An Scríbhneoir Óg: Eagrán 1, Aibreán 2013

Page 1

Cnuasach gearrscéalta scríofa ag mic léinn Choláiste na Tríonóide

An Scríbhneoir Óg

Ailbhe Nic Cába Zelda Quilligan Caolán Mac an Aircinn Caitlín Nic Íomhair Ciara Ní Éanacháin Rachael Atkinson Pádraig Schaler Síobhra Aiken Dónall Ó Sé Eoin Mac 1 Giolla Bhríde Siobhán Fay Oisín Mistéil Philip Ó hIcí


Is le tacaíocht fhial ó Oifig na Gaeilge, Fhoilseacháin na Tríonóide agus An Cumann Gaelach a cuireadh an togra seo i gcríoch 2


Dรกr gcairde, รกr n-uisce beatha.

3


4


Clár: Eagarfhocal

lch 7

Pádraig Schaler

Pearsa Poiblí

9

Philip Ó hIcí

An Aisling a bhí agam d’Éirinn

19

Ailbhe Nic Cába

An Gairdín Beag san Fhoraois Mhór

26

Eoin Mac Giolla Bhríde

‘Is fearr cairde ná ór’

29

Siobhán Fay

Téip Ghreamaitheach

36

Rachael Atkinson

Nimh

42

Caitlín Nic Íomhair

An Leanbh Sí

51

Síobhra Aiken

5


Saol Eile

59

Pádraig Schaler

Dorchadas

64

Zelda Quilligan

Longbháite

70

Ciara Ní Éanacháin

Binneas an imris

77

Caitlín Nic Íomhair

Rí an Uafáis

84

Caolán Mac an Aircinn

Ag suí

95

Oisín Mistéil

Camalus

101

Dónall Ó Sé

Aonarach

108

Ciara Ní Éanacháin

6


Eagarfhocal pádraig schaler Tá sé a chúig a chlog ar maidin, an t-am aisteach sin den oíche. Táim ag labhairt i nGaeilge le cara liom ar Facebook chat, tá sé ag scríobh aiste staire atá le bheith istigh ag a 11am, níl ach 400 focal fágtha aige. Tá an bheirt againn leath ag obair linn féin agus leath ag labhairt lena chéile ar chat. Ansin deir sé liom go bhfuil sé tar éis 200 focal dá aiste a scríobh i nGaeilge trí thimpiste, níor thug sé faoi dheara nach raibh sé ag scríobh i mBéarla a thuilleadh. Is é léiriú den scoth é sin ar chumhacht na litríochta, nó fiú na léitheoireachta, Gaeilge, athraíonn sé d’intinn i ngan fhios duit ar bhealaí iontacha éaguimseacha. Is toradh é an saothar seo a d'fhás ó bhunsmaoineamh a spreagadh roimh an Nollaig. Cheap mé go bhfaigheadh muid cúig nó sé ghearrscéal, fuaireamar cúig chinn déag. Cúig chinn déag maithe. Is léargas é ar ardchaighdéan scríbhneoireachta na Gaeilge (agus an suim ann) atá le fáil sa choláiste, ach í a lorg. Ba le deis a thabhairt do mhic léinn gearrscéal a fhoilsiú i nGaeilge an sprioc a bhí ag an togra seo ón gcéad lá, agus d’éirigh leis sa mhéid sin. Tá iliomad foilseachán Béarla sa choláiste, ach ní raibh ach Tuathal ag lucht na Gaeilge (sár-irisleabhar, dála an scéil). Is cinnte go bhfuil lochtanna le fáil sa chnuasach seo, ach is iarracht mac léinn atá ann agus ní hiris acadúil. 7


Tá réimse leathan de ghearrscéalta le fáil sa leabhar seo, cinn atá suite i mB.Á.C. agus ceann atá suite ar spás-long IE2095! Cinn a phléann le mórcheisteanna an tsaoil agus cinn eile a dhíríonn ar an rud is lú. Ceist mhór a rith liom agus na scéalta seo á léamh agam ná: an ar an gcathaoir crua céanna san oispidéal céanna a raibh Fiona (i scéal Shiobháin Fay) agus Colm (i scéal Oisín Mistéil) ag suí? Samhlaíodh dom go bhfuil nasc eadrainn ar fad mar chine, fiú nuair nach léir dúinn é. Is maith an rud é leabhar mar seo a fhoilsiú den chéad uair ach is éacht agus gaisce é a fhoilsiú don dara huair agus is é sin dúshlán a chuirfidh duine nua suim ann an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé agus mise imithe liom ag súil sráideanna na cathrach. Ba mhaith liom míle buíochas ó chroí a ghabháil leis na scríbhneoirí, na hurraí agus, ach go háirithe, daoibhse a léitheoirí. Léigh na scéalta seo le taitneamh a bhaint astu, léigh iad faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae ar an bpáirc cruicéad. Is mise, Pádraig Schaler Mí an Mhárta 2013

8


Pearsa Poiblí philip ó hicí Stop an carr lasmuigh den teach. Shuigh sé ann ar feadh nóiméid.. Ní raibh sé ag macnach, ní raibh sé ag smaoineamh. Bhí sé ag glacadh leath soicind ciúnais “ar son a shláinte” mar a deireadh a athair tráth. Shuigh sé sa charr, lasmuigh dá theach. Leag sé lámh ar mhurlán plaisteach, d'oscail doras an cháir agus shúil i dtreo doras a thí. Bhí sé fillte ar an mbaile. Bhí a bhean chéile fillte roimhe. Ní fhaca sé í, ach bhí a fhios aige óna cóta a bhí ar chrochadh le taobh an dorais. Bhraith sé í, áit éigin sa teach, nó bhraith sé nach raibh sé ina aonar. Bhraith sé í, a ghrá, a thaisce. Bhraith sé na páistí, a shoilsí niamhracha. Bhraith sé teannas, go domhain sna matáin aige, ina bholg, agus ina dhroim, áit a raibh an círichleachtóir ina dhiaidh bheith ag obair air. Bhraith sé daoine mórthimpeall air, cé nach raibh siad le feiscint aige. Bhraith sé a chuid oibre mar ualach, agus a dhualgais mar mheáchan timpeall a mhuineál. Leag sé a chóta in aice cheann a bhean. Leath soicind machnaimh agus shiúil sé i dtreo chúl an tí, i dtreo doras an ghairdín. Gairdín beag a bhí ann, ach gairdín breá mar sin féin. Dóthain slí do na páistí. Dóthain slí dóibh uile. Lasmuigh. Faoin aer. Ballaí mór thimpeall air, ballaí cinnte coincréit, ach cruinne na bhféidearthachtaí ós a chionn. Bhuail taom é. Lig sé béic. Scaoil matáin teanna a ucht. Sheas sé ann, sa chiúnas a chruthaigh sé. Sheas sé ann ar son a shláinte. Chas sé, agus thug sé aghaidh ar an dteach. Bheadh 9


cabhair óna bhean an tae a ullmhú, is bheadh cabhair óna gasúir lena gcuid oibre baile. *** An Satharn ina dhiaidh sin bhí glaoch ag an doras. Bhí sé sa seomra suí ag léamh an nuachtáin ar a sháimhín só nuair a d'fhreagair a bhean chéile an doras. Chuala sé glóir duine. Glóir fir a bhí ann. Chuala sé glóir a bhean. Chuala sé comhrá. Chuala sé “N'fheadair”, “Ní dóigh liom é” agus “Níl mé ró-chinnte anois” a bhean. Chuala sé “An bhfuil-”, “An raibh-” is “An mbeadh a fhios agat-” an fhir. “Gabhaim buíochas leat.” a dúirt an glóir faoi dheireadh. “Is cogair, an mbeadh éinne eile sa teach go bhféadfainn labhairt leo?” arsa an duine. Thug sí cuireadh dó bualadh isteach sa seomra suí. Gheall sí cupán tae agus d'imigh. “Bail ó Dhia ort a dhuine uasal.” arsa an duine. “Mise an Garda Uí Néil. An bhféadfainn cúpla cheist a chur ort?” Bhí aghaidh comónta ar an nGarda. Ní raibh mailís ina cheist ná amhras ina ghlóir. “D'fhéadfá cinnte.” arsa an bhfearr Bhí leabhrán beag nótaí i lámh chlé an Gharda. D'oscail sé a chlúdach agus breathnaigh sé ar a raibh scríofa aige ar leathanach áirithe de. Chuir sé ceisteanna. Na ceisteanna céanna a bhí curtha aige scór uaireanta go dtí seo ó mhaidin a bhí iontu. “An bhfuil tú i do chónaí sa teach seo ar bhonn rialta?” arsa an Garda “Tá.” a d'fhreagair an fear. “An raibh tú sa teach seo óna daichead is a trí nóiméad tar éis a cúig is a daichead is a naoi nóiméad tar éis a 10


cúig ar an Déardaoin seo chaite?” “Bhí.” a d'fhreagair an fear i ndiaidh babhta bhig machnaimh. “Ar chuala nó an bhfaca tú aon cheo as an gnách le linn an tréimhse sin?” “Níor chuala, is ní fhaca.” a d'fhreagair an fear. Lig an Garda osna beag. Bhí sean taithí aige ar na freagraí seo a fháil. Tháinig bean an fhir le cupán tae. “Cad é tá á fhiosrú agat?” arsa sise. Bhí an cupán tógtha ag an nGarda, agus braon á ól aige. D'fhan an fear is a bhean go dtí gur labhair sé. “Deir duine de do chomharsan, ní féidir liom a ainm a lua, gur chualathas béic Déardaoin seo caite idir a daichead is a trí nóiméad tar éis a cúig is a daichead is a naoi nóiméad tar éis a cúig.” “Ó.” Is ar éigin is a raibh an Garda críochnaithe ag labhairt nó gur sceith an fear a shiola aitheantais. D'fhéach an Garda air. D'fhéach a bhean air. Bhí an seomra ag féachaint air. “B'shin mise.” ar sé i ndiaidh leath shoicind tosta. “B'shin... tusa....” arsa an Garda, ag iarraidh brí ar bith a bhaint as na focail. “Mise a bhí ann arsa an fearr. Mise a lig an béic.” Breathnaigh a bhean air, ag iarraidh brí ar bith a bhaint as na focail. “Agus, gabh mo leithscéal a dhuine uasail,” arsa an Garda “ach cad ina thaobh ar lig tú an béic seo?” Bhí leathanach geall ar an leabhar nótaí ar oscailt, ag suí ar bhos an Gharda, peann buan dubh sa lámh deas aige ullamh le sonraí beachta a bhreacadh. 11


Bhí an seomra ag féachaint ar an bhfear. “N'fheadair.” arsa an fearr i ndiaidh tost síoraí. Dhún an Garda a shúile, chuimil a uisinní lena méara agus scaoil osna mór fada. Bheadh páipéarachas i gceist. Agallaimh, ráitis, is ar éigin a mbeadh deireadh leis. Sheas an Garda. “An cuma leat teacht liom go dtí an stáisiún.” Níor cheist é. “Caithfear ráiteas a fháil uait, agus cúpla ceist a chur ort anuas ar sin.” Bhí próiseas le leanúint. Ghlac an fear lena raibh á rá ag an nGarda. Lean sé an Garda i dtreo an dorais. D'fhéach sé i dtreo a bhean. Gheal sé go mbeadh sé fillte i gceann leathuaire. Gheall sé nach mbeadh ach cúpla ceist le cur, cúpla foirm le líonadh. Bhí sí buartha. Breathnaigh sí ar a fearr céile. Breathnaigh sí air agus bhí sí buartha. D'fhág an fear a theach, an Garda ós a chomhair. Shuigh an Garda isteach ina charr. Shuigh an fearr ar chúl. Níor labharadar mórán feadh an aistir ghairid idir teach an fhir is stáisiún na nGardaí. D'osclaíodh doirse an charr don fhearr. D'osclaíodh doirse an stáisiúin dó. D'osclaíodh doras an tseomra agallaimh dó agus dúnadh taobh thiar dó é. D'fhan sé sa seomra, leis féin, go ciúin. D'oscail an doras agus dhún sé arís. Shuigh an Garda Uí Néil agus Bangharda ós chomhair an fhir. Bhí téipthaifeadán leagtha ar an mbord. Bhí leabhar nótaí ag an mbeirt acu. Bhrúigh an Garda Uí Néil cnaipe ar aghaidh an téipthaifeadáin, agus thosaigh a chuid rotha ag casadh go mall. “Bail ó dhia ort a dhuine uasal.” arsa an Bhangharda. “Mise an Garda Uí Néil. Tá cúpla ceist againn le cur ort. An 12


dtuigeann tú?” “Tuigim.” arsa an fear. Agus chuir siad ceisteanna air. D'iarr siad cén t-am a d'fhill sé ón obair. D'iarr siad cén chaoi ar fhill sé ón obair. D'iarr siad cén t-am a d'iontráil sé a theach. D'iarr siad cén tam a d'fhág sé an teach. D'iarr siad cén t-am a lig sé a bhéic. “Níl ciall ar bith leis.” arsa an Garda. “Níl.” arsa an Garda. D'iarr siad cad é a bhí mar phost aige. D'iarr siad céarbh iad na cáilíochtaí a bhain sé amach. D'iarr siad air faoina bhean, a pháistí. An mbíodh sé dá mbuaileadh? Ní bhíodh sé. An mbíodh anró sa teach? Ní bhíodh. D'iarr siad agus d'iarr siad agus d'iarr siad níos mó. Thug sé freagraí réasúnta, ciallmhara. “Ní thuigim.” arsa an Garda. “Ná mise.” D'iarr siad an ea go raibh nathair nimhe sa Ghairdín. D'iarr siad an ea go raibh sé ag déanamh bagartha ar cheann dá chomharsan. D'iarr siad air an raibh sé ag iarraidh cabhrach lena bhéic. Dúirt sé nach raibh, nach raibh is nach raibh. Bhí tuirse ar an triúir. D'fhágadh an fear ina shuí sa seomra fad is a rinne na Gardaí plé agus machnamh lasmuigh. Rinne siad plé ar an bhfianaise a raibh bailithe acu. Rinne siad plé ar phróifíl an fhir a raibh scríofa acu. D'éist siad leis an téipthaifeadán. Níor thuig siad. Thaispeáin siad an fianaise don sáirsint, don bhleachtaire, don cheannfort is don choimisinéir. Bhíodar uilig ar aonfhocal. D'fhilleadar ar an seomra. Bhí an fear ag feithimh go fóill. D'fhéach siad air. D'inis siad dó go raibh siad den tuaraim go raibh sé ag fulaingt le meabhair galar de chineál 13


éigin. Ní raibh míniú ar bith eile ar an scéal. Dúirt siad go gcuireadh siad cúnamh is cabhair ar fáil dó. Ní thuigeann na Gardaí cúrsaí intinne. Mhol siad cúram síceolaíochta dó. Moladh éigeandála a bhí ann. Bhí carr ag fanacht air lasmuigh. Ghéill an fear. Leabhar sé go borb is go gonta leis na Gardaí agus iad á bhogadh. Dúirt sé nach raibh an t-am aige bheith ag útamáil timpeall le síocanailís. Bhí an dinnéar le hullmhú, agus scanán ar an dteilifís is d'oíche. Níor éisteadh leis. Níor fhadhb na nGardaí é a thuilleadh. Shuigh sé i gcúl an chairr. Níor charr bhán na nGardaí a bhí sa cheann seo. Gnáthcharr, dath an airgid air, á thiomáint ag duine des na Garaí a raibh dá cheistiú. D'osclaíodh doras an chairr dó. Shiúil sé i dtreo teach galánta dhá stór, bhuail cnag ar an doras. Dúradh leis go raibh coinne déanta, is go labhródh an síceolaí leis go luath. Shuigh sé san oifig. Níorbh féidir na ballaí a fheiscint. Bhí siad faoi cheilt ó bhun go barr le leabhair is teastais. Bhí spéaclaí ar an dochtúir is gruaig scamallach éadrom ar a chloigeann. Breathnaigh an síceolaí air. D'iarr sé ar an bhfearr an raibh sé compordach. Dúirt an fear go raibh. D'iarr an síceolaí an raibh aon rud ar bith de dhíth ar an bhfearr. Dúirt an fear nach raibh, bíodh is nach raibh sé ag iarraidh bheith san oifig in aon chorr. D'iarr an dochtúir cén fáth a riabh sé san oifig seo ar an gcéad dul síos. D'inis an fearr nach raibh a fhios sin aige, de déanta na fírinne. “Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor.” arsa an síceolaí ag breathnú ar a chuid cáipéisí. “Deirtear liom gur thóg na Gardaí anseo tú.” “Is fíor sin.” a d'admhaigh an fear. 14


“Agus cad é a rinne tú le trioblóid a cothú dos na Gardaí?” arsa an síceolaí, é ag iarraidh cuma na soineantachta a chur air. Ceist oscailte a bhí ann, chreid sé. “Lig mé béic.” arsa an fear. Agus cuireadh ceisteanna. An mbíodh sé de nós ag an bhfear béic a scaoileadh go rialta. Cad é a bhí mar chuspóir an bhéic? Ar shamhlaigh sé gur lena mháthair a raibh sé ag béicíl? Nó le duine a rinne feall air tráth? Nó lena samhlaíocht féin? Bhí an fearr tinn tuirseach traochta des na ceisteanna, ach d'fhreagair sé go béasach. Ní bhíodh. Faic na ngrást. Níor shamhlaigh. Níor shamhlaigh. Níor shamhlaigh. Lig an síceolaí osna beag. Tógadh an ceann seo tamaill. D'iarr sé cén chiall a raibh leis an mbéic? Cé a scaoil béic ar an bhfearr? Cé mhéid uair a raibh sé i ndiaidh béic a scaoileadh go dtí seo ina shaol. D'éirigh an seomra ní ba dhorcha. Shín scáth na beirte. Breathnaigh an fear ar a uaireadóir. Bhí an tráthnóna caite aige. Bhí an síceolaí ag éirí crosta. B'eiseann an síceolaí ab fhearr sa chathair. Agus ní raibh sé in ann an fearr seo a leigheas. Ní ghéilleadh intinn an fhir. Agus mura géilleadh, b'fhéidir narbh é a intinn nach raibh ar fónamh, ach a inchinn. Chuir an síceolaí fios ar a rúnaí. Labhair sé léi de chogair. Rith sí as an seomra, í ag breathnú go faiteach ar an bhfear. “Is oth liom a rá,” b'oth leis an síceolaí a rá “Nach bhfuil rud ar bith gur féidir liom déanamh duit a chara.” Bhí an iomarca tuirse ar an bhfearr bheith lúcháireach nó feargach. Dúirt sé go mbeadh sé ag lorg cúiteamh ó na 15


Gardaí agus uaidh siúd. “Is ar an gcúis sin atáim ag moladh,” arsa an síceolaí, ag leanúint ar aghaidh “Go dtógfar chun na hospidéil tú ar an bpointe.” Tháinig otharcharr don fhearr. D'osclaíodh a dhoirse. Shuigh an fearr ar chúl. Bhí fearg air. Bhagair sé an dlí a chur ar an stáit. Bhagair sé náire agus stró ar na Gardaí. Bhagair sé scrios ar an síceolaí. “Ná bí buartha.” arsa an dochtúir leis an síceolaí. “Tá sean-taithí againn bheith ag déileáil leotha siúd a atá tinn.” Tugadh instealladh don fhear. Tráth a fhonn troda. Ach níor thuig sé. Níor thuig siad. Bhreathnaigh an fear ar fhuinneog dorcha an otharchairr. Breathnaigh sé go ciúin. Ní raibh sé ar a chumas aon mhachnamh a dhéanamh. Bhí ceo dorcha ag líonadh a aigne. Bhí dathanna ag snámh ós a chomhar. Thuig sé go n-osclófaí doras an otharchairr, nó gur osclaíodh le déanaí é. Thuig sé nach nach mbeadh sé san otharcharr le fada nó nach riabh sé in otharcharr le huair a chloig anuas. Bhí solas geal. Bhí daoine i bhfeistis bán. Thóg siad a chuid fola. Thóg siad a chuid fuail. Thóg siad a chuid gruaige. D'fhág siad ar leaba é. Rinne siad tástáil. Rinne siad dian tástáil. Luigh sé sa leaba ar feadh uair an chloig. Luí sé sa leaba ar feadh trí lá. Luí sé sa leaba ar feadh trí shoicind. Bhreathnaigh na dochtúirí air. Níor thuig siad. Ní raibh frídíní san fhuil. Ní raibh galar sna scamhóga. Ní raibh paraisítí san inchinn. Cé is moite den bhrú fola bheith beagáinín ard, ní raibh rud ar bith cearr leis an bhfear. Bhí clann agus bean an fhir tagtha le cuairt a thabhairt air. Dúirt na dochtúirí nach raibh siad in ann ligeann dóibh bheith sa seomra céanna leis. 16


“Ní fios go fóill cad é atá air.” arsa an dochtúir. “Seans go bhfuil galar tógálach air.” Dúirt bean an fhir gur thuig sí. Ní chuirfeadh na Gardaí chun na hospidéil é mura mbeadh fadhb shláinte aige. Agus ní ligfeadh sé béic mura mbeadh fadhb shláinte aige. Thuig sí sin. Bhreathnaigh sí air trí fhuinneog i ndoras i bpasáiste san ospidéal. Bhí sé ina choladh. Mar a bhíodh sé. D'fhág bean an fhir. Lean na dochtúirí ar aghaidh. Rinne siad tástáil i ndiaidh tástáil. Dúirt séiplíneach an ospidéil go raibh an dóigh air gurab é an diabhal a ba chúis le béic an fhir. Ní éisteadh daoine leis an séiplíneach níos mó, faraor. Luaigh dochtúir Síneach a tháinig chun na hospidéil an córas inmheánach fuinimhe inar chreid na dochtúirí ársa na Síne. Ach ní raibh sé ach ag déanamh comhrá. Thug bitheolaithe ón ollscoil cuairt nuair a scaipeadh an scéal faoin othar spéisiúil seo. Thug antraipeolaí ó Mheiriceá cuairt, é ag iarraidh tráchtas a scríobh air. Breathnaigh siad air. Breathnaigh siad go dian air. *** Shuigh sé sa carr, i ndiaidh a pháirceála. Shuigh sé agus bhreathnaigh sé ar an gcarr páirceáilte os a chomhair. Bhí sé ar aon déanamh lena cheann féin, ach níos nua b'fhéidir. Shuigh sé ar feadh leath soicind, ag feitheamh. Ach ní dhearna sé an iomarca moille. Ní dhéanadh sé mórán moille a thuilleadh. B'shin an nós aige ónar scaoileadh ón ospidéal é. Ní dhéanadh sé mórán machnaimh, ní fhanfadh sé timpeall díomhaoin, ní hardódh sé a ghlóir. Rinne sé iarracht cuimhneamh. Rug sé greim ar mhurlán plaisteach an doras, d'oscail 17


agus shiúil i dtreo an tí. Shiúl sé trín ngeata, feadh an bhóthair bheag go dtí gur sroich sé an doras. Sheas sé ann, ar leac an dorais ar fead leathshoicind breise, ag iarraidh cuimhneamh. Bhíodh síceolaithe fánacha, is iriseoirí ag buaileadh isteach chucu go gairid i ndiaidh na béice. Ní thiocfadh mórán dóibh a thuilleadh. Ní thiocfadh ceann ar feadh i bhfad. D'oscail sé doras an tí. Chonaic sé chóta a bhean chéile ar chrochadh. Béic, níor scaoil sé.

