Aras history 2013 - Irish

Page 1

Á r a s

a n

Uac htar Áin

Stair Áras an Uachtaráin



ÁRAS AN UACHTARÁIN



ÁRAS AN UACHTARÁIN Stair Áras an Uachtaráin

OIFIG NA nOIBREACHA POIBLÍ 2013


Arna chéadfhoilsiú sa bhliain 2007 ag Oifig na nOibreacha Poiblí 51 Faiche Stiabhna Baile Átha Cliath 2 Eagrán Nua 2013 © Oifig na nOibreacha Poiblí 2007 Baile Átha Cliath, Éire

ISBN 978 1 4064 2747 9 (bogchlúdach)

Arna chur in eagar ag Elizabeth Mayes Le rannchuidiú ó Jacquie Moore, Margaret Gormley, Joe Joyce, Patrick Murphy, John McCullen, Dr Frederick O’Dwyer and Richard Stokes, Agus le cúnamh ó Mary Van Lieshout, Deirdre Nally, Sheila Clarke, Richie McCann, Finín Ó Murchú, Brian McCarthy, Grainne Mooney, Capt Michael Treacy, Mari Kennedy, Loughlin Quinn, Dr Stephen Lalor, Brian McAufield, Melanie Sexton and Comdt Dermot O’Connor (ag Áras an Uachtaráin); Rachel Emmett, Jenny Lonergan, Robert Guihen, Mary Heffernan, Sharon Doyle, Robert Norton, Greg Farrell, Catherine Kelly, Penny Harris and Yvonne Jackson (ag Oifig na nOibreacha Poiblí); Adrian Le Harivel, An Dr Brendan Rooney, Louise Morgan (ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann); Peter Murray (Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh) Ray MacMánais Dr Anthony Malcomson Arna chomhordú ag Delia Hickey Grianghrafadóireacht le Harry Weir Photography Stiúradh ealaíne agus dearadh le Liam Furlong ag spacecreative.ie Seirbhís Aistriúcháin Ghaeilge le eTeams (International) Ltd agus Europus Teo. Arna chlóbhualadh ag Hudson Killeen, Baile Átha Cliath Féach www.president.ie chun cuairt fhíorúil a thabhairt ar Áras an Uachtaráin agus chun tuilleadh eolais a fháil ar Uachtaránacht Micheál D. Ó hUigínn.

Tulmhaisiú: Radharc ginearálta d'Áras an Uachtaráin, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8


CLÁR ÁBHAR

BROLLACH LE HUACHTARÁN NA HÉIREANN

vii

RÉAMHRÁ

ix

CAIBIDIL I Páirc an Fhionnuisce

2

CAIBIDIL II Bunús agus Stair an Árais

6

CAIBIDIL III Áras an Uachtaráin - Teach na nUachtarán ó 1938 i leith

18

CAIBIDIL IV Na Seomraí Stáit

22

CAIBIDIL V Na Gairdíní

40

CAIBIDIL VI An Éalaín in Áras an Uachtaráin

50

AN ÉALAÍN AR TAISPEÁINT PHOIBLÍ IN ÁRAS AN UACHTARÁIN

57

STAIR AILTIREACHTA AN ÁRAIS AGUS NA NGAIRDÍNÍ

60

SEALBHÓIRÍ AN TÍ Ó 1751 I LEITH

63

NA LEAS-RÍTHE

66

UACHTARÁIN NA HÉIREANN

70

LEABHARLIOSTA

78

GLUAIS

80

-v-


- vi -


BROLLACH

An 11 Samhain 2011 a hinsealbhaíodh Micheál D. Ó hUigínn ina naoú Uachtarán ar Éirinn. Guth díograiseach sa pholaitíocht, file agus scríbhneoir, duine léinn agus fear stáit, duine a chuireann cearta daonna chun cinn chomh maith le saoránacht uilechuimsitheach agus ceannródaí cruthaitheachta i sochaí na hÉireann, d’fhóin Micheál D. Ó hUigínn ag beagnach gach leibhéal den saol poiblí in Éirinn agus ba é an chéad Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta é sa tír. An 18 Aibreán 1941 i gcathair Luimnigh a rugadh Micheál D. Ó hUigínn agus ba i gContae an Chláir a tógadh é. Oibrí monarchan agus cléireach a bhí ann sula ndeachaigh sé isteach san ardoideachas – an chéad duine ina theaghlach le sin a dhéanamh. D’oibrigh Micheál D. Ó hUigínn ina léachtóir le heolaíocht pholaitiúil agus le socheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Fonn láidir oibriú go dlúth ar son an chomhionannais agus an chirt a thug air dul leis an saol poiblí agus chaith sé 34 bliain ina chomhalta den Oireachtas (Parlaimint na hÉireann). Ar na nithe a bhain Micheál D. Ó hUigínn amach ina Aire Rialtais tá athnuachan ar thionscal scannán na hÉireann; bunú Teilifís na Gaeilge, nó TG4

anois; agus cinsireacht faoi Alt 31 de na hAchtanna Craolacháin a aisghairm. Bhunaigh sé líonra saibhir d’ionaid ealaíon agus chultúir áitiúla agus bhrú sé athnuachan líonra canálacha na hÉireann chun cinn. Tá spéis mhór agus dlúthbhaint ag Micheál D. Ó hUigínn le daoine as Éirinn a chónaíonn thar lear agus is iomaí cuairt a thug sé ar Ionaid na hÉireann sa Bhreatain. Rinne sé feachtasaíocht ar son cearta daonna agus chun síocháin agus daonlathas a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain. Ba é an chéad duine é ar ar bronnadh Duais Síochána Seán MacBride ó Bhiúró Idirnáisiúnta na Síochána i Heilsincí. Tá Micheál D. Ó hUigínn pósta le Sabina Higgins, duine de bhunaitheoirí Focus Theatre. Tá ceathrar clainne acu.

Micheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann

- vii -


Áras an Uachtaráin - An tÉadan Theas

- viii -


RÉAMHRÁ

Is scéal é seo a bhaineann le teach álainn faoi leith, agus ina ndéantar ceiliúradh ar stair shaibhir chasta an tí sin. Foirgneamh grástúil feidhmiúil is ea Áras an Uachtaráin, a thosaigh mar Theach Shaoiste Páirce san 18ú haois, agus a bhfuil áit speisialta bainte amach aige i gcroí mhuintir na hÉireann san 21ú haois. Is iomaí feidhm a bhí ag Áras an Uachtaráin, agus tá go leor de stair na hÉireann feicthe aige agus í ar bun. Bíonn gnó oifigiúil an Stáit ar siúl anseo, agus is áit chónaithe freisin é d'Uachtarán na hÉireann, ach gné eile dá scéal athraitheach is ea a oscailteacht mhéadaithe don phobal. Feartar fáilte isteach anois roimh na mílte de ghnáthshaoránaigh, nach mbíodh in ann ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Áras tríd na crainn agus iad ag dul síos príomhascaill Pháirc an Fhionnuisce. Is leosan an teach, tugtar cuireadh dóibh taitneamh a bhaint as agus níos mó a fhoghlaim faoina stair shuntasach a bhaineann le riail na Breataine agus saoirse na hÉireann. Nuair a ghlac céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, seilbh ar an oifig sa bhliain 1938, bhí an baol ann go leagfaí iar-Lóiste seo Fhear Ionaid an Rí a raibh an chuma air ag an am gur shiombail den impireacht agus den chos ar bolg a bhí ann. Sa lá atá inniu ann is comhartha é an teach go bhfuil sé de mhisneach ag muintir na hÉireann meas a léiriú ar a n-oidhreacht agus ar a gcultúr ina n-iomláine agus ina néagsúlacht shaibhir. Fáiltíonn Áras an Uachtaráin roimh go leor cuairteoirí oifigiúla freisin: is ann a fháiltíonn Uachtarán na hÉireann roimh ceannairí stát agus daoine eile mór le rá. Is ann a thagann ambasadóirí chun a gcuid dintiúr a thairiscint. Is ann a shuíonn gach Rialtas nua den chéad uair; nuair a bhíonn

Taoisigh ag éirí as, is ann a dhéanann siad amhlaidh, agus is ann a fhaigheann an Taoiseach agus na hAirí nua a Séalaí Oifige. Ba é Nathaniel Clements a thóg an bunteach sa bhliain 1751, agus tá sé seo fós ann, beagnach gan athrú, i gcroílár an fhoirgnimh go dtí an lá atá inniu ann. Tá an teach suite i bhfairsinge aoibhinn phoiblí Pháirc an Fhionnuisce, talamh a bhronn Strongbow, an t-ionróir Normannach, ar Ridirí de Spidéiléirí sa 12ú haois. Bhí sé mar áit chónaithe oifigiúil d'Fhir Ionaid an Rí, do Leas-Ionadaithe an Rí agus do ArdGhobharnóirí idir na blianta 1782 agus 1932. Cuireadh go leor breiseán agus athruithe eile leis an bhfoirgneamh sa chéad leath den 19ú haois, agus arís sna 1950í. In imeacht na mblianta, tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis leanúint ar aghaidh ag athchóiriú, ag forbairt agus ag feabhsú an tí agus an eastáit. Táthar tar éis áiseanna nua-aimseartha i gcomhair rochtana uilíche, sábháilteachta agus slándála a shuiteáil go cúramach, agus soláthraíodh feabhsúcháin agus cothabháil don chaighdeán ab airde faoi réir phlean forbartha na bliana 1998. Tá an oiread sin measa tugtha ag gach athchóiriú a rinne ceardaithe oilte Oifig na nOibreacha Poiblí ar charachtar stairiúil an tí go bhfuil siad tar éis cur go mór lena chomhthimpeallacht chultúrtha. Déanann stair an tí seo, a dhearadh, a mhaisiú agus na nithe atá istigh ann, agus stair Pháirc an Fhionnuisce féin, cur síos agus léiriú ar stair tharraingteach na hÉireann féin, ó aimsir na Normannach i leith trí ré riail na Breataine anuas go dtí an lá atá inniu ann, nuair atá Éire dinimiciúil agus nua-aimseartha.n

- ix -


James Malton, The Royal Hospital Kilmainham, 1791. Tógadh é ón mbliain 1680 i leith trí ordú an Leas-Rí, Diúc Urumhan, ar iarthailte Ridirí de Spidiléirí. (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann)

-1-


CAIBIDIL I P ÁIRC

AN

F HIONNUISCE

TOSAÍONN AN SCÉAL SA 12Ú HAOIS, NUAIR A BHRONN STRONGBOW, AN T-IONRÓIR NORMANNACH, CÚPLA MÍLE ACRA TALÚN AR DHÁ THAOBH D'ABHAINN AN LIFE AR PHRÍOIREACHT NAOMH EOIN IARÚSAILÉIM (NA RIDIRÍ DE SPIDÉILÉIRÍ). BA É SEO AN TALAMH A BHÍ MAR BHUNÚS AG PÁIRC AN FHIONNUISCE NÍ BA DHÉANAÍ. AN PHRÍOIREACHT AGUS CAISLEÁN CHILL MHAIGHNEANN 1542-1618 Choigistigh an Rí Anraí VIII an talamh sa bhliain 1540, ag Díscaoileadh na Mainistreach, agus rinneadh áit chónaithe d’Fhear Ionaid an Rí den Phríoireacht féin, a bhí suite san áit ina bhfuil an tOspidéal Ríoga anois, sa bhliain 1542. Bhí tréimhse ghairid athchóirithe ann sa bhliain 1557 faoin mBanríon Máire Túdar, ach nuair a chuaigh an Bhanríon Eilís i gcoróin sa bhliain 1558, bhí a Fear Ionaid siúd, an tIarla Essex, ag fanacht i gCaisleán Chill Mhaighneann, an Iar-Phríoireacht. Úsáideadh Caisleán Chill Mhaighneann mar áitreabh ar feadh roinnt blianta ach ansin thosaigh sé ag dul i léig agus tréigeadh é sa deireadh. TEACH AN FHIONNUISCE 1618-1665 Bhí na seomraí stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar áitreabh ag Fir Ionaid an Rí, nó ag na Leas-

Ionadaithe. Tháinig an Pharlaimint le chéile, coinníodh taifid Stáit agus coinníodh cimí laistigh de bhallaí an Chaisleáin. Bhí gá le háitreabh ag tráthanna éagsúla in áit níos tuathúla, ‘i rith mhíonna an tsamhraidh, nuair a bhíonn an Caisleán beagáinín bréan, mar thoradh ar an bpríosún.’ Sa bhliain 1618 a fuarthas seilbh ar theach nuathógtha ar ar tugadh ‘The Phenix’, ar iar-thailte na Príoireachta lastuaidh d'abhainn an Life. Bhí 'Teach a Mhórgachta ag an bhFionnuisce', mar ar baisteadh go hoifigiúil air, ainmnithe mar gheall ar an tobar fíor-uisce a bhí ag an suíomh. Scríobhadh ‘FionnUisce’ mar ‘Phenix’, agus athraíodh é seo trí dhearmad ní ba dhéanaí go ‘Phoenix’ mar thagairt don éan miotasach. Ar feadh beagnach caoga bliain, ó 1618 go dtí 1665, d'úsáid gach Leas-Ionadaí i ndiaidh a chéile Teach an Fhionnuisce, agus i rith réim Chromaill, bhain a mhac Anraí, Gobharnóir na hÉireann ó 1658 go dtí 1659 úsáid as, agus chuir seisean roinnt breiseán leis an teach. Bhí an -2-


Robert Girdler, Map of Kilmainham, 1655-56, ina dtaispeĂĄntar Newtowne, ar a dtugtaĂ­ Newtown Lodge ina dhiaidh sin.

-3-


Fionnuisce, an teach a thug an t-ainm don pháirc mhórthimpeall, suite ar Chnoc Thomáis, ar shuíomh Dhún na hArmlainne, a tháinig ina áit sa bhliain 1734. Tar éis reistiréisin na monarcachta d’athbhunaigh Rí Séarlas II Séamas de Buitléir, an 12ú hIarla Urumhan, mar Ard-Leifteanant na hÉireann sa bhliain 1661, agus d'ardaigh é mar an chéad Diúc Urumhan, ar ríogaí tiomanta é a bhí tar éis dul ar deoraíocht sa Fhrainc leis an Rí, tús le hoibreacha móra tógála agus feabhsúcháin a raibh leathnú mór ar Bhaile Átha Cliath mar thoradh orthu, agus a d’fhorbair é ó bhaile meánaoiseach ina ceannchathair shlachtmhar. D’athchóirigh sé suíochán a theaghlaigh i gCaisleán Chill Chainnigh freisin, agus chur sé tús le tógáil an Ospidéil Ríoga i gCill Mhaighneann, mar theach altranais do shaighdiúirí a bhí éirithe as agus ar bhain míchumas dóibh, arna spreagadh ag Les Invalides thall i bPáras. (Is ann anois atá Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.) TEACH SHÉIPÉAL IOSÓID 1665-1745 I rith na 1660í, bhunaigh an tUrumhnach Páirc an Fhionnuisce mar pháirc fia ríoga, ag méadú líon na nacraí i nDúiche an Fhionnuisce, iarthalamh na Príoireachta, ó 400 acra go dtí os cionn 2,000 acra. Sa bhliain 1663, fuair sé talamh ag Séipéal Iosóid lenar

áiríodh Teach Shéipéal Iosóid. Ba é an saighdiúir Eilíseach, an tUasal Henry Power, Tiarna Dhairbhre, a thóg an teach úd in aimsir na Banríona Eilíse. Thaitin an teach breá seo, ina cheantar tuaithe, ní b'fhearr leis an Urumhnach ná Caisleán Bhaile Átha Cliath, a bhí tar éis éirí ina bhathlach tí faoin tráth sin, agus bhog sé suíochán Fhear Ionaid an Rí ann dhá bhliain ní ba dhéanaí. I ndiaidh a bhua ag Cath na Bóinne sa bhliain 1690, d'fhan an Rí Uilliam III ansin agus d'eisigh sé forógra ‘Ónár gCúirtne ag Séipéal Iosóid’ um lá paidreoireachta ‘i gcomhair chur chun cinn ár naidhmeanna amach anseo agus síocháin agus suaimhneas sa tír gan mhoill’. Ina dhiaidh sin, glaodh Teach an Rí air. Leanadh á úsáid gach ré seal mar áitreabh Fhear Ionaid an Rí go dtí lár an 18ú haois, nuair a rinneadh beairic mhíleata de agus tháinig sé faoi sheilbh úinéara príobháidigh faoi dheireadh thiar. LÓISTE AN BHAILE NUA 1646-1751 Is í an chéad léarscáil a bhfuiltear eolach air den cheantar a chlúdaíonn Páirc an Fhionnuisce sa lá atá inniu ann ná rianú de shuirbhé pharóiste Chill Mhaighneann, a rinne Robert Girdler sna blianta 1655-56. Léiríonn sí seo trí áitreabh: Caisleán Chill Mhaighneann, Teach Shéipéal Iosóid agus An Baile Nua, a bhí suite ar shuíomh Áras an Uachtaráin an lae inniu. Luaitear Lóiste an Bhaile Nua, mar ar glaodh air, den -4-

Sir Peter Lely, James Butler, 1st Duke of Ormond


chéad uair i gcáipéis ón mbliain 1646, nuair a bhí fear darbh ainm Henry Jones ina chónaí ann. Sna 1650í ba é a bhí mar áitreabh ag an gCaptaen Roger Bamber, a cuireadh i bhfeighil sheabhaic Dhiúc Urumhan ina dhiaidh sin. Bhain cúirt Fhir Ionaid an Rí úsáid as an bPáirc mar láthair gníomhaíochtaí seilge agus spóirt.

