The take charge of change declaration english & gaeilge

Page 1

DECLARATION


Our Vision

“Our vision for Ireland is a secular inclusive, multilingual, confident state with excellent and universally accessible education, health and social support systems; an Ireland of which we can be proud on the global stage; a place where people, arts, culture, heritage, sport and the Irish language are nurtured and developed. We have to engage in a process of systematic political reform. We envision high levels of social and community cohesion and cooperation, and a sense of active citizenship, ensuring the vulnerable are empowered, protected and cared for and a place where human rights are valued; where there is an acceptance and celebration of all citizens and where all people have equality of access, equality of opportunity in society and in the State. Our vision includes economic prosperity, an enterprise culture and the opportunity for education and employment for all, a place where young people reach their potential, have a solid future and a valued voice, free from forced emigration and the burden of national debt. Irish entrepreneurial spirit, food, crafts, products, technology and innovation will be valued internationally . We recognise our unique cultural, historical, linguistic and artistic national identity in pursuit of our vision for a future Ireland.�


What needs to happen?

1

A renewed dual approach to teaching Irish at Leaving Certificate level; the first (compulsory) subject focused on speaking, the second (optional) subject focused on literature, driven by foundation of Gaelscoileanna.

2

Legislate for the X case and hold a referendum on abortion

3

Development of social opportunities for Irish language.

4

Make marriage equality and adoption rights a reality.

5

Legislate for absentee voting for citizens outside of their constituencies and abroad.

6

Campaign by young people to promote active citizenship.

7

CAO points recognition (CAO points) for volunteering and community involvement.

8a

Sustain and increase funding to the youth sector.

8b

Leaving Certificate reform (hands on class participation) and opportunities for life long learning.

10

Empower local Government so that our national representatives TDs don’t engage in parochial politics.

11

Dedicated classes in primary and post primary schools to educate young people on diversity, tolerance and acceptance.

12

More funding for (a) special education needs and (b) broaden IT curriculum at second level.

13

To pursue a secular Irish State.

14a

Curriculum reform at second level to include greater emphasis on political education.

14b

Graduate employment scheme based on relevant skills (not job bridge).


Our Commitment to Achieving the Vision

We commit to work towards change by getting involved at whatever level, in organisations, be they political parties, student’s unions, youth groups, charitable organisations or advocacy groups. We commit to get involved, get informed, get active. We commit to harnessing our creativity and skills to come up with and implement new solutions to social problems. There are many opportunities to implement change, starting with ourselves and our immediate families/ communities and extending outwards. We see volunteering and active citizenship as ways of promoting community values and empowering each other to make a difference, and we see this as a route to concrete action. We commit to challenging stigma, discrimination and prejudice. We aim to promote the value of every vote as citizens and we commit to use every vote at local national and EU levels and to understand the impact of what we vote for. We need to fight against apathy about politics/society among young people, to encourage positivity and participation. We will challenge ourselves and others to lead a healthy lifestyle both mental and physical. We need to harness our ‘can do’ spirit, be proud of our country and our language, and our nation’s great achievements in technology, sport, music, culture, hospitality. We will lead by example to fulfil this commitment. We will take charge of change.


FORÓGRA

an Óige agus an tÉireannaChas 2012


Ár bhFís

“Is í an fhís atá againn d’Éirinn, stát tuata, muiníneach, ilteangach a ghlacann gach duine san áireamh, stát ag a bhfuil córais oideachais, sláinte agus tacaíochta sóisialta den scoth a mbeidh teacht ag cách orthu; Éire ar féidir linn a bheith bródúil aisti go domhanda; áit a gcothaítear agus a bhforbraítear daoine, na healaíona, an cultúr, an oidhreacht, spórt agus an Ghaeilge. Ní mór dúinn tabhairt faoi athchóiriú polaitíochta ar bhonn córasach. Ba mhian linn leibhéal ard comhair agus comhoibre sóisialta agus pobail a fheiceáil, mar aon le mothú na saoránachta gníomhaí, rud a chinnteoidh go dtabharfar cumhacht agus cosaint dóibh siúd atá leochaileach agus go ndéanfar cúram dóibh, áit a mbeidh meas agus luach ar chearta an duine; áit a nglacfar le gach saoránach agus a mbeimid mórtasach astu uile agus áit a mbeidh rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna ag cách sa tsochaí agus sa Stát. Is cuid den fhís atá againn an rath geilleagrach, cultúr na fiontraíochta agus deiseanna oideachais agus fostaíochta do chách, áit a mbaineann daoine óga a lánchumas amach, a bhfuil todhchaí shlán rompu amach agus a dtugtar cluas le héisteacht dóibh, agus iad saor ón imirce éigeantach agus ó ualach an fhiachais náisiúnta. Beidh meas agus luach go hidirnáisiúnta ar spiorad fiontraíochta, ar bhia, ar cheardaíocht, ar tháirgí, ar theicneolaíocht, agus ar nuálacht na hÉireann. Tuigimid go bhfuil aitheantas náisiúnta, uathúil againn ó thaobh cultúir, staire, teanga agus ealaíon agus a thábhachtaí is atá sé agus muid ag iarraidh an fhís atá againn do thodhchaí na hÉireann a bhaint amach.”


Cad atá de dhith leis an bhfís seo a bhaint amach?