18


An Aisling a bhí agam d’Éirinn ailbhe nic cába ‘Hóra, a Éamoinn, ar chuala tú an scéal is deireanaigh? Tá Biffo, ó, mo leithscéal, Brian Cowen, insealbhaithe ina Thaoiseach! “Oh we’ll rise and follow Charlie!”’ D’ardaigh Dev a cheann ar éigin ón leabhar a bhí á léamh aige. ‘Is maith an scéala é sin, Brugha….’ a d’fhreagair sé, a ghlór cainte chomh hinaitheanta is a bhí ariamh, mall, tomhaiste agus cruinn mar ba dual. Ba chuma sa sioc le Dev, arb ann nó as do Chowen an fhad is go raibh Fianna Fáil, a dhream féin, tagtha slán i ndiaidh an olltoghcháin. Dar leisean nach raibh páirtí ar bith a d’fhéadfadh cur lena oidhreacht ní b‘fhearr ná páirtí Fhianna Fáil. Oidhreacht a bhí múnlaithe ar Fhorógra na Cásca. Cé is moite den críochdheighilt a bhí i réim go fóill, bhí Éire ag bláthú, a bhuíochas sin do Fhianna Fáil… Bhí bliain caite ag Cowen, Coughlan agus a gcairde i bhfeighil na tíre faoin am seo agus bí cinnte dhe go raibh Dev ag coinneáil súil ghéar ar a raibh ar siúl acu. Níor thaitin leis, go raibh na mná chomh hard i réim is a bhí; cén mhaith a bheadh le mná i mbun cúrsaí talmhaíochta, gan trácht ar bheith ina dTánaistí? Ach is dóigh go gcaithfí glacadh leis, ó bhí cúlú tagtha ar an seansaol agus nós damhsa ag na crosbhóithre. Lá i ndiaidh lae, nuair a bhuaileadh cloigín na Dála le fáiltiú roimh an gCeann Comhairle, dhúisíodh Dev agus 19


bhioraíodh a chluasa chun a bheith ag éisteacht go haireach le gnóthaí an tí, agus é ina theanntaithe ina dheilbh créumha dhílis féin ar chúl an ghallery i dTeach Laighean. Óir níor ghéill sé ariamh idir a chorp agus anam a scaoileadh go hiomlán nuair a glaodh air chun na flaithis, ach a spiorad fanta i bhfos mar nár fhéad sé cúlú siar ó chúrsaí rialúcháin na hÉireann, agus dúil shíorraí aige a bheith páirteach ar chaoi éicint, mar a mbeadh ann ach a spiorad a bheith ag faire agus ag éisteacht go géar. B’ait leis gan a bheith i lár an aonaigh ach ní raibh an dara rogha aige ach féachaint lena anáil a imirt ar a oidhrí. Muise nach mbeadh gach ní ina cheart an fhad is a bhí mac le mo chompánaigh Cowen i réim anois…is aige a bhí scoth na n-amhrán agus é in ann go maith don deoch borb? An-mhianach Taoisigh …. Gheit Dev nuair a dúisíodh as a thámhshuan é de bharr clampar chéatach a bhí ag gabháil ar aghaidh i seomra anonn uaidh. Bhí glórtha le cloisteáil, iad ardaithe agus ag trasnail ar a chéile go crosta … glórtha Dempsey agus Ahern ag baint macalla as ballaí phasáistí dorcha na Dála…ag séanadh…ag séanadh ...glór níos tréine fós ná aon cheann acu… Glór ban....'Éire á díol , á díol...' Cén fáth an raibh soilse lasta i seomra cruinnithe an rialtais i lár na hoíche?. Ghéaraigh a aire aníos as a dhealbh créumha agus chrom go haireach i dtreo na soilse agus na nglórtha. Bhí doras leath-oscailte agus soilse ag lonrú amach as ar fud an phasáiste. Nuair a shonraigh sé an seomra, bhí baill uilig an rialtais agus suite os a chomhair amach, ach aghaidheanna ina measc nár aithin sé. Leabhra Cuntais an Stáit scaipthe scun scan ar fud an bhoird, a phortráid féin ag breathnú anuas ar an radharc 20


neamhghnách. Bhí tuin Ghearmánach ar fhear amháin nár aithin sé. Fear eile ón domhan thoir ag ceann an bhoird, agus gach cosúlacht air gurb eisean a bhí ag stiúradh. Ní fhéadfadh gurb iad seo an Gestapo a bhí tagtha chun caimiléireacht McCreevy a dhíriú amach? Céard a bhí ar siúl ag Lenihan agus Cowen, a n-aghaidh chomh geal le heallaigh, gan smid astu. An leaid seo Chopra ag spalpadh na bhfigiúirí ''Beithfear ag gearradh liúntas leanaí, pá na n-oibrí rialtais, an caiteachas poiblí fré chéile ... agus féadfidh sibh talamh slán a dhéanamh dhe go mbeidh deireadh leis na audis agus mercs faoi bhur dtóin Ghaelacha as seo amach.’ Ba bheag nár thit Bat O’Keefe i laige nuair a chuala sé é sin... Bhraith Dev go raibh duine éigin tagtha ar a chúl, ag éisteacht leis an méid a bhí ag sileadh amach as an seomra. “Báidín Fheidhlimí a d’imigh don Eoraip, báidin Fheidhlimí is báthadh a raibh ann…”.... ‘Óra leag as ‘Brúgha’, arsa Dev chomh géar is a cheadódh sé dó féin é a rá. Thuig sé go dian deacrach go raibh saoirse na tíre á scaoileadh le fána, peacaí lucht an rachmais agus na sainte á bhuaileadh ar ghnáthmhuintir na tíre ... Chopra breá ... Ó an … an raibiléara … Nár léigh sé ariamh Forógra na Cásca … Gheal an lá de réir a chéile. Ní raibh néal codlata faighte ag Dev ná ag giollaí Fhianna Fáil a raibh sé á bhfaire. Bhí an oíche caite acu ag cromadh agus ag feanadh do Chopra breá. Na hairí ag cur allais go tréan óir ní raibh taithí ar bith ag Rialtas seo Cowen ar an dubhrud oibre a bhí orthu a dhéanamh an oíche sin … Cén chaoi a mbeadh? Nach raibh 21


na blianta caite acu ina mbóanna móra ag cur cuma na hoibre orthu féin, mar dhóigh dhe go raibh siad i mbun oibre go deireanach san oíche ina gcuid oifigí Dála, nuair is amhlaigh a bhí siad ar thaobh an chuntair i mbeár na dteachtaí sa Dáil, ag caitheamh siar an óil? ‘Sea, bhí an t-allas ag sileadh leo anocht .... ‘…Faraor ghéar dheacrach nár chuir mé mo ladar isteach sa scéal nuair a toghadh Bertie breá ina Thaoiseach don tríú huair. Cén sórt leibide a dhéanfadh iarracht é féin a chur ar chomhchéim liomsa mar cheannaire ar Fhianna Fáil agus mar Thaoiseach na Tíre … Mo Pháirtíse? bhá siad an tír i bhfiacha … i ngeall ar an dalladh púicín a bhí orthu le linn don tír a bheith á creachadh ag an mbolgán baoise agus an rachmas bréige a cruthaíodh in ainm na forbartha … forbairt mar dhea …Ó a Éire bhocht … is uaigneach tú anocht… Do chlann féin a dhíol a máthair … '… B’fhéidir gur orainn féin a bhí an locht, a Dev. B’fhéidir nár chuir muid ceangal sách láidir ar an lucht faire … An Banc Ceannais, Anglo agus Irish Nationwide, cead a gcinn acu uilig …’ ‘Óra, leag as Brugha, nach bhfuil fhios agat go maith gur poblacht daonlathach saorchaipitil a bhunaigh muid. Má bhí sí Béarlach agus mantach féin agus sé chontae fós faoi smacht Gall, céard eile a d’fhéadfadh muid a dhéanamh? Ach le mo linnse, sheas muid leis an gcosmhuintir, ní hionann agus an dream atá i gceannas ar na saolta seo … a bhformhór ag sodar i ndiaidh lucht an airgid, ag bleán gach uile phingin dár fhéad siad as chuile phóca teann a casadh orthu ….

22


Bhí sé ina lá geal ach bhí mar a bheadh néal dubh dorcha leathta anuas ar an tír fré cheile. Sceoin ar chách agus iad in ísle de bharr lá an léin a bheith buailte leo. An scéal faoi theacht an Troika agus a gcuid coinníollacha dochta smachtaitheach ar fud na meán agus gan ‘fhios ag daoine céard go baileach a bhí i ndán, ach é thar a bheith soiléir gur ré ainnis dhearóil a bhí rompu amach. Chinn ar Dev a dhéanamh amach céard a cheap sé go díreach faoin méid a bhí feicthe agus cloiste aige i rith na hoíche. Ba léir dó go raibh a mhian croí agus a fhís d’Éire curtha de dhroim seoil i bhfaiteadh na súl ag na hEorpaigh ceartaiseach. ‘Céard is fiú an aisling a bhí agamsa agus ag mo chompánaigh d’Éire?’ ‘Céard ab fhiú an fola a dórtadh maidin Luan Cásca? Nach acu siúd a maraíodh a bhí an misneach. Laochra a sheas an fód go cróga ar mhaithe leo siúd a bhí ar an ngannchuid. Ar mhaithe le Poblacht! Chuir muintir na tíre muinín sna laochra sin. Ach céard a bhí le rá faoi Fhianna Fáil an lae inniu? ‘Ballséine orthu! Murarb iad na creachadóiri iad a bhi ina gcodladh agus a rinne faille ina gcúram. An tír díolta! An tír creachta! Amadáin! Leibidí! Leiciméaraí! Lomphoblacht! Níorbh fhiú leis na hairí a bhí gan aire ná airdeall teacht os comhair an phobail fad is a léigh Chopra Forógra an Troika ar chéimeanna thithe an rialtais. ‘A mhuintir na hÉireann, in ainm Bhorrosso, in ainm an Aontais Eorpaigh, díolfar saoirse airgeadais na hÉireann leis an nGearmáin, ísleofar brat na Poblachta, óir tá sí ró-dhaor, stopfar ag 23


casadh ceol traidisiúnta, óir ní fiú deich trofa í agus beidh deireadh go brách leis an nGaeilge. Fágfar múinteoirí, banaltraí agus innealtóirí ar an ngannchuid, rúigfear iad go críocha coimhthíoch, ar bhord an eitleáin O'Leary. Tugfar onóir agus glór do Quinn agus Fitzpatrick, agus fágfar an luspairt ar an dé deireadh. Comhionnanas? Nach fearr go mór a bheith gan blas bia ná tointe éadaigh. Go fada buan í an Eoraip!' Bhí deireadh tagtha le seisiún na Dála, ciúnas aisteach marfach ar fud na háite agus gach uile mac máthar den dream a bhí freagrach as an gciseach a bhí déanta de chóras airgeadais na tíre téaltaithe leo. Cuma an duaircis agus comharthaí móra ceiste ar aghaidh gach dhuine a bhí ag seasamh thart ina mbuíonta beaga. Iriseoirí agus lucht micreafóin ag teannadh isteach le lucht freasúra na Dála ag faire ar ráiteas uathu. ‘Sinne Fianna Fáil’, adeir Dev leis féin tar éis dó an fiuchadh smaointe sin a chur de de bharr a raibh feicthe agus cloiste aige ón uair úd nuair a a dhúisigh an clampar agus an gleo é ‘Atá faoi gheall ag Éirinn.’ Sólás de shaghas a bhí sa méid sin dhó go dtí gur rith an chéad líne eile leis, ‘Buíon dár slua thar toinn do tháinig chugainn …’ Go fan tréithlag chrom Dev anois a aird agus a aire siar ar ais trí shráideanna Átha Cliath ag filleadh ar a chlúid gheimhrigh ag barr Chearnóg Pharnell i seomra 1916 Pharnell i seomra 1916 ag barr rata san áit ina mbíodh na Bráithre Críostaí i mbun scoile. Uaithne bhrat na Poblachta ar airde Ard Oifig an Phoist réapaithe sa ngaoth, leac Uí 24


Chonaill agus Pharnell ag seasamh go huasal uaibhreach mar ghardaí ar an náisiún… Dhírigh a aird ar an Rotunda, áit a mbíodh Gonne agus Gregory mar laochra garda ar an bpoblacht nua. Inniu bhí mná ag iompar clainne le feiceáil taobh amuigh, tuilleadh mná fós taobh istigh ag fulaingt pianta luí seoil lena sliocht a thabhairt ar an saol, a gcroíthe lán de dhóchas don todhchaí a bheadh i ndán dá gclann agus iad ag fás aníos in Éirinn. Gairdín cuimhneacháin dóibh siúd a d'adhain an tine bheo seachtain na Cásca 1916, deora Dé ag silleadh anuas ar Chlann Lir sa dubh-fhuacht, tír ag fáisceadh ar chomóradh céad bliain ar an íobairt a rinne an Conaíollach, an Cléireach, Ceannt, Mac Donnacha agus an Piarsach. B'shin nuair a thuig de Valera i gceart an dochar a bhí déanta, poblacht in ainm. . . . Chrom a cheann agus thug a anam suas do Dhia na glóireÉire agus Cáit Ní Dhuibhir á iompar aige leis.....

25


An Gairdín Beag san Fhoraois Mhór eoin mac giolla bhríde Bhí Gairdín Beag i bhForaois Mhór agus sa Ghairdín Beag bhí crann álainn. Bhí ceathrar ainmhí ina gcónaí mórthimpeall ar an gcrann seo; an Tarbhghadhar Mór, an Cú Beag, an Spideog agus an Meantán. Níor réitigh an Tarbhghadhar Mór leis an gCú Beag; bhí sé de shíor ag tíorántacht uirthi, ag goid a cuid bia nó ag rugadh ar na háiteanna ba shuaimhní ab fhearr léi, mar go raibh sí lag agus difriúil. Níor réitigh an Spideog leis an Meantán ach an oiread. Bhí an bheirt acu iontach ornáideach, an Spideog lena bhrollach geal oráiste agus an Meantán lena folt gorm, glas, bán agus ór. Bhí siad iontach ceolmhar chomh maith; an Spideog lena cheiliúr álainn, binn agus an Meantán lena ceol difriúil a bhí binn, álainn. Bhí siad an-bhródúil agus anbhaobh, agus bhí siad i gcónaí ag troid faoi cé acu a bhí níos fearr sa chrann, mar go raibh siad difriúil. Tharla sé go raibh an Tarbhghadhar Mór anchairdiúil leis an Spideog agus go raibh an Cú Beag anchairdiúil leis an Meantán. Lá dá raibh, thug an Meantán faoi deara go raibh an Cú Beag ag fás aníos agus dúirt léi, “Tá tú ag éirí láidir anois a Chú. Níor chóir duit glacadh le tíorántacht an Tharbhghadhar a thuilleadh.” “Tá an lán ceart agat a Mheantáin,” ar sise, “Tá mé bréan de seo.” 26


Chuaigh an Cú Beag in adharca leis an Tarbhghadhar Mór, ach bualadh uirthi. Rinne sé magadh den Chú Beag, agus rinne an Spideog magadh den Mheantán. Ghríos an Meantán an Cú Beag é a throid arís, agus arís chaill sí. Arís agus arís eile, ghríos an Meantán an Cú Beag dul i mbun troda leis an Tarbhghadhar Mór agus arís agus arís eile, chaill sí, go dtí lá amháin nuair a bhí an bua aici faoi dheireadh. “Géillim leat!” arsa an Tarbhghadhar Mór. “Ní dhéanfaidh mé tíorántacht ort arís!” “Ceart go leoir mar sin,” arsa an Cú Beag. Bhí síocháin eatarthu ansin. Bhí siad fós anchrosta lena chéile ach diaidh ar ndiaidh, lá i ndiaidh lae, d’éirigh siad níos cairdiúla lena chéile. Thuig siad nach raibh siad ró -dhifriúil ar chor ar bith. Ach bhí an Spideog agus an Meantán fós ag troid sa chrann. Rinne na madraí iarracht stop a chuir le troid a gcairde. “Féach orainne,” a dúirt siad, “bhí muid de shíor ag troid ach anois is cairde muid!” “Táimid ró-dhifriúil!” arsa an Spideog. “Féach mo bhrollach geal oráiste agus éist mo cheiliúr álainn, binn!” “Cinnte, tá an ceart aige ansin,” arsa an Meantán. “Féach m’fholt gorm, glas, bán agus ór, agus éist mo cheiliúr binn, álainn! Táimid ró-dhifriúil!” Lean na héin leo ag troid agus ag troid, agus lean na madraí orthu ag iarraidh iad a stopadh. Arís agus arís eile, thosadar ag troid agus arís agus arís eile bhí ar na madraí iad a scaradh. Ach diaidh ar ndiaidh, lá i ndiaidh lae, stopadar ag troid. Diaidh ar ndiaidh, lá i ndiaidh lae, thosadar ag caint. 27


Agus diaidh ar ndiaidh, lá i ndiaidh lae, thosadar ag tabhairt faoi deara nach raibh siad ró-dhifriúil ar chor ar bith. Thuig an Spideog go raibh dath ornáideach ar fholt gorm, glas, bán agus ór an Mheantáin, cé go raibh sé difriúil. Thuig an Meantán go raibh dath oráiste, geal an Spideog ornáideach, cé go raibh sé difriúil. D’éist an Spideog le ceiliúr an Mheantáin agus ba léir dó go raibh sé álainn, binn cé go raibh sé difriúil. D’éist an Meantán le ceiliúr an Spideog agus ba léir dó go raibh sé binn, álainn, cé go raibh sé difriúil. Agus shocraigh na héin an crann a roinnt, agus thógadar an nead is áille a bhí le feiceáil i bhfad is i gcéin ag barr an chrainn, áit nach gcloisidís comhairle na madraí a thuilleadh, mar nach raibh gá leis. Agus bhí iontas ar gach ainmhí san Fhoraois Mhór na dathanna ornáideacha a fheiceáil le chéile, agus na ceilliúir áille, binne agus binne, áille a chloisteáil le chéile. Agus bhí gach duine sásta sa Ghairdín Beag san Fhoraois Mhór.

28


‘Is fearr cairde ná ór’ siobhán fay Luigh Fiona siar sa suíochán crua miotal. Bhí sí ag éirí tinn tuirseach le suíocháin cosúil lena leithéid, ach bhí sí ag éirí bréan de sheomraí cosúil leis an seomra seo, seomra feithimh. Bhí an t-aer i gcónaí ró-the agus trom, trom le breoiteacht na n-othar. Bhí an ceol leamh agus bhí na hirisí i gcónaí léite aici cheanna féin. Bhí an seomra plódaithe le daoine mar a bhíonn sé i gcónaí thart ar an tréimhse seo den bhliain. Pé casacht nó scornach tinn agus leigheas míorúilt a bhí á lorg ag gach mac Dé. Ar an drochuair ba rud anchoitianta, róchoitianta, i saol Fiona é a bheith ina suí ar na suíocháin sin. Gnáthpháirt den saol ab ea é a galair agus bhí sí tinn...arís. Ba an rud díreach céanna a bhí cearr léi anuraidh nuair a tháinig sí chuig an oifig meirbh seo, an fhadhb a bhí ann ná a plúchadh. Is deas an rud é go mbeadh tuismitheoirí flaithiúil lena bpáistí ach i gcás Fiona is léir go raibh a hathair ró-fhial léi agus is uaidh a fuair sí a plúchadh. Bhí smacht aici air nuair a bhí sí níos óige. Bhí a tuismitheoirí i gcónaí ar a naire maidir leis a tinneas agus ba cosúil le gach páiste eile a bhí sí, roimh an tsamhraidh cinniúnach a fuair sí an niúmóine ina dhá scamhóg. Tháinig biseach uirthi ina dhiaidh míosa ach an rud céanna a tháinig anuraidh agus ba léir di go raibh sé ar ais arís. D’fhéach sí thart ar gach éinne a bhí sa seomra in 29


éineacht léi. Bhí gach duine tinn, lena gcuid deacrachtaí féin acu, lena saol féin acu. D’fhéach sí ar an máthair bhocht ina suí in aice leí, le babóg beag ar a glúin aici, creatúrín nár stop ag caoineadh le daichead nóiméad anuas. An buachailín bocht. Chas sí ar chlé agus chonaic sí seanfhear, cuma gruama liath a bhí air le crith ina láimh aige. Bhí trua ag Fiona dó, ag féachaint air é féin ina shuí leis féin. Is léir gur tháinig sé ina aonair, n’fheadar an raibh aon chlann fágtha aige? a cheistigh Fiona di féin. ‘Fiona, Fiona Ní Cinnéide??’ Is beag gur chuala Fiona a hainm féin nuair a ghlaoigh an banaltra amach é. Léim sí suas agus thug sí sonc dá máthair a thit ina coladh cúpla nóiméad roimhe sin. Ar aghaidh leis an mbeirt acu chuig oifig an dochtúra. ‘Bhuel a Fiona, céard a d’fheadfadh muid déanamh duitse inniu?’ Ah ceist mhór a bhí inti sin! Céard a bhí ag taisteal uaithi? Scamhóg nua? An gnáthshaol a bhí ag gach mac léinn eile? Ach lean Fiona ar aghaidh ag insint dó céard a bhí cearr léi; an sliodán, an chasacht lofa, an dianphian a bhí ina taobh aici. Sa deireadh tháinig an dochtúir ar an bhfáthmheas gurbh é an fliú a bhí aici agus go raibh sé ag dul in olcas in aghaidh gach lae. ‘Is léir go bhfuil babhta ar stéaróidigh ag taisteal uait, a Fiona’ a dúirt an dochtúir. 30