Thomas Hudson, Philip Stanhope (1698-1773). 4th Earl of Chesterfield

Tugadh fianna isteach as Sasana chun stoc a chur sa Pháirc, a bhí dúnta isteach mar pháirc phríobháideach fianna, agus cruthaíodh an post de Shaoiste na Páirce. Ceapadh Marcus Trevor, Bíocunta Dhún Geanainn, ina Mháistir ar Sheilg agus ar Pháirceanna a Mhórgachta in Éirinn, sa bhliain 1688. Bhí Lóiste an Bhaile Nua le bheith mar áitreabh aige. Tháinig deireadh le tréimhse an Urumhnaigh mar Fhear Ionaid an Rí sa bhliain 1685, ach ceithre bliana ní ba dhéanaí tháinig sé i gcabhair ar an bPáirc a chruthaigh sé féin nuair a bhí an Rí Séarlas II chun Páirc an Fhionnuisce a bhronnadh ar a bhean luí, Barbara Villiers, Bandiúc Cleveland. Le tacaíocht láidir ón Urumhnach, bhí an tIarla Essex, a bhí mar Leas-Ionadaí an Rí faoin tráth sin, in ann áitiú ar an Rí a intinn a athrú agus fábhar a thabhairt di in áit éigin eile. Nuair a rinneadh Fear Ionaid an Rí den Tiarna Chesterfield sa bhliain 1745, -5-

chinn sé cur faoi i gCaisleán Bhaile Átha Cliath seachas ag Teach Shéipéal Iosóid. Rinne Chesterfield mórshaothar forbartha ar Pháirc an Fhionnuisce, lena n-áirítear soláthar an phríomhbhóthair a théann tríd an Pháirc go dtí Caisleán Cnucha. Sa bhliain 1746, chuir sé suas Séadchomhartha an Fhionnuisce, colún Corantach a bhfuil an t-éan miotasach sa bharr air, rud a chuir leis an mbarúil earráideach gurbh é sin a bhí mar bhunús ag ainm Pháirc an Fhionnuisce. Dúirt an scríbhinn ar an gcolún go raibh ordú déanta aige ‘go ndéanfar an talamh fiáin, gan saothrú seo a mhaisiú i gcomhair sásaimh na saoránach’. Tá an colún, leis an bhFéinics fós mar choróin air, curtha ar ais le déanaí agus é anois ina sheasamh ar oileán tráchta áit a mbuaileann ceann de na bealaí isteach chuig tailte Áras an Uachtaráin leis an bpríomhbhóthar. Bhíodh sé ina sheasamh ón mbliain 1922 go dtí na 1990í timpeall 70 méadar isteach ón mbóthar, in aice le geata an Árais. An ní is tábhachtaí ar fad is ea gur oscail an Tiarna Chesterfield an Pháirc don phobal. Seachas na gairdíní timpeall ar na háitribh phríobháideacha éagsúla, ní talamh cosanta do dhaoine áirithe atá ann a thuilleadh, ach ceantar siamsaíochta tábhachtach don ghnáthshaoránach, agus cuireann sé go mór leis an gcathair trí chéile.n


CAIBIDIL II B UNÚ S

AGUS

S TAIR

NATHANIEL CLEMENTS AGUS TEACH AN FHIONNUISCE 1751-1781 Sa bhliain 1751, cheap an Rí Seoirse II Nathaniel Clements sa phost mar Shaoiste na Páirce. Sheas a cheapachán siúd ar feadh a bheatha agus ar feadh bheatha a thriúir mhac, arbh é an duine ba shine acu an chéad Tiarna Liatroma ní ba dhéanaí. In éineacht lena cheapachán a tháinig Lóiste an Bhaile Nua, áitreabh Shaoiste na Páirce, agus an dá acra is nócha a bhí timpeall air, talamh a bhí timpeallaithe lastoir ag claí cloiche agus loch a bhí cruthaithe ag sruthán dambáilte. Ba ar shuíomh an tí seo a thóg Clements Teach an Fhionnuisce, an teach bunaidh dhá stór a bhí mar Teach Fhear Ionaid an Rí ní ba dhéanaí sa saol, agus ina dhiaidh sin fós, mar Áras an Uachtaráin. Bhí Nathaniel Clements ina Theachta Parlaiminte, ina oifigeach Státchiste, ina bhaincéir, agus ina fhorbróir ar Bhaile Átha Cliath an 18ú haois. Rugadh é sa bhliain 1705, agus bhí sé mar dhalta coimirce de chuid Luke Gardiner, a d'fhorbair mórchuid de Bhaile Átha Cliath Seoirseach, a bhí ina

AN

Theachta Parlaiminte é féin agus ina LeasStátchisteoir Cúnta d’Éirinn, post a chuir ar a chumas saibhreas mór a bhaint amach. Ar nós Gardiner, bhí suim ag Clements san ailtireacht agus bhí baint aige le forbairt Shráid Henrietta, áit ar thóg sé ar a laghad cúig theach, lena n-áirítear ceann dó féin, agus Meal Sackville (Sráid Uí Chonaill Uachtarach sa lá inniu). B'fhear é Clements a bhí ag déanamh dul chun cinn mór go sóisialta. Rinne an dialannaí agus breathnadóir sochaí comhaimseartha, Bean Delany, cur síos air féin agus ar a bhean mar dhaoine nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil acu agus iad óg, cé gur de theaghlach maith an bheirt acu. Bhí a thuiscint ar chúrsaí airgeadais agus a aird ar mhionsonraí mar bhunús lena rathúlacht pholaitiúil agus airgeadais. ‘Ba cheanán de chuid Luke Gardiner é’, a scríobh sí i mBealtaine 1759, ‘agus tá sé tar éis saibhreas dochreidte a shaothrú dó féin de réir a chéile, más féidir le duine an méid sin a mheas óna shlí maireachtála’. Dúirt a chomharsa i Sráid Henrietta, an Príomháidh George Stone, uair

-6-


J J Barralet (1747-1815) The Lord Lieutenant’s Residence, c.1782. (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann) Díoladh an Teach leis an Rialtas sa bhliain 1782, agus bhí sé ina theach cónaithe ag an Leas-Rí.

-7-


amháin áfach (bíodh go raibh siad in adharca a chéile mar gheall ar cheisteanna polaitiúla ag an am), gur ‘dhodhéanta dó, dá mbeadh gá riamh leis, trí abairt a chur le chéile go poiblí’. Rinne Gardiner trácht air i litir amháin tráth mar ‘ailtire’, agus is léir go raibh baint aige le forbairt foirgneamh. Tugadh creidiúint dó le dearadh an tí é féin. Ach is dóichí gur tháinig na smaointe i gcomhair an fhoirgnimh nua ó mheascán foinsí, lena n-áirítear smaointe comhuaineacha an Ridire Edward Lovett Pearce agus a chomhghleacaí Richard Castle, leabhair phleananna agus ailtirí gairmiúla. Tá seans ann go raibh John Wood ó Bath Shasana, fear a dhear pleananna i gcomhair tí leis na toisí céanna, ar dhuine de na hailtirí siúd, cé go raibh an taobh istigh an-éagsúil ón bhfoirgneamh nuair a críochnaíodh é. Nuair a críochnaíodh an teach sa bhliain 1757, bhí trí stór i dtosach an tí, lena náirítear idir-urlár, agus is beagnach cinnte gur chosain sé i bhfad ní ba mhó na mar a bhí i gceist ar dtús. Ar na príomhghnéithe de, bhí an bealach isteach lena aghaidh ó thuaidh agus le fuinneog dhrámatúil leathchiorclach os cionn an dorais tosaigh. Bhí an halla isteach de lán-airde agus síleáil le stua de phainéal báite ann. Ag cúl an fhoirgnimh, a bhí dhá stór in airde, bhí na trí

phríomhsheomra fháiltithe lena naghaidh ó dheas trasna na Páirce i dtreo shléibhte Átha Cliath. Faoin mbliain 1763 bhí costas iomlán an fhoirgnimh chun dáta de réir Clements ag £7,355 15s 1d, suim a d’íoc an Rialtas: bhí an bille deiridh, a bhí fós mar ábhar dlíthíochta tar éis bhás Clements, thart ar £7,500. Bhí an cháil ar Clements gur thaitin an dea-shaol leis, bhí air a chuid troscán féin a sholáthar, agus is cosúil nár chuir sé teorainn air féin. Thaitin an saol sóisialta leis agus bhí teagmhálaithe ceannasacha aige i Londain, bean luí an Rí ina measc. A luaithe agus a cuireadh tús leis an obair, cheannaigh sé ceithre dhosaen phláta dinnéir agus ocht bpéire trinsiúr, soithí feola agus masairíní ó ghabha geal thall i Londain. Ní dhearna Clements faillí ar thailte a bhaile nua ach oiread. D’fhógair nuachtáin Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1754 gur ‘tháinig ilchnuasach fíorach agus dealbh chuig teach an chustaim, chun maisiú a dhéanamh ar ghairdíní breátha Nathaniel Clements Uas’. Bhí cuid de lucht a linne nach raibh antógtha lena theach nua, áfach: rinne an greanadóir Thomas Milton cur síos ar an teach roinnt blianta ní ba dhéanaí mar ‘gan tada níos mó ann ná foirgneamh bríce néata agus simplí a bhfuil na seomraí laistigh de leagtha amach go maith. Tá na hoifigí ag teacht amach ar

-8-

Dearaí Jacob Owen don Bhálseomra ag an Áras an Uachtaráin (mionsonrú)


an dá thaobh agus iad ceangailte den Teach le cuair chiorclacha’.

Scoil Éireannach. 18ú céad The Viceregal Lodge (mionsonrú) (Gailearaí Náisúnta na hÉireann)

Léiríonn léarscáil John Rocque de Bhaile Átha Cliath agus den cheantar máguaird, a foilsíodh sa bhliain 1757, lenar áiríodh an teach iomlán agus a thailte, go raibh go leor de ghnéithe an eastáit mar atá anois tógtha faoin am sin, ar nós na ngairdíní le ballaí timpeall orthu agus bealaí siúil. Cailleadh Clements sa bhliain 1777 agus fuair a mhac ba shine, Robert, a bhí le bheith mar Iarla Liatroma, an teach mar oidhreacht. TEACH FHEAR IONAID AN RÍ 1782-1802 Sa bhliain 1782, chinn an Rialtas an teach seo agus na tithe eile i bPáirc an Fhionnuisce a cheannach chun áitribh oifigiúla a sholáthar do lucht riaracháin na hÉireann. Bhí dhá theach eile ag na Leas-Ionadaithe sa Pháirc thar na blianta roimhe sin, ag Teach an Fhionnuisce agus Teach Shéipéal Iosóid, chomh maith le húsáid Chaisleán Bhaile Átha Cliath féin. Níor chaith an chuid ba mhó acu mórán ama in Éirinn roimhe sin, ach mar gheall ar an bhfás a bhí tagtha ar chumhacht Pharlaimint na hÉireann, b'éigean dóibh a bheith ina gcónaí ann ar feadh beagnach dhá thréimhse oifige. Cheannaigh Bord na Bearaice, a bhí ag feidhmiú mar iontaobhaithe don choróin, Teach an Fhionnuisce mar áitreabh samhraidh do Leas-Ionadaí an Rí, an Tiarna Carlisle, ó Robert

-9-

Clements ar luach measartha ard de £25,000. Bhí na daingneáin agus an troscán ar fad clúdaithe sa mhéid sin, agus íocadh é ina cheithre thráthchuid, ag tosú le £10,000 i mí Iúil 1782, agus le trí íocaíocht bhliantúla de £5,000 ina dhiaidh sin. Ag an am céanna, cheannaigh an Rialtas dhá theach eile sa Pháirc: Lóiste an Bháille (a tógadh sa bhliain 1774) agus Caisleán Bhaile an Ásaigh, a bhí mar áitreabh oifigiúil ag PríomhRúnaí (aire rialtais) agus Fo-Rúnaí (príomh-státseirbhíseach) d’Éirinn. Ní raibh tús maith le ré nua an fhoirgnimh mar Theach Fhir Ionaid an Rí. Cheap Diúc Portland, an chéad LeasIonadaí an Rí a chuir faoi ann, gur áit gan mórán feidhme a bhí ann. Rinneadh iarracht fáil réidh leis trína thabhairt mar bhronntanas do Henry Grattan, ceannaire Pharlaimint na hÉireann, a dhiúltaigh go críonna don bhronntanas ar an bhforas go bhfeicfí é mar bhac ar a neamhspleáchas polaitiúil. Cailleadh comharba Portland, Diúc Rutland, sa teach de bharr fiabhrais sa bhliain 1787 in aois a thríocha is a ceathair. Cé gur i rith chamchuairt na tíre a tholg sé an t-ionfhabhtú, seachas ag an teach féin, chonacthas mar chomhartha mí-áidh an bás seo, agus chuir sé leis an droch-cháil a bhí ar an teach. Ba í an phríomhfhadhb a bhí ann ná go raibh an teach ró-bheag, gan ann ach


G M Sutherland The Gardens of Viceregal Lodge, September 1863

- 10 -


seomra fáiltithe amháin de mhéid réasúnta. Ní dhearnadh aon mhéadú go dtí tar éis Acht an Aontais sa bhliain 1801, lenar cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, agus le teacht Fhear Ionaid an Rí úir an bhliain úd, an 3ú hIarla Hardwicke.

John Partridge, Queen Victoria, 1840

Cé gur laghdaigh an tAcht Aontais stádas Bhaile Átha Cliath, ós rud é gur chaill sé a Pharlaimint, leanadh le forbairt na cathrach le foirgnimh bhreátha nua agus sráideanna agus cearnóga nua á dtógáil. Bhí Leas-Ionadaí an Rí, a bhí ag cur faoi in Éirinn, ag éirí ní ba mhó le rá; bhí Teach Fhear Ionaid an Rí mar cheannceathrú na sochaí faiseanta. Sa bhliain 1802, chuir an Tiarna Hardwicke dhá sciathán nua leis an teach, le trí bhá i ngach ceann, agus iad sínte siar beagáinín. Seans maith gur dearadh de chuid ailtire Bhord na nOibreacha, Robert Woodgate, a bhí ansin. Chuir Francis Johnston, comharba Woodgate, colúnáid Dhórach leis an mbealach isteach lastuaidh den teach sna blianta 1807-08, agus colúin Iónacha laisteas den fhoirgneamh sna blianta 1815-16, chomh maith le plástráil ar na ballaí bríce a bhí ann ó thús (ar a ndearna Thomas Milton cur síos) agus cuireadh dath bán ar an bhfoirgneamh de réir fhaisean na Leasríochta. Is í an cholúnáid theas leis na colúin bhána an íomha is mó aithne den teach,

- 11 -

agus tá scéal tagtha aníos dá bharr seo gurb airsean atá Teach Bán Washington bunaithe. Dhear an t-ailtire Éireannach, James Hoban, an Teach Bán os cionn fiche bliain sular tógadh an cholúnáid úd, áfach. Chuir an cholúnáid seo le huaisleacht an fhoirgnimh, rud a léirigh an tábhacht nua a bhain leis an bhfoirgneamh i saol na hÉireann. Sa bhliain 1821, bhí an Rí Seoirse IV ar an gcéad mhonarc a thug cuairt ar Éireann ó aimsir Chath na Bóinne i leith. Ba eisean freisin a bhí ar an gcéad rí nó banríon a d'fhan i dTeach Fhir Ionaid an Rí. Thuairiscigh scríbhneoir amháin: ‘I rith a thréimhse in Éirinn, bhí sé mar a bhuan-áitreabh, cé go raibh a chúirt ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, agus ón tréimhse sin i leith, is é an Teach Ríoga is minice a ghlaoitear ar an teach, tá tailte an Tí suite idir dhá theach gheata de dhearadh an-ealaíonta agus snoite.’ ATHRUITHE AGUS MÉADUITHE VICTEOIREACHA 1821-1900 Ba mhinic cuairteanna ríoga mar spreagadh i gcomhair a thuilleadh oibre forbartha ar an teach agus ar an eastát. Thug an Bhanríon Victoria cuairt ceithre huaire le linn a réime fada. Ar chuid den obair ullmhúcháin a rinneadh i gcomhair chéad chuairt na banríona bhí tógáil Sheomra Bia Stáit i bpíosa nua a cuireadh leis an Sciathán Thoir. Rinneadh comhréir ar aghaidh an tí sa bhliain 1854 nuair a tógadh seomra nua ar an taobh


Seomra Fรกiltithe an Stรกit c.1911

- 12 -


Grianghraf ó thús an 20ú céad de thosach, nó slí isteach thuaidh do Theach Fhear Ionaid an Rí, leis an gcolúnáid Dhórach a cuireadh leis sa bhliain 1808. (Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

thiar. Thug na forbairtí seo, a dhear Jacob Owen, príomh-ailtire Bhord na nOibreacha, sraith chuimsitheach seomraí fáiltithe don teach; is ceann acu seo é An Grianán, atá anois mar sheomra suite príobháideach an Uachtaráin. Mar réiteach don dara cuairt ag Victoria, sa bhliain 1853, ar ócáid an Taispeántais Mhóir ar Fhaiche Laighean, ceanglaíodh an teach agus Páirc an Fhionnuisce leis an soláthar poiblí gáis. Is iad lampaí Pháirc an Fhionnuisce an t-aon sraith soilse poiblí gáis atá fágtha sa chathair sa lá atá inniu ann. D’fhág ábhair spéise na n-áititheoirí éagsúla a marc ar an bhfoirgneamh freisin. Mar shampla, rinne an tIarla Eglinton, a bhí mar Leas-Ionadaí an Rí sa bhliain 1852 agus arís sa bhliain 1858, ceann de na tithe talmhaíochta le taobh an fhoirgnimh a athrú isteach ina chúirt leadóige faoi dhíon a dtugtar Halla na Raicéad air. Cé go raibh bochtannas agus easaontas creidimh agus talún fairsing sa tír, bhí an tsochaí fhaiseanta in Éirinn an 19ú haois fós bunaithe timpeall ar Theach Fhear Ionaid an Rí agus Caisleán Bhaile Átha Cliath. Léirítear an chodarsnacht idir tragóid an Ghorta Mhóir sna blianta díreach roimh 1850 agus an rabairne seo i litir oscailte chuig Leas-Ionadaí an Rí, an tIarla Clarendon, i leathanaigh The United Irishman ag an am: 'Tá an chathair seo anois lán de mheidhir agus damhsaí stáit, mar tá an Leas-Rí sa séasúr féiltiúil - 13 -

