LE CÁRTHACH Ó FAOLÁIN Is minic a chloistear faoina bhfuil le cailliúint againn muna gcaitear leis an mbith mar is ceart. Is in iarsmalanna breátha geala a bheidh aon rian dá raibh linn tráth. Is minic a rith sé liom a mhinice agus a d’airigh mé an focal ‘bhíodh’ i gcomhráití agus mé óg. ‘Bhíodh’ seo siúd agus uile á dhéanamh ansin. “Bhíodh Gaeltacht ansin tráth” arsa mo mháthair agus sinn i ngaireacht do Bhaile Mhic Óda i gContae Chorcaí, nó trí Shliabh gCua mar a raibh cónaí ar mo shinsear. Conas a cailleadh a leithéid ó bunaíodh an stát? Nach ndeirtear linn go bhfuil gach rialtas tiomanta agus cromtha ar an gcaomhnú? Bíonn gach cosaint ar phár agus bíonn beart tur éigin de réir baothbhriathar ar mhaithe leis na daoine beaga suaracha a shásamh. Bíonn, a fhad is nach bhfuil an beart ina chonstaic ar phinginí suaracha ná ag éileamh gnímh. Is fada go mbainfidh gluaiseacht na Gaeltachta mullach an tsléibhe amach, agus rúm á choimeád don gcainteoir dúchais in aice le falcóg mhór an tseitheadóra san iarsmalann. Tá tuiscint ann ó laethanta Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge ar thábhacht na Gaeltachta mar cheárta, inneoin agus beatha na teanga beo, mar aon leis na dána dúchasacha ina mbolg ag freastal ar an tine úd. Tá sí á hadhaint go tréan, agus in aineoinn
bunú na gcoláistí samhraidh, ba rabhchán iad ar an mbaol a bhí ann go gcaillfí an teanga leis na glúinte sin. Léiríonn daonáireamh 1901 go raibh teaghlaigh Ghaelacha ag casadh ar an mBéarla. Cuireadh ‘Irish and English’ nó ‘Irish’ le formhór de bhaill clainne os cionn 16 bliana d’aois ach Béarla amháin a bhí luaite le glúinte a bhí níos óige. Faoin mbliain 1922, bheadh iarsmaí den teanga fós sna ceantracha seo acusan a raibh meánaois slánaithe acu ach go háirithe, agus ag an dream óg a raibh cúis acu gan cumas cainte na teanga acu a chlárú. Ní hé go raibh an nuarialtas dall air seo, mar gur beartaíodh go mbaileodh Wilhelm Doegen, Gearmánach le trealamh taifeadta, ábhar cainte ó chainteoirí dúchais i seacht gcontae déag ó thuaidh agus ó dheas idir 1928 agus 1931. Ní beag an t-éacht é sin. Bhí bá faoi leith á léiriú ag an stát leis an ‘aisling a cumadh’ ach pé maith a bhí sna beartais ar son na teanga, agus cé go bhfuil tábhacht faoi leith le seasamh na teangan i mBunreacht na hÉireann, is don gcaomhnú ábhair amháin a bhronnfainn aon ghradam. Ach más maol marbhintinniúil an cur síos seo, is maith mar a thuigimid nach ionann iarsma agus teanga pobail agus le bheith gonta faoi, níorbh leor an obair seo ina haonar.
r á h d a e n Cin na mbacanna atá ag plúchadh na teanga, níl aisling na Gaeltachta cloíte go fóill. Ach mo chás! Mo chaoi! Mo cheasna! Ní haon chúis lúcháire an scéal, mar nach bhfuil sí á taibhsiú féin ná é. Bheadh dul amú ar aoinne a d’áiteodh gur bunaíodh an Saorstát le meon frith-Ghaeilge. Ach bíodh is go bhfuil na scórtha insintí ar scéal a bhunaithe, glacaimis leis go raibh crann taca ag an teanga ar phár nach raibh aici leis na cianta roimhe sin. Dá fheabhas gach iarracht an stáit i leith na teanga ar nós An Gúm a bhunú, stádas oifigiúil a bhronnadh ar an teanga, cáipéisí dlí a aistriú agus a fhoilsiú go dátheangach, is beag a rinneadh chun na Gaeltachtaí ba leochailí a bhí ann a chaomhnú, ná d’aon Ghaeltacht i ndáiríre. Bhí an teanga beo ach i mbaol ó thús an chéid seo caite i gceantracha ar fud na tíre. Bhí formhór d’iarthar Phort Láirge agus roinnt de dheisceart Thiobraid Árann ina nGaeltachtaí. B’amhlaidh an scéal in Iarthar Chorcaí le roinnt Gaeilge san oirthear. Bhí an teanga láidir i gContae an Chláir agus in achar mór de Chiarraí. Is beag ceantar i gConnachta nach raibh rian den teanga ann. Bhí rian di i nDoire Cholmcille agus i nGleannta Aontroime agus i gcontaetha eile i lár na tíre chomh maith. Cé go raibh tacaíocht ann don teanga ó lucht acadúil uasalaicmeach (Aontachtóirí agus Poblachtánaigh ina measc) le bunú dála Conradh na Gaeilge, an CLG agus mar aon le
As na ceantracha a cuireadh san áireamh i gCoimisiún na Gaeltachta i 1926, ó acraí breátha laistigh de chúig chontae déag, níl ach cúig chontae (ní bheadh Co. na Mí san áireamh dar ndóigh) le haon Ghaeltacht nó breac-Ghaeltacht iontu anois. Is fúinne atá sé anois leas a bhaint as an saibhreas a cruinníodh agus geallúint dúinn féin nárbh í sin an fómhar deireanach a bheidh le baint i nGaeltachtaí na tíre. Muna raibh an fhírinne shearbh ná bánú na gceantar ag cur fonn caomhnaithe ar an nuarialtas, léirigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go raibh an fhaillí a bhí á déanamh ar chosmhuintir na Gaeltachta glan i gcoinne pé fís a bhí á mhaíomh. Níorbh beag fadhbanna geilleagair an tsaorstáit dar ndóigh agus nílim dall ar cheist na himirce ná ar bhánú na tuaithe, ach cé nach raibh aon ghníomh faoi leith a d’fháisc gach guta as na hiarGhaeltachtaí, is deacair a rá gur rinneadh aon iarracht faoi leith an teanga a chaomhnú agus is i mo thuairim gur deacair gan aon chuid den mhilleán a chur ar ghníomhaíocht gallda eacnamaíochta a d’fháisc go leor le focal ina smig acu thar sáile. Do léirigh scata stuama cumas mhuintir na Gaeltachta sna 70idí, agus níor éalaíodar ón ngleo a tharraing siad orthu féin. Bhí pobal amháin i gCois Fharraige in iúl saol na Gaeilge a chreathadh ón bhfiaradh agus ón liathadh aigne a bhí ag teacht de thoradh an easnaimh tacaíochta agus físe atá fós ag croí na faidhbe. Ón nGluaiseacht úd, thángthas ar bheartas a raibh
Sibhse gur meas libh an Ghaeltacht, sibhse gur meas libh an Ghaeilge, cruinnigí timpeall an chrainn!
52
ISSUE NUMBER 3 – 2020 - UIMHIR EISIÚNA 3 anphoblacht