Is ansin gur thosaigh sí ag caoineadh, thosaigh na deora ag titim anuas agus níor stop siad. Ba é sin an réiteach ba mheasa a smaoinigh Fiona air. Ba fuath léi na piollaire beaga sin, dath an dhiabhail a bhí orthu agus shíl Fiona gur drochiarsmaí an dhiabhail a bhí iontu chomh maith. Ach sin mar a bhí agus ba léir di agus dá máthair nach mbeidh réiteach ar bith eile le fáil, agus ar aghaidh leis an mbeart acu i dtreo an phoitigéara chun seachtó piollaire dearga a fháil. Lean Fiona ar aghaidh lena saol chomh fada agus is féidir léi. Bhíodh miongháire i gcónaí greamaithe ar a haghaidh, rinne sí a dícheall é a chur i bhfolach ach d’éinne a raibh an aithne acu uirthi, ba léir dóibh go raibh an leigheas ag cur isteach go mór uirthi. Cé gur scoláire díograiseach a bhí innti ní raibh sí in ann teacht ach chuig léacht nó dhó i rith na seachtaine. Ní raibh an fuinneamh aici agus anuas ar sin pé uair is a raibh sí in ann dul ní raibh sí in ann díriú isteach ar chaint an léachtóir. Mhothaigh sí cosúil le páiste beag tar éis an iomarca siúcra á ithe acu, colgach agus gairgeach. Thosaíodh sí i ndea-ghiúmar ach tar éis tamaillín bhíodh sí ar buille faoi rud éigin gan chúis agus ansin in ísle brí. Sin mar a bhí sí faoi láthair, nóiméad amháin sona nóiméad eile go dona, an smacht a bhí uirthi ar a cuid mothúchán caillte aici. Ba é sin an rud is mó a chuir isteach uirthi, an easpa smachta. Ní raibh sí i gceannas ar a cuid mothúchán féin agus fiú níos measa chonaic sí an tionchar a bhí aige sin ar gach duine a bhí ag tabhairt aire di. Bhíodh sí in ann a Maim a cloisteáil go minic ag tabhairt amach dá deirfiúr agus dá deartháir ‘Ná bígí ag cur isteach ar Fiona, is 31


ar na stéaróidigh atá sí, níl aon smacht aici uirthi féin, níl an locht uirthi’. Chrothaigh sé sin pian chrua i gcroí Fiona go mbeidh ar a deartháir agus ar a deirfiúr a bheith cúramach léi agus lena cuid gealtacht. Sin mar a mhothaigh sí faoi láthair mar gealt. Níor thuig éinne é, cén chaoi is a dtuigfeadh siad é? Ba gealt a bhí inti le déanaí. Thug a cairde aire mhaith di chomh maith agus bhíodh siad i gcónaí tuisceanach agus cineálta faoina breoiteacht ag cur ceisteanna uirthi faoi go minic. Thug siad cabhair di le hobair bhaile pé uair is a bhí sé ag taisteal uaithi. Ach fós mhothaigh Fiona mar go raibh sí ag cailliúint amach ar rud éigin, ní raibh sí ann leo i gcónaí na laethanta seo mar a bhíodh sí. Ise an duine a thug siad cuairt air nuair a bhí an t-am acu. Chuir sé brón ar Fiona ach in a hintinn féin ní raibh ach cara amháin fágtha aici, Cuan. Bhí difríocht mhór idir Cuan agus a cuid cairde eile. Ní ach in éineacht leis go raibh sí ina suaimhneas ceart. Níor chuir sé ceist roimh uirthi faoin a pluchadh ach d’éist sé léi aon uair is a bhí fonn uirthi labhairt faoi. Níor chaith sé breithiúnas uirthi agus bhí sé i gcónaí spraíúil agus spleodrach léi sa chaoi nach raibh a cairde eile. Bhíodh a cairde ón ollscoil i gcónaí ag magadh faoin gcairdeas ait a bhí eatarthu ach do Fiona níorbh ach é sin a bhí i gceist di, cairdeas. Ba eisean a cara is mó a bhí aici le déanaí. Aon uair is a raibh brón uirthi nó go raibh sí in ísle brí chuireadh sé i ndea-ghúimhar arís í, mar leigheas ar a cuid geallúnacht ab ea é.

32


Níor chuir galar Fiona isteach ar Chuan mar a chuir sé isteach ar gach duine eile a bhí thart. Bhí sí in ann a thionchair a fheiceáil go rí-shoiléir ina Máthair go háirithe. Bhí sí níos báine ná Fiona le dha mhí anuas. Bhí sí i gcónaí buartha faoi sláinte Fiona agus ag smaoineamh ar shlíte difriúla chun é a fheabhsú. Mhothaigh Fiona ciontach as an méid trioblóide a chruthaigh a galar dá tuismitheoirí. Nach mbíodh saol bog deas simplí acu muna raibh sí ann. Ní bhíodh orthu a bheith ag taisteal na tíre ó dhochtúir go dochtúir, ní hamháin é sin ach ní bhíodh orthu íoc as na dochtúirí sin! Ach fós lean siad ar aghaidh leis an bhfrása céanna, ‘Is fiú é dúinn a Fiona, is ár mbabógín beag bídeach tú agus tiocfaidh biseach ort go luath’. Smaoinigh Fiona ar sin go minic, an dtiocfaidh biseach uirthi? Céard a dhéanfadh sí muna dtiocfadh? An mbeadh sé mar seo i gcónaí amach anseo? Bhí Cuan ann i gcónaí do na smaointe dorcha sin agus bhí a fhios ag Fiona go mbeidh gach rud go breá ionas go raibh Cuan ann in éineacht léi Sa deireadh bhí cuma air go mbeadh feabhas ag teacht ar an scéal. Fuair Fiona coinne le ceann de na sainchomarleoir is fearr sa tír, rud éigin a bhí an deacair a dhéanamh. Ba chóir go mbeidh an fear seo in ann réiteach a fháil ar a tinneas agus a seanshaol a thabhairt ar ais di. Nuair a bhí Fiona ag siúl isteach san oifig, thug sí faoi deara go raibh an cheann seo difriúil le haon oifig ina raibh sí riamh. Ní seomrín gruama dorcha a bhí i gceist ar chor ar bith, ach seomra fíormhór le trí de na ballaí déanta de ghloine. Ní raibh an t-aer te nó trom ach úr. Is dócha gur thosaigh Fiona ag smaoineamh níos dochasaí faoin todhchaí ag an bpointe 33


sin. Chuir an dochtúir é féin i láthair agus ba ansin a thosaigh an liosta fada de cheisteanna. Ach ceisteanna nua a bhí iontu, ceisteanna nár chuir aon dochtúir eile roimh uirthi. Ba léir go raibh sé ag iarraidh greim a fháil ar fhréamh an tinnis agus ní an leigheas a bhí leis. ‘An bhfuil tú alléirgeach le haon rud a Fiona?’ ‘Tá’ agus thosaigh sí ar an liosta mór fada de rudaí nach raibh sí in ann ithe. ‘Tá siad sin an tábhachtach a Fiona, ach inis dom an bhfuil tú alléirgeach le madraí nó le cait?’ ‘Níl’ ‘An bhfuil cat nó madra agaibh sa bhaile?’ ‘Tá, madra amháin agus dhá chait’ ‘Bhuel b’fhearr liom go dhéinfimid promhaidh ar sin inniu, ar eagla go heagla. Go minic is é sin a bhíonn ag daoine atá comharthaí cosúil le do chuid féin acu’. Chuaigh Fiona agus a máthair go dtí an tsaotharlann, áit is a bhuail siad le banaltra ramhair a thóg promhadh foil uaithi. Shuí Fiona agus a máthair síos sa seomra feithimh. Ag feitheamh, ag fanacht arís. Tháinig an dochtúir amach ina dhiaidh cúpla nóiméad agus chuaigh siad go léir ar ais isteach san oifig. 34


‘Bhuel, a Fiona, tá dea-nuacht agamsa duitse, tá fréamh do phluchadh faighte againn. Tá tú go huile is go hiomlán alléirgeach le madraí agus cait’. ‘Oh’ sin an t-aon rud a raibh sí in ann a rá a sular thosaigh sí ag caoineadh. Bhí liathróid mór de mhothúcháin ag fás ina scornach aici. Nuair a thosaigh na deoir ag titim, ní raibh sí in ann iad a smachtaigh. Conas? Conas is féidir le sin a bheith fíor a d’fhiafraigh sí di féin. Cuan? Ba é Cuan cúis a tinneas le ceithre bliana anuas? An cara ab ansa léi ar domhain? Ach céard a dhéanfaidh sí? Céard gur féidir léi a dhéanamh? Deirtear gurb fearr cairde ná ór. Deirtear freisin gurb fearr an sláinte ná an táinte. Ach céard a dhéanfá dá mbeadh rogha agat idir an sláinte agus an cairdeas?

35


Téip Ghreamaitheach rachael atkinson D’fhill sé an téip ghreamaitheach go tútach ar an mbosca deireanach agus lig osna domhain as. Bhí a saolta laistigh de bhoscaí anois. B’ann a bhí a saolta le tamall fada. Beidh sé togha. Is foireann muid. Beidh sé togha. Chuimil sé a éadan le droim a láimhe agus d’fhéach timpeall air. Bhí an seomra á phlúchadh le cairtchlár; cairtchlár ar barr cairtchláir ar barr cairtchláir. Ba ar éigean a bhí solas an lae in ann a bhealach a shníomh isteach tríd an sliabh donn. Tagann athruithe le himeacht aimsire. Bhain sé searradh as a ghuaillí agus rinne casachtach. Ba é an nós a bhí aige le déanaí chun an ciúnas a bhréagnú, casachtach a dhéanamh. Dúirt sí gur chóir dó coinne a dhéanamh leis an dochtúir sular éirigh an chasachtach ní ba mheasa. Dúirt sé go ndéanfadh sé amhlaidh, cinnte. Anois bhí dhá mhí tar éis dul thart gan coinne ar bith a bheith déanta aige leis an dochtúir. Bhí sé fós ag casachtach. Tarlaíonn seo i gcónaí do lánúineacha pósta. *** Ba í an tseachtain roimhe sin nuair a thug sé faoin bpacáil a thosú. Bhí sise chun a bheith ag obair go dtí lá na himirce. Bhí faoiseamh air go mbeadh rud éigin fiúntach le déanamh aige faoi dheireadh. Cheap sé gur mhór an leas a bhainfeadh sé as a bheith ag cur oird agus eagair ar a gcuid nithe pearsanta. Aon rud nach raibh ach ag bailiú deannaigh go díomhaoin, chaithfeadh sé uaidh é. 36


Bhain sé taitneamh as ar dtús. D’airigh sé a chroí ag léim le teann lúcháire nuair a chaith sé amach an bosca ollmhór de chártaí Nollag nár lig sí riamh dó lámh a leagan orthu ar fhaitíos go mbeadh uirthi iad go léir a léamh arís ar chúis amháin nó ar chúis eile. Tháinig rabharta flosca air nuair a fuair sé réidh leis an ndeilbhín poircealláin a bhí ag dó na geirbe aige ón nóiméad a fuair siad mar bhronntanas pósta é trí bliana ó shin. Chun an fhírinne a rá, mheas sí ar feadh scaithimh go mbainfí an t-ualach mór dá ghuaillí dá leanfadh sé ar aghaidh leis an scagadh. Ach níor mhair an flosc agus an lúcháir ar feadh i bhfad. Níorbh fhada gur briseadh ar a fhoighne. Tháinig tinneas cinn air agus é ag breathnú thart ar an méid giuirléidí a bhí ina seilbh sa teach sin. An maoithneachas a bhí ag baint leo uilig. Smaointe. Mothúcháin. Níor theastaigh uaidh luach faoi leith a thabhairt orthu. An raibh luach ag baint le rud ar bith ach go háirithe? Thosaigh sé ag snapadh ornáidí míne óna n-áiteanna cónaithe agus á bhfilleadh go giorraisc le páipéar nuachta. Ghlac sé uchtán leabhar ón tseilf agus theilg isteach i mboscaí iad. Sracfhéachaint níor thug sé ar na frámaí pictiúir le linn dó a bheith á dtógáil ó sholas an lae agus á mbrú isteach i ndorchadas. Bhí meascán mearaí air mar gheall ar líon na nithe a bhí i bhfolach timpeall na seomraí. *** Bhí sé ag cur go trom nuair a phós siad trí bliana ó shin, ar an 20ú Lúnasa. Bhí loinnir in aghaidh a spéirmhná nach ndéanfadh sé dearmad uirthi go deo. Bhí sí chomh hálainn lena súile gealgháireacha agus leicne luisniúla gleoite. Má bhí air riamh miotóg a bhaint as chun a bheith cinnte nár 37


bhrionglóid a bhí i gceist, bhí air miotóg a bhaint as an lá sin. Tar éis dóibh dhá bhliain a chaitheamh ag siúl amach le chéile, ag cur aithne ní ba dhoimhne ar a chéile agus ag caint faoina dtodhchaí le chéile, bhí an dá bhliain curtha tharstu anois agus ní raibh aon amhras orthu ná go raibh siad réidh chun aghaidh a thabhairt ar a dtodhchaí úr phearsanta dhóchasach. Ba chuma leo cé acu an raibh sé ag cur nó nach raibh ar an lá a gheall siad dílseacht mhacánta, tacaíocht neamhghéilliúil agus grá síoraí dá chéile os comhair a gclann agus a gcairde go léir. Ba chuimhin leis go deo an aoibh ghleoite a tháinig ar a gnúis nuair a shiúil siad amach doras na heaglaise gan rompu ach báisteach fheargach chadránta agus spéir ghruama shalach. “Brídeach fhliuch is ea brídeach shásta, de réir dealraimh!” a dúirt sí. Ní fhaca sé a leithéid de ríméad gliondrach ar dhuine ar bith riamh ina shaol. Níor theastaigh uaidh a bheith in aon áit eile an lá sin. Níor theastaigh uaidh a shaol a roinnt le héinne eile seachas léisean. *** Ní dhearna sí gearán ar bith nuair a thosaigh sé ag codladh go headra chuile lá. Mhothaíodh sé í ag fágáil póige ar a éadan ag a seacht a chlog ar maidin, ach ní chorraíodh sé go dtí a deich, b’fhéidir a haon déag fiú, agus bhíodh sí imithe le tamall fada faoin am sin. Bhí sé deacair dó a chuid díograise a chaomhnú nuair nach raibh ach tollán dubh os a chomhair. Ba ghráin leis a bheith in éagmais nuachta gach tráthnóna nuair a shúidís síos le haghaidh an dinnéir. Choimeádadh sí an comhrá ar siúl agus í ag labhairt faoi eachtraí an pharóiste agus thionóil na scoileanna agus scéalta na bparóisteach. Chuireadh sí ceisteanna air faoin lá a bhíodh 38


aige. B’eol dó nach raibh sí ag cur ina luí uirthi go raibh suim aici ina dhioscaireacht leadránach agus thascanna laethúla. Ní raibh suim aigesean ina chuid scéalta, ámh. D’éag an rómánsaíocht ina gcaidreamh de réir a chéile. Bhíodh sé de nós aige táth breá bláthanna a cheannach di tráthnóna Dé hAoine agus é ar a bhealach abhaile ón ionad oibre. Bhíodh aoibh an gháire ar a aghaidh agus é ar an Luas, cé go mbíodh lucht oibre Bhaile Átha Cliath fáiscthe go teann le chéile fad na feithicle agus dianiarracht á dhéanamh aigesean na bláthanna míne a chosaint ón anord. Thaitníodh na haistir sin leis, déanta na fírinne. Ritheadh mothúchán na sástachta tríd nuair a dhéanadh sé rinnfheitheamh ar an tseachtain a bhíodh aige, agus mheabhraíodh sé dó féin le háthas nach ag tabhairt abhaile a chuid oibre leis a bhíodh sé. D’fhéachadh sé ar na fir agus mná gnó eile agus smaoiníodh sé faoin mbaile a mbeadh siadsan ag dul abhaile chuige. An mbeadh boladh deas na gcoinnle cumhra ar foluain ina dtithe nuair a shiúilfidís isteach ó aerthruailliú na cathrach? An mbeadh comhábhair an dinnéir suite go slachtmhar ar bhord a gcistine chun go mbeadh an lánúin in ann an chócaireacht a dhéanamh le chéile? An mbeadh buidéal fíona dhearg á théamh in aice leis an tine oscailte? An mbeadh gáire croíúil agus cogair mhilse ina dtithe an oíche sin? Ba mhór go deo aige go mbíodh pátrún a shaol- agus a saolta le chéile- ar eolas aige. Bhí a ndlúthchairdeas ag dul ó neart go neart agus bhí rómánsaíocht an chaidrimh faoi bhláth. Mheas sé nach mbeadh rud ar bith in ann ionadh nó cosc a chur orthu. Ansin chaill sé a phost de bharr na hiomarcaíochta. Fuaireadh réidh leis an bpátrún. Chuaigh mothúchán na sástachta i bhfolach. D’athraigh an gáire go caint 39


fhuarchúiseach; na cogair mhilse go ciúnas marfach. Níorbh fhéidir leis bláthanna a cheannach di anois gan an t-airgead a iarraidh go náireach uirthi. Sea, d’éag an rómánsaíocht de réir a chéile. *** Nuair a mhínigh sí dó go mbeadh uirthi a post nua a thosú ní ba luaithe ná mar a socraíodh i dtús báire, bhí sé suaite buartha. Dá dhíomhain a bhí sé anois, ar a laghad bhí a fhios ag an bparóiste ina raibh siad gur dhuine dícheallach ionraic é a raibh ag éirí go maith leis ina phost go dtí le déanaí. Rinne na daoine comhbhrón leis nuair a chonaic siad i ndiaidh sheirbhís mhaidin an Domhnaigh é. Dúirt siad leis gur mhór an feall a rinneadh air sa chomhlacht sin, go bhfóire Dia air, ach go bhfaighidh sé rud éigin eile gan mhoill agus, leoga, nach bhfuil sé iontach go mbeidh post seasmhach ag a bhean laistigh de hEaglais na hÉireann go dtí aois an phinsin? Bhí trí bliana a curáideachta curtha thairsti anois agus bhí post glactha aici mar reachtaire i bparóiste cheithre eaglais faoin tuath i gContae Chill Mhantáin. Rinne siad an cinneadh le chéile, dar ndóigh- b’fhoireann iad- ach thosaigh an chaint agus an próiseas uilig cúig mhí ó shin nuair a bhí a phost féin fós aige. Bhí sé chun comaitéireacht ní b’fhaide a dhéanamh chuig an ionad oibre, ach b’fhiú í mar bhí an paróiste thar cionn. Ceantar oiriúnach i dtaobh thógáil na clainne óige ab ea ann. Níorbh aon agó ach go raibh siad ag tnúth go mór leis an mír nua ina dtodhchaí. Ach tar éis don mhaidhm sneachta a saolta a iompú bun os cionn, níor theastaigh uaidh an t-aistriú a dhéanamh. Níor theastaigh uaidh é féin a chur i láthair do pharóistigh a mhná chéile agus a rá go raibh sé dífhostaithe. Níor theastaigh uaidh a bheith 40


lonnaithe in áit choimhthíoch nuair nach raibh fiú gnáthamh laethúil aige. Níor theastaigh uaidh go bhfeicfeadh daoine gurbh ise a sholáthraigh an t-airgead ina dteachsan. *** D’fhéach sé ar na boscaí arís agus thréig ar an misneach aige. Beidh sé togha. Is foireann muid. Beidh sé togha. D’fhéach sé ar a ghuthán. Bhí sí le filleadh i gcomhair lóin nóiméad ar bith. Tagann athruithe le himeacht aimsire. D’fhéach sé ar a fháinne pósta agus chas timpeall a mhéire é. Tarlaíonn seo i gcónaí do lánúineacha pósta.