… mná ramhra ag gáire ina seomraí bia agus cailíní óga in éadach aerach, ag léiriú buíochas ómósach a n-aithreacha. Níl aon chogar faoi bhás, níl aon scáil ainnise ar an dream sin.’ Ní i gcónaí a bhí Teach Fhear Ionaid an Rí scartha amach ó thrioblóidí talún agus polaitiúla na tíre i rith an 19ú haois. Sa bhliain 1882, mar shampla, bhí LeasIonadaí an Rí, an tIarla Spencer (tugadh an tIarla Rua air mar gheall ar dhath a fhéasóige), ag léamh roinnt páipéar le taobh fhuinneog oscailte a bhreathnaigh amach ar an bpríomhbhóthar, nuair a chuala sé sianaíl. Bhí an Príomh-Rúnaí, an Tiarna Frederick Cavendish, agus an Fo-Rúnaí, T H Burke, ar bhuail Spencer leo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ní ba luaithe, á gcur chun báis le scian ag baill de na Invincibles díreach lasmuigh den Teach. ‘Taibhsítear domsa anois é; bíonn sé i gcónaí ina leoró i mo chluasa’, a scríobh Spencer ní ba dhéanaí. ‘Leanadh an tsian seo ar aghaidh de shíor.’ TEACH FHEAR IONAID AN RÍ 1900-1921 Ní dhearnadh mórán oibre méaduithe sna chéad bhlianta den 20ú haois. Léiríodh go raibh ganntanas lóistín teagmhasach do shearbhóntaí agus oifigigh na cúirte ríoga i rith chuairt an Rí Éadbhaird VII agus an Bhanríon Alexandra in 1903. Tugadh leictreachas go dtí an teach in 1908, roinnt blianta roimh chuairt an Rí Seoirse V in 1911. I gcomhair na cuairte seo, tógadh sciathán nua i gcomhair seomraí leapa ar thaobh


thiar an tí, a bhí mar sciathán seirbhíse go luath sa 19ú haois, a dhear H G Leask agus M G Burke ó Oifig na nOibreacha Poiblí, san áit a mbíodh sciathán seirbhíse i dtús an 19ú aoise. I stíl na Banríona Anne, tá sé coinnithe siar ón bpríomh-ghairdín sa tosach. I rith na tréimhse seo bhí an troid i gcomhair féin-riail d'Éirinn ag leanúint ar aghaidh tríd an bparlaimint. Fiú agus an Rí George V ag tabhairt cuairte ar Teach Fhear Ionaid an Rí, bhí moltaí á bplé ag Westminster i gcomhair reachtaíocht Rialtais Dúchais. Sa leathscór bliain ina dhiaidh sin tháinig athrú tapaidh ar chúrsaí polaitíochta; Cogadh Mór na mBlianta 1914-18; Éirí Amach 1916; críochdheighilt Uladh agus, i 1921, an Sos Cogaidh idir an IRA agus Arm na Breataine agus an Conradh Angla-Éireannach. Nuair a bunaíodh Saorstát nua na hÉireann in 1921, tháinig an t-am gur fhág Leas-Ionadaí deiridh an Rí, an Bíocunta FitzAlan ó Derwent. ÁIT CHÓNAITHE NA NARDGHOBHARNÓIRÍ 1922-1937 Rinne an Conradh foráil i gcomhair bunreachta faoina mbeadh ArdGhobharnóir mar ionadaí mhonarc na Breataine i Saorstát nua na hÉireann. Mhol an Rialtas Sealadach, ar thionscnamh ó Kevin O'Higgins, go gceapfaí Tim Healy, abhcóide agus iar-

bhall de pháirtí parlaiminte na hÉireann ag Westminster, sa phost nua. Duine anchonspóideach a bhí i Healy, go háirithe mar gheall ar an ról a bhí aige i dtitim Charles Stewart Parnell, ach ar deireadh d'aontaigh Rialtas na Breataine é a cheapadh in ionad státseirbhísigh nó taidhleora de chuid na coilíneachta. Bhí Éire deighilte go dona, agus í i lár chogadh cathartha mar gheall ar stádas an stáit nua, nuair a ghlac Healy mionn a phoist nua ag a theach i Séipéal Iosóid ar 6 Nollaig 1922: ‘bhí torann na n-arm tine le cloisteáil gan stad ar na sráideanna,’ a scríobh sé i litir ní ba dhéanaí. Trí lá ina dhiaidh sin tugadh chuig Teach Fhir Ionaid an Rí é i gcarr faoi arm i gcomhair thabhairt ar lámh fhoirmiúil an fhoirgnimh dá phost nua. Bhí an teach faoi lámhach na ngunnaí go minic sna seachtainí ina dhiaidh sin, le ruathar ar leith air ar 18 Eanáir 1923. Ag deireadh na míosa sin scríobh Healy chuig a dheartháir: ‘Caitheadh níos mó urchar anseo oíche Shathairn, nuair a bhí roinnt daoine ón mBarra anseo chun dinnéir, ach b'amhlaidh nár bhuail na hurchair an Teach.’ Bhí an tuiscint ag Healy, a bhí i ndeireadh a chuid seascaidí nuair a ceapadh mar Ard-Ghobharnóir é, go raibh an ceapachán le bheith ar feadh a bheatha ar fad, agus thosaigh sé ag

- 14 -

Sir John Lavery, The Viceregal Lodge, 1923


Is é Colún an Fhionnuisce a sheasann mar lárphointe sa bhúbhaird trí Pháirc an Fhionnusice.

déanamh feabhsúcháin laistigh den teach. Shocraigh an Rialtas ní ba dhéanaí, áfach, nach mbeadh an tArd-Ghobharnóir sa phost ach ar feadh chúig bliana agus sa bhliain 1928 tháinig James McNeill, a bhí mar Ard-Choimisinéir an tSaorstáit thall i Londain, i gcomharba ar Healy.

leanadh le beartas chun ról oifigiúil agus stádas sochaí an Ard-Ghobharnóra a laghdú. I rith na conspóide a lean as seo, d'éirigh McNeill as an bpost agus d'fhág sé Teach Fhir Ionaid an Rí i mí na Samhna 1932, roinnt míonna roimh dheireadh a théarma.

B'ábhar conspóide fós a bhí i suíomh agus stádas an tí, leo siúd a chuir i gcoinne an Chonartha ag cáineadh an dá cheann i gcomhair an rud ar ar ghlaoigh duine amháin acu athchruthú ‘na seanchúirte bréige, ag bailiú timpeall air na plámásaithe agus daoine de sheasamh sóisialta nach bhfuil baint ar bith acu le saol náisiúnta na tíre seo’.

Ina áit siúd, cheap de Valera seansaighdiúir de chuid Éirí Amach 1916 agus siopadóir i Maigh Nuad, Domhnall Ó Buachalla, agus d’athainmnigh sé an post mar Sheanascal. Glacadh Teach Trimleston in aice leis an gCarraig Dhubh, Co Bhaile Átha Cliath ar cíos don Bhuachallach, nár fhreastal ar aon ócáidí poiblí ach a bhí ar fáil chun cáipéisí foirmiúla a shíniú de réir mar ba ghá.

Dearcadh eile a bhí ann ná go raibh an tArd-Ghobharnóir ag iarraidh an post a úsáid chun cuid de na príomh-ghrúpaí i sochaí na hÉireann a thabhairt le chéile arís. Rinne Lady Gregory tuairisciú ar chomhráite bríomhara ag ‘Dinnéar an tSathairn … dinnéar mór’ le daoine polaitiúla agus liteartha: Oliver St John Gogarty agus a bhean chéile, ar iarr sí ar an Ard-Ghobharnóir cuireadh a thabhairt dóibh, Ernest Blythe, an tAire Rialtais sa Saorstát, a ‘labhair faoina phríosúin … naoi gcarcair éagsúla … agus bochtaineacht na leabhar a tugadh dó’, agus W T Cosgrave, Uachtarán na Comhairle Feidhmúcháin, i measc daoine eile. Nuair a toghadh páirtí Éamon de Valera, Fianna Fáil, chun rialtais sa bhliain 1932, - 15 -

Rinneadh an teach i bPáirc an Fhionnuisce a thréigean, ag cur deiridh leis an gceangal ríoga a bhí aige le fada, agus gan fios a raibh i ndán dó ag éinne.n


Radharc ar an ngairdín, nó ar thosach theas do Theach Fhear Ionaid an Rí, ó thús an 20ú céad. (Leabharlann Náisiúnta na hÉireann) (Bailiúchán Lawrence)

- 16 -


Áras an Uachtaráin - An tÉadan Theas

- 17 -


CAIBIDIL III T EACH

Á RAS AN UACHTARÁIN NA N U ACHTARÁN Ó 1938

I LEITH

RÉITÍODH AN FHADHB PHOLAITIÚIL FAOIN ARD-GHOBHARNÓIR/SEANASCAL I MBUNREACHT NUA AR GLACADH LEIS TRÍ REIFREANN SA BHLIAIN 1937. CLÚDAÍODH ANN BUNÚ OIFIG AN UACHTARÁIN, A THOGHFAÍ I GCOMHAIR THÉARMA SHEACHT MBLIANA AGUS A MBEADH FEIDHMEANNA ACU CHUN TAOISIGH A CHEAPADH, GLACADH LE HAMBASADÓIRÍ AGUS SÉALAÍ OIFIGE A BHRONNADH AR AIRÍ RIALTAIS. Sholáthair an bunreacht go mbeadh 'stát-áras ag an Uachtarán i gcathair Bhaile Átha Cliath nó ina chóngar', ach bhí an Rialtas i gcoinne úsáid iarTheach Fhir Ionaid an Rí mar an áras sin. Ina ionad sin, thosaigh sé ag lorg rogha eile, agus smaoiníodh ar iar-Theach an Phríomh-Rúnaí a bhí in aice leis agus a bhí tugtha ar léas ag an riarachán roimhe sin chuig rialtas Mheiriceá mar áit chónaithe a ambasadóra siúd. Bhí deireadh ag teacht leis an léas sin, ach rinneadh an cinneadh ar deireadh é a athnuachan agus d'fhan Ambasadóir Mheiriceá ann.

D’athraigh an faoiseamh sealadach seo ó bhunús sealadach ina bhunús buan. Le tús an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1939, bhí go leor fadhbanna ní ba phráinní ag an Rialtas ná áitreabh an Uachtaráin. Úsáideadh cuid den eastát chun barra a fhás i rith na hÉigeandála mar a tugadh air in Éirinn, agus chaith an tUachtarán de hÍde a thréimhse ar fad mar Uachtarán ina áitreabh sealadach.

Ar na tithe eile ar smaoiníodh orthu bhí teach Naomh Áine i Ráth Eanaigh, bruachbhaile ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath ar leis an Tiarna Ardilaun de theaghlach ghrúdairí Guinness, agus Teach Bhaile an Ásaigh i bPáirc an Fhionnuisce. Glacadh le cinneadh ar deireadh Teach Fhir Ionaid an Rí a leagan agus áitreabh nua don Uachtarán a thógáil ar na tailte sin. Idir an dá linn, bhí an chéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, chun cur faoi sa Teach, a athainmníodh mar Áras an Uachtaráin, ar bhunús sealadach.

Faoin am a tháinig an tUachtarán Seán T Ó Ceallaigh i gcomharba air sa bhliain 1945, bhí a bpleananna athraithe ag an Rialtas agus bhí tús curtha le clár athchóirithe suntasach. Bhí Raymond McGrath, an príomh-ailtire ón Astráil le hOifig na nOibreacha Poiblí, i gceannas ar na hoibreacha seo. Sna deich mbliana ina dhiaidh sin, rinneadh athchóiriú suntasach ar na seomraí poiblí foirmiúla, lenar áiríodh tógáil Dhorchla Franchini, agus tabhairt isteach síleálacha ón 18ú haois ó Theach Mespil i mBaile Átha Cliath, teach a bhí le leagan chun árasáin a thógáil ina áit. Rinne McGrath an sciathán thiar den teach a atógáil freisin chun seomraí

- 18 -


cónaithe ní ba mhó a chur ar fáil don Uachtarán agus dá c(h)omhluadar, agus chruthaigh sé aireagal agus gailearaí ar an gcéad urlár chun grianghraif stairiúla a thaispeáint. Dhear sé cairpéid do na StátSeomraí freisin agus rinne Donegal Carpets sna Cealla Beaga iad seo a shníomh de láimh.

An mórphianó i bParlús an Stáit.

Marcaonad An Gharda Síochána ag slí isteach Pháirc an Fhionnuisce, ullamh le haghaidh Cuairte Stáit.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis leanúint le forbairt an tí agus an eastáit thar na blianta. Tá áiseanna feabhsaithe i gcomhair rochtana uilíche curtha isteach le blianta beaga anuas, ar bhealach nach ndéanann aon dochar do shláine ailtireachta agus carachtar an Árais féin. Tá lóistín príobháideach don Uachtarán feabhsaithe le forbairt an Chlóis Thiar. Rinneadh Halla na Raicéad de chuid an Tiarna Eglinton a athchóiriú mar ionad i gcomhair imeachtaí a mbeadh an tUachtarán ina (h)óstach orthu, agus d'imeachtaí eile leis, le háiseanna lónadóireachta dá chuid féin, agus athainmníodh é mar Seomra de hÍde in ómós Dhubhghlas de hÍde. Rinneadh na hiar-stáblaí a athnuachan agus tá siad anois mar stáblaí do chapaill Aonad na Marc-Ghardaí. Ag deireadh na 1990idí, nuair a bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta le freagracht as oidhreacht, ba airsean a bhí an fhreagracht dheiridh as 13 heicteár talún a dhílsiú ó Áras an Uachtaráin chuig Gairdín na nAinmhithe in aice láimhe i gcomhair a leathnaithe mar Mhachairí na hAfraice, i ndiaidh

- 19 -

cinneadh Rialtais chuige sin, comhairliúcháin leis an bpobal agus le comhaontú an Uachtaráin chomhaimseartha. Ar chuid de na nósanna nua a thug uachtaráin éagsúla isteach bhí nós an Uachtaráin Mháire Mhic Róibín solas a lasadh i bhfuinneog uachtarach sa teach mar chomhartha fáilte agus cuimhneacháin do dhiaspóra na hÉireann, na milliúin imirceach agus a sliocht. Bunaíodh Ionad Cuairteoirí sa bhliain 1997 sna sean-chistineacha, ag léiriú gnéithe de stair an tí agus a áititheoirí thar na blianta, agus tá breis forbartha á déanamh ar an Ionad, ag teacht leis an teach a bheith níos oscailte don phobal. Bíonn turais treoraithe gach Satharn ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Féach www.president.ie le socruithe do chuairteoirí a fháil. Lena stádas buan mar Áras an Uachtaráin, agus an siombalachas bunaithe ar stair fhada, is páirt lárnach de shaol na hÉireann é an teach ar a dtugtar ‘An tÁras’ go coitianta, nó fiú, i measc polaiteoirí, ‘An Pháirc’.n


An bealach isteach theas ar ร ras an Uachtarรกin an lรก atรก inniu ann.

- 20 -


An Halla Isteach lena shíleáil de bhoghta bairille agus móitíf Chláirsí an Uachtaráin sa chruinneán.

- 21 -


CAIBIDIL IV N A S EOMRAÍ S TÁIT

TÉANN AN HALLA ISTEACH SIAR CHOMH FADA LEIS AN NATHANIEL CLEMENTS ATÓGÁIL AR THEACH SHAOISTE TSÍLEÁIL GHALÁNTA LENA BOGHTA CRUINN LE PAINÉAL

1751 NUAIR A RINNE NA PÁIRCE, AGUS TÉANN AN BÁITE SIAR GO DTÍ AN TRÁTH SIN. MBLIAIN

DEALBHA CINN PHLÁSTAIR, TRÓFAITHE AGUS NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN TEACH

LE FEICEÁIL I BPAINÉIL BHÁITE NA SÍLEÁLA, INA MEASC SIN TÁ DEALBH CINN AN MONARC A THIONSCAIN FORBAIRT

SHÉARLAIS II,

PHÁIRC AN FHIONNUISCE TRÍNA HIAMH DON GHÉIM

AGUS DO THÓGÁIL FIANNA.

