an seanstíl - dídean sábháilte de chineál éagsúil. Tá an Túr Laindéir ar oscailt do gach aoi lena úsáid agus tá fáil air, ach é a iarraidh, i gcomhair bricfeasta le héirí na gréine, i gcomhair deochanna le dul faoi na gréine, agus i gcomhair béilí príobháideacha do chóisir bheaga le haghaidh ócáidí speisialta.

BÉILÍ Anseo sa Teach Solais, tá sé ina aidhm againn bia a ullmhú a tháirgtear go háitiúil, bia nach bhfuil éirí in airde ag baint leis, atá thar a bheith úr agus thar a bheith blasta. Bainimid úsáid as an gcuid is fearr de na comhábhair a bhfuil fáil orthu ar Chliara agus i gContae Mhaigh Eo, agus cuirimid os do chomhair iad mar bhéile álainn simplí. Tugtar bricfeasta baile breá mór do na haíonna, bricfeasta a thugann an fuinneamh dóibh atá de dhíth orthu i gcomhair ghníomhaíochtaí an lae. Sa tráthnóna, bíonn biachlár socraithe againn i gcomhair an dinnéir, agus é ag brath ar chomhábhair an tséasúir, iasc an lae a rugadh air sa cheantar nó cibé feoil a mholfaidh búistéir na háite, cibé uan an cheantair nó mairteoil féar-chothaithe. Mar a deir siad i Maigh Eo - is é an nádúr a chuireann an blastanas ar ár gcuid feola! Faightear bradán úr ó Fheirm Bradán Orgánach Chliara. Is féidir linn freastal ar aon riachtanas speisialta maidir le bia freisin, ach fógra a thabhairt dúinn roimh ré.


CÓIRÍOCHT

CÚINNE NA HAILLE

AN TÚRTHEACH

TEACHÍN NA MNÁ SÍ

SRAITH SHEOMRAÍ AN TSABHNA

Jackie O’Grady

RADHARC ACLA


CUIREANN TEACH SOLAIS CHLIARA FÁILTE ROMHAT Seasann Cliara ar garda ar an mbealach isteach chuig Cuan Mó, amach ó chósta an Atlantaigh in iarthar na hÉireann. Le beagnach dhá chéad bliain anuas, tá teach solas an oileáin ina shainchomhartha muirí suite go hard ar na haillte creagacha, agus é ag faire amach thar Acaill, Chathair na Mart agus níos faide anonn. Bhí an teach solais oidhreachta seo ina dhídean ag mairnéalaigh tráth, ach anois is tearmann de chineál éagsúil a chuirtear ar fáil ann. Tá an foirgneamh liostaithe seo, a bhfuil maorgacht ag baint lena dhearadh ailtireachta, athraithe go ceanúil, cúramach ina chóiríocht sómais, á comhlánú le radhairc iontacha ar an bhfarraige agus timpeallacht nádúrtha spreagúil. .


CLIARA - AN ÁIT ARBH AS DO BHANRÍON NA BHFOGHLAITHE MARA Luíonn Cliara amach ó chósta theas Mhaigh Eo, ar an mbealach isteach go dtí Cuan Mó, 3 mhíle (5 chiliméadar) ó ché Rú an Átha gar do Chluain Cearbán ar an mórthír. Tá cónaí ar líon mór éan mara in aillte mórthaibhseacha an oileáin agus fágann na cnoic, na portaigh agus an choillearnach ar fad go bhfuil an taobh tíre thar a bheith feiliúnach don chnocadóireacht. Is é an ceann is mó de na hoileáin amach ó chósta Mhaigh Eo é, agus é thart ar 8 gciliméadar ar fad agus 4.8 km ar leithead. Daonra thart ar 130 atá aige Tríd an Mheán-Aois, bhí Cliara ina chuid de dhúiche theaghlach Uí Mháille, a bhí i réim in iarthar Chonnacht. Tá fothrach túrthí, ar a dtugtar Caisleán Ghráinne Ní Mháille mar gheall ar an té is cáiliúla a raibh cónaí uirthi ann, in aice na cé ag imeall thoir an oileáin.

d‘fhéadfadh sé gur ansin a adhlacadh Gráinne Ní Mháille. Tá cáil ar an mainistir i ndáil leis na pictiúir atá ar an díon agus ar na ballaí, ar saothair ealaíne mheánaoiseacha iad. Tá Teach Lóistín Theach Solais Chliara 6 chiliméadar ón gcé ag an rinn ó thuaidh den oileán. Seolann seirbhís farantóireachta laethúil ó Rú an Átha go dtí príomhchuan an Oileáin - féach ar www.clareislandferry.com le haghaidh sonraí Is iomaí gníomhaíocht ar féidir sult a bhaint aisti ar an Oileán, agus siúl, snámh, rothaíocht, marcaíocht capall agus iascaireacht ina measc

Is sa mhainistir Chistéirseach bheag in aice an chósta theas, a bhunaigh muintir Uí Mháille, atá tuama a dteaghlaigh, agus

CONAS ÁIRITHINT A DHÉANAMH Tabhair cuairt ar: www.clareislandlighthouse.com/booking Ríomhphost: info@clareislandlighthouse.com Teileafón: Ms. Roie McCann +353 (0)87 6689 758 Glacaimid le: VISA, MasterCard, PayPal or cheque

www.hertz.com


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.