41


Nimh caitlín nic íomhair “Go dtite tú! Go dtite tú!” Ná tógtar orthu é. B'aisteach an tógáil croí é, ach ba thógáil croí é mar sin féin. Bhí rud éigin faoina éagóra, faoina chruálaí is a bhí iompar na mbuachaillí bailithe tharam a d'athraigh mo dhán go hiomlán. D'amharc mé i mbéal m'uaignis, chuala gáire tuirseach dóite a fhreagra agus thuig, de splanc, gur mó ná aonarán suarach a bhí ionam - ba bhall de chumann mé feasta. B'ionann mise i mo sheasamh go guagach ar bhinn an droichid sin agus achan staicín áiféis a sheas romham anseo. Níor mise amháin a bhraith arraing ina hucht, nimh ina putóga. Níor mise amháin a sheachain a dlúthchairde, gangaid ina croí nár tháinig siad ina dáil. Níor mise amháin nár scaoil ariamh le racht a bróin, nár shalaigh ballaí bána an tí le tuairt thais a huaille. B'ionann an suarachán seo ba mise ann agus achan duine a rinne praiseach fiú amháin dá n-iarrachtaí deireadh a chur leis an saol. Agus, yip, b'ionann mise agus na bitseachaí de bhuachaillí fúm. Dóbair domh pléascadh amach ag gáire. Chan gáire bog searbh ach ceann groí, racht a d'fhágfadh a rian orm: dhá eang d'uisce goirt ar ghrua faoi shúile ar sileadh, gramhas caointe ar bhéal. Mhothaigh mé blianta troma péine ag sileadh uaim, suileoigíní taise náire ag titim díom agus ag filleadh ar dhubhuiscí na dubhLife. Mhothaigh mé duibheaca 42


an bháis i mo dháil amhail helicopter ag tuirlingt, ag baint díom ualach an chailín bhoicht sin ba mise ann roimhe seo, á scuabadh leis. Tá súil agam go gcaithfear go cineálta léi. Ach m'anam, braithim éadrom, aerach, éadrom dá huireasa. Bhí sé in am tuirlingt. *** Níor thuig mé cad ba thús leis seo ar fad sular bhailigh na buachaillí taobh thiar den ráille le magadh fúm, peata coileáin acu ag tafann leis. Abair déjà-vu. Chonaic mé ceann acu á bhá mí ó shin san uisce céanna, rud beag níos faide thall sna duganna. Tháinig mé orthu de thimpiste ar mo shiúlóid domh, díreach théis don bhuachaill titim. Faoin am gur thug mé an fuacht sin faoi deara, ní raibh dé ar an bhuachaill san uisce, a chairde crochta thar an ráille. Ní fhacthas an buachaill arís gur fritheadh a chorp. Ba léir fiú ansin ar an ché go raibh a chosa nite agus ba léir gur thuig na buachaillí eile sin. D'fhán siad ina seasamh ag amharc síos ar an uisce, gramhas aisteach orthu ar geall le meangadh míthuisceanach gáire é, duine beag rua acu ag gáire i gceart le teann a uafáis. Bhí an madadh beag ag tafann leis, amhail aláraim ag fógairt go raibh an bás inár láthair, ag breith leis duine dínn. Bhí sé ar crith lena dhíograis neamhthuisceanach, a bhlaosc bheag feiceálach faoina chraiceann is a fhionnadh le méid a iarrachta. Ba bheag nár ardaíodh as an talamh é le teann an tafainn sin a bhrúchtaigh síos ó chosa go teanga ina splancacha teo. N'fheadar fós cad é a sheol an buachaill isteach san 43


uisce i gcéaduair. Seans gur thit a mobile agus go raibh an instinn róghasta don inchinn, nó b'fhéidir gur pleidhcíocht imithe amú a bhí ann. Gaiscíocht, cheapfainnse, macghníomhartha – dúshlán ó dhuine dá chairde a d'fhreagair a uabhar sula raibh deis ag a chiall a cuid féin a rá. Thug mé na cosa liom sular thoisigh na sluaite bailithe thart ag siosarnach. Ba bhocht liom a bhás, ach bhí sé imithe – cén mhaith míniú gan chiall? Ná ceaptar go bhfuil mé ag cur milleán mo riochtsa ar an bhuachaill bocht, go gcaithe go séimh leis thíos nó thuas le mise mo ghirseachta. Is amhlaidh gur chorraigh sé mé, sin an méid. Bhraith mé fiosracht aisteach faoin bhás, tochas éigin nár bhraith mé le blianta, cumha i ndiaidh ruda nach raibh agam riamh. D'athraigh mé mo shiúlóid laethúil go Faiche Stiabhna go dtí gur cuireadh an buachaill – le teann measa, agus le bheith macánta, le cnámhfhaitíos fuar feannta go mbraithfinn an tochas sín, go gcaillfinn smacht mo ghéaga is go leanfainn é síos. Theip ar mo phaidreacha ó shin. Chuaigh mé caol díreach ó Dhroichead na Leathphingine chun na heaglaise, mar a dhéanaim uair nó dhó sa mhí le coinnle a lasadh ar son na ndrochdhaoine, iad siúd nach rachaidh chun na flaithis gan chuidiú. Is ann a d'oscail romham spás, bearna uaigneach aisteach idir mé agus na fuinneoga ab ansa liom ó d'athraigh mé chun na cathrach. Roimhe seo, thógtaí ar ais mé, le haon spléachadh ar na fuinneoga sin, chuig áit aduain éigin ionam - gort le haystack ciorclach. Go dtí an lá sin, nuair a chonaic mé iad agus nár bhraith mé a dhath, amhail is go raibh scim 44


thar mo shúile ach chan súile mo chinn. Don chéad uair i mo shaol, níor gheal na dathanna agus níor scaipeadh cumhra na túise chugam. Bhain an eachtra solas mo shúile díom. Bhí mé glasáilte amach Aige. Ghlac mé leis gur shock a bhí ann, agus thriall mé cúpla deichniúr i gcuimhne na marbh sa bhaile ar ball. Theastaigh fuinneamh lena rá nár theastaigh uaim ariamh roimhe, amhail is go raibh an scim sin ar mo theanga anois fosta. Uaireanta bhínn falsa agus thitinn i mo chodladh cois na leapa, nó deirinn paidir agus mé ag ní na soithí, ach níorbh ionann an easpa fuinnimh sin agus an bhearna dhoirseach ocrach seo ionam. Triallaim fós, ach tachtann na focail mé. Bhain mé an Croí Rónaofa den bhalla an lá cheana, ceann a fuair mé ó thigh mo mháthar móire an bhliain ar cuireadh chun Brownies mé i measc na bProtastúnach agus chinn sí gur theastaigh an stiúradh uaim. Is iomaí uair ó shin go bhfaca Dia mé i mbun peaca, ach is beag a shíl mé go bhfeicfinnse Eisean ina bhun ariamh. Ab in diamhasla? Ba le huisce a thoisigh mo dhíograis agus ba le huisce a chríochnaigh sí. Ar íoróntaí an tsaoil, ba i measc na mBrownaithe Protastúnaí a thuig mé mo chéad paidreacha. Théidís chun seirbhís i ndiaidh ár gcruinnithe – ba mise ceannaire na Leipreachán, buaic m'údaráis sa saol seo - agus ó bhí duais le bronnadh ar ár dtroupe Domhnach éigin, chuaigh mise leo. Bhí sé difriúil go leor ó sheirbhísí s'againn ar scoil ach ba chuma liom. Rinne siad a ndícheall lena raibh acu, sin a dúradh liom. 45


Tharla sé go raibh baisteadh ar siúl an Domhnach céanna agus is cuimhin liom go rímhaith gur Adam John ab ainm don bhuachaillín. Bhí sé ina bhabaí gleoite. Chan muid He's Got The Whole World In His Hands and d'athraigh an Ministir go “he's got Adam John in his hands” é ag an curfá deireanach. Thaitin sin liom. Bhí muid fós gléasta i bhfeisteas na mBrownaithe, buí agus donn, agus nuair a chan muid bhraith mé gur scuaidrín lus na gréine muid ag luascadh is ag sméidearnach i leoithne an cheoil - buí agus sona agus soineanta. D'iarr an Ministir orainn paidir a rá ar son Adam John an oíche sin, rud a rinne mé go dílis ar feadh na mblianta ina dhiaidh - fiú ar na saolta seo, roimh an eachtra, nuair a chuimhnínn air. Is maith liom é a shamhlú mar bhabaí i dtólamh, ach bheadh sé sna fichidí anois mura raibh an 30 féin slánaithe aige – ógfhear Protastúnach i gceantar nár tháthaigh mé le blianta, sách mór anois le faitíos a chur orm, ní foláir. Bhriseadh fear isteach i m'íomhá den leanbh sin le linn na paidre; fear a chuireann gothaí Feirsteach air féin, fear atá ag titim chun feola agus é ag dul i dtreo na 30ídí, oisre corcra faoina chuid súl, barraíocht óil ar bord aige. Tá súil agam nach bhfuil aon tattoos aige. Ní shílim go bhfuil. Tá súil ag aon chillín bheag dhuairc mhailíseach amháin ionam nach bhfuil sé pósta. Adam ab ainm don bhuachaill a bádh, leis. Dub. Caitliceach. Bochtán. Amadán, b'fhéidir, nó gaisce. Bhí an bheirt acu caillte agam ansin. Beirt nach raibh aithne agam orthu agus nárbh fhéidir liom paidir a rá ar a son. Níor ghlac fiú strainséirí le mo chineáltas. Bhí an saol níos cúinge, cheal 46


ábhair paidre ná faighteora. Phill mé ar na dugaí coicís i ndiaidh na tubaiste. Shíl mé ar dtús gur mairg gur phill, nó ba láidre i bhfad an tochas nuair a chonaic mé an gasra céanna bailithe thart ag útamáil le wetsuit. Ba léir nár ormsa amháin na dreancaidí. Murach sin ar fad, áfach – murach áiféis a niompair, buachaillí óga ag diúltú don cheacht ná fiú don ómós a choinneodh ar shiúl ón uisce iad, ach iad meallta ar ais, ag suirí leis an bhás, á shantú ina macánchnámha – murach sin ní bheadh corda m'fhallaing seomra i bhfolach. Ní bheadh slán tromchroíoch fágtha agam ag an teach agus na héin, litir leathscríofa ina cuach sa bhosca bruscair. Ní bheadh pian aisteach an mharbhfhuachta i ngéaga nach mbraithim i gceart go fóill, agus ní bheadh an splanc sin tuisceana théis mé a bhualadh. Ní bheadh saothar orm ó m'iarrachtaí tuirlingt den diabhail ráille sin. Brón orm a bhuachaillí, níorbh é seo an seó a bhí uaibh. Ait liom a suntas. Bean chotúil a bhí ionam ariamh, duine neamhshuntasach daonna nár chuir súil thar a cuid. Duine focaldrogallach nach bhfaca iontaisí an tsaoil is nár shantaigh iad a fheiceáil. Ní spéirbhean mé ná ginias agus má tá croí éigin ionam is ar éanlaith mo ghairdín agus an corrleanbh plucach ar an tsráid a dhoirtim é, chan ar an duine neamhshuntasach daonna. Agus is beag fuíoll croí a bhíonn le spáráil agam le fada. Chúlaigh mé ón domhan tráth agus bhain, le deacracht, neamhaird amach domh féin. Thoisigh ar mo thitim chiúin ghrástúil ó bhinn na hóige. Níor thug éinne faoi deara. Bhí 47


saol ciúin stuama agam agus d'fhéil sé domh, go dtí nár fheil. D'amharc mé ar deiseanna, ar chomhluadar, ar eachtraí mar a amharcann daoine eile ar ainmhí creiche: fan socair go dtí go n-imíonn sé leis. Fuair mé post bainisteora i Mace agus ba leor sin mar theagmháil leis an domhan. Ach ní theastaíonn aon psychobabbla uaim, murar galar an leadránacht (go raibh maith agat mar sin féin a aintín agus nár dtachta riamh ar do fairy cakes tú). *** B'áiféiseach an radharc muid, bean ghuagach dheaghléasta i mbun acrobatics, ag mealladh buachaillí óga na cathrach lena cuid geáitsí. B'fhurasta i bhfad an ráille a dhreapadh ná tuirlingt de, nó ba stuama na cosa fúm sular tháinig an dath liathghorm sin orthu. Is beag rud níos allta liom ná athruithe beaga sin an choirp dá bhuíochas féin; cneá dhoirseach, cneá ag dlúthú, corp ag críonadh. Chuir mé sonrú ar leith i nduine de na buachaillí ar a shon sin - buachaill tanaí rua, buachaill an ghoil. Bhí sé, má deirim é, thar a bheith gránna lena dhroch-bhearradh gruaige agus a Umbro top. Cuma mhífholláin an bhochtanais air a d'aithin mé go rómhaith. Bhí sé chomh spíonta traochta cloíte sin ag an iarracht a chroí a cheilt le mí anuas go raibh dreach an duine fásta air ansin, é ar chomh-mhéid agus chomh-airde liomsa (agus ba bhean petite mé fiú sular chaill mé mo ghoile agus mo dheasheasamh). Ní iarrfainnse ID air, i bhfianaise na roc ar a chlár éadan agus cuma na buartha síoraí ar a fhabhra, dá ndéanfadh sé iarracht Buckfast féin a cheannacht uaim sa siopa. Tá údarás sna roic sin a chuireann 48


m'athair i gcuimhne domh. Beidh ball úr eile ag an chumann seo inniu. Thuig mé ó aghaidheanna na ngasúr go raibh faoiseamh orthu nuair a chonaic siad mo shaothar tuirlingthe, agus gur aithin siad faoiseamh ar aghaidheanna a chéile, is gur chuir sé sin déistin agus fearg orthu. Bhí an chuma ar dhuine nó beirt acu go raibh siad ar tí caointe, ach níor lig mo bhuachaill rua go raibh tada air. D'amharc mé orthu go caithréimeach nuair a bhí mé nach mór slán ón ráille, miotal an chosáin searbh agus fionnuair faoi mo chosa nochta ar bhealach a thug orm scaoileadh le liú beag shock. Ba mhaith liom 'buíochais' a rá ach dúradh liom a bheith ionraic. Bhí mé náraiste nuair a bhailigh na buachaillí i mo thimpeall ach d'imigh an t-am go mall idir an fuinneamh a chur ar an ráille mé agus a fuinneamh a bhain dó mé. Ba dheas liom a gcomhluadar. Ba chuma liom gur chaith siad mo leathbhróg san uisce, fiú dá dtuigfinn é. Ní thuigfidís dá ndéarfainn aon cheo, dá míneoinn a bhfuil tar éis tarlú os a gcomhair. Go ngoileann an nimh ort faoi dhó - uair ag am an ghalraithe agus uair ag am an ghlanta. Go dtógfaidh sé a sheal agus go ngreadfaidh sé leis luath nó mall. Tá an tuar dóchais seo imithe amú ina ninchinní scaipthe ré-inmheach. Níor thuig mise é go dtí gur thriall mé mé féin é... Ach tá áthas orm go bhfaca siad an seó seo. Muna dtuigfidís mo chuid focal, tuigeann siad an tochas agus tá malairt de shlí feicthe acu. Tá dóchas agam go 49


gcaoinfimid a gcara anois seachas é a leanúint. Tá mé préachta. Tá fear ag glaoch ar na gardaí. Tá ábhar paidre agam. Tá mearbhall ar na buachaillí. Ba mhaith liom tae a cheannacht dóibh agus Adam a phlé. Tae le m'ucht a loscadh, le marbhfhuacht a ruaigeadh, le dearhbhú gurb ann domh fós. Seans fiú go gcuirfeadh duine acu Chef Sauce istigh ann, ba mhór an feic é sin. Tae. Ba mhaith liom tae a cheannacht dóibh agus Adam a phlé. Ach ní labhraídís liom. An labhradh?

50


An Leanbh Sí síobhra nic aogáin Ní raibh Sally ag iarraidh dula chodladh. “Daidí, níl aon tuirse ormsa! Níl mé ag iarraidh!” “Anois, a Shally,” arsa an t-athair, ag breathnú anuas ar éadan tláithbhuí a iníne, a súile donna ar chruth almóine ag stánadh agus ag impí air. “Tá sé deireanach go maith anois, ba cheart dhuitse a bheith i do chodladh fadó riamh! Tá do dheartháir óg ina choladh go sámh faoi seo. Agus beidh lá fada ar scoil agat amárach.” Lig Sally osna mór aisti agus chuir smut uirthi féin. Ach ní raibh sí chun géilleadh chomh héasca sin. “Nach ninseoidh tú scéal dom? Dúirt Mamaí go n-inseofá síscéal dhom!” “Ó, ar dhúirt?” “Dúirt, cinnte!” ar sise ag sméideadh a cloiginn go fonnmhar. “Hmmm…, anois a chroí, má insím scéilín dhuit, caithfidh tusa dul a chodladh a luaithe is a bheas sé inste agam, okay?” “Tá mé ag iarraidh cloisteáil faoina síogaí!” “Na síogaí ab ea? Muise. Fan go bhfeice muid… Bhuel, ar inis mé riamh dhuit faoi bhean a chónaigh gar do Mhamó, thiar i gCill Phádraig?” “Níor inis!” a bhéic an iníon, a súile caola ag leathnú le teann fiosrachta. “Bhuel, bhí bean ina cónaí i mbothán beag léi féin ar bharr an chnoic i gCill Phádraig tráth. Saolaíodh leanbh 51


iníne di, páiste a bhí breá láidir agus scafánta. Ní raibh insint ar thalainn an pháiste agus faoin a shroich sí trí mhí d’aois thosaigh sí ag feadaíl, ach ní haon phlob plab a bhí ann mar atá ag gnáthpháistí, samhlaigh do dhearthairín ag dul ag feadaíl! Go deimhin, ba léir fiú an t-am sin go raibh bua an cheoil go smior sa bpáistín seo. Faoin am a raibh sí sé mhí d’aois, bhí an créatúr beag ag gabháil fhionn go seoigh léi. Glór álainn binn a bhí aici, a leithéid nach mbeadh ag na hamhránaithe ab fhearr sa gceantar fiú! Níorbh fhada gur thosaigh sí ag crochadh suas port ar an veidhlín a líonfadh an áit le fuaim aisteach dhraíochtúil. Thiocfadh daoine ó cheann ceann na tíre chuig an teach le héisteacht léi. Ach ba ghearr gur thosaigh daoine ag déanamh amhrais faoin bpáiste óg speisialta úd. Ba chinnte nach aon ghnáthpháiste í seo, agus bhí daoine áirithe den tuairim gur siabhróg a bhí inti.” “Ó! Agus an raibh sciatháin bheaga uaine uirthi?” arsa Sally le gliondar. “Bhuel, níl mé cinnte faoi sin anois a stór. Ní sióg mar sin a bhí inti. Dúirt na comharsana leis an mbean gurb é an taon bhealach le fáil amach an raibh fírinne ar bith ag baint leis an tuairim sin ná uibheacha a chur ar fliuchadh i bhfochair an pháiste, rud a mhúsclódh fonn cainte inti dá mba fíor gur siabhróg a bhí inti! Ach dúisíodh an bhean oíche amháin sula raibh seans aici an beart a dhéanamh. Chuala sí torann ait agus isteach léi chuig an gcisteanach, áit a raibh cliabhán an pháiste, dár ndóigh. Agus ‘bhfuil ‘is agat cé a bhí sa gcisteanach féin ach bean de chuid an tSlua Sí a raibh leanbh daonna ina baclann aici! D’fhág sí an páiste daonna ar an mbord, agus rug greim ar an tsiabhróg a bhí sa gcliabhán, agus thug sí do na boinn é.” 52


“Ach céard a tharla? Cár imigh an tsiabhróg?” “Is dócha gur tógadh ar ais ag Gort na Sí í, ar ais ag a muintir féin, ar ais ag na daoine maithe.” Ach le linn labhartha don athair chualathas caoineadh páiste ón seomra béal dorais. Bhí Oscar beag dúisithe. “Gabh i leith a stóirín, caithfidh mé dul isteach ag Oscar anois.” Bhí uaill an linbh ag dul i méid. “A chodladh leat a chroí. Tá sé in am duit dul a chodladh ar aon chaoi.” D’fháisc sé an phluid timpeall ar Sally agus phóg ar a leiceann í. “Oíche mhaith anois, codladh sámh,” agus amach leis an athair de ráig, an doras fágtha ar faonoscailt aige ina dhiaidh, a lig do rian solais fann airgeadúil sleamhnú isteach tríd an scoilt agus é ag lonrú i ndorchadas an tseomra. *** Ní raibh Sally sásta. Ar chor ar bith. Cé mhéad uair anois ar thosaigh Oscar ag caoineadh agus Mamaí nó Daidí ag súgradh nó ag spraoi léi? Ní raibh sí cinnte go bhféadfá caoineadh a thabhairt air ach an oiread. Ghabhfadh sé ag screadaíl, is ag béicíl agus ag béicíl is ag screadaíl aríst. Agus aríst. Chuir sí a lámha beaga ar a cluasa leis an torann uafásach scréachach a dhíbirt. Ní dhearna sé mórán de dhifear. Cheapfá go mbíonn sé ag gol d’aon ghnó mar go bhfuil a fhios aige go bhfuil sise ag éisteacht le scéalta Dhaidí. Lig sí osna trom. Ba dheacair a shamhlú nach raibh aon deartháirín beag aici agus prislíní leis go dtí le deireanaí agus go mbíodh Mamaí ann i gcónaí le go leor leor scéalta a insint di. Ní raibh fonn ar Sally dul ar scoil an lá arna mhárach. 53


Ní raibh aon chead cainte ar chor ar bith sa rang agus níor thug Bean Uí Shuilleabháin ach cúpla nóiméad dóibh ag deireadh an lae le dul ag súgradh leis na bréagáin. Ní raibh sé cothrom. Bhí caisleán breá galánta sa gcúinne a raibh banphrionsa álainn dathúil ina cónaí ann. Ach thóg Katie an banphrionsa i gcónaí agus ní raibh seans ag Sally dul ag súgradh léi riamh. Dúirt an múinteoir go mbeadh orthu í a roinnt le chéile, ach ní raibh Sally ag iarraidh í a roinnt le Katie. Bhí Katie dána. Ní raibh an aibítir ar eolas i gceart aici fiú agus aon uair gur scríobh Katie a cuid ‘N’eannaí bhí siad i gcónaí bun os cionn aici. Agus thosaigh Katie ag magadh fúithi mar go raibh a cuid súile-sa níos caoile agus mar gheall go raibh sí difriúil ón gcuid eile acu. Ach b’shin mar go raibh máthair eile ag Sally. B’shin é a dúradar léi. Ach bhí Mamaí agus Daidí anseo in Éirinn, agus b’shin iad a fíor-Mhamaí agus a fíor-Dhaidí. Agus dúirt siad nach ndearna sé aon difear ar bith mar go raibh an-ghrá aici di go deo. Agus go raibh sí speisialta mar go raibh Mamaí Eile aici chomh maith. Ach bhí sí sin in áit a bhí fada fada i gcéin. Bhí ainm aisteach ar an áit, an tSín, nó rud éicint mar sin. Bhí sí ag iarraidh tuilleadh a fháil amach ó Dhaidí faoi na siógaí. Aon uair gur inis Mamaí scéal sí di b’iad na cinn chéanna iad; Cúilín Óir agus Tromshuan na hAinnire agus Sneachta Bán. Ach bhí Sally an-chliste agus bhí na scéalta sin ar eolas de ghlanmheabhair anois le fada aici. Ba mhaith léi fáil amach faoina síoga seo. Ba shíoga cearta iad, bhí a fhios ag Mamó fúthu. Agus tá a fhios ag Mamó faoi go leor rudaí. Ba mhaith léi dul go Gort na Sí. N’fheadar an bhfuil sióga sa tSín chomh maith? An mbeadh sciatháin dheasa uaine agus éadaí galánta agus slaitín 54


draíochta acu mar atá ag Harry Potter? Chaithfeadh sé go mbeadh. Ní raibh fonn uirthi dul ar scoil agus cur suas leis na gasúir ag fonóid fúithi agus gan a bheith in ann dul ag súgradh pé uair ba mhian léi. Samhlaigh dá dtiocfadh an Bhean Sí chuig a gcisteanach siúd chun í a thabhairt ar ais ag Gort na Sí léi mar a tharla sa scéal! Go tobann tháinig drithlíní áthais ar Sally. An bhféadfadh sé gur sióg a bhí ina Mamaí Eile? Ab é an chaoi nach raibh sí fágtha anseo ach ar feadh scaithimh agus go dtiocfadh a Mamaí Eile dá cuartú i rith na hoíche chun í a mhalartú le leanbh daonna? Cinnte, bhí Sally chomh cliste agus chomh speisialta céanna leis an tsiabhróg sa scéal. Bhí scríbhneoireacht i bhfad ní ba néata aici ná duine ar bith i rang Bhean Uí Shuilleabháin. Agus nár dhúirt Mamó léi gurb í an cailín óg de cheithre bliana d’aois ab fhearr agus ab éirimiúla in Éirinn fhada fhairsing? Agus bhí sí iontach ag an gceol, bhí Mary Had a Little Lamb ar a toil aici ar an bhfeadóg. Mhúin Daidí di é. Cén uair a thiocfadh na síoga chun í a thabhairt ar ais chuig Gort na Sí mar sin? Bhí sí cinnte dearfa anois faoi. Siabhróg sí a bhí inti, dár ndóigh. Tuige nár smaoinigh sí ar seo cheana? Gheit Sally agus léim sí den leaba le lúcháir. Chuaigh sí anonn ag doras an tseomra agus d’oscail é. Bhí an caoineadh síothlaithe, chaithfeadh sé go raibh Oscar ina chodladh faoi dheireadh thiar thall. Amach léi ar a barraicíní go banastar an staighre agus chuir sí cluas uirthi féin. Bhí an teilifís ar siúl thíos, bhí Mamaí agus Daidí sa seomra suí. Cá mbaileodh na síoga í? Lasc sí ar ais isteach ina seomra, an turlár ag gliúrascnach faoina cosa, agus léim ar ais ina leaba bhreá theolaí. Tagann Síog na bhFiacla isteach sa seomra, 55