Ba é príomh-ailtire Bhord na nOibreacha, Francis Johnston, a chuir an cholúnáid Dhórach agus an síneadh leis an halla ní ba dhéanaí, sa bhliain 1808, agus ba eisean a dhear Príomh-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath freisin agus, sa bhliain 1815, an cholúnáid Iónach ar an taobh eile den teach. Ar an drochuair, tagann an cholúnáid ag an halla isteach trasna an radhairc ó lasmuigh den bhunfhuinneog leath-chorráin bhreá atá os cionn an dorais; tá sé fós le feiceáil ó laistigh den halla. Ba iad na déantóirí caibinéad ón 19ú haois as Baile Átha Cliath, Mack, Williams and Gibton, a rinne an fuaraitheoir fíona mahagaine in 1810. Dealbha cinn atá ar gach aon taobh den doras isteach i Seomra Suí Stáit de Dhomhnaill Ó Conaill, an ceannaire polaitiúil ón 19ú haois, agus den fhile Clarence Mangan; tá siad mar chuid de bhailiúchán arna

thionsú ag an Uachtarán Dubhghlas de hÍde. Léiríonn na péintéireachtaí agus na dealbha atá ar taispeáint sa Halla Isteach saothair le healaíontóirí Éireannacha mar Harry Kernoff, Colin Middleton, Melanie le Brocquy agus John Behan. Is leis an ealaíontóir ón tSín, Zhao Shaoruo, an phéintéireacht mhór shamhaltach drámatúil a tugadh mar bhronntanas don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn. Tá leabhar cuairteoirí sa halla freisin, atá sínithe ag na daoine iomráiteacha ar fad a thug cuairt ar an Áras. I measc na gcuairteoirí iomráiteacha, ar chuir na hUachtaráin éagsúla fáilte rompu bhí Uachtarán Charles de Gaulle na Fraince agus Uachtarán John F Kennedy ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba é Kennedy an chéad Uachtarán Meiriceánach a thug cuairt ar Éirinn agus chuir sé crann buaircíneach,

- 22 -


Wellingtonia, le linn a chuairte i Meitheamh 1963.Thug a bhaintreach, Jacqueline Kennedy agus a clann cuairt ar an Uachtarán De Valera agus a bhean i samhradh na bliana 1967. I measc na nUachtarán eile ó na Stáit Aontaithe a thug cuairt ar an Áras, bhí Ronald Reagan sa bhliain 1984, Bill Clinton sna blianta 1995 agus 2000, agus Barack Obama sa bhliain 2011. Chuir an tUachtarán Pádraig J Ó hIrghile fáilte roimh an bPápa Eoin Pól II san Áras le linn a chuairte ar Éirinn sa bhliain 1979, nuair a léigh sé Aifreann do thart ar mhilliún duine i bPáirc an Fhionnuisce san áit ina bhfuil ardchros mar chomóradh air anois.

Painéil phlástair le deartháireacha Lafranchini i nDorchla an Stáit. (Barr) Achilles, laoch na bhfabhalscéalta Gréagacha. (Bun) Pax, le craobhacha olóige ina lámha.

Fáiltíodh roimh Phrionsa Rainier agus Bhanphrionsa Grace Mhonacó ag an Áras i Meitheamh 1961. Thug Rí agus Banríon na Spáinne cuairt air sa bhliain 1986. Thug Prionsa na Breataine Bige, An Prionsa Séarlas, cuairt ar an Áras sa bhliain 1996, an chéad duine as Rítheaghlach na Breataine a thug cuairt oifigiúil ar an Áras ó bunaíodh an Stát. Tháinig sé ar an dara cuairt oifigiúil sa bhliain 2002. I mBealtaine 2011 thug a Mórgacht Ríoga an Bhanríon Eilís II cuairt ar Éirinn in éineacht le Diúc Dhún Éideann. Ba í an chéad mhonarc reatha ar an mBreatain í le cuairt a thabhairt ar Éirinn le 100 bliain anuas. Chuir sí tús leis an ócáid stairiúil seo trí chuairt a thabhairt ar an Áras. Cuireadh fáilte roimh Phrionsa Albert Mhonacó i mí Aibreán na bliana sin chomh maith. - 23 -

Ritheann AN DORCHLA STÁIT NÓ LAFRANCHINI fad taobh ó thuaidh an tSeomra Fáiltithe Stáit, an bálseomra mar a bhí sa ré Victeoiriach. Chruthaigh Raymond McGrath é sa bhliain 1957, le linn Uachtaránacht Sheáin T. Uí Cheallaigh, príomh-ailtire Oifig na nOibreacha Poiblí, a rinne maoirsiú ar athchóiriú ollmhór an tí sna 1950í. Bhí cuas ceolchoirme san iar-bhálseomra, a dhear Jacob Owen sa bhliain 1844 agus is dlúthchuid den seomra anois í; tá ceangal aici leis an 19ú haois tríd an gcolbha athbheochana Gréagach a mhaireann fós. Tá dealbha cinn chré-umha de na hUachtaráin go nuige seo ar thaobh amháin den dorchla le dealbhóirí Éireannacha, gach ceann acu leagtha ar phíosaí gheala marmair Chonamara. Tá ocht bpainéal stucó ar an taobh eile den dorchla ar a bhfuil fíoracha clasaiceacha agus fáthscéalacha: Is cóipeanna iad a múnlaíodh de bhunchinn i dTeach Riverstown i gCorcaigh, a luaitear leis na deartháireacha clúiteacha Lafranchini, na stucadóirí Eilvéiseacha, a bhí fostaithe i Carton, Castletown agus i dtithe móra tuaithe eile in Éirinn san 18ú haois. Ba é an chéad phlean ná an obair phlastrála a bhogadh ó Theach Riverstown, a bhí faoi bhagairt a scartála, ach fuarthas amach go raibh siad daingnithe sna brící agus nárbh fhéidir iad a bhogadh. (Tugadh Teach Riverstown, a tógadh i 1745, slán óna scartáil agus thóg Cumann Seoirseach na hÉireann ar láimh é.)


Dorchla Lafranchini, nó Dorchla an Stáit, lena dhealbha cinn chré-umha de na hiar-Uachtaráin.

- 24 -


Is é an tIodálach ón 18ú haois, Pietro Bossi, a fuair creidiúint don teallach, agus thug sé an teicníocht scagliola um inleagadh marmair go hÉirinn. Is i 1835 a rinneadh an chláirseach mhór mhaisiúil thraidisiúnta Éireannach agus ba iad Thomas agus Julia Fennell a bhronn ar an Áras í sa bhliain 1972. An fráma simléir fhíneálta ón 18ú céad le Bossi.

An bálseomra a bhí i SEOMRA FÁILTITHE STÁIT roimhe seo agus é ag dul siar go dtí 1802, díreach tar éis Acht an Aontais. Is múnla plástair eile de phainéal Lafranchini ó Theach Riverstown é lárphíosa na síleála a léiríonn 'Time Rescuing Truth from the Assaults of Discord and Envy'. Macasamhail phlástar é de phictiúr fáthscéalach a phéinteáil Poussin do sheomra leapa an Chairdinéil Richelieu sa bhliain 1641, agus atá ar crochadh sa Louvre anois. AN

Ba de láimh a rinneadh fíodóireacht ar an mbunchairpéad i nDún na nGall le dearadh de chuid Raymond McGrath. Tá féinics le feiceáil ina lár ag éirí ó na lasracha agus is macasamhail de na figiúirí abhann ar Theach Custaim James Gandon iad na ceithre cloigne ar na coirnéil. Siombail iad de phríomhaibhneacha na hÉireann. Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí cairpéad nua isteach sa bhliain 2000 agus is macasamhail é an cairpéad nua de dhearadh McGrath. Rinne sleachta na ndaoine a rinne an chéad chairpéad an obair ar na chéad seolta. Deirtear gurbh é Bossi a rinne an teallach ón 18ú haois - 25 -

agus tá scáthán adhmaid óraithe as Éirinn ó dheireadh an 18ú haois crochta os cionn an teallaigh: is troscán de chuid Mack, Williams and Gibton as Baile Átha Cliath é an buntroscán adhmaid óraithe sa seomra. Ba é an chéad Iarla Charlemont a rinne bunchoimisiúnú ar na ceithre phéintéireacht sa seomra seo, atá sínithe agus dátaithe ó 1768 dá eastát tuaithe ag Marino, Co. Bhaile Átha Cliath, agus cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain 1972 don teach iad. Is leis an ealaíontóir Éireannach ón 18ú haois, George Mullins, iad, agus léiríonn siad ceithre thréimhse na linne, i stíl chlasaiceach Claude Lorraine, an t-ealaíontóir clúiteach Francach ón 17ú haois a raibh cónaí air sa Róimh. Is sa seomra seo a chuireann an tUachtarán fáilte roimh thoscairí agus uaisle eachtrannacha a thagann ar cuairt chugainn, chomh maith leis na mílte gnáthshaoránach a thagann chuig an teach i rith na bliana. Tugtar cuireadh do ghrúpaí scoile éagsúla freisin a bheith i láthair ag an searmanas ina gcuireann ambasadóirí a gcuid dintiúr faoi bhráid an Uachtaráin. Tógadh AN SEOMRA BIA STÁIT sa bhliain 1849 do chuairt na Banríona Victoria. Is cosúil gur nós a bhí ann ag an am cead a chinn a bheith ag Fear Ionaid an Rí rud ar bith ba mhian leis a thógáil ón teach agus é ag imeacht. Tógadh an seomra bia seo don Bhanríon Victoria agus thóg


Seomra Fáiltithe an Stáit, lena chairpéad lámhfhíte Conallach le gréagán féinics.

- 26 -


An tSíleáil i Seomra Fáiltithe an Stáit.

- 27 -


Dorchla Lafranchini รณ Sheomra Fรกiltithe an Stรกit.

- 28 -


Tá móitíf na Cláirsí Uachtaránaí mar ghné den tseirbhís dinnéir Stáit.

duine acu na bunteallaigh leis. Cuireadh píosaí marmair feidhmiúla ina n-áit. De réir an Bhantiarna Fingall, ní raibh Tim Healy, a bhí ina Ard-Ghobharnóir ó 1923-28, in ann breathnú ar rud chomh gránna leo. Fuair sé dhá theallach breátha Sheoirseacha le cur ina n-áit sa bhliain 1923 ón teach a bhíodh ag Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath i gCearnóg Mhuinseo. Ba mhian le Healy na teallaigh a thabhairt leis agus é ag imeacht, ach cuireadh ina luí air iad a fhágáil ina dhiaidh. Tá plaic ar cheann de na teallaigh a thugann le fios gur bhronn sé ar an teach iad agus an t-ainm The Viceregal Lodge fós air. Ba é an bord, a rinneadh sa bhliain 1927, an bord a bhíodh ag an Rialtas i dTeach Laighean agus is é Éamon de Valera a thug chuig an Áras é sa bhliain 1960. Nuair a fhaigheann na hAirí a Séalaí Oifige ón Uachtarán bíonn a chéad chruinniú ag an Rialtais nua timpeall an bhoird seo.

Mionsonrú an tinteáin sa Seomra Bia

Bhí cónaí ar chéad Uachtarán na hÉireann, an Dr Dubhghlas de hÍde, sa teach idir na blianta 1938-45. Sa bhliain 1944 chinn sé bailiúchán beag pictiúr agus portráidí a thosú mar léiriú ar dhaoine tábhachtacha agus ar ócáidí tábhachtacha i stair na hÉireann, agus dheonaigh sé féin go leor de na saothair. Is ar mhaithe le spéis stairiúil agus ní spéis ealaíonta a cuireadh an bailiúchán ar taispeáint ar dtús sa Seomra Bia. Is amhlaidh anois atá portráidí d'Iar- 29 -

Uachtaráin crochta ar bhallaí an tSeomra Bhia Stáit, ar le healaíontóirí comhaimseartha Éireannacha iad. Ar 15 Meitheamh 1944, d'fhreastail an Taoiseach, Éamon de Valera, agus roinnt Airí Rialtais ar dhinnéar in Áras an Uachtaráin agus bhí an tUachtarán de hÍde ina óstach air. Bhí portráid den Uachtarán le Seán O'Sullivan, RHA, a choimisiúnaigh Oifig an Uachtaráin lena bronnadh ar an Arm ar taispeáint. Ag an dinnéar, dúirt an Taoiseach gur chóir portráid de gach Uachtarán a phéinteáil agus a chrochadh in áit chónaithe oifigiúil an Uachtaráin agus gur chóir an cheist a phlé leis an Rialtas chomh luath agus a d'fhéadfaí. Chinn an Rialtas ar 2 Lúnasa 1944 gur chóir coimisiúnú a dhéanamh ar phortráid den Uachtarán ó Leo Whelan, RHA. Shuigh Dubhghlas de hÍde dá phortráid idir Meán Fómhair agus Nollaig 1944; cuireadh ar taispeántas é in Acadamh Ríoga na hÉireann agus tá sé ar taispeáint in Áras an Uachtaráin ó 1945 i leith. Choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí Leo Whelan freisin sa bhliain 1951, faoi threoir an Rialtais, le portráid a phéinteáil de chomharba Dhubhghlas de hÍde, Seán T Ó Ceallaigh, a bhí ina Uachtarán idir 1945 agus 1959. Is le linn a thréimhse oifige a glacadh an cinneadh Teach Fhear Ionaid an Rí, faoi mar a bhíodh, a choinneáil mar áit chónaithe bhuan an Uachtaráin.


Seomra Bia an Stáit. Tá portráidí na n-iar-Uachtarán go léir ar taispeáint ann.

- 30 -


Fánas óraithe ó lampa i Seomraí Fáiltithe an Stáit.

Is é Seán O'Sullivan a phéinteáil portráid Éamon de Valera, a bhí ina Uachtarán idir 1959 agus 1973, agus bhronn John Philip Reihill ar an Rialtas í le cur ar taispeáint san Áras. Tá sonraí an bhronntanais, a tharla nuair a toghadh an tUachtarán, inscríofa ar bhonn na péintéireachta sa chló Gaelach. Cuireadh ar taispeáint í ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1943, agus dúirt an Dublin Magazine go raibh sí ina ‘tour de force of painting, drawing and psychology’. Is é David Hone, PPRHA a rinne portráid Erskine Childers, a bhí ina Uachtarán idir na blianta 1973-74; is é Thomas Ryan, PPRHA, a rinne portráid Chearbhaill Uí Dhálaigh, a bhí ina Uachtarán idir 1974-76; is é John F Kelly, RHA a phéinteáil portráid Patrick Hillery, a bhí ina Uachtarán ó 1976-90. Is é an t-ealaíontóir as Cúige Uladh, Basil Blackshaw, HRHA, a rinne portráid Mháire Mhic Róibín, a bhí ina hUachtarán ó 1990-97. Is é Joe Dunne, RHA, a rinne portráid Mháire Mhic Ghiolla Íosa, a bhí ina hUachtarán ó 1997-2011, sa bhliain 2001. Déanfar portráid oifigiúil den Uachtarán Ó hUigínn a choimisiúnú le linn a théarma oifige. Is cuid den bhunteach é SEOMRA NA COMHAIRLE STÁIT, a tógadh sa bhliain 1751, agus úsáidtear é go ginearálta anois mar sheomra fáiltithe. Seomra bia a bhí

- 31 -

ann i dtús báire, agus feistíodh é mar sheomra billéardaí sna 1840í. Tá an tsíleáil phlástair le cuas inti páirtórnite, rud a bhí neamhghnách in Éirinn, luaite le Bartholomew Cramillion, a thug isteach an stíl Rococo seo in obair phlástrála na hÉireann i lár an 18ú haois. Bhí sé i mbunteach mhuintir Clements riamh anall agus léiríonn sé íomhánna as Fabhalscéalta Aesop: ar na taobhanna fada, tá an Sionnach agus an Storc, agus taispeánann na fínéid ar na taobhanna gearra an Sionnach agus an Préachán, agus an Sionnach agus na Fíonchaora. Is macasamhla de throscán Louis XIV iad an tolg agus na cathaoireacha. Is de chéad chruinniú na Comhairle Stáit, comhlacht comhairleach an Uachtaráin, a raibh Dubhghlas de hÍde i gceannas uirthi sa bhliain 1940, atá an pictiúr, agus is é Simon Coleman, RHA a rinne é a phéinteáil. Tá na saothair ealaíne eile sa seomra seo ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh agus ó Bhailiúchán Ealaíne an Stáit. Is cuid den teach a bhí ann sa bhliain 1751 é AN PARLÚS STÁIT, atá suite laistiar den cholúnáid theas, agus is ón tréimhse sin a thagann síleálacha an tseomra. Tá sí múnlaithe go saibhir, agus tá a leagan amach agus a gréas ubhchruthach lárnach le feiceáil i ndearadh an chairpéid, a rinneadh sa bhliain 2002 sna Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall.


An Parlús Stáit.

- 32 -


Mionsonrú de Sheomra na Comhairle Stáit, ina léirítear radhairc ó Fhabhalscéalta Aesóip.

- 33 -


Seomra na Comhairle Stรกit, atรก mar chuid den bhunteach รณn mbliain 1751.

- 34 -


Seomra Staidéir an Uachtaráin.

