eolas Magazine issue 45

Page 132

public affairs eolas

AG A L L A M H · I N T E RV I E W:

Vivian UĂ­bh Eachach

130

LabhraĂ­onn Vivian UĂ­bh Eachach, An PrĂ­omhAistritheoir i RannĂłg an AistriĂșchĂĄin i dTithe an Oireachtais le OdrĂĄn de Bhaldraithe faoin nGaeilge, faoin gCaighdeĂĄn OifigiĂșil agus faoi thodhchaĂ­ na RannĂłige.

Vivian UĂ­bh Eachach, Chief Translator in the Oireachtas’s RannĂłg an AistriĂșchĂĄin, speaks with OdrĂĄn Waldron about the Irish language, An ChaighdeĂĄn OifigiĂșil and the future of the RannĂłg.

“TĂ©ann stair na seirbhĂ­se aistriĂșchĂĄin i nDĂĄil Éireann siar go dtĂ­ bunĂș an StĂĄit agus, go deimhin, nĂ­os faide siar fĂłs go dtĂ­ an ChĂ©ad DĂĄil,” deireann UĂ­bh Eachach. “Is Ă© an prĂ­omhchuspĂłir atĂĄ ag RannĂłg an AistriĂșchĂĄin seirbhĂ­sĂ­ aistriĂșchĂĄin a chur ar fĂĄil do Thithe an Oireachtais. Toisc gur stĂĄt dĂĄtheangach Ă­ Éire, de rĂ©ir Bhunreacht na hÉireann, agus gur parlaimint dhĂĄtheangach Ă© an tOireachtas, deineadh gach iarracht Ăł thĂșs an chĂłrais chun a chinntiĂș go mbeadh na tacaĂ­ ar fĂĄil chun go bhfĂ©adfadh Tithe an Oireachtais feidhmiĂș go dĂĄtheangach.”

“The history of translation goes back to the founding of the State and the Oireachtas and further back than that, going back to the First DĂĄil,” UĂ­bh Eachach says. “The main objective of RannĂłg an AistriĂșchĂĄin is to provide those translation services to the Oireachtas. Ireland is constitutionally a bilingual state and the Oireachtas is a bilingual parliament, so every effort was made from the start to provide the supports in order to make the Houses functionally bilingual.”

Go bunĂșsach, sin an cuspĂłir atĂĄ ag an RannĂłg agus ceann do na prĂ­omhdhualgas atĂĄ acu nĂĄ Riar na hOibre, pĂĄipĂ©ar ghnĂł na dTithe a chur ar fĂĄil gach lĂĄ. Is documĂ©id dĂĄtheangach Ă© Riar na hOibre agus an cuspĂłir aige nĂĄ go mbeidh daoine in ann gnĂł na dTithe a dhĂ©anamh trĂ­ mheĂĄin an dĂĄ theanga oifigiĂșla.

This is the primary objective of the RannĂłg and one of its main responsibilities is the daily translation of DĂĄil Standing Orders into Riar na hOibre. The Standing Orders are a bilingual document provided with the aim of allowing representatives to carry out the business of the Houses of the Oireachtas in both of the official languages.

“Is Ă© an reachtaĂ­ocht a phlĂ© agus a rith an phrĂ­omhfheidhm atĂĄ ag an Oireachtas agus ag teach reachtach ar bith agus dĂ­rĂ­tear cuid mhĂłr d’acmhainnĂ­ na RannĂłige ar thiontuithe oifigiĂșla ar an reachtaĂ­ocht sin a chur ar fĂĄil,” a deir UĂ­bh Eachach. “Ó thĂșs an StĂĄit, mar sin, bhĂ­ acmhainnĂ­ na RannĂłige ĂĄ ndĂ­riĂș ar an dĂĄ rĂłl sin – seirbhĂ­s a thabhairt do na Tithe agus aistriĂșchĂĄin ar an reachtaĂ­ocht a chur ar fĂĄil.”

“The main function of the Oireachtas and any legislative body is legislation and a lot of our resources are focussed on translations of that legislation,” Uíbh Eachach says. “From the beginning of the State, Rannóg resources were spent on those two roles, servicing the Houses and translating legislation.”

eolas public affairs


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.