nach dtagann? B’shin é a dúirt na páistí móra léi. Is dóigh gur amhlaidh a bheas sé leis an mBan Sí. Bíonn Daidí na Nollag ag teacht síos an simléar, ach tá seisean ramhar agus ní síog é sin, dár ndóigh. Cinnte, b’fhearr di fanacht anseo, agus thiocfadh sí luath nó mall. Bhí sí ar cipíní anois, ní fada go mbeadh sciatháin agus gúna álainn agus slaitín draíochta aici! I gcúl a cloiginnín bhí cuimhne aici ar a Mamaí Eile- chonaic sí a héadan os a comhair, na súile céanna i gcruth almóinne atá aici agus craiceann breá buí ach an oiread léi féin, agus gruaig thiubh dhubh agus í ag meangadh gáire ag breathnú anuas uirthi. Agus, féach! Ansin thall! Bhí sí ansin, ag eitilt anuas tríd an bhfuinneog, na sciatháin niamhracha órga ag spréacharnach i bhfannsholas an tseomra. Thuirlingeodh sí mar a bheadh cuaifeach ann, agus líonfadh gal mór tiubh an áit, agus bhaileoidh an tSíog suas ina géaga fada í agus d’eitleoidís amach an fhuinneog tríd an gclapsholas, thar an ngáirdín, thar an tsráid chontúirteach nach raibh cead ag Sally a thrasnú gan greim a bheith aici ar lámh a Mamaí, agus ghabhfadh siad níos sciobtha agus níos airde agus níos sciobtha agus níos airde go dtí nach bhfeicfeadh siad dada ach an talamh dubhach diamhair thíos fúthu. Agus déarfadh sí, “A Mhamaí Eile, cá bhfuil ár dtriall?” Agus d'fhreagródh sí go sochma socair, “Sin í an áit a bhfuil ár dtriall uirthi, a chroí!” Agus chuirfeadh sí caisleán mór ar a súile di, ceann galánta draíochtúil a bheadh míle uair níos breátha ná an ceann sin ag Bean Uí Shuilleabháin, agus é dingthe isteach le sléibhte maorga ar gach taobh. Bheadh abhainn mhór ghiglíneach ann agus bheadh an spéir líonta le réaltóga ag spréacharnach agus tinte ealaíne á bpléascadh mar a dhéantar 56


ar Oíche Shamhna. Agus thuirlingeoidís os comhair an chaisleáin, agus bheadh a sciatháin féin aici, dhá sciathán mór soilseach clúdaithe le cleití a d’éireodh as a dá shlinneán ionas go bhféadfadh sí dul ar sodar san aer mar a bheadh fáinleog inti. Agus ansin chloisfidís an fhuaim ba áille dár chuala sí riamh- agus cé a d’fhéadfadh a leithéid de cheol binn sciamhach a dhéanamh? Agus go tobann thaibhseodh na síoga eile uilig as an aer- an Aos Sí. Thiocfaidís anall chucu ag damhsa, agus bheadh plátaí ag cur thar maoill le bia á niompar acu. Bheadh brioscaí agus seacláid agus milseáin acu mar a bhíonn tí Mhamó! Agus bheadh na síoga go hálainn, iad uilig gléasta i gculaith niamhracha drithleacha bándearga. Bheadh foltghruaig fhada lonrach orthu agus na súile donna caola céanna acu is atá ag Sally. Agus leanfadh siad orthu ag rince agus ag aoibhneas go macnasach agus ní ghabhfadh siad a chodladh ná ar scoil riamh, mar go leanfaidís orthu lena gcaint ghliondrach agus a ngáire meidhreach gan cíos ná cás ná cathú orthu go deo na ndeor! Ach bhí an solas sa halla casaithe dó anois, agus bhí seomra Sally fágtha sa dorchadas. Is dóigh go raibh Mamaí agus Daidí ina gcodladh. Ní bheadh aon bhaol anois ann go mbéarfaí ar an tSíog nuair a thiocfadh sí. Ní bheadh sí i bhfad eile ar aon chaoi. Tar éis an tsaoil, nach raibh Oscar tagtha anseo chun a háitse a thógáil? Mar ba ghnáthleanbh daonna é sin, ní dhéanann seisean ach gloib gleab agus prislíní leis. Ach ansin rith smaoineamh duairc uafásach le Sally. Ab ea an chaoi go ndearna siad dearmad í a thabhairt leo nuair a tháinig siad le hOscar? An ligfidís i ndearmad mar 57


sin í? Ach ní raibh dada déanta aici a chuirfeadh as do na síoga. Ní thagann Daidí na Nollag má bhíonn na páistí dána... Ach bhí Sally i gcónaí go deas béasach agus ní dhearna sí faillí ina cuid obair scoile riamh. Cá raibh siad? Thosaigh sé ag gleadhradh báistí taobh amuigh agus bhí an ghaoth ag séideadh cosúil le gealt. Cé is moite de chlagarnach na stoirme, bhí an teach ina thost seachas tic toc an chloig a bhí ag caitheamh macalla sa halla. Bhuail daol feirge Sally ach dhiúltaigh sí scaoileadh lena cuid misnigh. Thiocfadh na síoga chun í a bhailiú nuair a bheadh Mamaí agus Daidí ina sámhchodladh... Nach dtiocfadh? Thosaigh sí ag cur creathanna beaga fuachta di. Theann sí an phluid timpeall uirthi féin agus chuimil a cuid súile. Tháinig fonn méanfaí uirthi ach d’éirigh léi é a phlúchadh. Lena cuid méaracha, choinnigh sí a dá shúil bheaga dhonna ar oscailt le nach mbuailfeadh néal codlata í. Fós, ní raibh Sally ag iarraidh dul a chodladh.

58


Saol Eile pádraig schaler Suíonn Wendy i gcónaí ar an gcathaoir céanna ag an mbord céanna sa chasino céanna. Aithnítear anseo í, beannaítear í, agus tá a hainm ar eolas acu. Ach níos tábhachtaí ná sin ar fad, meallann boladh draíochtúil na háite í, boladh faoi leith a shamhlaíonn sí i gcónaí leis an sonas. Taithíonn na strawbery dacari’s san áit seo léi freisin. Bíonn Alex i gcónaí mar dhéileálaí aici, bíonn rath ar a himirt nuair is eisean a chaitheann an liathróid miotal isteach sa soitheach. Raiméis dar ndóigh ach thaitin an phiseog léi. Bíonn comhrá agus gáire i gcónaí aici le hAlex, méadaíonn an gáire mar aon leis an tip, ach bhí duine ag Wendy a éistfeadh léi, rud nach raibh aici go minic. Bhí seacht n-aithne ag Wendy agus Alex ar a chéile le scór bliain anuas, bhí eolas maith ag Wendy ar chlann Alex cé nár bhuail sí leo go fóill, ní bhuailfidh go deo. Mar a tharlaíonn sé ní raibh Alex feicthe aici in áit ar bith eile ach taobh thiar den bhord. *** Tagann Aoife Ní Ghiollagáin go Las Vegas, bhuel chuig an MGM, faoi dhó sa bhliain, um Nollag agus dá breithlá: an dá thréimhsí is uaigní sa bhliain di. Inniu a breithlá, cé nach bhfuil a fhios ag duine ar bith sa tír. Seo a cuairt deireanach ar an ionad spraoi seo, ach ní chuireann sé sin isteach nó amach uirthi, is fiú an faoiseamh. ***

59


Thuirling Aoife agus a cara Gráinne i gcathair mhór Nua Eabhrac i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1981 agus iad faoi bhláth na hóige. Beirt chailíní óga dathúla cliste, ní fada gur aimsigh siad post i dteach tábhairne agus an tairgead go maith ann. D’athraigh siad a n-ainm go luath agus iad ar an oileán úr, ainm nua don saol nua. Ghlaoigh Aoife Wendy uirthi féin agus roghnaigh Gráinne, May. Bhí gliondar ar a gcroíthe agus teorannacha cúnga a mbaile beag i nDún na nGall sáraithe acu. Go tobann bhí an bheirt acu á dtumadh i saol sóisialta na cathrach, áit a ndeachaigh drugaí lámh le lámh le cóisir ar bith. Cé go raibh airgead mór á thuilleadh acu, ní raibh gá leis agus gach cineál rud á thabhairt dóibh saor in aisce. Scríobh siad litir abhaile chuile sheachtain, ach ní fada go raibh siad gafa leis an saol a bhí acu agus níor bhac siad ach ceann a sheoladh gach coicís, ansin an corr litir gach mí. Leann na litreacha ón mbaile ag teacht ach diaidh ar dhiaidh stop siad á léamh agus chuirfeadh i mbeart deas lena chéile iad. Ní raibh an t-am acu lena saol aibhléise. Ní raibh dúil mhór ag ceachtar den bheirt sa chócaon, ach ghlacfadh siad é anois is arís le daoine eile a shásamh. Is ar oíche den chineál seo a thit an eachtra cinniúnach tubaisteach amach a chur saol Ghráinne bun os cionn. Bhí Gráinne imithe go seomra éigin le buachaill agus bhí Aoife ag caint le buachaill eile sa seomra suí. Bhí Aoife go mór faoin dtionchar agus gan ach cuimhne chomhar aici 60


anois, ghoill sé uirthi smaoineamh faoi. Is cuimhin léi a buanchara ar an urlár, dath an bháis uirthi agus is cuimhin léi an seomra á thréigeadh. Is cuimhin léi an fuinneamh ag éalú uirthi agus an domhan á tarraingt anuas go taobh Gráinne. Níor chur sí fios ar mhuintir Ghráinne, ní ligfeadh an eagla di, shíl sí go raibh lámh aici ina bás. Ba chinneadh é sin a chuirfeadh deireadh go deo le gaol ar bith a bhí fágtha aici leis an mbaile. Stop sí ag glacadh drugaí as sin amach, ach lean sí ag ól le faoiseamh éigin a lorg. D’imigh na blianta agus gan cuimhne na hoíche ag scaradh uaithi, ualach na hoíche á n-iompar aici go trom. Thosaigh sí ag dul in aois, thosaigh a cairde ag imeacht agus chaill sí a phost sa teach tábhairne. Fuair sí post in diner taobh amuigh den chathair, ag caitheamh saol gráinne cráite agus na saolta a tháinig roimhe sin á crá. *** Chuile bhliain lasann Máire Ní Ghiollagáin coinneal dá hiníon i séipéal pharóiste na Cealla Beaga lena breithlá a cheiliúradh. Níl trácht ná tuairisc cloiste uaithi le breis agus scór bliain anois. Tá Máire ag dul in aois agus tá baol ann nach bhfeicfidh sí go deo arís í, is beag lá nach ndéanann Máire buairt fúithi. Gach bliain íocann sí $30 as fógra san Irish Echo á lorg, ach í aineolach gur ghlac duine darbh ainm Wendy áit Ghráinne na blianta fada ó shin agus nach léann Wendy an Irish Echo. Is é an t-aon ghuí amháin atá ag Máire, agus cos amháin san uaigh aici, ná go bhfeicfidh sí aghaidh a hiníne uair amháin eile sula n-imíonn sí ar shlí na fírinne. Ach, tá sé ró-dhéanach. 61


*** Tá an t-ádh ar Wendy anocht ach níl an t-ardú meanma a bhfuil taithí aici air á spreagadh. $50 ar dhubh, $100 ar na huimhreach réidh, $20 ar 29, an geall céanna atá curtha aici leis na cianta. D’fhéadfadh moncaí é a dhéanamh. Taithíonn sé le hAlex nuair a thiteann an liathróid miotal ar 29 mar go gcaitheann Wendy $100 leis gach uair. Thug Alex faoi dheara nach raibh an sprid céanna ag Wendy anocht, ach ní luaidhe sé rud ar bith ar fhaitíos go ndíbreoidh sé í. Bhí an ceart ag Alex, ní raibh Wendy faoi gheasa ag an gceol, an boladh agus na soilsí anocht. Bhí sí ag slogadh siar na strawberry daiquiri agus ag smaoineamh ar a clann ag samhlú an rud a bhí ar siúl acu, an dán a bhí scríofa acu. Ag caitheamh súil chliathánach siar ar an saol a bhí caite aici. Saol amú a bhí ann, saol uaigneach cráite gan tionchar dearfach ar bith ar rud ar bith. Caite aici in umar na haimléise, cé is moite de charn blianta ar an drabhlás. An cheist tromchúiseach a goideadh coladh na hoíche uaithi: an fiú é ar fad? Bhí sé léite aici le déanaí gur tabhartas é an saol a bhronntar gan ceist a chur agus ba chóir go mbeadh an saoirse ag duine tabhartas den chineál sin a thabhairt ar ais. Ba hipitéis é a ndeachaigh go mór i bhfeidhm uirthi. Níl a fhios aici cén t-am é ach is cuma. Éiríonn sí suas go mall agus tugann sí an méid chips atá fágtha aici go hAlex, mar a déanadh sí go hiondúil ag í ag imeacht, agus gabhann sí slán leis. Tugann sí gach aon rud faoi dheara ar an turas chuig an ardaitheoir, istigh san ardaitheoir agus ar an 62


bpasáiste. Rudaí nach raibh tugtha faoi deara aice go dtí seo: pátrúin airithe ar an gcairpéid, dathanna ar an mballa. Mothaíonn sí beo beathach den chéad uair le fada an lá, íoróin a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Tosaíonn sí ag rá paidir, an t-aon Ghaeilge a labhair sí le fada an lá. Cuireann sí a cárta sa doras, brúnn sí an doras agus dúnann sé le cnag. Lasann sí an solas. Baineann sí di a bróga. Scríobhann sé nóta ar phíosa páipéar. Cuireann sí ar dhoras an tseomra fholca é. Gabhann sí blas an aeir. Téann sí isteach sa seomra folctha, dúnann sí an doras ach ní chuireann sí faoi ghlas é. Do not enter, call 911.

63


Dorchadas zelda quilligan Maidin álainn gheal a bhí ann, an ghrian ag silleadh isteach tríd na sé fhuinneog arda sa stiúideo cleachtadh mór leathan. Bhí na damhsóirí bailithe ann ag iarraidh iad féin a shíneadh amach, na géaga anseo is ansiúd ag ullmhú don rang traenála. Ba dhamhsóir gairmiúil í Anna sa Chompántas Náisiúnta i mBaile Átha Cliatha. Bhí Anna sé bliana déag nuair a thosaigh sí ar an ollscoil tar éis di an Ardteist a bhaint amach. Bhí sí ann ar feadh bliana agus i ndáiríre chaith sí an chuid is mó den am thíos sa Chumann Drámaíochta ag glacadh páirt mar dhamhsóir agus aisteoir sa drámaí agus ceoldrámaí a bhí ar siúl ann. Bhí sí fós ag traenáil mar dhamhsóir ag an am sin agus nuair a fuair sí deis priontaisíochta i gcompántas sa chathair sciob sí an seans agus d’fhág sí an staidéar, cé nach mórán staidéir a bhí i gceist agus thosaigh sí ag damhsa go lánaimseartha. Bhí idir stíl clasaiceach agus nua-aimseartha á fhoghlaim aici sa chompántas taobh le damhsóirí gairmiúla. An chuid is mó den am bhí sí páirteach sa corps de ballet. An rud ba thábhachtaí faoi seo ná go raibh uirthi a bheith díreach mar an gcéanna le gach damhsóir eile sa líne, sé sin an aghaidh sínte ar an leibhéal céanna, na cosa chomh h-ard le gach éinne eile agus ag dul sa treo céanna duit ionas nach mbeadh an lucht féachana in ann idirdhealú a 64


dhéanamh idir aon damhsóir. Bhí uirthi fuaim agus rithim an cheoil a chloisteáil agus bogadh díreach in am leis an ngrúpa iomlán. Séasúr amháin tháinigcoragrafaí go dtí an compántas ó Mheiriceá. Ba Ghiúdach í agus ba é scéal na nGiúdach a bhí mar ábhar aici don damhsa a chum sí. Thug sí an phríomhpháirt d’Anna toisc go raibh cuma leochaileach uirthi agus ba é sin an tréith a bhí sí ag lorg don damhsa áirithe sin. Ba ise an t-aon cailín amháin a bhí sa damhsa maraon le cúigear buachaillí. Bhí sí íseal agus is dócha go ndeachaigh an contrárthacht seo i bhfeidhm go mór ar an bpíosa damhsa agus í ag siúl ar ghualainne na mbuachaillí. Maidin amháin, tar éis an rang damhsa, tháinig an stiúrthóir isteach sa stiúideo. ‘Tá an compántas chun léiriú a chur ar siúl sa tuaisceart i gceann míosa,’ a deir sé. Bhí eagla an domhain ar na damhsóirí mar bhí a fhios acu go raibh cogadh ar siúl ann. Ba Shasanaigh roinnt mhaith do na damhsóirí agus níor theastaigh uatha dul ann ar chor ar bith. I rith an sosa, bhíodar go léir bailithe le chéile i ngrúpaí ag caint faoin nuacht seo. Bhí Anna ann i ngrúpa leis na damhsóirí Éireannacha. Cé go raibh faitíos orthu dul ann, bhí sé saghas íorónta mar bhí cogadh ann sa stiúideo cheana féin faoi pháirteanna dhamhsa idir an dream Éireannach agus an dream Sasanach. Ba é an cogadh céanna é ach in áit eile, dar leo!

65


Tháinig an lá chun dul agus bhíodar go léir bailithe ag an stáisiún traenach i mBaile Átha Cliatha. An rud a thug Anna faoi deara ná go raibh an dá náisiún scartha óna chéile níos mó ná mar a bhí roimhe sin. Tharraing an traein amach ón stáisiún agus thosaíodar ar a slí suas. Tar éis timpeall uair an chloig, stop an traein agus tháinig saighdiúir isteach sa traein le gunnaí sna pócaí acu. Bhí na damhsóirí go léir ag crith le heagla mar ní fhacadar riamh a leithéid chomh garr dóibh. Shiúil na saighdiúirí go mall tríd an traein ag lorg pas gach éinne. Thaispeáin na damhsóirí go léir a gcuid pasanna dóibh agus d’imigh na saighdiúir leo as an traein. Faoi dheireadh shroicheadar Béal Feirste agus shocraigh siad isteach ina dtithe éagsúla. An mhaidin dar gcionn bhí Anna amuigh ag siúl le triúr damhsóirí Éireannacha roimh dul chuig an gcleachtadh san amharclann. Bhíodar chomh galánta, beirt acu le gruaig fhionn agus an bheirt eile dorcha, a ndroim chomh díreach le cruach. Bhíodar ag gáire agus ag baint taitnimh as an áit nua. Tháinig siad chuig deireadh na sráide, áit a raibh ceithre chúinne ag teacht le chéile, saighdiúir amháin i ngach ceann dóibh agus gunnaí taobh leo. Nuair a chonaic siad na damhsóirí ag teacht chucu dhírigh na saighdiúirí na gunnaí ina dtreo ag déanamh crois dóibh in aon ghluaiseacht amháin. Stad na damhsóirí amhail is go raibh a gcosa greamaithe ar an dtalamh. Chuaigh cúpla soicind thart agus ansin d’ardaigh na saighdiúirí na gunnaí thuas sa spéir agus phléasc siad amach ag gáire. Ní raibh siad ach ag magadh. 66


Bhí croíthe na gcailíní ag bualadh go tapaigh. D’iompaíodar ó ghlór an gháire agus thosaigh siad ag rith go dtí go raibh doras na hamharclainne aimsithe amach acu. D’oscail Anna doras an stáitse agus tháinig an boladh áirithe chuici, boladh an stáitse. Shuigh sí síos sa seomra gléasta agus chas sí a haghaidh ar an scáthán. Thóg sí a cuid smididh ar fad amach as a mála agus thosaigh a hanál ag éirí níos shuaimhní agus í ag dathú í féin go mall réidh. Chuir sí a culaith álainn uirthi agus d’imigh sí leis na cailíní eile chun seasamh ar thaobh na stáitse ag fanacht go dtosódh an cleachtadh gléasta. Mhothaigh sí na soilse á múchadh agus thaitin an nóiméad sin go mór léi, an nóiméad speisialta príobháideach roimh dul amach ar an stáitse. Nuair a bhí sé go hiomlán dorcha, mhothaigh sí anála an fhir stáitse ina cluasa, ‘Cén fáth an bhfuil sibh anseo? Ba cheart díobh imeacht libh abhaile agus ar ais chuig an áit as a dtáinig sibh,’ arsa seisean. Go tobann, chuala sí an ceol ag tosú agus rith sí amach ar an stáitse ar nós na gaoithe. Cé go raibh sí ar an stáitse, bhí a haigne i bhfad bhfad óna corp. Chaith ceann do na damhsóirí thuas ar a ghualainn í agus thosaigh sí ag siúl ó ghualainn go gualainn, na soilse ag lonradh ar a haghaidh. Bhí cumha an domhain uirthi agus ag an nóiméad seo mhothaigh sí go hiomlán aonarach agus nochta sa dorchadas as a dtáinig sí. Tar éis an cleachtadh d’imíodar abhaile go dtí na tithe agus bhí Anna bocht ag crith istigh ina cnámha fós. An lá ina dhiaidh sin bhí sí chomh himníoch agus í ag teacht isteach san amharclann. Bhí sí ag iarraidh aithne a chur ar 67


ghuthanna na bhfear stáitse chun a fháil amach cé a dúirt na focail sin léi sa dorchadas. Bhí na fir stáitse gléasta i gcultacha dorcha ionas nach bhfeicfeá iad ag obair ar an stáitse. Ní raibh ach a n-aghaidh agus a lámha le feiceáil. Thosaigh an rang cleachtadh ar an stáitse agus chuir Anna an eachtra amach as a hintinn. Chuaigh sí chun í féin a ullmhú don léiriú agus tháinig sí ar ais go taobh na stáitse ag fanacht arís. Mhúch na soilsí ach ní dúirt éinne faic léi. Chaitheadar seachtain san amharclann ag glacadh páirte sna léirithe. Bhí na buachaillí stáitse cairdiúil go leor faoi dheireadh na seachtaine agus bhí gach éinne ann ag an bhféile ag an deireadh. D’imigh an compántas ar ais go Baile Átha Cliatha ar an traein. Tháinig na saighdiúirí ar an traein mar a dhein siad cheana féin ach ní raibh an méid sin faitíos ar na damhsóirí an uair seo. B’in an tslí ina raibh sé sa tréimhse sin. Nuair a shroicheadar Baile Átha Cliatha bhí an stiúrthóir ann ag fanacht orthu. Bhí paicéad airgid aige do gach éinne dóibh istigh i gclúdaigh donn. Bhí an chamchuairt thart. Amach leo ar an tsráid agus mhothaíodar an ghaoth úr ar a gcraiceann agus an fhuil ag téamh ina gcuid corpanna. Thosaíodar go léir ag rith agus ag rith. A haon, a dó, a trí agus léim siad in airde ar aon ghuth, na cosa sínte amach agus a gcorpanna ag eitilt san aer. Tháinig a deich an chloig ar an Luan dar gcionn agus bhuail an pianódóir isteach sa stiúideo. Bhí an máistir 68


damhsa ag tabhairt amach céimeanna don chéad cleachtadh dóibh. Shuigh an pianódóir síos thug sí ceithre bhuille ceoil dóibh agus síos sa ‘plié’ leo go léir.