- 35 -


Tá dhá fhráma simléar Adam den scoth ón 18ú haois sa seomra. Is de phrás sa stíl Leasríochta atá an coinnleoir craobhach déanta agus rinneadh é mar chomóradh ar Acht an Aontais 1801. Tá seamróg, rós agus feochadán fite fuaite lena chéile, mar shamhailchomharthaí na hÉireann, Sasana agus na hAlban. Is i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí sé ó thús, ach nuair a bhí tine sna Seomraí Stáit ansin sna 1940í bogadh chuig an Áras é. Is as coinnleoir craobhach a bhí cosúil leis a rinneadh soilse an bhalla. Rinneadh coimisiúnú ar an mbord caife de mharmar Chonamara do chuairt an Uachtaráin Bill Clinton sa bhliain 2000. Tá an phéintéireacht mara Ísiltíreach den Chuairt Ríoga ar an gCabhlach sa bhliain 1672 ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Is cuid eile de theach 1751 é SEOMRA STAIDÉIR AN UACHTARÁIN. Cuireadh an tsíleáil álainn ón 18ú haois atá sa seomra seo ann sa bhliain 1953. Luaitear le Cramillion í freisin agus léiríonn sí Iúpatar i gCeannas ar an Dúlra agus Na Séasúir: 'Spring with flowers and industrious spade; Summer with grapes; Autumn with sickle and wheatsheaves; while Winter, a child with its back turned and hair ruffled, warms itself at a brazier … in the centre a vigorously modelled Jove’.

na Comhairle Stáit, ar chuid den bhunteach í. Sa bhliain 1948, bhí Teach Mespil i mBaile Átha Cliath, teach comhaimseartha le Teach Riverstown agus le Teach Shaoiste na Páirce, á leagan chun bloic árasán a thógáil ina áit. Bhí sé mar áit chónaithe ag an ealaíontóir iomráiteach Sarah Purser, RHA (18481943) idir na blianta 1909 agus 1943. Mar gheall ar C P Curran, údar an leabhair Dublin Decorative Plasterwork of the 17th and 18th Centuries, cuireadh ina luí ar an bhforbróir na síleálacha a thabhairt d'Oifig na nOibreacha Poiblí agus tugadh an tsíleáil úd anseo. Cheap Curran gurbh í seo an ceann ba bhreátha de shíleálacha Theach Mespil: ‘the loveliest stucco in Ireland…the very poetry of plaster’.

Leabharlann

Tá an troscán leabharlainne mahagaine, a rinneadh ar fad i mBaile Átha Cliath, ann ón 18ú haois agus ón 20ú haois. Tá dhá leabhragán móra Hicks le haghaidh starrach orthu i leabharlann Áras an Uachtaráin. Bhíodh na leabhragáin sin lonnaithe sa seomra léitheoireachta i dTeach Laighean. I ndiaidh iad a bhaint amach, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú orthu n

Tá sí comhaimseartha le, agus ar an stíl Rococo céanna, leis an tsíleáil i Seomra

- 36 -

Mionsonrú ó tholg Louis XIV


Mionsonrú den tsíleáil i Seomra Staidéir an Uachtaráin, ‘an stucó is áille in Éirinn …’

- 37 -


Deasc an Uachtarรกin.

- 38 -


Radharc ón 19ú céad de thosach an ghairdín, ag taispeáint an bhun ha-ha nó fál slogtha. Arna tharraingt le George Petrie, RHA, arna ghreanadh le J McGahey, 1831. (Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

- 39 -


CAIBIDIL V N A G AIRDÍNÍ

NUAIR A THÓG NATHANIEL CLEMENTS AN T-EASTÁT AR LÁIMH AGUS AN POST AIGE MAR SHAOISTE PÁIRCE SA BHLIAIN 1751, BHÍ 92 ACRA ANN. LEAG FORMHÓR NA HOIBRE A RINNE SÉ AR NA PÁIRCEANNA AMACH AN PATRÚN LE HAGHAIDH FORBAIRTÍ NÍ BA DHÉANAÍ, MAR IS LÉIR DÚINN Ó LÉARSCÁIL JOHN ROCQUE AR BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS MÁGUAIRD, A CUIREADH LE CHÉILE SA BHLIAIN 1757, TRÍD AN NGAIRDÍN FAOI BHALLAÍ AGUS CUID DE NA BEALAÍ SIÚIL A THAISPEÁINT. Díreach siar ó dhúiche nua Clements a bhí an churadóireacht crann leis an gcéad lárscaraoid de Shéadchomhartha an Fhionnuisce, a leag an Tiarna Chesterfield amach sa bhliain 1746. Tugadh go leor de sin isteach i bpáirceanna fóillíochta an tí ní ba dhéanaí. Bhain na Leas-Ríthe a bhí ann ní ba dhéanaí tairbhe as na feabhsúcháin ollmhóra nuair a shiúil siad sna gairdíní.

ab amhlaidh a bhain sé crainn ón bhfearann le radhairc a oscailt amach, agus leag sé síos na gairdíní foirmiúla mar ar tugadh isteach crainn an Iúir Éireannaigh nó ‘Florence Court’ atá mar líne anois ar imill na bhfaichí. Bhí na crainn iúir de bhunús planda chorrchineálaigh a fuarthas i bhFear Manach. Ba é an tIarla Inis Ceithleann a bhí ina chónaí in Florence Court a scaip iad thart ar 1780.

Rinne Decimus Burton, garraíodóir tírdhreacha cáiliúil na linne an mhórobair ar na páirceanna le linn an 19ú haois, le cúnamh ó Ninian Niven. Rinne Burton, dearthóir agus ailtire tírdhreacha as Londain, a raibh baint aige le Hyde Park agus Kew Gardens, pleanáil agus maoirsiú ar fheabhsúcháin ar Pháirc an Fhionnuisce ar feadh bhreis is cúig bliana déag sna 1830í agus 1840í. Ina measc sin bhí colún an Fhionnuisce a bhogadh go dtí an áit a bhfuil sé anois, mar phointe fócais ag an mbúlbhaird nua níos dírí tríd an bPáirc.

Ba é Burton a dhear Zú Londain agus iarradh air ceann a dhearadh do Bhaile Átha Cliath freisin. Sa bhliain 1830, thug Diúc Northumberland, a bhí mar Leas-Ionadaí ag an am, cead an zú a lonnú i gcúinne thoir thuaidh Pháirc an Fhionnuisce, gar d’eastát fhear ionaid an rí.

Fuair Burton réidh leis na ballaí cloiche timpeall Theach Fhear Ionaid an Rí agus chuir sé fálta báite nó ha-ha ina n-áit. Rinne sé slí isteach agus lóistí geata an Fhionnuisce a athdhearadh, ina theannta sin

Bhí baint chomh maith ag an ngarraíodóir tírdhreacha Ninian Niven le crainn dheasgnácha a chur sna páirceanna. Albanach a bhí i Niven, a tháinig go hÉirinn ar dtús mar phríomhgharraíodóir i dTeach an Phríomh-Rúnaí a bhí in aice láimhe agus ansin chuaigh sé chuig Garraithe Náisiúnta na Lusanna i nGlas Naíon. Bhí limistéar faoi fhoraois siar ó thuaidh den teach

- 40 -


(agus ó chlé den phríomh-chosán isteach) agus thug na Victeoirigh 'An Fiántas' air seo ní ba dhéanaí. I dtosach báire, bhí dhá loch nó lochán ann ina raibh bric, cúramáin, carbáin agus gailliasc, chomh maith le húlloird agus bealaí marcaíochta tríd an gcaschoill agus na plandálacha. Faoin mbliain 1816, bhí an dúiche leathnaithe chuig 160 acra agus í faoi chrainn ornáideacha breátha.

Plaiceanna comórtha faoi na crainn searmanacha.

SIÚLÓID NA BANRÍONA Bhí Niven i gceannas na n-ullmhúchán do chuairt na Banríona Victoria sa bhliain 1853, tráth a chuir sí crann san áit ar baisteadh Siúlóid na Banríona uirthi (ar dheis ón bhfoirgneamh agus duine os comhair éadan theas an tí). Chuir sé sin tús le traidisiún go gcuirfeadh cuairteoirí móra le rá agus áititheoirí oifigiúla crann sna tailte. Tá go leor de na crainn sin sa chrannlann, ar thaobh na láimhe deise den chosán isteach. Ar chuairt a thug sí ina dhiaidh sin sa bhliain 1861, chuir Victoria ‘Wellingtonia’ (crónghiúis as California) ar an bhfaiche ar aghaidh an chúladáin theas, ceann de dhá chrann a bhí le cur ann; ba é an Pápa Eoin Pól II a chuir an dara ceann, crann darach, ar a chuairt chuig Áras an Uachtaráin i Meán Fómhair 1979. Ar feadh Shiúlóid na Banríona atá go leor de na crainn searmanais a bhfuil dualfhoinse spéisiúil ag baint leo, ina measc feá rua a thug an Tiarna Mountbatten don Uachtarán Seán T. Ó Ceallaigh sa bhliain 1946, agus mailp Cheanadach a chuir Príomh-Aire Cheanada, an tUasal Wilfred Laurier, sa bhliain 1907. Lean an tUachtarán Dubhghlas de hÍde leis an traidisiún a bhí ag áititheoirí crainn dheasghnácha a chur nuair a chuir sé leamhán Cornach - 41 -

ar an bhfaiche thuaidh den Áras i Márta 1939. (Ar an drochuair, fuair go leor de na leamháin ar an eastát galar leamháin Dúitseach ina dhiaidh sin). Chuir na hUachtaráin John F Kennedy agus Éamon de Valera araon crainn ‘Wellingtonia’ idir an sciathán thiar den fhoirgneamh agus an chrannlann nuair a thug Uachtarán Mheiriceá cuairt ar 27 Meitheamh 1963. Chuir Charles de Gaulle dair Éireannach ar Shiúlóid na Banríona le linn dó a bheith ag fanacht anseo i Meitheamh 1986 agus chuir Rí Juan Carlos na Spáinne castán sa chrannlann i Meitheamh 1986. Cuireadh dhá dhair os comhair Chlog na Síochána i mBealtaine 2011 le comóradh a dhéanamh ar na cuairteanna Stáit agus Oifigiúla a thug a Mórgacht Ríoga an Bhanríon Eilís II agus Uachtarán Mheiriceá Barack Obama ar Éirinn. Cuireadh an tríú dair in aice leo i mí na Samhna 2011 le comóradh a dhéanamh ar Mháire Mhic Ghiolla Íosa ag imeacht as oifig. Cuireadh le tírdhreach Shiúlóid na Banríona a bhí 150 bliain d'aois sa bhliain 2002 nuair a cuireadh isteach dealbhóireacht La Pietà, a chuireann pointe fócais ar fáil, agus taobh thiar den struchtúr le ceannbhrat, tá áit chun do scíth a ligean agus le machnamh a dhéanam. Tugadh an saothar sin d'Éirinn thar ceann mhuintir na hIodáile tar éis dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, mar chomhartha buíochais don chúnamh a thug an tír seo don Iodáil. Dealbhaithe i marmar bán Carrara ag an ealaíontóir Iodálach Ermenegildo Luppi Cardini (a bhásaigh i 1937), is tabló pirimidiúil drámatach de Mhuire, Mary Magdalene, Naomh Eoin Baiste agus Nicodemus é agus iad ag


Siúlán na Banríona, le La Pieta sa chúlra.

- 42 -


caoineadh os cionn chorp Íosa Críost tar éis á thógáil anuas den Chros. Sular bogadh é go dtí bonn Shiúlóid na Banríona, bhí sé ar seasamh lasmuigh den Roinn Oideachais i Sráid Marlborough agus, roimhe sin, i gCruinnteach an Mhúsaeim Náisiúnta.

Grúpa pirimidiúil drámatúil an mharmair bháin den La Pietà.

Log ciúin sa Ghairdín Daingean.

Ar feadh bhealach Shiúlóid na Banríona ar fad atá gairdín lus an chromchinn ina bhfuil 140 cineál difriúla de lus an chromchinn as Éirinn. Thug an tOllamh George Dawson as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, don Áras iad le linn Uachtaránacht Mháire Mhic Róibín mar aitheantas gur tugadh suntas d'Éirinn mar thír a chuir síolrú lus an chromchinn chun cinn san 19ú haois. FORBAIRTÍ AR NA GAIRDÍNÍ Tá an t-uafás aire faighte ag na páirceanna leis na blianta de réir mar a théann timthriallta na gcrann agus na bplandaí chun cinn agus de réir mar a théann an dúlra - idir dhoineann agus soineann - i gcion orthu. Rinne stoirmeacha go leor damáiste dóibh ag amanna difriúla; ceann i mí na Nollag 1822 a leag an colún Fionnuisce chomh maith le 70 crann mór. Tharla ceann de na stoirmeacha ba mheasa i bhFeabhra 1903 nuair a leagadh go talamh 2,948 crann i bPáirc an Fhionnuisce - leag Spéirling Charlie sa bhliain 1986 120 crann - agus cuireadh dlús le clár plandála don dúiche. Bhí dearcadh dearfach ar an léirscrios ag an gcrannadóir William Goldring, le cúnamh Chaomhnóir na Luibhghairdíní, Glas Naíon, F W Moore; agus thapaigh siad an deis radhairc úra a oscailte agus cúlraí oiriúnacha a chruthú. Bhronn an Tiarna Ardilaun 800 dair síorghlas ‘de mhéid agus d'fhoirfeacht saothraithe nach - 43 -

bhféadfaí a fháil ar an margadh oscailte’ do Pháirc an Fhionnuisce, agus thug sé comhairle maidir leis an athphlandáil. Ag tús an 20ú haois, líonadh isteach cuid d’fhonsa báite Burton le taobh an bhóthair thuaidh, a bhí tar éis éirí fásta agus gránna, agus cuireadh fonsa iarainn ina áit. Cuireadh go leor tor ornáideacha agus bláthacha freisin ar an imlíne. Bhí clú ar na gairdíní ag an am as a ndath taibhseach agus as a bhfeabhas gairneoireachta. Bíonnna táirgí traidisiúnta, torthaí, glasraí agus bláthanna ar fáil sa Ghairdín faoi Bhallaí don Áras, agus tá sé sin roinnte ina chúig chuid. Baineadh stádas orgánach amach i ndiaidh na tréimhse aistrithe caighdeánaí dhá bhliain i Meitheamh 2011. Déanann an fhoireann garraíodóireachta bainistiú orgánach ar 2.17 heicteár ag an Áras. Déantar bainistiú inbhuanaithe ar na gairdíní agus déantar sú úll orgánach, a óltar ag imeachtaí stáit, as na húlla a thiteann de na crainn. Cuireadh beachlann isteach san Úllord in 2011 le cabhrú le pailniú. Tá líon tithe gloine cuarlíneacha a thóg an máistir ceárta iarainn cáiliúil, Richard Turner, sa Ghairdín faoi Bhallaí. Thóg sé teach péitseoige tráchtála (an chéad cheann dá leithéid in Éireann) i 18361837. Rinneadh athchóiriú ar an teach seo in 2009 agus tosaíodh arís ar an traidisiún de phéitseoga a fhás. Tá raon torthaí á fhás sa teach gloine iontach seo anois, ina measc caora fíniúna mar 'Black Hamburg', líomóidí agus líomaí. Meallann an teach agus a bhfuil ag fás ann go leor cuairteoirí chuig na gairdíní. Cúig bliana ina dhiaidh sin, i 1842-43, thóg Turner teach gloine fíniúna 450


La Pietà, a suiteáladh sa bhliain 2002, agus a bhí mar bhronntanas ó mhuintir na hIodáile tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

- 44 -


Teach Gloine Turner sa Ghairdín Daingean, a suiteáladh sa bhliain 1836-37, an chéad cheann dá chineál in Éirinn.

- 45 -


troigh ar a fhad a bhí roinnte in urranna chun go mbeifí in ann fíonchaora a fhás a thiocfadh in aibíocht ag séasúir éagsúla. Ba é an foirgneamh ba mhó agus ba nua in Éirinn nuair a cuireadh suas é, agus breathnaíodh air mar an ‘láithreán príomha i nGairdíní Fhear Ionaid an Rí’. Ar an drochuair, leagadh na tithe gloine finiúna sna 1940í. Tógadh grianán le cruinneachán lárnach agus sciatháin chliathánacha i 1852 le taobh Shiúlóid na Banríona, ag baint úsáide as balla theas lasmuigh an ghairdín faoi bhallaí uachtarach mar a chúlbhalla. Tá an áit ina raibh an grianán seo fós le feiceáil mar thoradh ar na hathruithe a rinneadh don bhalla teorann chun lonnadh an tí ghloine seo a éascú. Ar an bhfaiche atá ar bhealach isteach thuaidh an Árais, ar chuir Francis Johnston colúnáid Dhórach léi sa bhliain 1807-08, cuireadh isteach fuarán i suíomh tírdhreacha sa bhliain 2003. Tugann an píosa seo a cuireadh leis an amharc tulra foirmiúlacht álainn le taobh ó thuaidh an tí, an áit a bhfágann ambasadóirí agus uaisle eile slán ag an Uachtarán, tar éis dóibh garda gradaim a fháil, agus iad á dtionlacan ag Banna Ceoil an Airm mar shiombail oifige. Bunaíodh Ciumhais Chéadfach atá 230 méadar ar fhad in 2011 agus tá sí lonnaithe ar an taobh theas den Ghairdín Cistine faoi Bhallaí. Cuireadh na cúig chéadfa; tadhall, boladh, radharc, éisteacht agus blaiseadh san áireamh sa leagan amach trí úsáid shamhlaíoch a bhaint as plandaí agus dealbhóireacht.

