In 1971, tamall beag roimh bhás Curran, fuair Bailiúcháin Speisialta COBÁC stór Curran/Laird de litreacha, páipéar, leabhar, tréimhseachán, grianghraf, earraí inbhailithe de chineál liteartha agus polaitiúil, agus cuireadh leis in 2021. Is léiriú é an taisce luachmhar ábhar seo ar shaol liteartha agus cultúrtha a bhí beo bríomhar i mBaile Átha Cliath agus léiríonn sé ní hamháin cairdeas buan le daoine tábhachtacha amhail James Joyce agus teaghlach Yeats, ach gréasáin ealaíonta freisin a bhí i gcroílár na hAthbheochana Liteartha Éireannaí. Léiríonn an bailiúchán na naisc a bhí ag Curran le gach ceann de cheithre mhórshaothar de chuid Joyce, maidir lena gcumadóireacht, a bhfoilsiú, a bhfógraíocht agus an bealach ar glacadh leo.