69


Longbháite ciara heneghan Ag siúl abhaile sa dorchadas. Fiche nóiméad ag siúl anois, fiche le dul. Rinne Pól dearmad a rothar a fháil ó champas roimh mheánoíche agus níor lig do na gardaí slándála isteach é i ndiaidh. Bastards. Ba fucking shit night é chomh maith. Thug sé cic do bhuidéal coke oscáilte a bhí ar an talamh agus chuaigh sé ag rothlú go foréigneach. Bhí sé leath-folamh agus tháinig sruth cúir amach uaidh. Sheacain Pól an leacht agus lean sé ag siúl. Oíche Dé Céadaoin a bhí ann. Ní raibh sé ar intinn aige dul amach níos luaithe ach chuadar chuig an Pav tar éis léacht ag a 6 agus ansin cén rogha a bhí aige? Suite ar bhinse taobh amuigh, a anáil le feiceáil sa bhfuacht, bhí air canna nó dhó a cheannach chun a theocht a ardú. Chuadar ansin go MacTurcails mar le cúpla canna istigh, cén fáth nach leanfá ar aghaidh leis? Céard eile a bhí le déanamh? Ar aon nós ní raibh sé ag iarraidh dul abhaile ag an am. Eisean amháin a bhí fágtha sa teach anois, lena thuismitheoirí. Bhí a dheartháireacha Chris agus Oisín, dhá thrian den chlann, imithe ar imirce le dhá bhliain anuas. Chris i gCeanada, innealtóir a bhí ann. Mheas Pól go raibh saol an mhadra bháin aige. Céad sa chlann, chuile rud nua aige agus é ag fás suas, sa choláiste nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime, agus anois cónaí air in Vancouver, áit a raibh an ghrian sa samhradh agus sneachta ar na sléibhte sa gheimhreadh. Chuaigh sé ag sciáil ag an deireadh 70


seachtaine. Chonaic Pól na ghrianghraif ar Facebook. Agus an ghrian sa samhradh! Chuimhnigh Pól ar seanjóc a mbíodh ag a athair agus a uncail tráth. A athar, “Cathain atá an samhradh in Éirinn?”. A uncal, “Oh measaim ar an Máirt i mbliana.” Gáire ansin, as gach duine sa teach tábhairne. Ach amháin b’fhéidir na páistí a bhí leadrán orthu a bheith ag ithe Tayto agus ag suí timpeall i díthe ag éisteacht leis an bháisteach. Ag cuimhneamh air sin bhí éad ar Pól ar Oisín chomh maith, a bhí in a altra san Astráil. Chuaigh sé ag tonnmharcaíocht tar éis na hoibre. Bíonn sé fós geall san Astráil ag an am sin. Nuair a chloiseann tú an focal fiú “An Astráil”, samhlaíonn tú an ghrian, an trá agus na cailíní teo ó Neighbours. Geal. Saoirse. Spraoi. Agus céard faoi “Éire”? Chonaic Pól spéir dhlúth, dhubh mar an gceann a bhí thar agus é ag siúl, shamhlaigh sé scamaill, agus mothúcháin crapallach d’ísleachta. Chuile uair a rinne éinne as Éireann tada bhí gach duine chomh sásta faoi, ar nós go raibh ionadh an domhain orthu. Ar nós go raibh míchumais ar an tír go léir agus nach iontach go raibh sí in ann duine eile amháin le buanna a chruthú? Gan ghrian, gan teocht, gan saoirse. Nuair a cloistear an focal “Éire” feiceann tú cruachás, séipéil, agus alcól. An Gorta Mór. Bloody Sunday. 1916 agus an díomá a lean. Ní raibh an chuma ar an scéal go raibh Chris nó Oisín míshásta. Ar airigh siad uaidh Éire ar chor ar bith? Ar airíonn éinne uaidh Éire, an áit, nó an é na daoine? Nó an bhfuil aon difríocht eatarthu, mar is é na daoine a dhéanann an áit? Bhí frustrachas ar Phól lena chuid smaointe. Cheap sé, uaireanta, go raibh rud éigin le rá aige, gur thuig sé rudaí go maith, ach 71


ní raibh sé raibh cinnte gur thuig sé maith go leor é chun aon rud a dhéanamh leis. Céard le déanamh? Bhuel sin rud nár labhair siad faoi an oíche ar fad agus iad ag ól. Labhair siad óna 6 go dtí a haon ar maidin agus ní raibh tada ráite san am sin. B’iad ‘na leaids’, a chairde is fearr ar domhan a bhí amuigh leis. Cairde ón mbunscoil. Bhí siad uilig ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar aistí, ar thráchtais agus ar an ollscoil i gcoitianta, is dócha, mar b’é peil, cailíní agus ní mórán eile a labhair siad faoi. Ag déanamh neamhaird ar an todhchaí a bhí ag druidim orthu le luas. Tháinig smaointe faoin todhchaí isteach go hintinn Phóil go ciúin san oíche agus is iomaí uair a bhí caite aige ina dhúiseacht mar thoradh air. Ach anois, agus é ar meisce, ag siúl san oíche chiúin, níor lig sé na smaointe sin sealbh a ghlacadh ar a intinn. Agus bhí sé dóchasach go mbeadh sé tuirseach go leor agus súgach go leor dul a chodladh láithreach faoin am a shroich sé an baile. Rugadh Pól 5 bliana i ndiaidh Oisín agus mar sin b’eisean an leanbh sa teach i gcónaí. Bhí sé sásta ag fás aníos, níor chuir éinne lámh nó méar air sa bhunscoil toisc go raibh deartháireacha móra aige agus b'shin conas a bhí an córas. Anois, iad imithe, ní raibh aige ach máthair agus athair nach raibh in ann caint a thuilleadh, lena chéile nó leis. Chaith a Dhaid níos mó ama sa teach tábhairne ná ariamh, ag dul ann díreach ón obair agus ag sroicheadh abhaile leath ina chodladh. Bhí Thoreau léite ag Pól agus i gcónaí d’fhill abairt amháin chuige nuair a chonaic sé a athair mar sin. “The mass of men lead lives of quiet desperation.” Bhí eagla ar Phól go 72


mbeadh sé mar sin lá amháin. A bhradán beatha imithe uaidh, ag maireachtáil ach ní beo. Bhí a mháthair mar an gcéanna ach í sa bhaile ag slogadh siar fíon i lár an lae. ‘Empty nest syndrome’ aici anois agus ina theannta sin, a post páirtaimsire caillte aici sa chúlú. Is iomaí uair a mbíodh sí ag rá go mba cheart go mbeadh sí ina seanmháthair faoin am seo, go mba cheart go mbeadh sí gnóthach lena clann mac. Bhí trua ag Pól di. Truamhéalach a bhí sí, an bhean ghrámhar, ghreannmhar sin a bhí chomh láidir, bríomhar agus é ag fás aníos. Níor thaitin sé leis trua a mhothú dá thuismitheoirí féin agus bhí sé ag filleadh abhaile níos déanaí na laethanta seo. Shiúil sé trí lána beag chun deich nóiméad a bhaint ón aistear agus laistigh bhí sé chomh dorcha nach raibh sé in ann cúig slat roimhe a fheiceáil. Bhí faoiseamh air nuair a chonaic sé solas an taoibh eile. Sodar éasca go dtí a theach anois. Ach ní raibh fonn reatha air. Bhí an t-aer fuar nimhneach agus bhí an iomarca óil istigh, mar is gnáth. I gcónaí d’ól sé an iomarca leis na leaids. Ní raibh sé compordach ina dtimpeall go dtí go raibh sé deich euro istigh, chun an fhírinne a rá. Ach níor lig sé dó féin na rudaí sin a rá. Ní os aird. Ní go dtí go raibh sé ina aonar, é dorcha ina thimpeall, é ar meisce agus gan a bheith in ann an fhírinne a sheachaint. Thuig Pól nach raibh sé compordach ina dtimpeall mar cheap sé gur amadáin a bhí iontu. Ach is duine an-uaigneach é atá gan cara ar bith, agus nach bhfuil sé níos fearr grúpa ‘leaids’ a bheith agat ná a bheith i d’aonar? Nuair a dúirt sé an focal ‘leaids’ chuala sé na huaschamóga. 73


Sin an fhadhb. Sin an fhadhb. Thomhais sé an raibh an triúr acu sásta. Bheadh Ruairí ceart go leor, ba eisean an ceann is cliste dar le Pól. Cinnte, líon sé a pháirt, charming ladies man, comic stand up, cara le chuile dhuine. “Tá tú craiceáilte a Ruairí!” a déarfadh cailíní le gáire. “Tá Ruairí as a mheabhair!” dearfach na buachaillí. Bhí Pól ag iarraidh smack a thabhairt dóibh. Nach bhfaca siad go raibh Rauirí 100% neamhchraiceáilte? Go raibh a aistí déanta go ciúin aige, in am? Go raibh sé ag eirí go maith leis ina chúrsa? Go raibh post páirtaimsire aige agus (mar a chonaic Pól é) go raibh plean aige. Mar chuid den phlean sin bhí Raurí ag iarraidh go mbeadh spraoi aige. Agus toisc go raibh sé chomh cliste agus go raibh gach duine chomh fucking leadránach, go raibh air a spraoi féin a chruthú? Bhí Ruairí greannmhar toisc nach raibh éinne eile ag rá aon rud suimiúil. Bhí sé glórmhar toisc go raibh a fhios aige conas a oibríonn daoine. Bhí sé sásta ‘shift and drift’ timpeall an choláiste mar chaith sé go leor ama ag staidéar agus bhí sé, mar a déarfadh máthair Phóil, ‘focused’. Ní raibh dabht ar bith in intinn Sheáin go mbeadh post maith, bean chéile álainn agus saol deas ag Rauirí amach anseo. Ansin bhí Brian. Uaireanta bhí Brian chomh hamaideach nár chreid Pól go raibh sé in institiúid tríú leibhéal. Rinne sé staidéar ar an eolaíocht agus ní raibh Pól in ann é a shamhlú i bpost ar bith seachas b’fhéidir a bheith ina mhúinteoir meánscoile agus bheadh Brian ceart go leor leis sin. Bhí sé i gcónaí ceart go leor le rudaí. Tharla rudaí dó agus 74


ní dhearna sé tada. Nach raibh ‘frithluail’ mar ceann de na Seven Signs of Life? Nach raibh. Chaith Brian éadaí leadránach, briste géine a bhfeicfeá ar sheanfhear, t-léinte le ‘habairtí greannmhaire’ orthu. Shuigh sé ós comhair Pól anocht ag slogadh siar ceirtlise le meangadh gáire ar a aghaidh agus ‘If found please return to the pub’ scríofa ar a bholg. B’é an cineál duine atá i gcónaí ag rá “ah sure feck it” nó “few cans, be grand”. Fuarchúis inbhraite. Níl aon amhlaidh nach raibh na Seven Signs of Life uilig aige mar ní raibh sé living in aon bhrí den fhocal, ach é simply existing. B’aoibhinn leis a Xbox agus Peil Sasanach agus chaith sé bróga mífhasainta. Muna thuig daoine an difríocht idir Brian agus Ruairí óna n-iompar, bhí slat tomhais eile a bhí soiléir do Phól -na mná a fuair siad. Nuair a phóg Ruairí cailín ní raibh ionadh ar éinne agus bhíodh an cailín sásta súigh leis an oíche ar fad. Ach nuair a fuair Brian cailín ba scéal difriúil é. Ba scéal greann é. “GOA tá Brian ag scóráil Kate!” a déarfadh duine agus, cinnte, bheadh Brian i gcúinne an chóisir nó ar an tolg sa chlub, cailín dlúth ar a chorp, í craptha i dtreo amháin de ghnáth, a ceann ag bogadh le rithim a theanga ina béal. Is cuimhin le Pól oíche amháin sa darna bliain nua a phóg Brian cailín agus chuaigh sí abhaile leis. Brian ina sheasamh in aice léi sa chipper. Easpa cainte eatarthu. An ciúnas, a thiarcais! Cheannaigh Brian burger, chlúdaigh sé le hanlann é agus d’ith sé go gasta é. D’fhán an cailín air. Ní dúirt Pól mórán ach níor labhair Brian ar chor ar bith. D’imigh siad agus Brian fós ag cogadh a phlaic deireanach den bhurger. D’fhéach Pól orthu trín fhuinneog ag siúl suas an bóthar, 75


lámh amscaí Bhrian ag dul timpeall a coim. B’fhearr le Pól dul abhaile ina aonar in ionad an cineál caidreamh sin a bheith aige. Bhí a theach sroichte aige faoi dheireadh. Chuir sé a eochair sa ghlas, chas sé é agus bhrúigh sé ar an doras. Taobh istigh bhí an t-aer difriúil. Níos boige, níos séimhe. Dhún sé an doras go ciúin mar a mbeadh sé ag cur séala ar an bhfolús laistigh. Chuala sé a Dhaid ag srannadh ón tolg, doras an tseomra suí leath ar oscailt. Bhrúigh Pól air go mall agus d’oscail sé. Bhí soilse gorma na teilifíse ag damhsa ar na ballaí agus an chuma ar an seomra go raibh sé faoin uisce. Bhreathnaigh sé ar a Dhaid, é cromtha ar a chathaoir láimhe, a shúile dúnta. Ag breathnú níos sine le chuile lá. Chuir sé longbhá in iúl do Phól, leis an miotal ag éirigh meirgeach, gan éinne in ann é a stopadh. Chas sé agus d’ardaigh sé na staighre. Bhí sé tuirseach.

76


Binneas an imris caitlín nic íomhair D'ascaill mo dhion-sa feasta. Gairim do chorp. Comharsanaigh liom do dhá shine, gairdín liom an toirtín gruaige ó d'imleacán síos, mo theas lárnach d'uchtsa. Ceapann tú gur ag magadh atá mé – ag suirí, nó ag iarraidh a bheith cute le dóchas go bhfanfaidh tú faoi choinne bricfeasta agus go mbeidh muid Le Chéile. An bhfuil meangadh gáire ar mo bhéal, a stócaigh? Cuirimis fios ar na húdaráis láithreach. Caithfear mo sheoladh úr a chur ar an chlár vótála: An tUasal Saoirse Níc Giolla Eoin Ascaill deas Shéamuis Séamus Éire Post No Bills. Is beag a shíl mé nuair a chuir tú glas ar mo dhoras-sa inné go mbeinn cuachta faoi d'ascaill inniu. Tá sé slachtmhar go leor mar chorp, bail ó Dhia ort, ach beidh orainn lorg d'iartíonónta a ruaigeadh go beo, leadhb bheag vearnaise b'fhéidir, bailchríoch bhaineann mar a déarfá. Ní thuigim do chuid seifte fós. Nuair a labhraíonn tú, caitheann an creathadh trí d'ucht splancacha crithreacha síos clár mo dhroma agus is é tondath do ghutha a choinnigh ón 77


chamán faoi mo leaba mé aréir, ach tá tú sprionlaithe le do chuid focal. Ach más fánach iad na focail is le húdarás a scaoileann tú uait iad. Tá Gaeilge álainn agat ach níl mé i do dhiaidh air sin. Ní thuigim do chuid seifte fós. Tá mo chuid seifte féin agam. 'Chan ag imeacht atá mé, a chuid.' B'in a dúirt tú. Chomh lom simplí sin is go bhfuil iontas orm nár thriall éinne eile é go fóill. Amhail robáil bainc ar an tseandéanamh, gan seift ná gaiscíocht: 'tabhair domh a bhfuil agat, le do thoil.' Sos. Meangadh beag béasach. D'oibrigh sé. Shíl mé go raibh mé réidh duit nuair a shochraigh muid an... choinne. B'annamh a leithéid agam – bean chiúin mé, bean leadránach, tada speisialta fúm cé is moite de mo chuid Tiramisù atá ar an Tiramisù vegan is fearr dá bhfaighidh tú sna sé chontae. Caithim mo phríobháideacht fhíochmhar ar mo bhrollach, chomh feiceálach is atá na sprochaillí bia; snámhann boladh an drogaill uaim amhail boladh seanleabhair. Ach le giota ama agus ruainne beag deamhéine, thig liom slacht a chur orm féin is ar an phraiseach de theach seo. Múineadh go paiteanta domh é nuair a bhí mé níos óige. “Ní gá gothaí gealgháireacha a chur ort féin muna bhfuil a leithéid ionat, a chroí” a dúirt mo mhuintir liom go cneasta céasta, “ach ná déan méanfach agus daoine eile ag caint, agus ná seas ag an doras nuair atá tú bréan dá gcuideachta. Ná bí cruálach leo.” Fós féin, bhraith mé gur cineál catha a bheadh sa 78


choinne seo, agus - murab ionann agus ár gcéad liason, báite go craiceann ag stad an bhus - bhí mé réidh duit. Chaith mé tamall ag obair ar an fhlaithiúlacht staidéartha cheilteach seo. Shaothraigh mé fáilte snasta bhagrach go dúthrachtach; tháinig tógáil teorainneacha idir mé agus codladh na hoíche. Scuab mé na buidéil fholamha faoin tolg, nigh mé an tábla, chuir na plátaí salacha ar ais sa chófra agus ruaig na riteoga pollta ó urlár an tseomra folctha. Bhí an teach ag cur thar maoil le deabhéas agus mhothaigh mé slán ann. Nuair a tháinig tú faoi dheireadh, leathuair a chloig mall gan leithscéal ná aiféala, chuir mé fáilte Uí Cheallaigh romhat and then some. Ní raibh seamsán asam ainneoin mo dheargfhuatha ar strambánaíthe, ná níor scaoil mé le hoiread agus méanfach amháin cé gur uafásach an seanchaí tú. Níl tú cainteach, a bhuí le Dia, ach tá do chiúnas ciotach. Foghlaimeoidh tú. Caithfidh ciúnas a shaothrú. Admhaím gur chaill mé mo bhéasa i dtreo an deiridh, rud beag, ach bheadh ort imeacht luath nó mall, nó b'in a shíl mé. Bhí an buidéal fíona nach mór diúgtha againn agus bhí mé ag tnúth leis an ghloine dheireanach a thabhairt chun leapa liom mar dheachú mo fhlaithiúlachta. Chaith mé siar a raibh fanta i mo ghloine agus sheas le do chóta a bhailiú. D'fhan tú i do shuí. Meangadh beag gáire. D'amharc tú ar bhéal do ghloine. Mac an daba ag damhsa ar a bruach. Thug chuig do bheola í, cé folamh, agus shín do leathláimh i dtreo an bhuidéil. Sciathán gan chaithir. Líon tú mo cheannsa ar dtús: “Chan ag imeacht atá mé, a chuid”. 79