Ar iarratas ón Uachtarán Ó hUigínn, cuireadh ceapach rósanna nua isteach ar an parterre ar an taobh thoir den phríomhtheach go luath in 2013. Bunaíodh an leagan amach ar dhearaí Decimus Burton do chrosa Ceilteacha, atá mar chuid lárnach den parterre fós. Tugann siad léiriú ar stair an róis agus cuireann raon dathanna agus bolaithe ar fáil. CLOG NA SÍOCHÁNA Cuireadh an clog in airde chun comóradh deich mbliana ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus teacht na síochána ar deireadh a cheiliúradh. I 1998 a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus in 2008 a cuireadh Clog na Síochána in airde. Seanchlog athchóirithe atá ann, ón tréimhse gur Lóiste Fhear Ionaid an Rí a bhí san Áras. Tá sé crochta ó chuid lárnach de dhair ó thailte an Árais, a bhfuil dhá dhair eile ag tacú léi; ceann amháin as Contae Aontroma agus an ceann eile as Contae Bhaile Átha Cliath. Cuirtear i gcuimhne tríd an mullóg ghrianchloiche ó Ghleann Dá Locha, atá mar bhonn ag an gclog, suíomh ársa gan coimhlint i nGleann na Bóinne atá mar chuid de stair roinnte mhuintir uile na hÉireann. Is siombal é Clog na Síochána ar thabhairt le chéile na bpobal scartha ar an Oileán seo; agus ar chaibidil nua a oscailt sa scéal náisiúnta seo againne, inar mian linn cultúr deachomharsanachta agus comhoibriú ina léirítear meas frithpháirteach a chur chun cinn ar fud Oileán na hÉireann.n

- 46 -

Rósanna i nGairdín Bláthanna an Uachtaráin.

Clog na Síochána


Parterre crainn bhosca de Chros Cheilteach i nGairdín Bláthanna an Uachtaráin.

- 47 -


An scairdeán os comhair na slí isteach tuaisceartaí, a suiteáladh sa bhliain 2003.

- 48 -


Sir John Lavery RHA RA RSA, The Red Rose, ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh

- 49 -


CAIBIDIL VI A N E ALAÍN

TÓGADH ÁRAS

AN

UACHTARÁIN

IN

Á RAS

AN

UACHTARÁIN

I LÁR AN

18Ú

HAOIS.

GO LEOR ATHRUITHE AGUS

BREISEÁN DÉANTA Ó SHIN I LEITH AIR, DE RÉIR MAR A D'ATHRAIGH FEIDHM AN

ÁRAIS AGUS

MAR A THÁINIG MÉADÚ AR A THÁBHACHT LE BLIANTA BEAGA ANUAS.

NÍ HAON IONTAS MAR SIN GO BHFUIL GO LEOR SAOTHAR EALAÍNE ANN, Ó THRÉIMHSE CHOMH LUATH LEIS AN 18Ú HAOIS ANUAS GO DTÍ AN LÁ ATÁ INNIU ANN. Is le cuid de na healaíontóirí as Éirinn is mó a bhfuil meas orthu iad go leor de na saothair ar taispeáint, mar shampla Sir John Lavery, Patrick Collins, William Leech, Harry Kernoff, Roderic O’Connor, Mary Swanzy agus Brian Bourke. Tá portráidí ola foirmiúla de na hiar-Uachtaráin, le roinnt de na healaíontóirí is mó cáil in Éirinn, ar taispeáint freisin.

Is pictiúir agus dealbha ornáideacha níos sine atá ar iasacht ó Ghailearaí Crawford Corcaigh, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, an Chomhairle Ealaíon agus Oifig na nOibreacha Poiblí, den chuid is mó, atá sna príomh-sheomraí fáiltithe ar leibhéal an urláir thalún. Tá go leor saothar ealaíne le healaíontóirí Éireannacha sa Halla Isteach, chomh maith le pictiúr mór bríomhar leis an ealaíontóir Síneach Zhao Shaoruo (r. 1962), a tugadh mar bhronntanas don Uachtarán Ó hUigínn, agus a dhéanann tagairt shiombalach do ‘11.11. 2011’ mar dháta a insealbhaithe. Tá dealbha cinn portráide plástair ar taispeáint freisin, ina measc Dónal Ó Conaill le John Hogan agus James Clarence Mangan, file, le Oliver Sheppard, chomh maith le dealbh beag cuimhneacháin ar 1798, le Sheppard freisin, atá ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Chinn céad Uachtarán na hÉireann, an Dr Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1944 bailiúchán de phortráidí, phriontaí agus de phictiúir a bhfuil tábhacht stairiúil leo, a chur le chéile. Thiomnaigh sé a bhailiúchán mór d’ábhar tarraingteach chuig Áras an Uachtaráin. Tá pictiúir, greanadóireachtaí, eitseálacha agus saothair eile ar pháipéar, chomh maith le múnlaí cré-umha, marmair agus plástair d’Éireannaigh stairiúla tábhachtacha i mbailiúchán Dhubhghlas de hÍde, agus tá go leor acu le feiceáil ar fud an fhoirgnimh.

- 50 -


Aidan Crotty, Scene from Old Store

Tá dealbha cinn portráide cré-umha de gach iar-Uachtarán ar Éirinn le feiceáil ar thacaí marmair i ndorchla ealaíonta Lafranchini. Is iad na cinn is déanaí na ceann de Mháire Mhic Ghiolla Íosa le Carolyn Mulholland, RHA (r. 1944) agus ceann de Mháire Mhic Róibín le Imogen Stuart, RHA (r. 1927). Is le Majorie Fitzgibbon, HRHA (r. 1930), Seamus Murphy, RHA (1907-75) agus Garry Trimble (1929-79) na cinn níos luaithe atá ann. Tá portráidí péinteáilte oifigiúla de gach Iar-Uachtarán sa Seomra Bia. Ina measc seo atá portráid thrí cheathrú ar fhad de chuid Leo Whelan, RHA (1892-1956) den Uachtarán de hÍde, agus é gléasta i gculaith maidine fhoirmiúil. Bhronn saoránach príobháideach an phortráid bhreá suite den Uachtarán Éamon de Valera, péinteáilte le Seán O’Sullivan, RHA (1906-64), ar an Rialtas sa bhliain 1959. Is saothar de chuid an ealaíontóra ó Bhéal Feirste, Basil Blackshaw, HRHA (r.1932), í an phortráid nua-aimseartha eispriseanaíoch den Uachtarán Máire Mhic Róibín. Cuireadh an phortráid oifigiúil den Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa, le Joseph Dunne (r.1957), ar crochadh sa Seomra Bia ag deireadh a dara tréimhse mar Uachtarán. Déanfar portráid fhoirmiúil den Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn a choimisiúnú le linn a théarma Oifige. Tá ceithre thírdhreach mhóra chlasaiceacha de chuid an ealaíontóra Éireannaigh George Mullins (gníomhach 1756-75/6) crochta ar bhallaí Sheomra

- 51 -

Fáiltithe an Stáit. Is é an príomhphictiúr i Seomra na Comhairle Stáit ná an phortráid ghrúpa fhoirmiúil The Council of State, 1940 le Simon Coleman, RHA (1916-95). Ar taispeáint sa seomra seo freisin tá pictiúr álainn le Sir John Lavery RHA, RA, RSA dar teideal The Red Rose (c.1924), pictiúr dá bhean chéile Hazel. Tá an pictiúr ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh. Tá péire de phictiúir d'ábhar neamhbheo le frámaí galánta orthu a luaitear le Jan van Huysum (1682-1749) a tháinig ó Lóiste Fhear Ionaid an Rí agus roinnt saothar níos lú le William Leech agus Norah McGuinness atá ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford chomh maith. Tá tús áite sa Seomra Suite Stáit tugtha don mhuirdhreach atá ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, The Royal Visit to the Fleet in the Thames Estuary, 6 June 1672, an leagan 18ú haoise d’ábhar coitianta de chuid duine de lucht leanúna an ealaíontóra Dhúitsigh Willem van de Velde the Younger (1633-1707) a fuair coimisiún ón Rí Séarlas II chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid seo. Tá an-suim ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn san amharcealaín agus is mian leis ealaíon na hÉireann a chur i láthair do chuairteoirí chuig Áras an Uachtaráin. Faoi láthair, tá saothair chomhaimseartha suiteáilte ar feadh na bpríomh-dhorchlaí in aice saothar le healaíontóirí mór le rá mar Gerard Dillon agus Patrick Collins.


An Grianรกn

- 52 -


Simon Coleman, RHA, The Council of State, 1940

- 53 -


Sean Keating, 1921, An IRA Column and Famine Ship le John Behan ó Bhailiúchán Ealaíne an Stáit de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí

- 54 -


Melanie le Brocquy, HRHA, The Laundress

John Behan, RHA, Queen Maeve

Oliver Sheppard, RHA, Priest and Pikeman

i láthair tá painéal cré-umha leis an ealaíontóir Shane Cullen (r.1957) ag an mbealach isteach in iarHalla na Raicéad, ar a dtugtar Seomra de hÍde anois. Ar an bpainéal tá athscríobh i nGaeilge de phaidir ó Parlaimint na mBan, cnuasach seanmóirí ón 17ú haois de chuid sagairt ó Chorcaigh, an tAthair Dónall Ó Colmáin, atá curtha i láthair go samhlaíoch mar pharlaimint ban.n

Tá roinnt portráidí ealaíonta ar iasacht ó Ghailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha agus ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar crochadh sa nGrianán, seomra a úsáideann an tUachtarán ó thráth go chéile i gcomhair cruinnithe aonair. Is iad an chuid is suntasaí ná na portráidí de Mrs John Mulhall le Walter Osborne, RHA (1859-1903) agus Harry Clarke, RHA lena bhean chéile Margaret Clarke, RHA (18881961). Tá pictiúir agus grafaicí Éireannacha nuaaimseartha ar crochadh sa Seomra Bricfeasta, ina measc saothair le Brian Bourke, Micheal Farrell, Mary Swanzy agus Edward McGuire. Athraíonn an ealaín atá le feiceáil in Áras an Uachtaráin ó am go chéile, de réir mar a thógtar iasachtaí ar ais agus a fhaightear saothair nua. San am

- 55 -


Gavin O'Curry, Mountain 1870, olaphéint ar línéadach, 2010

- 56 -


A N E ALAÍN

AR

TAISPEÁINT P HOIBLÍ

IN

HALLA ISTEACH DEALBHÓIREACHT

Á RAS

AN

UACHTARÁIN

Roma Aeterna Achilles Fides Publica Fortuna Aeneas Grammar Pax Roman soldier on horseback

Queen Maeve (cré-umha) John Behan RHA The Laundress (cré-umha) Melanie le Brocquy HRHA Thomas Davis (1814-45) (cré-umha) Albert Power RHA

DEALBHÓIREACHT

Daniel O’Connell (1775-1847) (plástar) John Hogan

Charles Stewart Parnell MP (1846-91) (plástar) Mary Blake Grant

James Clarence Mangan (1803-49) (plástar) Oliver Sheppard RHA

Thomas Moore (1779-1852) (marmar) Thomas Kirk RHA

John O’Leary (1830-1907) (plástar) Oliver Sheppard RHA

Henry Grattan (1746-1820) (marmar) de réir Peter Turnerelli

Priest and Pikeman (plástar) Oliver Sheppard RHA

Archibald Hamilton Rowan (1751-1834) (plástar) Gan ainm leis

PÉINTÉIREACHT

DEALBHA CINN PORTRÁIDE CRÉ-UMHA DE NA HIAR-UACHTARÁIN

Gan teideal (11.11.2011) (olaphéint ar chanbhás) Zhao Shaoruo, bronntanas don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Dubhghlas de hÍde (1860-1949) Séamus Murphy RHA

Market Day (olaphéint ar chlár) Colin Middleton RHA

Seán T. Ó Ceallaigh (1882-1966) Séamus Murphy RHA

The Forty Foot, Sandycove (olaphéint ar chlár) Harry Kernoff RHA

Éamon de Valera (1882-1975) Séamus Murphy RHA Erskine Hamilton Childers (1905-74) Séamus Murphy RHA

DORCHLA LAFRANCHINI PAINÉIL RILÍFE PLÁSTAIR

Cearbhall Ó Dálaigh (1911-78) Garry Trimble

Gach cóip an 20ú haois de réir Paolo agus Filippo Lafranchini.

Patrick J.Hillery (r.1923) Marjorie Fitzgibbon HRHA - 57 -


Máire Mhic Róibín (r.1944) Imogen Stuart RHA

The Red Rose (olaphéint ar chanbhás) Sir John Lavery RHA RA RSA

Mary McAleese (r.1951 ) Carolyn Mulholland RHA

Boats on the Stour (olaphéint ar chanbhás) William Leech RHA RA Still Life (olaphéint ar chanbhás) Luaite le Jan van Huysum (1682-1749)

SEOMRA BIA AN STÁIT PORTRÁIDÍ NA NIAR-UACHTARÁN (ola ar chanbhás)

Still Life (olaphéint ar chanbhás) Luaite le Jan van Huysum (1682-1749)

Dubhglas de hÍde Leo Whelan RHA

Pheasant (cré-umha) Anna Linnane

Seán T. Ó Ceallaigh Leo Whelan RHA Éamon de Valera Seán O’Sullivan RHA

PARLÚS AN STÁIT Thomas Drummond (1797-1840) (olaphéint ar chanbhás) Henry Pickersgill

Erskine Childers David Hone PPRHA

Royal Visit to the Fleet, 6 June 1672 (olaphéint ar chanbhás) de réir Van de Velde Óg

Cearbhall Ó Dálaigh Thomas Ryan PPRHA

Interior with Guillamore O’Grady (olaphéint ar chanbhás) Henry Robertson Craig RHA

Pádraig Ó hIrghile John F Kelly RHA

SEOMRA STAIDÉIR AN UACHTARÁIN Portrait of Dr Noel Browne (1915 - 1997) (olaphéint ar chanbhás) Seán Keating Bailiúchán Príobháideach an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn

Máire Mhic Róibín Basil Blackshaw HRHA Máire Mhic Ghiolla Íosa Joe Dunne RHA

Small Fields of Donegal (Purple Grasses) (olaphéint ar chanbhás) Norah McGuinness HRHA

SEOMRA FÁILTITHE AN STÁIT Na ceithre cinn go léir ar chanbhás le George Mullins (1760)

SEOMRA DE hÍDE Parlaimint na mBan (painéal cré-umha) Shane Cullen

Landscape, Dawn Landscape, Morning Landscape, Noon Landscape, Evening

Is ó bhailiúcháin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, na Comhairle Ealaíon, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Ghailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha, Gailearaí Ealaíne Crawford Corcaigh, Bailiúchán Dhubhghlas de hÍde agus ó bhailiúchán Ealaíne an Stáit de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí a thagann na saothair ealaíne atá lonnaithe ar feadh an tí.

SEOMRA NA COMHAIRLE STÁIT The Council of State, 1940 (olaphéint ar chanbhás) Simon Coleman RHA

- 58 -


Mionsonrú na pláistéireachta i ndorchla Lafranchini.

- 59 -


S TAIR A ILTIREACHTA

AN

AGUS NA N G AIRDÍNÍ

1807-08 Chuir Francis Johnston, comharba Woodgate, colúnáid Dhórach leis an mbealach isteach lastuaidh den teach.

1751 Ar shuíomh Lóiste an Bhaile Nua, áit chónaithe Shaoiste na Páirce, thóg Nathaniel Clements Teach an Fhionnuisce, teach ealaíonta dhá stór de bhríce dearg le sciatháin aon stóir agus cuair chiorclacha. Tá sé seo fós beagnach mar a bhí ag croílár an tí atá ann anois.

1809 Geataí agus lóistí na ngeataí ag an seanbhealach isteach ó Bhaile Átha Cliath chuig Teach an Fhir Ionaid curtha ar fáil ag Diúc Richmond, de réir dearaidh Francis Johnston, mar a cheaptar.

1782 Dhíol Robert, mac Clements, Teach an Fhionnuisce leis an rialtas le húsáid mar áitreabh samhraidh do Leas-Ionadaí an Rí. 1802 Chuir an Tiarna Hardwicke dhá sciathán nua leis an teach, le trí bhá i ngach ceann, agus iad sínte siar beagáinín. Ceaptar gur dearadh de chuid ailtire Bhord na nOibreacha, Robert Woodgate, a d’úsáid sé.

1815-1816 Chuir Johnston na colúin Iónacha leis an taobh theas den fhoirgneamh. Chuir sé plástar os cionn na ballaí bríce a bhí ann ar dtús agus phéinteáil sé an teach bán i stíl na Leasríochta. 1835 - 42 Leag Decimus Burton síos an gairdín foirmiúil parterre ar an taobh theas den teach chomh maith le

- 60 -


geataí isteach agus tithe na ngeataí (tithe gardaí) an Fhionnuisce. 1836-37 An chéad Teach Péitseoige cuarlíneach ar stíl tráchtála arna thógáil ag Richard Turner i nGairdín faoi Bhallaí Fhear Ionaid an Rí. Fós ar marthain. 1842-43 Tithe gloine fíniúna cuarlíneach arna dtógáil ag Richard Turner sa Ghairdín faoi Bhallaí Fhear Ionaid an Rí agus arna leathnú 1861-65. Tógtha síos sna 1940 aidí. 1849 Cuireadh sciathán leis an taobh thoir den ghairdín i gcomhair céad cuairte na Banríona Victoria. Arna dhearadh ag ailtire Oifig na nOibreacha Poiblí, Jacob Owen, bhí Seomra Bia Stáit san áireamh ann. 1852 Tógadh teach gloine cuarlíneach de chuid Richard Turner le taobh Shiúlóid na Banríona taobh thoir den teach. Leagadh é seo c.1914.