1

Cur chuige athnuaite dhá chuid i dtaca le múineadh na Gaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta; ábhar (éigeantach) a dhíríonn ar labhairt na teanga an chéad chuid agus ábhar (roghnach) a dhíríonn ar litríocht na Gaeilge an dara cuid, a mbeidh Gaelscoileanna mar bhonn dóibh.

2

Reachtaíocht a dhéanamh do chás X agus reifreann a bheith ann ar cheist an ghinmhillte.

3

Deiseanna sóisialta a fhorbairt don Ghaeilge.

4

Comhionannas pósta agus cearta uchtaithe a bheith ann i ndáiríre.

5

Reachtaíocht a dhéanamh lena bhféadfadh saoránaigh atá lasmuigh dá dtoghcheantair agus thar lear vóta a chaitheamh i gcéin.

6

Feachtas ag daoine óga chun an tsaoránacht ghníomhach a chothú.

7

Aitheantas d’obair dheonach agus do rannpháirtíocht phobail i bpointí an CAO.

8a 8b

Maoiniú d’earnáil na hóige a chothú agus a mhéadú.

10

Cumhacht a thabhairt don Rialtas áitiúil ionas nach mbeidh ár gcuid ionadaithe náisiúnta, na TDanna, i mbun na polaitíochta paróistí.

11

Ranganna faoi leith i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna chun oideachas a chur ar dhaoine óga i dtaca leis an éagsúlacht, leis an gcaoinfhulaingt agus le comhghlacadh.

12

Maoiniú breise (a) d’oideachas riachtanas speisialta agus (b) do churaclam leathnaithe Teicneolaíochta Faisnéise ar an tríú leibhéal.

13

Stát tuata a bhaint amach d’Éirinn.

14a

Athchóiriú an churaclaim ar an dara leibhéal chun béim níos mó a leagan ar an oideachas polaitíochta.

14b

Scéim fostaíochta do chéimithe bunaithe ar scileanna ábhartha (ní job bridge).

Athchóiriú na hArdteistiméireachta (rannpháirtíocht ghníomhach sa seomra ranga) agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil.


Ár dTiomantas

Tugaimid geallúint go n-oibreoimid ar mhaithe leis an athrú trína bheith rannpháirteach ar cibe leibhéal is gá, in eagraíochtaí, idir pháirtithe polaitíochta, aontais mhac léinn, ghrúpaí óige, eagraíochtaí carthanacha nó ghrúpaí tathanta. Tugaimid geallúint go mbeimid rannpháirteach, go gcuirfimid muid féin ar an eolas, agus go gcuirfimid chun gnímh. Tugaimid geallúint go mbainfimid leas as ár scileanna agus as ár gcruthaitheacht d’fhonn teacht ar réitigh nua ar fhadhbanna sóisialta agus d’fhonn na réitigh sin a chur i bhfeidhm. Tá go leor deiseanna ann chun an t-athrú a chur i ngníomh, agus ar na cinn is gaire dúinn díobh sin tá muid féin agus ár dteaghlaigh / ár bpobail féin agus mar sin de. Is dóigh linn gur bealach iad an obair dheonach agus an tsaoránacht ghníomhach chun luachanna pobail a chur chun cinn agus chun an chumhacht a thabhairt do gach aon duine againn ar gcion féin a dhéanamh, agus is bealach iad, dar linn, lena ndéanfar gníomh i ndáiríre. Tugaimid geallúint go rachaimid i ngleic le stiogma, le hidirdhealú agus le claontacht. Táimid meáite ar luach gach vóta mar shaoránaigh a chur chun cinn agus tugaimid geallúint go mbainfimid leas as gach vóta ar leibhéal náisiúnta agus AE agus go mbeidh tuiscint againn ar an tslí a rachaidh an ní dá bhfuilimid ag vótáil i bhfeidhm orainn. Ní mór dúinn cur i gcoinne dearcadh nóscumaliom atá ag daoine óga/ag baill na sochaí i leith na polaitíochta, d’fhonn dearcadh dearfach agus rannpháirtíocht a chothú. Tabharfaimid ár ndúshlán féin agus dúshlán daoine eile saol sláintiúil, idir cholainn agus intinn, a chaitheamh. Ní mór dúinn leas a bhaint as an spiorad ‘is féidir linn’, a bheith bródúil as ár dtír agus as ár dteanga, agus as móréachtaí an náisiúin seo againne i gcúrsaí teicneolaíochta, spóirt, ceoil, cultúir agus fáilteachais. Beimid féin inár n-eiseamláirí agus an gheallúint seo á comhlíonadh againn. Glacfaimid ceannas ar an athrú.


The ‘Take Charge of Change’ Declaration is the result of President Michael D. Higgins’ six month engagement process with young people on their vision for Ireland. Young people created, agreed and presented the declaration at President Michael D. Higgins’ Being Young and Irish Seminar, Áras an Uachtaráin, Dublin on 17th November 2012.

Visit www.president.ie for further information.

Is toradh é an Dearbhú ‘Glac Ceannas ar an Athrú’ ar phróiseas sé mhí lena ndeachaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i gcomhairle le daoine óga i dtaca leis an bhfís atá acu d’Éirinn. Rinne daoine óga an dearbhú a chur le chéile, a chomhaontú agus a chur faoi bhráid an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn ag Seimineár na hUachtaránachta, An Óige agus an tÉireannachas, a reáchtáladh in Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath an 17 Samhain 2012.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.president.ie


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.