“Ó”, ar mé, agus d'ól bolgam eile. * Níor thaitin tú liom ar dtús báire. Níor thaitin in aon chor. Shíl mé go raibh splanc i gceist le grá, aithint éigin i súile an duine eile go raibh do leath eile aimsithe agat, nó amaidí éigin mar sin. Tá sé sna húrscéalta ar fad. D'éist mé go grinn le dóchas go gcluinfinn do bholg ag rumbláil, drumadóireacht na baistí mar thionlacan le ceol do choirp sraoth, fiú amháin, nó boladh éigin uait. Cumarsáid de shaghas, comhbhuille ár gcroíthe faoi phocléimeanna na fearthainne ar do scáth. Ach bhí an iomarca gleo ag stad an bhus, nó bhí do chorp ina thost, idir dhá chomhairle cé acu ionsaí nó cúlaí a dtabharfadh sé faoi. Tá tú ard, leis, agus éalaíonn do chuid pheremones leo i dtreo na síleála - murach díon an scáth fearthainne bheadh an splanc leictreach sin eadrainn tite chun urláir ina shop tais, chomh coimhthíoch le toitín strainséara. Ní raibh barúil agam go dtí gur luigh mé i do bhaclainn cén bholadh a bhí ort, cén dath a bhí ar mhullach do chinn. Anois agus an fhios sin agam, ní scaoilfidh mé leat. Bheadh orm é a dhearmadadh agus a athfhoghlaim i mbaclainn éigin eile. Ní raibh splanc ná aithint ná fiosracht féin i gceist nuair a leag mé súil ort i gcéaduair le linn na díle ag stad préachta an bhus. Iarracht de chantal, b'fhéidir. Ní fhaca mé mórán seachas an chulaith theolaí agus an scáth fearthainne; ba leor sin le holc a chur orm agus éad. Caithfidh go bhfaca tusa praiseach de ghruaig bháite fhián, dye ag síleadh síos clár éadan rómhór, fáinne i mo shrón amhail tairbh. Éadaí 80


sheanmhuinteor scoile agus iarracht de tharcaisne ar mo bheola nach n-éiríonn liom a ruaigeadh fiú ag sochraidí agus agallaimh poist, nó le linn póige. Seans go bhfaca tú dúshlán ach ní cheapfainn é – tá seana-chur-amach agam ar do leithéid. Boc gustalach gnó den tsóirt is sotalaí, aghaidh bhábánta agus lámha bána, é róscaoilte leis na baill céanna. Sóirt boic a chuireann forrán ar mhná aonar ag stad an bhus agus a brúnn chun tosaigh sa scuaine má theipeann air, nó a athraíonn a fháinne pósta ó shisile go colgóg nuair a shroicheann sé tairseach an tí tábhairne. An maithim duit an mianach sin anois, ó thaitníonn tú liom? An maithim duit do ghustal, ó roinneann tú liom é? Deir guth gluair ionam gur cóir cogadh a fhearadh ar thalamh shlán seo mo leapa, ach b'fhearr i bhfad liom bricfeasta. In ionad troda, pléimis an scéal i ngaistí guagacha thar chaife láidir agus arán dóite prátaí. Déanfaidh mé comhartha ceiste de mo cholainnse agus freagróidh do dhreach an bheocheist : cé againn a athraíonn, os aonfheoil anois muid? Tá an cath seo ar na bacainn le fada. Tá mé i mbun traenála ó bhí mé sna déaga, ag foghlaim liom faoi thiopaí agus deasghnátha agus pianta an tsaoil. Tháinig mé slán ó dhéideadh, ón mheánscoil agus ó phianta míosúil, cé nár chreid mé lena linn go dtiocfadh. D'fhoghlaim mé gan bacadh le fir bheadaí, aistí bia, ná mná nach ndéanann gáire. D'fhoghlaim, ach go háirithe, fúibhse, fir shotail. Is binn liom, ar bhealach, an deireadh deas ciorclach seo; gur fear do leithéidse fear mo dhiongbhála. Cad é a deir sé fúmsa go 81


bhfuil mé meallta ag an saghas fir atá á mhallú agam le blianta? An boc a labhraíonn in ard a ghutha ar a ghuthán ar traein plódaithe fad is atá a chuid uillinneacha ag tabhairt sáiteán do mo chuid easnacha ina aice, muid i mbun catha faoi choinne an armrest beag eadrainn. Slíomadóir a sheasann chun tosaigh ag an bheár nuair IS É MO SHEALSA É, MALLACHT DÉ ORT, agus a chuimlíonn mo thóin mar coup de grâce agus é ag breith leis cibé beoir ardnósach atá i bhfaisean faoi láthair. Cén bhrí ach gur shíl mé gur ag lorg do mhalairte a bhí mé... Ar a laghad beidh píosa spraoi againn. Ruaigfidh tú na damháin alla ó m'fhallaing sheomra go cróga agus cothóidh mé tú go dtí go bpléascann do chroí le farasbarr grá nó geire. Geir, cheapfainn. *** Gairim tú, agus cuirim i do choinne feasta. Ceiltí comhraic muid. I mo bhlaosc amháin a fuair mé mo chuid féin ar aist ar do leithéid go dtí seo – agus fuíoll. Cuid de spórt de shaol na cathrach é boic mhóra a aithint agus a mhaslú go healaíonta faoi d'anáil: Chugainn fear na nglasraí Lidl i málaí Marks and Spencer. [Gaire beag inmheánach.] A choisíocht bacach i mbróga cúnga snásta. [Scigaithris chríochnúil.] Coiscéimeanna beadaí amhail is go raibh Éire féin agus a cuid báistí ag cur isteach ar a shofaisticiúlacht. [Tsssk ciúin tírghrách.] Cóta trom ollach, culaith bhreá, agus ollscáth fearthainne a sheolfadh bean bheag bhídeach as an chosán cúng ar fad ar 82


fad agus isteach i lár an bhóthair le hUlsterbus ag gluaiseacht anall chuici [Súil fhiata ghasta fhaitíosach ina threo.] Ba bhinne liom troid ná an méid a fhaighim ar aist ar mo shaothar go hiondúil - an sracfhéachaint síoraí damanta sin, súil teaspaigh ar mheascán é de thomhaltas luacha agus de ghramhas drúise. Tonn beag samhnais i mbolg agus i mbroinn. Amharcaim idir an dá shúil orthu agus déanaim an sneer ceannann céanna go dtí go bhfeicim an ghéarchéim fhéiniúlachta ag tuirlingt orthu ó na flaithis. Na créatúir. Tá deireadh leis sin ar fad anois, mo lúth is mo léan. Cha raibh a fhios agam go raibh cleas na teanga sáite chomh cumhachtach sin. Úsáidim go rialta í nuair a dhéanaim cúirtéis ar dhuine agus nach n-aithníonn siad é, ach is cosúil nach gcuireann sí sin puinn oilc ar na boic mhóra. Catnip na mboc chéanna í. Ar a laghad tá eachtra ghreannmhar le hathrá anois againn. Déanfaidh muid scéal cailleach an uafáis di ag ár mbainis; inseoidh muid do gach tábla sa phroinnteach í, ceann i ndiaidh cinn, greim sciatháin againn ar a chéile. Sórt double act muid feasta, an dtuigeann tú? “Sháigh sí a teanga amach orm agus chuir mé forrán uirthi. Thit muid i ngrá faoi dhídean mo scáth fearthainne.” “Shíl sé – fán go gcluinfidh tú é seo! - shíl sé go raibh mé ag suirí leis!”. Nach bocht an scéal é nuair is cuireadh chun leapa é mo rince treasach, mo dhíoltas beag féin ar bhoic mhóra an domhain? Ar a laghad is comhrac aonair feasta é, agus codlaíonn muid go sámh teolaí le linn an tsosa.

83


Rí an Uafáis caolán mac an aircinn Cailleadh an chéad chuid den taifead seo. Ní fios cén t-ainm atá ar an dochtúir ná ar an othar, ná cathain a rinneadh an taifead. DOCHTÚIR: “...agallamh ...ainm ná... [torann statach] ... ” DOCHTÚIR: “...tosóimid mar sin. Bhí post dea-íoctha, compordach agatsa mar phóilín i mBaile Átha Cliath.” OTHAR: “Is fíor sin.” DOCHTÚIR: “Agus anois tá tú anseo mar othar, i dteach na ngealt. Cén chaoi mar a tharla sin, an dóigh leat?” OTHAR: “Mharaigh mé mo bhean agus an ceathrar páistí a bhí agam le casúr.” DOCHTÚIR: “Mharaigh. Agus cén fáth a rinne tú sin?” OTHAR: “Len iad a shábháil.” DOCHTÚIR: “A shábháil uaidh cé?” OTHAR: “Ní thuigfeá.” DOCHTÚIR: “Beidh mé macánta leat: braithim go 84


gcabhróidh sé le do chás. Is tú ceann de na hothair is brúidiúla is foréigní dá bhfuil againn anseo, agus tá sé mar phost agamsa cabhrú leat. I mo thuairimse, cabhróidh sé le do chás go mór má scaoileann tú leis an bhficsean gur chabhraigh tú le do chlann trí iad a mharú.” OTHAR: “Ní ficsean é. Is masla é sin dom.” DOCHTÚIR: “ [go ciúin, leis an taifeadán]...Déanfaidh mé comhrá leis, agus iarracht an ficsean seo a scriosadh trí loighic. [os ard] An gcuirfeadh sé as duit dá ndearnamar imscrúdú ar do scéal... ar mhaithe le cabhrú leat, dár ndóigh.” OTHAR: “Chuirfeadh sé.” DOCHTÚIR: “Cén fáth?” OTHAR: “Níl sé cóir ortsa. Roinnt rudaí, is fearr gan iad a roinnt. Agus, mar a dúirt mé, ní thuigfeá.” DOCHTÚIR: “Truflais. Táim cliste go leor le d'scéal a thuiscint; is fear eolaíochta mé.” OTHAR: “Sin í an fhadhb.” DOCHTÚIR: “Le do thoil? Ar mhaithe leat fhéin?” OTHAR: “Rinne mé gach iarracht thú a chosaint. Ort fhéin atá aon locht. Bíodh sin mar atá... póilín, cigire sna Gardaí, a bhí ionam uair, mar a dúirt tú. Bhíothas ag póilíneacht le 85


fiche bliain anuas nuair a tháinig bean chugainn sa stáisiún.” DOCHTÚIR: “Cén chineál bean a bhí inti?” OTHAR: “B'eachtrannach ón Meán-Oirthear í. Cheapamar gur Moslamach a bhí inti, ach sheas sí air go mba cuid de reiligiún mionlaigh cumhachtach san Iaráic ise agus a fear céile.” DOCHTÚIR: “Cén gearán a bhí aici?” OTHAR: “Dúirt sí nár thaitin a creideamh nua léi agus gur chur a fear céile brú uirthi rudaí uafásacha a dhéanamh don reiligiún.” DOCHTÚIR: “Cén reiligiún a bhí i gceist?” OTHAR: “Ceann an-bheag ar fad darbh ainm an Chultas Buí; níl sé gaolta leis an Ioslamachas. Dúirt sí gur thóg a fear céile, arb Aisiriach é, isteach sa reiligiún í, agus gur inis sé dí go raibh an reiligiún seo ann roimh ar tháinig na Moslamaigh nó na Peirsigh nó fiú na hAcádaigh féin ag an Iaráic, 's go raibh sé le fáil ar fud an domhain, i measc dúchasaigh na hÉireann féin fiú. Mar a thuig mé é, chreid siad i gcine déithe ársa a mhair ar an domhan seo i bhfad roimh an chine daonna agus a bhí in ann seilbh a ghlacadh ar aigne ardshagairt an oird. Mar leabhar naofa, bhí leabhar darbh ainm Leabhar Dlíthe na Marbh, agus dráma ar a dtugtar An Rí Buí.”

86


DOCHTÚIR: “Céard a rinne tú?” OTHAR: “Chuimhnigh mé go ndúirt sí go raibh Éireannaigh sa chultas; de bharr sin, d'imigh mé i dteagmháil lena fear céile agus chuir mé ceist air an scaoilfeadh sé isteach sa reiligiúin mé. Ní chuimhin liom cén t-ainm a bhí air; Ismail, nó a leithéid sin. Dúirt sé nárbh a chinneadh a bhí ann, ach bhí aithne aige ar ard-shagart an chaibidil den reiligiúin i mBaile Átha Cliath, fear ón mBriotáin darbh ainm Yannou, agus go gcuirfeadh sé i dteagmháil liom é. Fuair mé glaoch guthán cúpla lá níos déanaí, a rá dá raibh mé ag iarraidh a bheith páirteach sa bhráithreachas seo, bheadh orm teacht ag an Sacraimint Gealaí, a bhí ar siúl le ceann seachtain. Bheadh orm mo bhean chéile a thógáil liom.” DOCHTÚIR: “Cad a tharla ansin?” Ciúnas ar an dtaifead. DOCHTÚIR: “D'fhiafraigh mé, cad a tharla ansin?” OTHAR: “B'fhearr liom gan labhairt faoi.” DOCHTÚIR: “Caithfidh tú, má tá tú le heirí níos fearr.” OTHAR: “Níl bealach ar bith go bhféadfainn eirí níos fearr. Chonaic mé an-iomarca.” DOCHTÚIR: “Inis dom.”

87


OTHAR: “Is gráin liom thú, a dhochtúir. Cé gur fear eolaíochta thú agus go bhfuil tú cliste, is amadán den chéad scoth thú. Tá tú díomasach, tá tú neamhbháúil, agus ní oireann tú do do phost. Tá an seans go n-éireoidh mé níos fearr faoi do chúram mionbheag. Ach fiú sin, ní chuirfeadh mé tríd eispéireas an oíche sin thú.” DOCHTÚIR: “Inis dom.” OTHAR: “Ort fhéin atá an locht mar sin.” +++Anáil fhada+++ OTHAR: “Bhí an cruinniú ar an (dáta bainte). D'imigh mé fhéin agus mo bhean. Bhí orainn mascanna a chaitheamh. Seomra mór a bhí ann, le pirimid chéimithe i lár an tseomra, ar a bhí rud ar ghlac mé leis gurb é an altóir é. Bhí an seomra pulctha le daoine, ó chúinne go cúinne. Bhí daoine ó gach cearn den domhan ann freisin, más fíor na teangacha; Éireannaigh cosúil liom fhéin, Sínigh, Indiaigh, Arabaigh, Afracaigh, Rúisigh, daoine ó Mheiriceá Theas, Éigiptigh, Gréagaigh, Seapánaigh, Aisiriaigh, Briotánaigh... Rinne mé comhrá le cúpla acu. An chuid is mó dóibh, bhí siad an-sásta go raibh mé ag teacht isteach ar an gcultas. Duine nó beirt, bhí comhbhrón acu dom. Ar uair an mheán-oíche, sheas fear suas ar an bpirimid i lár an chúinne. Bhí róbaí fada buí air agus an aghaidh fidil ba aistí dár chonaic mé riamh, an chuma air cosúil le craiceann briste dearg agus srón fada mar a bheadh soc ann agus súile lasracha. Dar le mo dhuine Ismail, b'in Yannou, an sagart Briotánach. Thóg sé amach 88


leabhar, An Rí Buí, agus thosaigh sé ag léamh na chéad acht. Níor thuig mé – ní raibh sé ait in aon bhealach, ní raibh ann ach dráma le triúr carachtair.” DOCHTÚIR: “Ní thuigim... cén baint atá ag seo le reiligiún...” OTHAR: “Nár dhúirt mé leat nach dtuigfeá? Ach thuig mé. Níl aon rud faoin gcéad acht atá ait. Mar a tharlaíonn, 'sé an codarsnacht idir normáltacht an chéad acht agus uafás an darna hacht ceann de na rudaí is measa...?” DOCHTÚIR: “Uafás? Cosúil le scannán uafáis, a bhfuil i gceist agat?” OTHAR: “Nár dhúirt mé leat? Ag deireadh an chéad acht, dhún an sagart leis an aghaidh fidil uafásach an leabhar agus dúirt sé: “A bhráithre 's a shiúireacha, tá fear anseo a bheadh mar dheartháir s'againne, a ghlacfadh le rúndiamhracha an Lucht Ársa, a chloisfeadh monabhair an Chine Mhóir san oíche ina bhrionglóidí, a ghlacfadh iad siúd a mhaireann faoin fharraige isteach ina theaghlach, agus a thugann é féin mar sclábhaí ag an Rí atá mar ábhar ár leabhar naofa. Len a chreideamh a léiriú dúinn, léifidh sé an darna Acht den Rí Buí dúinn.” DOCHTÚIR: “Ansin cad a tharla?” OTHAR: “Ní maith an rud é smaoineamh faoi. Is féidir leis thú a chloisteáil... fiú laistigh ded' chloigeann fhéin...” 89


DOCHTÚIR: “Cé? Caithfidh tú a insint dom, ar mhaithe leat fhéin.” OTHAR: “An Rí. Tharraing sé siombail orm...” DOCHTÚIR: “Cén siombail? Cá bhfuil sé? Bainfidh mé é. Tagaigí isteach – go tapaigh!” OTHAR: “Ná breathnaigh air!” +++bogadh; fuaim éadaí+++ DOCHTÚIR: “A Mhuire Mháthair... céard sa diabhal é sin?” OTHAR: “Dúirt sé liom, dúirt sé “Tá a fhios agam cén fáth a bhfuil tusa anseo,” agus ní fhéadfainn mo shúile a bhaint den mhasc sin a bhí á chaitheamh aige, agus... dúirt sé “Táim chun an uafás is mó ar domhan a léiriú duit...” DOCHTÚIR: “Siombail nó marc de chineál éigin... a thiarcais!” +++screadadh+++ DOCHTÚIR: “(leis an taifeadán) Tá an chuma air go... gur tháinig cuid den, ah... cuid den, ah, chraiceann uaidh géag an othair... ar a tarraingíodh marc i ndúch buí... tá sé agam i mo lámh anseo...”

90


OTHAR: “Leag síos é!” +++a thuile screadadh+++ DOCHTÚIR: “Tá an t-othar i ndroch-chaoi... ar fad... cá bhfuil na haltraí? Mallacht air!” +++bualadh doras+++ DOCHTÚIR: “(leis an taifeadán) Tá an doras greamaithe. Ní bhfios cad atá le déanamh agam. Tá buairt orm go n-éireoidh an t-othar contúirteach.” OTHAR: “Léigh mé an leabhar agus d'imigh sé isteach i mo chloigeann! Aon áit a bhfuil an marc, feiceann sé... a Thiarna, na rudaí a léigh mé sa leabhar sin... rudaí uafásach, rudaí lofa, rudaí fíor...” DOCHTÚIR: “(leis an taifeadán) Tá an chuma air go bhfuil siabhrán an fhir seo ceangailte leis an marc a bhfuarthas ar a chraiceann. Leis an siabhrán a scriosadh, tá mé chun an marc a tharraingt agus a léiriú dó nach bhfuil aon chumhacht aige. (os ard) Níl aon chumhacht ag an marc seo, an dtuigeann tú? Taispeánfaidh mé duit.” OTHAR: “...dúirt sé liom “Breathnaigh thart ort, bhain gach éinne eile a gcuid aghaidh fidil, nach ndéanfása an rud céanna?” agus rinne agus dúirt leis “Nach ndéanfaidh tú an rud céanna domsa?” agus dúirt sé... a mháthair... dúirt sé “Níl aon mhasc á chaitheamh agamsa.” Ba leis an fear sin an 91


aghaidh sin.” DOCHTÚIR: “Breathnaigh anseo. Tarraingeoidh mé an chomhartha. Féach, níl aon chumhacht aige.” OTHAR: “Ná déan! Beidh cumhacht aige ar d'intinn! Sin an fáth a mharaigh mé iad! Chonaic siad an comhartha, nach dtuigeann tú? Bhí seilbh ag an rud sin ar m'aigne agus bhí mé ag iarraidh iad a shábháil roimh go raibh smacht iomlán aige orm agus gur athraigh sé isteach i rud cosúil leis an mBriotánach sin mé... ná déan!” DOCHTÚIR: “Ní chreidim go bhfuil duine in ann seilbh a ghlacadh ar aigne dhuine eile.” +++sos; fuaim an dochtúir ag scríobh+++ OTHAR: “Ní duine é an Rí faoinar scríobhadh an dráma sin.” DOCHTÚIR: “Is fear eolaíochta mé. Ní chreidim ina leithéid de phleidhcíocht.” OTHAR: “Creid. 'Sé an fhírinne.” DOCHTÚIR: “(leis an dtaifeadán) Tá an othar seasta suas anois. Tá cuma dhifriúil air; i mo thuairimse, tá sé den tuairim go bhfuil an Ri seo i gceannas ar a aigne. Labhróidh mé leis. (os ard) B'fhearr duitse suí síos, a chara.” OTHAR: “Ar mhaithe liom fhéin?” 92


DOCHTÚIR: “Sin é go díreach.” OTHAR: “Is cuma sa tiuch liom faoin bpéist seo a bhfuil a chorp in úsáid agam.” DOCHTÚIR: “Ceapann tú gur tú an Rí Buí.” OTHAR: “Sin a cheapaim, go baileach.” DOCHTÚIR: “Bhuel, más tú an Rí, caithfidh go bhfuil cumhachtaí osnádúrtha agat? Léirigh dom iad!” OTHAR: “Níor mhaith leat sin. Bhí an cheart ag an bpéist faoi sin ar a laghad.” DOCHTÚIR: “Níl aon chumhachtaí agat, mar is iar-phóilín ó Bhaile Átha Cliath thú. Suí síos, anois láithreach!” OTHAR: “Ná bíodh orm thú a mharú.” DOCHTÚIR: “Mar a rinne tú le do bhean chéile agus do pháistí? Níl aon scanradh orm romhat... fan... (leis an taifeadán)... tá rud éigin ag tarlúint. Tá an othar... níl a fhios agam...” +++croitheadh le cloisteáil. Guthanna nach mbaineann leis an Othar ná an Dochtúir ag béicíl ó taobh thiar den doras. Búiríl, cosúil le ainmhí. Fuaim lacht ag sreabhadh+++

93


DOCHTÚIR: “Stop. Stop é! Ná déan! Le do thoil! Ná -” +++guth an Dochtúir ag screadadh. Fuaim ar nós gearradh feola. Stealladh lachta. Go tobann, stopann guth an Dochtúra ag screadadh.+++ RÍ: “Mar sin. Creidigí.” +++deireadh taifead+++

94


Ag Suí oisín mistéil Shuigh Colm ar an gcathaoir chrua, ag tabhairt aghaidhe ar na daoine mórthimpeall air. Bhí an áit thar a bheith gnóthach. Altraí agus dochtúirí ag rith thar bráid, fuadar an ospidéil le cloisteáil ó chuile bhealach. Bhreathnaigh sé ar chlé, i dtreo fear a bhí ag luí ar shínteán ar thaobh an phasáiste. Ní raibh corraí ar bith ón bhfear. Thosaigh Colm ag machnamh ar na hiliomad fáthanna go mbeadh an fear an luí go socair sa phasáiste, gan éinne ag tabhairt aire dó agus na céadta oibrí ag siúl thart gan fiú breathnú air. Sin rud a rinne Colm go minic nuair a bhí sé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar a chás féin: thosaigh sé ag breathnú mórthimpeall air agus ag iarraidh léimt isteach i saol dhuine eile. Bhí an fear óg go leor, b'fheidir sna fichidí fiú, a shíl Colm. Bhí a chorp crua ach taobh thiar den mheasc gáis a bhí ar a aghaidh, bhí a shúile ag bogadh ar nós na gaoithe – ag breathnú sall is anall, ar nós iora rua in amhras. Bhí eagla an domhain air, ach ní raibh modh ar bith aige é sin a shoiléiriú. De ghnáth, chabhródh Colm leis ar shlí amháin, nó ar shlí eile, ach inniu ní raibh fonn ar bith ar Cholm a chathaoir chrua a fhágáil. Bhí altra amháin feicthe ag Colm, a bhí ag dul anseo is ansiúd ar feadh an lae, ag labhairt go tromchúiseach le seanbhean síos an phasáiste. Ní raibh sé gearr go leor leis na focail a chloisteáil, ach nuair a stop an t-altra ag labhairt, tháinig sos ar an gcomhrá, go dtí gur phléasc an seanbhean 95


amach ag gol. Bhí an t-altra tuirseach gan dabht, bhí an méid sin soiléir óna súile boga. Ach bhí a fhios ag Colm óna thaithí féin go raibh sí cineálta gan teorann. Thóg sí lamhá an seanmhná ina lámha féin, agus shuí siad síos i suíocháin trasna ó Cholm. D'imigh an t-altra le huisce a fháil don bhean a bhí go hiomlán trína chéile. Ní raibh sí ach ag suí cúpla troigh os a chomhair. Chas a súile aosta ar shúile Choilm ar feadh breis is soicind; rinne sé iarracht aghaidh de chomhbhrón a dhéanamh ach ní raibh an fuinneamh, nó an ionracas aige é a dhéanamh. Bhí sé go hiomlán folmhaithe de mhothúcháin, mar a bheadh fásach tirim ar díth uisce. Bhris sé as an stánadh agus bhreathnaigh sé síos ar a chosa. Lean caoineadh an seanmhná. Bhí sé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh di chun í a chur ar a chompord, ach ní raibh an cur chuige sin aige inniu. Ní raibh ach rud amháin aige inniu. Agus don chuid eile dá shaol. Rud amháin. Duine amháin. Bhí aithne curtha ag Colm ar na carachtair éagsúla san ospidéal agus é sa dorchla ghruama sin le 36 uair a chloig anuas. 36 uair a chloig i ndorchla Bharda Naomh Iósaf. An é sin an méid? A shaol bun os cionn i 36 uair a chloig. Chas sé ar dheis agus chonaic sé an altra céanna ag filleadh. Bhí aghaidh séimh, bhrónach ar an altra, b'fhéidir mar thoradh na blianta a chaith sí ag déanamh comhbhrón do dhaoine tar éis drochnuacht a thabhairt dóibh. Chonaic sí Colm agus í ag filleadh. Labhair sí leis go mall, agus go réidh. --"Tá tú fós anseo, a Choilm. B'fhéidir gur b'fhearr duit dul abhaile agus codladh a fháil. Tá sé thart anois. Tá codladh de dhíth ort. An bhfuil éinne ag teacht isteach le tú a thógáil abhaile?" 96