1854 Rinneadh cothromú ar an aghaidh le seomra nua a cuireadh ar an gceann thiar den teach, ag tabhairt sraith seomraí fáiltithe don teach, a bhfuil An Grianán ar cheann acu. 1858 Tógadh Halla na Raicéad, cúirt badmantain taobh istigh, ar Seomra de hÍde atá ann anois, ag cúl chlós na stáblaí do Iarla Eglinton agus Winton. Chuir gnólacht Turner a sholáthair an díon. 1867 Tógadh teach gloine adhmaid nua i nGairdíní faoi Bhallaí Fhear Ionaid an Rí; ceaptar gur de réir dearadh de chuid E T Owen a tógadh iad. Fós ar marthain. 1911 Mar ullmhúchán do chuairt an Rí Seoirse V, tógadh sciathán nua seomraí codlata ar an taobh thiar, ar shuíomh sciathán seirbhíse ón 19ú aois. H G Leask agus M J Burke ó Oifig na nOibreacha Poiblí (arna

- 61 -


bhunú i 1831) a rinne an fairsingiú seo. Cuireadh leictreachas isteach i 1908. 1915 Rinne Leask agus Burke tuilleadh athruithe ar phríomhchuid an tí, lena n-áirítear cásanna doirse nua don seomra damhsa. 1922 Tar éis bhunú Stát na hÉireann, bhí an teach mar áitreabh ag an Ard-Ghobharnóir Tim Healy, a chuir dhá phíosa simléir breátha isteach sa Seomra Bia. D'eirigh comharba Healy, James McNeill, as an bpost agus d'fhág sé an teach i 1932. 1938 Bhí an chéad Uachtarán, an Dr Dubhghlas de hÍde, ina chónaí sa teach, ar a dtugtaí Áras an Uachtaráin faoin am sin, ar bhunús sealadach.

1945 Faoi chomharba an Dr de hÍde, an tUachtarán Seán T Ó Ceallaigh, socraíodh an teach a chothabháil agus cuireadh tús le hathchóirithe suntasach, a raibh Raymond McGrath, príomhailtire Oifig na nOibreacha Poiblí ag déanamh maoirsiú orthu. Ina measc seo bhí atógáil seomraí poiblí, cruthú Dhorchla Lafranchini agus allmhairiú síleáil ón 18ú aois ó Theach Mespil, Baile Átha Cliath, a bhí le leagan. Rinne McGrath atógáil freisin ar an sciathán thiar chun seomraí cónaithe ní ba mhó a chur ar fáil don Uachtarán agus a chlann nó a clann, agus dhear sé na cairpéid do na Seomraí Stáit freisin. 1959-am i láthair Tá forbairtí ag leanúint ar aghaidh ag Áras an Uachtaráin agus a thailte, a bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach astu. Táthar tar éis tabhairt faoi shlándáil, rochtain uilíoch agus saincheisteanna sábháilteachta agus tá cóiríocht teaghlaigh príobháidigh an Uachtaráin athchóirithe sa Chlós Thiar.

- 62 -


S EALBHÓIRÍ

AN

Ó

1751

TEACH AN FHIONNUISCE Muintir Clements 1751-1777 Nathaniel Clements 1777-1782 An mac is sine leis, Robert Clements, a bhí ina 1ú Iarla Liatroma ina dhiaidh sin

1829-30 1830-33 1833 1834-35 1835-39

TEACH FHEAR IONAID AN RÍ Fir Ionaid an Rí (Leas-Ionadaithe an Rí) 1782 William Henry Cavendish Bentinck, an 3ú Diúc Portland 1783 George Nugent Grenville Temple, an 1ú Marcas Buckingham 1782-87 Charles Manners, an 4ú Diúc Rutland 1787-95 George Nugent Grenville Temple, an 1ú Marcas Buckingham 1795 William Wentworth, an 2ú Iarla FitzWilliam 1795-98 John Jeffreys, an 2ú Iarla Camden 1798-1801 Charles, an 1ú Marcas Cornwallis 1801-05 Philip Yorke, an 3ú hIarla Hardwicke 1806-07 John Russell, an 6ú Diúc Bedford 1807-13 Charles Lennox, an 4ú Diúc Richmond 1813-17 Charles Whitworth, an 1ú Iarla Whitworth 1817-21 Charles Chetwynd, an 2ú hIarla Talbot 1821-28 Richard Colley, an 1ú Marcas Wellesley 1828-29 Henry William Paget, an 1ú Marcas Anglesey

1839-41 1841-44 1844-46 1846-47 1847-52 1852 1853-55 1855-58 1858 1859-64

- 63 -

I LEITH

Hugh Percy, an 3ú Diúc Northumberland Henry William Paget, an 1ú Marcas Anglesey Richard Colley, an 1ú Marcas Wellesley Thomas Hamilton, an 9ú hIarla Haddington Constantine Henry Phipps, an 1ú Marcas Normanby Henry Chichester, an 2ú hIarla Fortescue Thomas Philip Weddell Robinson, an 2ú hIarla de Grey William A'Court, an 2ú Barún Heytesbury John William Ponsonby, an 4ú hIarla Bessborough George Villiers, an 2ú hIarla Clarendon Archibald William Montgomerie, an 13ú hIarla Eglinton Edward Granville Eliot, an 3ú hIarla St Germans George William Frederick Howard, an 7ú hIarla Carlisle Archibald William Montgomerie, an 13ú hIarla Eglinton George William Frederick Howard, an 7ú hIarla Carlisle


1864-66 1866-68 1868-7 1874-76 1876-80

John Wodehouse, an 1ú Iarla Kimberley James Hamilton, an 1ú Diúc Abercorn John Poyntz, an 5ú hIarla Spencer James Hamilton, an 1ú Diúc Abercorn Winston Spencer-Churchill, an 7ú Diúc Marlborough 1880-82 Francis Thomas de Grey Cowper, an 7ú hIarla Cowper 1882-85 John Poyntz, an 5ú hIarla Spencer 1885 Henry Herbert, an 4ú hIarla Carnarvon 1886 Charles Vane-Tempest- Stewart, an 6ú Marcas Londonderry 1886-89 John Gordon Campbell, an 7ú hIarla Aberdeen 1889-92 Lawrence Dundas, an 1ú Iarla Zetland 1892-95 Robert Crewe-Milnes, an 1ú Marcas Crewe 1895-1902 George Henry, an 5ú hIarla Cadogan 1902-06 William Humble Ward, an 2ú hIarla Dudley 1906-15 John Gordon Campbell, an 7ú hIarla Aberdeen 1915-18 Ivor Guest, an 2ú Barún Wimborne 1918-21 John Denton French, an 1ú Iarla Ypres 1921-22 Edmund Fitzalan-Howard, an 1ú Bíocunta FitzAlan Derwent

NA HARD-GHOBHARNÓIRÍ 1922-28 Tim Healy 1928-32 James McNeill ÁRAS AN UACHTARÁIN Na hUachtaráin 1938-45 Dubhghlas de hÍde 1945-59 Seán T. Ó Ceallaigh 1959-73 Éamon de Valera 1973-74 Erskine Childers 1974-76 Cearbhall Ó Dálaigh 1976-90 Pádraig Ó hIrghile 1990-97 Máire Mhic Róibín 1997 - 2011 Máire Mhic Ghiolla Íosa 2011 - am i láthair Micheál D. Ó hUigínn

- 64 -


Wellingtonia (Crónghiúis California) arna chur ag an Bhanríon Victoria sa bhliain 1861.

- 65 -


N A L EAS -R ÍTHE

BHÍ 40 ATHRÚ ANN Ó THAOBH LEAS-IONADAÍ AN RÍ I DTEACH FHEAR IONAID AN RÍ SNA 120 BLIAIN IDIR ACHT AN AONTAIS AGUS BUNÚ AN STÁIT. RINNE GO LEOR ACU FREASTAL AR FEADH BLIANA NÓ DHÓ, D’FHILL ROINNT ACU AR FEADH CHÚPLA TRÉIMHSE OIFIGE ACH BA BHEAG ACU A D’FHAN NÍ B’FHAIDE NÁ CÚPLA BLIAIN. CUIMHNÍTEAR AR A BHFORMHÓR IN AINMNEACHA SRÁIDE B HAILE Á THA C LIATH MAR NORTHUMBERLAND , E GLINTON , CLARENDON, HEYTESBURY, ACH IS FIÚ CUIMHNEAMH GUR DAOINE STAIRIÚLA A BHÍ I GCUID ACU CHOMH MAITH. Ar dhuine den dream deiridh sin a bhí Charles Cornwallis, an ginearál a ghéill do na réabhlóidithe Meiriceánacha ag Yorktown sa bhliain 1781 agus a chaith ocht mbliana ina dhiaidh sin mar Ghobharnóir Ginearálta san India. Bhí sé mar LeasIonadaí an Rí agus mar Ardcheannasaí in Éirinn i 1798, agus rinne sé maoirsiú ar thitim fhórsa na Fraince a thuirling ag Cill Ala agus ar na hÉireannaigh Aontaithe. Chonaic sé a raibh i gceist i ndáiríre le hAcht an Aontais nuair a bhíothas ag iarraidh breabaireachta forleithne a úsáid chun parlaimint na hÉireann a mhealladh chun vóta a chaitheamh a gheobhadh réidh leis. ‘Bhí mé ag iarraidh an cineál seo saoil a sheachaint i gcónaí, agus anois táim báite ann, agus táim níos mó trína chéile ná mar a bhí mé riamh’, a scríobh sé ag an am. ‘Nach orm atá an fonn iad sin a gcaithfidh mé a bheith mór leo a chiceáil!’ D’fhág Cornwallis Éire in 1801 agus tháinig an 3ú

hIarla Hardwicke i gcomharbacht air agus bhí seisean míshásta nár tugadh teideal an Ardcheannasaí dó mar a bhí ag Cornwallis. Tugadh an teideal dó ina dhiaidh sin, ach bhíodh sé go síoraí seasta i gcoimhlint leis an rialtas i Londain. Cuireadh síneadh thrí bhá ag gach sciathán le foirgneamh 1751, le linn na cúig bliana a bhí aige ag Teach Fhear Ionaid an Rí. Tháinig Richard Colley Wellesley, arbh é a dheartháir óg Arthur an Diúc Wellington, go Baile Átha Cliath (áit ar rugadh é) i 1821 don chéad tréimhse dá dhá théarma mar Fhear Ionaid. Bhí go leor taithí aige ag tosú amach: bhí sé ina ArdGhobharnóir san India ó 1798 go dtí 1805 agus ina Rúnaí Eachtrach i rialtas na Breataine ó 1809 go dtí 1812. Tar éis gur theip air ina iarracht a bheith ina Phríomh-Aire i 1812, bhí sé i ndiaidh diúltú do phost Ionadaí an Rí agus é éirithe as a phost, ach d’athraigh sé a intinn naoi mbliana ina dhiaidh sin.

- 66 -


John Singleton Copley, Charles 1st Marquis Cornwallis (1738-1805)

R W Buss, de réir Thomas Lawrence, Philip Yorke (1757-1834), 3rd Earl of Hardwicke

Chuir an tOrd Oráisteach in aghaidh a cheapacháin, agus chreid siad go raibh sé dílis do Chaitlicigh agus a bhfaoiseamh ó na péindlíthe. Bhí ról tábhachtach aige suas go dtí Fuascailt na gCaitliceach i 1828 nuair a tháinig Henry William Paget, an chéad Marquess de Anglesey i gcomharbacht air, agus chonacthas go raibh sé sin ní b’fhabhraí arís do Chaitlicigh. Ghlaoigh an Príomh-Aire, Diúc Wellington, ar ais Anglesey. Nuair a buaileadh rialtas Wellington sa bhliain 1830, cuireadh Anglesey ar ais go Baile Átha Cliath mar Leas-Rí ag an rialtas nua ach tháinig deireadh lena dhílseacht do Chumann na gCaitliceach nuair a mhol siadsan aisghairm an Aontais. Ba sa bhliain 1841 a cheap an Príomh-Aire, Robert Peel, an dara hIarla de Grey mar Leas-Ionadaí an Rí. Bhí Peel ag iarraidh na Caitlicigh meánaicmeacha a bhí ag teacht chun cinn a mhealladh ar mhaithe leis an Aontas. Dúirt De Grey ar ais leis nach bhfaighfí tacaíocht uathu go brách agus

De réir Thomas Lawrence, Richard, 1st Marquis of Wellesley (1757-1834)

De réir Thomas Lawrence, Henry William Paget (1768-1854), 1st Marquis of Anglesey

cuireadh as oifig é i 1844. Tháinig an taidhleoir William A’Court, An Tiarna Heytesbury, a bhí ní ba liobrálaí ina ionadsan, agus chuir sé fainic ar an rialtas i 1845 faoi na contúirtí a bhí ann go mbuailfí barra an phráta. Le hathrú rialtais a ceapadh John William Ponsonby, an 4ú hIarla Bessborough, sa bhliain 1846. Bhí talamh ag a theaghlach i gCeatharlach, i gCill Chainnigh agus i dTiobraid Árann agus ba eisean an chéad tiarna talún a raibh cónaí air in Éirinn agus a bhí mar Leas-Rí le glúin iomlán. Ghlac sé le hoifig sular theip ar na prátaí an bhliain sin agus rinne sé socruithe le haghaidh clár oibreacha poiblí ach níor thada é a ról i bhfaoiseamh an ghorta le hais Charles Trevelyan, ceannaire an choimisiúin fhaoisimh. Fuair seisean bás tobann ina chéad bhliain in oifig agus tháinig taidhleoir Liobrálach, George Villiers, an 4ú hIarla Clarendon, ina áit sa bhliain 1847.

- 67 -


Curtha i leith Frederick Richard Say, Thomas Philip de Grey (1781-1859), 2nd Earl De Grey

Stephen Catterson Smith, William A’Court (1779-1860), Baron Heytesbury

In iarracht an Gorta a thuiscint i gceart, dúirt Clarendon ‘go raibh sé beagnach dodhéanta aon mhaitheas a dhéanamh de bhrí nach raibh aon innealra ann d’obair an chineáil sin’. Ba bheag cluais a thug an Príomh-Aire, An Tiarna John Russell, ar an impí a rinne sé i Londain (bhí roinnt ama caite aigesean i dTeach Fhear Ionaid an Rí nuair a bhí a athair, an Diúc Bedfort, ina Leas-Ionadaí i 1806), agus dúirt sé leis ‘is beag trua atá ag Sasana don chás mar gheall ar mhaslaí, béadán agus ceannairc’. D’fhág Clarendon tír na Éireann in 1852 agus bhí sé mar Rúnaí Eachtrach ar feadh trí thréimhse idir 1853 agus 1870. Bhí Lawrence Dundas, an 1ú hIarla de Zetland, mar Leas-Ionadaí an Rí ó 1889 go dtí 1892 le linn roinnt de na blianta ba dheacra de chogadh na talún. Cé go raibh droch-amharc aige, bhí spéis aige sa tseilg fianna, i bhfiach sionnach agus in iascaireacht, agus thaispeánadh sé a chuid trófaithe ag dinnéir fhoirmiúla.

Stephen Catterson Smith, John William Ponsonby (1781-1847), 4th Earl of Bessborough

De réir John Hoppner, John Russell (1766-1839), 6th Duke of Bedford

Ba é an Leas-Rí ab fhaide sa phost ná John Gordon Campbell, an 7ú hIarla d’Obar Dheathain, a tháinig ar dtús le haghaidh cúpla mí sa bhliain 1886, go gairid i ndiaidh Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce, agus rinne sé gearán ag an am go mbíodh beirt bhleachtairí ina theannta i dtólamh. Tar éis píosa mar Ard-Ghobharnóir Cheanada, d’fhill sé ar Theach Fhear Ionaid an Rí i 1906 agus d’fhan sé ansin go dtí 1915. B’aisteach an cúpla a bhí ann féin agus a bhean chéile, mar a dúirt Leon Ó Broin fúthu: ‘fear beag múinte le féasóg ab ea eisean, bhí sise mór, mar a bheadh máthair ann, agus í údarásach.’ Thug sé tacaíocht do Bhille an Rialtais Dúchais i 1914 agus d’iompaigh sise Árasáin an Stáit i mBaile Átha Cliath isteach in ospidéal le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Ní raibh na huaisle an-tógtha leis an gcineál féile a chuirtí roimh dhaoine, dúirt FSL Lyons go raibh sé ‘barainneach agus meán-aicmeach’, agus bhíodh na huaisle ag gearán chomh maith faoi na daoine a

- 68 -


Emily Way, Lawrence Dundas (1844-1929), 1st Earl of Zetland

Dermod O Brien, John Gordon Campbell (1847-1934), 7th Earl of Aberdeen

dtugtaí cuireadh dóibh chuig a gcuid cóisirí. Níor cloiseadh aon ghearáin den sórt sin faoin dream a tháinig ina n-áit. Cáineadh uaireanta an 2ú Tiarna Wimborne, col ceathrair le Winston Churchill, mar gheall ar chomh flaithiúil agus a bhí sé in aimsir cogaidh.

Edmund FitzAlan-Howard (1855-1947), 1st Viscount FitzAlan of Derwent

Ionaid an Rí agus Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh do rialtas nua na hÉireann.n

Leis an bhfeachtas le haghaidh neamhspleáchais faoi lán-seol ab ea a tháinig John Denton French, an 1ú hIarla French de Ypres, ina áit sa bhliain 1918. Bhí seisean ina cheannasaí ar Fhórsaí Sluaíochta na Breataine sa Fhrainc i 1914 agus 1915. D’éirigh sé sin as nuair a dúradh nach raibh sé in ann cinntí a ghlacadh agus tháinig sé chun cinn mar Ardcheannasaí ar na Fórsaí Baile. Tháinig an 1ú Bíocunta FitzAlan as Derwent, i gcomharbacht air i 1921. Caitliceach a bhí ann agus ba bheag deis a fuair sé dul i gcion ar aon duine. Bhí sé mar Leas-Ionadaí ag an Rí in Eanáir 1922 nuair a thug sé Teach Fhear

- 69 -


UACHTARÁIN

NA H É IREANN

Dubhghlas de hÍde 1938-1945

Seán T. Ó Ceallaigh 1945-1959

Éamon de Valera 1959-1973

Erskine Childers 1973-1974

Cearbhall Ó Dálaigh 1974-1976

Pádraig Ó hIrghile 1976-1990

Máire Mhic Róibín 1990-1997

Máire Mhic Ghiolla Íosa 1997-2011

Micheál D. Ó hUigínn 2011-am i láthair

- 70 -


Roghnaíodh DUBHGHLAS DE HÍDE d’aon ghuth mar chéad Uachtarán na hÉireann sa bhliain 1938 tar éis reifreann a ghlacadh ar bhunreacht nua sa bhliain 1937. Rugadh é sa Chaisleán Riabhach, Co Ros Comáin, sa bhliain 1860 agus ba reachtaire eaglasta áitiúil a athair. D'fhoghlaim sé Gaeilge ó mhuintir na háite, agus bhí spéis aige inti ar feadh a shaoil. Ba chéimí de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le céimeanna sna dána agus sa dlí aige ón mbliain 1888, agus bhailigh sé béaloideas agus filíocht ónar eascair a chéad dhá leabhar, Beside the Fire (1889) agus Love Songs of Connacht (1893). Ba eisean an príomhthionscnóir agus an chéad uachtarán ar Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1893, agus d'eagraigh ceachtanna sa Ghaeilge agus thug spreagadh do dhamhsaí agus cluichí Gaelacha. Ba é céad ollamh na Nua-Ghaeilge ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhí díreach bunaithe, agus bhí sé sa phost sin ó 1909 nó gur éirigh sé as sa bhliain 1932. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1949.

- 71 -

Toghadh SEÁN T. Ó CEALLAIGH sa bhliain 1945 le teacht i gcomharbacht ar an Uachtarán de hÍde. Rugadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1882, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge ina óige agus bhí sé ina bhainisteoir ar nuachtán na heagraíochta, An Claidheamh Soluis, agus ina rúnaí ginearálta chomh maith. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin sa bhliain 1905 agus mar thacaí ag Pádraig Mac Piarais le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Toghadh é sa bhliain 1918, cuireadh mar thoscaire Poblachtánach é chuig Comhdháil Síochána tar éis an Chéad Chogadh Domhanda a bhí ar siúl i bPáras, agus chuig an Róimh agus na Stáit Aontaithe. Sheas sé i gcoinne an Chonartha ach lean sé mar theachta do dháilcheantar i mBaile Átha Cliath sa Dáil nó gur toghadh mar Uachtarán é. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil agus bhí sé sa Rialtas ó toghadh an páirtí chun rialtais sa bhliain 1932 ar aghaidh. Bhí sé ina Aire Airgeadais ó 1941 agus ina Thánaiste nuair a toghadh chuig an Uachtaránacht é. D'fhill sé gan cur ina choinne le haghaidh an dara tréimhse oifige. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1966.


Ba é ÉAMON DE VALERA, a tháinig i gcomharbacht ar Ó Ceallaigh, duine de mhórcheannairí polaitiúla agus náisiúnta na hÉireann sa 20ú haois. D'éirigh sé as mar Thaoiseach i 1959 chun dul san iomaíocht don uachtaránacht agus é 76 bliain d'aois. Rugadh i Nua-Eabhrac é i 1882, d'fhás sé aníos i mBrú Rí, Co. Luimnigh, agus ba mhúinteoir matamaitice é. Bhí sé ar dhuine de cheannfoirt Éirí Amach na Cásca, daoradh chun báis é, tugadh faoiseamh ón daoradh báis dó agus toghadh é mar uachtarán ar Shinn Féin sa bhliain 1917. Bhí sé ina uachtarán ar an gcéad Dáil ina dhiaidh sin agus chuaigh sé ar fud na Stát Aontaithe ar thóir aitheantais don Dáil agus chun airgead a bhailiú.

Faoin am gur toghadh mar Uachtarán é, bhí sé ina Thaoiseach le 21 bliain i dtrí thréimhse oifige ar leithligh. I measc na gcuairteoirí ar chuir sé fáilte rompu chuig an Áras, bhí an tUachtarán Charles de Gaulle agus an tUachtarán John F Kennedy ar a chuairt stairiúil go hÉireann i 1963. D'fhill de Valera ar chuairt oifigiúil go Washington i 1964, áit ar thug sé aitheasc don Chomhthionól. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus é 83 bliain d'aois, sheas sé lena atoghadh mar Uachtarán agus d'fhill sé le haghaidh seacht mbliana eile. D'éirigh sé as i 1973 agus fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin i mBaile Átha Cliath agus é 92 bliain d’aois.

Bhí sé i gcoinne an Chonartha, bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 agus ba é a stiúraigh chun rialtais an páirtí sa bhliain 1932. Bhunaigh sé an páipéar nuachtáin Scéala Éireann agus ba eisean a scríobh an Bunreacht nua i 1937. Mar Thaoiseach le linn an Dara Cogadh Domhanda, choinnigh sé beartas neodrachta agus é faoi bhrú mór sa bhaile agus ón iasacht. - 72 -


Toghadh ERSKINE CHILDERS, a bhí ina theachta Dála le 35 bliain, agus a raibh poist aireachta aige sa rialtas i ndiaidh a chéile, mar an ceathrú Uachtarán i 1973. Rugadh é thall i Londain sa bhliain 1905. Le linn an Chogaidh Chathartha daoradh a athair chun báis fear a raibh an t-ainm céanna air, agus fear a scríobh an leabhar eachtraíochta clasaiceach, The Riddle of the Sands. Fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste na Tríonóide, Cambridge, agus bhí sé mar bhainisteoir fógraíochta ag Scéala Éireann sular toghadh chun na Dála é i 1938. Bhí sé ina Thánaiste agus ina Aire Sláinte ó 1969 go dtí go luath sa bhliain 1973 nuair a athraíodh an rialtas tar éis olltoghcháin. Toghadh chun na hUachtaránachta é go gairid ina dhiaidh sin. Ní raibh an tUachtarán Childers ach 18 mí in oifig nuair a fuair sé bás tobann i mí na Samhna 1974.

Roghnaigh na príomh pháirtithe polaitiúla CEARBHALL Ó DÁLAIGH. Rugadh é i mBré, Co Chill Mhantáin i 1911, bhain sé céim amach sa léann Ceilteach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus cháiligh sé ina dhiaidh sin mar abhcóide le linn dó a bheith mar eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann. Bhí sé mar Ard-Aighne ar feadh dhá thréimhse, ó 1946 go dtí 1948 agus 1951 go dtí 1953 nuair a ceapadh é mar Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach. Bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh i 1961 agus mar bhall na hÉireann ar Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa i 1972. Toghadh é mar iarrthóir comhaontaithe sa bhliain 1974, agus d'éirigh sé as an Uachtaránacht i nDeireadh Fómhair 1976 tar éis d'Aire Cosanta na linne caitheamh anuas air mar ‘a thundering disgrace’ as a chumhacht a chleachtadh chun Bille Cumhachtaí Éigeandála a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach sular síníodh ina dhlí é. Ina ráiteas nuair a d'éirigh sé as, dúirt sé nach raibh an dara rogha aige ‘chun maorgacht agus neamhspleáchas na hUachtaránachta mar fhoras a chosaint’. Fuair sé bás i 1978 ina bhaile sa tSnaidhm, Co Chiarraí.

- 73 -


Roghnaíodh PÁDRAIG J Ó HIRGHILE, a bhí mar leasuachtarán ar an gCoimisiún Eorpach ag an am, d'aon ghuth mar an chéad uachtarán eile sa bhliain 1976. Rugadh é i Sráid na Cathrach, Co an Chláir, i 1923, agus cháiligh sé mar dhochtúir leighis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála é don Chlár i 1951 agus bhí poist aige mar Aire Oideachais (1959-65), Aire Tionscail agus Tráchtála (1965-66), Aire Saothair (1966-69) agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha (1969-72). Bhí sé lárnach ina phost ó thaobh cainteanna na hÉireann le dul isteach san AE agus, tar éis don tír sin a dhéanamh i 1973, bhí sé ar an gcéad duine as Éirinn a bhí ina bhall den Choimisiún Eorpach. I measc a chuid buaicphointí le linn na hUachtaránachta, bhí an chuairt a thug an Pápa Eoin Pól II ar Éirinn i 1979. Atoghadh é gan cur ina choinne le haghaidh a dhara tréimhse, an tuasmhéid a cheadaítear, i 1983 agus bhí sé in oifig go dtí 1990.

Chonacthas toghchán an Uachtaráin MÁIRE MHIC RÓIBÍN sa bhliain 1990 mar athrú mór i saol na hÉireann. Ba í an chéad bhean í a toghadh agus ba í an chéad iarrthóir í freisin a toghadh lasmuigh den dá phríomh-pháirtí polaitíochta a bhí tagtha chun cinn ó Shinn Féin sular baineadh neamhspleáchas amach. Rugadh mar Mary Bourke i mBéal an Átha, Co Mhaigh Eo sa bhliain 1944 í, bhain sí céim amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, King's Inns agus Ollscoil Harvard. Bhí sí ina Ollamh Reid ar Dhlí Bunreachtúil agus Coiriúil (1969-75) agus ina léachtóir ar dhlí an Chomhphobail Eorpaigh (1975-90) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Toghadh í chun ionadaíocht a dhéanamh ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath sa Seanad sa bhliain 1969 agus bhíodh sí ag stocaireacht ansin agus ar bhealaí eile chun dlí teaghlaigh agus cearta an duine aonair a leasú.

- 74 -


Ceapadh í mar Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sa bhliain 1997. Toghadh an tUachtarán MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA sa bhliain 1997 i gcomharbacht ar Mháire Mhic Róibín. Is dlíodóir a bhí inti féin freisin, arna rugadh mar Mary Leneghan i mBéal Feirste sa bhliain 1951. Bhain sí céim dlí amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, rinne sí staidéar ag Ósta na Cúirte i dTuaisceart Éireann. Bhí sí ina habhcóide cáilithe, agus ceapadh í mar Ollamh Reid ar Dhlí Coiriúil, Coiriúlacht agus Pionóseolaíocht ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1975. D'fhill sí ar Bhéal Feirste, agus bhí sí ar an gcéad bhean a bhí mar Leas-Seansailéar ar Ollscoil na Banríona i 1994 agus bhí sí ina Stiúrthóir ar Institiúid Staidéar Dlí Gairmiúil freisin san ollscoil. Bhí sí mar bhall d’iliomad eagraíochtaí a raibh cuimsitheacht shóisialta agus cearta an duine mar aidhmeanna acu. Ina measc siúd bhí Coimisiún na hÉireann do Phríosúnaigh Thar Lear, Pointe Fócais do Dhaoine gan Dídean, Comhairle an Leasa

Shóisialaigh, agus An Cumann Cearta Tithíochta, Tuaisceart Éireann. Bhí sí mar bhall freisin de roinnt comhlachtaí poiblí lenar áiríodh Northern Ireland Electricity plc, Channel 4 Television, Royal Group of Hospitals Trust agus an BBC Broadcasting Council for Northern Ireland. Is údar í le Reconciled Being: Love in Chaos (Arthur James Ltd, Herts. UK, 1997), bailiúchán léargas um athmhuintearas agus creideamh. Toghadh Máire Mhic Ghiolla Íosa gan cur ina coinne don dar tréimhse mar Uachtarán na hÉireann an 1 Deireadh Fómhair 2004.

- 75 -


An 11 Samhain 2011 a hinsealbhaíodh MICHEÁL D. Ó HUIGÍNN ina naoú Uachtarán ar Éirinn. Guth díograiseach sa pholaitíocht, file agus scríbhneoir, duine léinn agus fear stáit, duine a chuireann cearta daonna chun cinn chomh maith le saoránacht uilechuimsitheach agus ceannródaí cruthaitheachta i sochaí na hÉireann, d’fhóin Micheál D. Ó hUigínn ag beagnach gach leibhéal den saol poiblí in Éirinn agus ba é an chéad Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta é sa tír. An 18 Aibreán 1941 i gcathair Luimnigh a rugadh Micheál D. Ó hUigínn agus ba i gContae an Chláir a tógadh é. Oibrí monarchan agus cléireach a bhí ann sula ndeachaigh sé isteach san ardoideachas – an chéad duine ina theaghlach le sin a dhéanamh. D’oibrigh Micheál D. Ó hUigínn ina léachtóir le heolaíocht pholaitiúil agus le socheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Fonn láidir oibriú go dlúth ar son an chomhionannais agus an chirt a thug air dul leis an saol poiblí agus chaith sé 34 bliain ina chomhalta den Oireachtas (Parlaimint na hÉireann).

Ar na nithe a bhain Micheál D. Ó hUigínn amach ina Aire Rialtais tá athnuachan ar thionscal scannán na hÉireann; bunú Teilifís na Gaeilge, nó TG4 anois; agus cinsireacht faoi Alt 31 de na hAchtanna Craolacháin a aisghairm. Bhunaigh sé líonra saibhir d’ionaid ealaíon agus chultúir áitiúla agus bhrú sé athnuachan líonra canálacha na hÉireann chun cinn. Tá spéis mhór agus dlúthbhaint ag Micheál D. Ó hUigínn le daoine as Éirinn a chónaíonn thar lear agus is iomaí cuairt a thug sé ar Ionaid na hÉireann sa Bhreatain. Rinne sé feachtasaíocht ar son cearta daonna agus chun síocháin agus daonlathas a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain. Ba é an chéad duine é ar ar bronnadh Duais Síochána Seán MacBride ó Bhiúró Idirnáisiúnta na Síochána i Heilsincí. Tá Micheál D. Ó hUigínn pósta le Sabina Higgins, duine de bhunaitheoirí Focus Theatre. Tá ceathrar clainne acu.n

Déanfar portráid oifigiúil an Uachtaráin Uí Uigínn a choimisiúnú le linn a théarma oifige.

- 76 -


An Rolls Royce Silver Wraith ón mbliain 1949 atá tar éis a bheith mar charr oifigiúil gach Uachtaráin ó Sheán T Ó Ceallaigh i leith.

- 77 -


L EABHARLIOSTA

Callanan, F, T M Healy (Cló Ollscoile Chorcaí, 1996) Casey, C, Pevsner Buildings of Ireland: Dublin (Yale University Press, 2005)

Le Harivel, A (tiomsaitheoir), National Gallery of Ireland Illustrated Summary Catalogue of Drawings, Watercolours and Miniatures (NGI, Baile Átha Cliath,1983) — National Gallery of Ireland Illustrated Summary Catalogue of Prints and Sculpture (NGI, Baile Átha Cliath, 1988)

Curran, C P, Dublin Decorative Plasterwork (Londain, 1967)

McCarthy, D, Dublin Castle at the Heart of Irish History (OPW, Baile Átha Cliath, 2004)

Day, A (eag.), Letters from Georgian Ireland: The correspondence of Mary Delany 1731-68 (The Friar’s Bush Press, Béal Feirste, 1991)

Malcomson, A P W, Nathaniel Clements: Government and the Governing Elite in Ireland 1725-75 (Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2005) — Nathaniel Clements 1705-77, Arbiter of Taste and Amateur of Architecture (Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2006, le foilsiú)

Figgis, N agus Rooney, B, Irish Paintings in the National Gallery of Ireland, Vol I (NGI, Baile Átha Cliath, 2001)

Reilly, P A, Kelly, D L, Synnott D M agus McCullen, J, The Wild Plants of the Phoenix Park (OPW, Baile Átha Cliath, 1993)

Johnston-Liik, E M, History of the Irish Parliament 16971800 (Ulster Historical Foundation, Béal Feirste, 2002) Keating, E agus Moore, J (tiomsaitheoirí), Art in State Buildings 1922-1970 (OPW, Baile Átha Cliath, 2000) Kennedy, R, Dublin Castle Art (OPW, Baile Átha Cliath, 1999) Lalor, B, The Encyclopedia of Ireland (Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath 2003) - 78 -


Móitíf Chláirsí an Uachtaráin sa chruinneán sa Halla Isteach.

- 79 -


GLUAIS

∑ Áras an Uachtaráin Taoiseach (iolra: Taoisigh) Tánaiste Dáil Seanad Ceann Comhairle Cathaoirleach

Teach Cónaithe an Uachtaráin Príomh-Aire Leas-Phríomhaire Teach Íochtarach na Parlaiminte Teach Uachtarach na Parlaiminte Cathaoirleach na Dála Cathaoirleach an tSeanaid

An Chomhairle Stáit

Comhdhéanta den Taoiseach, an Tánaiste, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArdChúirte, an Ceann Comhairle, Cathaoirleach (an tSeanaid), an tArd-Aighne, gach duine atá ábalta agus toilteanach chun feidhmiú a bhí ina (h)Uachtarán, ina T(h)aoiseach, nó ina P(h)ríomh-Bhreitheamh, agus aon duine eile (suas go dtí iomlán de sheachtar) a cheapfaidh an tUachtarán dá rogha féin.

Toghadh an Uachtaráin

Faoin mBunreacht, toghtar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail. Bíonn gach saoránach atá in aois 35 nó os a chionn sin, inchailithe don phost.

Téarma Oifige

Seacht mbliana. Ní cheadaítear ach atoghadh amháin.

Fear Ionaid an Rí

Úsáideadh an téarma ‘Leas-Ionadaí an Rí’ freisin. Tugadh an teideal d’ionadaí choróin na Breataine agus príomh-ghobharnóir na hÉireann. Bhí siad neamhchónaitheach den chuid ba mhó idir na blianta 1696 agus 1767. Mhair an post go dtí an bhliain 1922.

- 80 -


Lonraíonn solas na fáilte gan staonadh i bhfuinneog uachtair in Áras an Uachtaráin.

-81 -



www.president.ie


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.