Smaoinigh Colm ar na baill clainne a bhí fágtha aige, go léir ina gcónaí thar lear. --"Níl." Ní raibh sé ag iarraidh a bheith drochbhéasach, ach ní raibh sé ábalta breis is siolla amháin a eisiúint óna bhéil. --"Tuigim, a Choilm. Bhuel b'fhéidir gur cheart duit filleadh abhaile ar aon nós, tá dualgais ort anois gur gá duit aird a thabhairt air." Chrom Colm a cheann agus d'amhairc sé síos, ag cur a shúile silteacha i bhfolach ón altra. Thóg sé trí shoicind chun é féin a shocrú sular labhair sé. --"Tá sé ceart go leor anseo." Bhreathnaigh an t-altra go deimhin ar aghaidh Choilm agus thuig sí nach raibh aon chúis leanúint léi. --"Ceart go leor, a Choilm, tóg an méid is mó ama atá uait. Ach is fútsa atá sé anois." Le sin d'fhill an t-altra ar an tseanbhean, agus shiúladar isteach i seomra ar lámh, áit ónar chuala Colm caoineadh úr ón tseanbhean. Mhothaigh Colm ar nós páiste i ndiaidh an chomhrá leis an altra. Páiste. Ní raibh sé de cheart aige an ról sin a chomhlíonadh anois. Eisean an duine fásta, an fear a bheadh mar eiseamláir i rith chruachás. Ar a laghad, sin ab chóir dó a bheith. An drochrud é gur chuma leis anois cén ról ab chóir dó a líonadh? Tar éis an méid a tharla, nach raibh cead aige a bheith anbhannach, a bheith briste, a bheith truamhéalach ar feadh lae, nó seachtaine, nó bliana? Sin a bhí uaidh. Ní raibh sé in ann d'aon rud eile, i ndáiríre. Ach bhí a fhios aige chomh maith nach raibh an rogha sin aige. B'fhéidir gurb é 97


sin an fáth nach raibh sé ag iarraidh an t-ospidéal a fhágáil. Mar chomh luath is a d'fhág sé, bheadh air deireadh a chur lena féinbhrón agus lena lonndubh ar mhaithe le cúis faoi leith. Ar mhaithe le duine faoi leith. Mar sin, ghlac sé a chuid ama. Shuí sé san ospidéal, ag stánadh ar an saol mórthimpeall air. B'é seo a am, an t-am deireanach ina saol, b'fhéidir, nach mbeadh sé iomlán freagrach as rud éigin. Chomh luath is a shiúil sé amach trí doirse an ospidéil, tosódh an chuid eile dá shaol. Lean sé ag suí. Bhreathnaigh Colm síos an pasáiste ar na príomhdhoirse torannacha leictreonacha. Bhogadar isteach agus amach, ar nós béil ocrasach ag slogadh síos íospairtigh saonta. Bhí eagla air. Bhí an domhan mór amuigh ansin, ach ní raibh aon rud ann dó. Gach rud a bhí tábhachtach dó riamh ina shaol, bhí a súile dúnta istigh san ospidéal. Dá mbeadh sí ag a thaobh, siúlfadh sé amach an doras sin réidh le sult agus taitneamh a bhaint as an saol corraitheach a bhí rompu. Ach ag breathnú ar an doras anois, chonaic sé uaigneas, ualach aonair, agus aiféala. Tharraing loinnir a fhéachaint ó na doirse imeaglacha, agus thit a shúile ar a fháinne pósta. Ní raibh sé aige ach le bliain anuas. N'fheadar an gcaitheadh sé anois é. Is dócha go gcaitheadh. Cinnte caitheadh. Ainneoin an pian a tháinig trasna a chliabhrach chuile uair a thug sé fiú sracfhéachaint air. Ach is dócha go rachadh sé i dtaithí ar sin. An bhfuil sin indéanta dul i dtaithí ar phian den chineál seo? Ba chuma. Ní raibh rogha aige i ndáiríre. Tháinig fearg air leis féin toisc nach raibh sé ag 98


leanúint lena chleas. Bhí sé ag smaoineamh ar a chás féin seachas iarracht dearmad a dhéanamh air trí mhachnamh a dhéanamh ar shaolta dhaoine mórthimpeall air. Ach bhí an pasáiste beagnach folamh anois, agus taobh thiar de na príomhdhoirse bhí sé éirithe dorcha. N'fheadar cé chomh fada a bhí sé ag stánadh ar a bhanda mhéara agus ag smaoineamh ar a bhean chéile. A bhean chéile a bhí chomh gearr dá shuíochán. Ní raibh sí ach sa seomra béal dorais. Ach bhí braillín leagtha thar a corp agus a aghaidh, agus ní raibh sí in ann aon cheist a fhreagairt, nó aon chabhair a thabhairt, cuma cé mhéad uair a d'fhiafraigh sé di. Bhí sí díreach in aice leis, ach i bhfad uaidh. Bhí Colm ar buile nuair a chuir siad an bráillín thar a haghaidh. Cén fáth a ndéantar é sin sa diabhal? "Lig dom í a fheiceáil!" a scread sé arís agus arís agus é in umar na haimléise, ach an aghaidh a chonaic sé ar deireadh, ní raibh pioc dá bhean chéile fágtha ann. Ní raibh a meangadh gáire ann, ní raibh a shúile ag damhsa mar bhíodh i gcónaí nuair a bhreathnaigh Colm uirthi, agus ní raibh aon bheocht ina craiceann nó a corp mar a bhíodh. Thóg Colm féachaint amháin ar a haghadh agus d'fhág sé an seomra go borb, é dodhéanta air fiú breathnú tríd fhuinneog an dorais arís. Shuigh sé, mar sin. Shuigh sé agus shuigh sé, ag smaoineamh agus breathnú, ag machnamh agus ag féachaint. Lorg sé carachtar éigin le seachmall a chur ar a intinn, ach ní raibh éinne sa bharda ag an am seo den oíche. Bhí sé leis féin. Leis féin, le heisceacht mhór amháin, dar ndóigh. Cúis amháin le treabhadh leis. An t-aon chúis. Sa phasáiste, mhúch solas agus d'fhill sé go tobann. Rith deor singil síos 99


aghaidh Choilm agus thit sé ar cheann maol an linbh óig a bhí ina chodladh go séimh ina lámha. D'oscail an leanbh a shúile go mall. Bhreathnaigh sé suas ar Cholm, agus timpeall an phasáiste, ar nós ag lorg duine eile in éineacht leis. Ach ní raibh sí ann. Chrith Colm a lámha go mall, ag timpeallú an leanbh go grámhar. Rinne Colm cogarnaí ina chluas. --"Ar ais a' chodladh leat, a mhic. Aimseoidh tú ansin í." Dhún an leanbh a shúile agus sheas Colm, a aghaidh dírithe i dtreo na ndoirse Shiúil sé síos an pasáiste folamh agus amach in aer úr siocmhar na hoíche. Bhí deireadh leis an suí. Bhí sé in am dó seasamh.

100


Camalus dónall ó sé Tar éis trí bliana a chaitheamh ar mhionphláinéad beag ag socrú suas bunáit nua ar son na hÉireann, bhíodar ullamh chun teacht abhaile. Mar is eol dúinn ar fad, níl aon tinteán mar do thinteán féin. Céad duine ar fad a bhí ag sile abhaile; meascán mór d’eolaithe, geolaithe, aer-eolaithe, ailtirí, agus timpeall leath-chéad tógálaí. Camalus IE2095 an t-ainm oifigiúil a bhí ar an long a thug go dtí an mionphláinéad an chriú; spás-long iontach, cumhachtach a bhí míle cúig chéad agus a tríocha méadar ar fhaid. Bhí céad leaba- crió ar fad ar bord na loinge, ach bhí córas faoi leith acu ar Chamalus; do bhí ar beirt don gcriú fanacht ina seasamh le linn an turais ar fad. Beirt sa turas, gach aon choicís, chun aire a thabhairt don long, agus chun a dhéanamh cinnte go raibh gach aon duine eile ar bord fós ina mbeatha i gcodladh-crió. Ní raibh ach trí déag lá eile fágtha ar bord ag gach aon duine, ach tá a fhios againn ar fad cad a deirtear faoin uimhir san. Fad is a bhí an long ag seoladh thar ghealach bheag ar an tslí thar n-ais, do bhuail sí le meitéar beag, rannchuid do mheitéar, agus sular raibh seans ag an mbeirt a bhí ina seasamh faic a dhéanamh, do dhéan sí scrios den long. Bhí Julia Nic Amhalaí ag déanamh caife di féin agus dona compánach nuair a bhuail an meitéar an long. Thit an dá chupa bheaga phlaisteacha uaithi, agus do ligh sí scread mar do ndóigh an caife a cosa. Thosaigh na bonnáin ag liúigh, agus do tháinig na soilse corcra ar siúil. Corca ab ea an 101


dath is measa, mar gurb é an dath a dúirt le gach duine ar bord go raibh an long ag tuirlingt chun talaimh. Cheap Julia go raibh a cosa tar éis casadh chun marla toisc nach raibh sí ábalta bogadh. Thosaigh na deora ag sile óna súile. Thosaigh sí ag smaoineamh ar a clann thar n-ais ar Domhan, ar gach aon rud nach raibh déanta aici riamh. Bhí a croí ina béal aici. Thadeus, Marcus, Saoirse, agus Muireann, a leanaí féin, na leanaí a bhí ag fanacht léi ag baile. Bhíodar ar fad chomh hóg, chomh soineanta; cad a dhéanfaidís anois? Gan mháthair? Gan treoir ceart? Ní raibh acu ach gamal d’athair, ná raibh ábalta fiú amháin aire a thabhairt dó féin. Thosaigh gach aon rud ag crith agus ag crith. Bhéic sí, agus bhéic sí, ach ní raibh faic le cloisteáil ach na bonnáin gearr, maslaithe. Bhí Mario Ó Cinnéide suite i gcró an phíolóta nuair a thosaigh na bonnáin ag liúigh. Bhí sé ag imirt le fáinne órga ina lámha agus é fanacht le Julia agus a chuid caife. Cé go raibh cró píolóta ar bord, ní raibh píolóta ann; ríomhaire a dhéan an stiúradh ar fad. Bhí toitín féna liopaí ag Mario, rollaí beag tobac mar nár thaitin toitíní ceart leis. Nuair a thosaigh na bonnáin ag séideadh, do bhain siad an oiread san geit as go dtit an rollaí óna liopaí. Thit an fáinne órga uaigh chomh maith, isteach faoin suíochán. Níor thug sé aon cheann dóibh seo áfach, mar go raibh na soilsí corcra tar éis teacht ina mbeatha. Léim sé in airde go tobann, gan smaoineamh, agus bhuail sé a dhorn i gcoinne an bpainéal gloine a bhí ós a chór amach. Cnaipe rialaí éigeandála a bhí ann; an fheidhm a bhí aige ná chun fógra a chur amach go dtí an satailít is cóngaraí go raibh long i dtrioblóid. B’é seo an chéad bhabhta riamh a brúadh an cnaipe beag glas. D’fhéach Mario timpeall ar féin, agus do lig sé béic as, ‘JULIA, JULIA! 102


Cá bhfuil tú?!’, ach ní raibh faic le cloisteáil ach na bonnáin, gan faic le feiscint ach na soilse corcra. Smaoinigh sé ar an fháinne a thit uaigh agus do léim sé chun talaimh chun é a fháil. Lig sé béic as, agus do thosaigh sé ag smaoineamh ar Fleur, a bhean céile, a ghrá geal Fleur, agus a mháithrín beag, Órla, a bhí ag fanacht lena maicín ag a baile in ospidéal gránna bán, ailse ag ithe an t-anam óna corp. Thit Camalus ós na flaitheas gan glór, gan splanc. Thuirling sí isteach i bpoll mór ar ghealach reoite darbh ainm dó Perseus 733. Ní raibh faic ann ach cloch bheag fhuar, clúdaithe le leac-oighear. Bhí an oiread san scrios déanta nach raibh mórán don long fágtha. Ní raibh ach beirt fágtha ar bord sa deireadh, agus bhíodar beirt ag rith amach as ama. Nuair a d’éirigh Julia, do bhrath sí pian ina ceann. Thriall sí bogadh ach do bhuail tinneas cinn uafásach í. Bhí a guth imithe, agus bhí gach aon rud dorcha. Bhí Mario sa bhád céanna i gcró an phíolóta; bhí a aghaidh clúdaithe le fola, agus do bhrath sé go raibh cnámh éigin briste aige ina chos. Do thit an bheirt acu i laige tar éis tamallín. Soilse bán, cloigíní beaga ag glaoch amach... Bhí saol fós le fáil i gcroí Camalus. D’éirigh Julia do gheit, an t-allas ag silleadh léi. Bhí an tinneas ina ceann imithe, agus do bhrath sí i bhfad níos fearr. Bhreith sí ar runga os a cionn agus do tharraing sí suas í féin gan stró. Lean sí na soilse beaga treoracha a bhí ag rith cois taobh léi. Bhí na bonnáin tar éis stopadh, ach bhí cloigíní beaga éigeandála fós le clos ós na ríomhairí. Faoi dheireadh, do tháinig sí ar chró an phíolóta; ‘Mario? Ó a Mhario bocht, abair liom go bhfuil tú slán’. D’fhéach sí timpeall; bhí an chuid is mó dos na scáileáin briste, seachas cúpla ceann beag anseo is ansiúd, bhí na 103


suíocháin ar fad folamh, agus ní raibh Mario le feiscint in aon áit. Shuigh Julia síos ar an dtallamh, ach ní raibh sí i bhfad ag léime suas arís nuair a chuala sí glór taobh thiar di; ‘Julia...?’ Bhí Mario ag síneadh i gcoinne an bhalla sa dorchadas. Do shiúil sé amach os comhair Julia; bhí a aghaidh ar fad dearg le fuil, agus bhí sé bacach. Thug Julia barróg do, agus thosaigh an bheirt ag gol. ‘Cad a tharla?’ a dúirt Julia, tríd na deora móra. ‘Meitéar, ceann beag... Ní tháinig aon duine slán ach sin féin’ a d’fhreagair Mario. Scaoil Julia leis agus do sheas sí siar uaigh. ‘An bhfuil a fhios ag aon duine ar Domhan cad a tharla dúinn?’ ‘N’fheadar, b’fhéidir; bhuail mé an cnaipe glas ach n’fheadar an raibh mé in am’ ‘Cad faoin aer? Bia? Uisce? An bhfuil a dhóthain againn?’ Chas Mario an treo eile, na deora fós ag silleadh óna shúile. Chroch Julia a ceann, agus i nguth beag, íseal do chuir sí ceist amháin eile ar Mario; ‘Cé méid lá eile?’ D’fhéach sé thar n-ais uirthi, agus d’fhreagair, ‘timpeall ceithre nó cúig lá, idir eadrainn.’ Do shuigh an bheirt acu síos gan focal tar éis san. Dhéan Julia iarracht cois Mhario a dheisiú chomh fearr is ab fhéidir léi. Thit sé dona chodladh tar éis tamaill, agus lean Julia é. Nuair a d’éirigh Mario arís, bhí Julia fós ina codladh. Dhéan sé iarracht seasamh suas ach bhí pian ina chois fós róolc. Shuigh sé síos arís agus tharraing sé amach ríomhaire beag óna phóca. Bhruaigh sé cúpla cnaipe, agus do dhéan sé iarracht fáil amach cé chomh fada is a thógfadh sé ó long 104


teacht ón nDomhan chun é féin agus Julia a shábháil; ‘SEACHTAIN’ a léigh an scáileáin. Dhún sé a shúile nuair a chonaic sé an freagra. Lig sé anáil amach. Ní raibh ach timpeall ceithre lá d’aer fágtha acu anois idir eatarthu. Cad a deirfeadh sé le Julia? Cad a dhéanadh Fleur bhocht? Agus cá raibh a fháinne pósadh imithe? Cé gurb í a ghrá geal í, bhí eagla ar Mhario gur bhfágfadh sí fad is a bhí sé thuas sna flaitheas, amuigh ar phláinéad beag éigin ar an dtaobh eile don gcruinne. Bhí sí fós óg ag fiche-naoi, agus duine ríogach ab ea í i gcónaí. Áfach, bhí Fleur dílis do Mhario i gcónaí, agus níor stad sí ach ag smaoineamh air. Fleur a thug aire dona mháthair, Órla, fiú amháin. Bean ghrámhar, ghlic, chliste ab ea í Órla. Do thóg sí Mario ina haonair, gan cabhair ó dhuine. Fuair sí amach go raibh sí breoite seachtain sular bhfág Mario; ailse sna scamhóga. Bhí sé chun fanacht léi, chun aire a thabhairt di, ach níor lig sí do. Bhí Fleur aici, agus ualach mór cairde. Fleur agus Órla, an dá bhean is tábhachtaí sa Domhan... An bheirt acu ina n-aonair anois. Thit Mario dona chodladh arís, é ag iarradh na deora a stop. Dhúisigh Julia tar éis tamall. Bhí Mario caite in aice léi, é ina chodladh arís. Chonaic sí an ríomhaire beag in aici le Mario; bhí rud éigin le feiscint ar an scáileáin; ‘SEACHTAIN’. Níor thuig Julia ar dtús cad a bhí i gceist, ach de réir a chéile, do thosaigh na píosaí beaga d’eolas ag teacht le chéile. Ní raibh a dhóthaint aer ag an mbeirt acu chun fanacht le long éigeandála. Scaoil sí leis an ríomhaire, agus thit sé go talamh le claitear. Sheas sí suas agus do shiúil sí chuig tosach cró an phíolóta. Ní raibh faic le feiscint amuigh ach dorchadas. Thosaigh sí ag smaoineamh ar a cuid leanaí. Ní bheadh Thadeus sásta léi in aon chor; ní raibh cead ag 105


mam a bheith déanach. Thadeus ab ea an té is óige. Cúpla ab ea Saoirse agus Muireann; bligeardaí beaga, ach ní raibh aon olcais iontu. Agus Marcus gan dabht - Marcus a bhí le tosú sa choláiste an bhliain seo chugainn. Thosaigh Julia ag gol nuair a smaoinigh sí ar Marcus ag caitheamh gúna na scoláire agus é ag críochnú suas sa choláiste. Ní bheadh sí déanach an babhta seo, ní bheadh sí ag teacht abhaile go deo arís. A leanaí aoibhinn, álainn, cad a dhéanadh siad gan í? Ní raibh faic eile aici ar Domhan ach iad. Bhí uirthi suigh síos tar éis tamall mar go mbrath sí lag leis an mbrón. Dhún sí a súile agus dhéan sí iarracht dul thar n-ais a chodladh. Fé cheann cúig nóiméad, bhí sí ina cnap. Bhí Mario agus Julia fós ina gcodladh nuair a thosaigh solas beag dearg ag glioscarnach ós a cionn. Thosaigh an solas ag rothalán timpeall tar éis tamall, agus ansan a thosaigh na bonnáin arís. Bhí an t-aer ag rith amach níos tapúla ná mar ba cheart dó a bheith. D’éirigh Julia go tobann, ach ní raibh sí ábalta a h-anáil a thógaint i gceart. Chonaic sí Mario ag teacht chuige féin fé cheann tamall. Rug sé ar a ucht agus d’fhéach sé uirthi le scanradh. Sular dtit an bheirt acu i laige, cheapadar go bhfaca siad soilse beaga bána ag teacht ina dtreo... *** Bhí criú mhór ón an spás-long Sionainn ag obair ar an dtaobh eile do Pherseus 733 nuair a thuirling Camalus go talamh. Long críonna, mianadóireachta ab ea an Sionainn, agus ní raibh sí prioc chomh sofaisticiúil le Camalus. Dá bharr san, ní tháinig an teachtaireacht éigeandála tríd go láithreach bonn. Thóg sé ceithre lá uaidh teacht tríd, ach 106


chomh luath is ar léigh an chaptaen é, do chuir sé trí chriú mór amach ag lorg an long a thit ós na flaitheais. An darna Criú a tháinig ar Chamalus, ach bhíodar ró-dhéanach... Fuair siad beirt sa chró píolóta, ach níor tháinig ach duine acu slán.

107


Aonarach ciara ní éanacháin Dhùisg mi nam aonar. Clos. Cha robh neach sam bith eile ann sa taigh. Thòisich mi a smaoineachach ar mo sheanair. Chaidh mi a chèilidh air a-raoir. Is toil leam a bhith a' smaoineachach gum bi e na shuidhe còmhla ri Granaidh a' coimhead air telebhisean. Ach cha robh e, agus cha bhi e arithist. Granaidh bochd. Bha an aillse bhorb. Eisean bochd cuideachd. Bha an aillse dona dha cuideachd, agus an bàs na bu mhiosa. Bha e fàgte. Choisich mi dhachaigh a' smaoineachach gu trom air an oidhche. An t-seachdain-sa chaidh bha e na b'fhearr. Bha mi 'n dòchas gun robh e a tighinn a-mach as a' bhròn. Ach d'fhalbh mi duine a bha brònach, dòlasach. Bha a fhios agam cò ris a bha e coltach bhith aonarach, bhith nad aonar air fad. An-diugh their mi ri mo mhàthair. Feumaidh mi. Chan eil e ceart. Tha mi 'n dòchas gum bi i gam chluinntinn, gum freagair i.

108


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.