1 minute read

Féile Chorp Chríost i “Máirseáil Radetzky”

Translated by Aoibh Ní Chroimín / Crimmins

Ní raibh an domhan ag dul go tóin poill, mar a dúirt Chojnicki go raibh. Chonaic tú, le do shúile féin, an chaoi gur mhair sé! Tháinig daonra na cathrach síos an Cuarbhóthar leathan, géillsinigh shona a Mhórgachta Aspalda, gach duine acu mar sheirbhíseach chúirte aige. Bhí an chathair iomlán ina cúirt sheachtrach ollmhór. Sheas na gardaí lena mbachalla go neartmhar in áirsí iontrála an pháláis aosta, déithe i measc na ngiollaí. Stad carráistí dubha le rothaí arda rubair agus spócaí caola os comhair na ndoirse. Shlíoc na capaill an plástar le crúba cúramacha. Tháinig stáitseirbhísigh uaisle le hataí cocacha, bónaí órga agus ráipéir chaola ón mórshiúl, ardcheannach agus ag cur allais. D’fhill cailíní óga abhaile, gléasta i mbán le bláthanna ina gcuid gruaige agus coinnle ina lámha, teannta idir a dtuismitheoirí sollúnta, ar nós go raibh a n-anamnacha, trína chéile agus b’fhéidir beagáinín brúite, éirithe ábhartha. Thar hataí geala na mban geala, a bhí ag siúl lena leannán ar nós go raibh siad ar ar éill acu, chonacthas áirsí na scáthanna gréine. Ghluais éidí míleata gorma, donna agus dubha, maisithe le hór agus le hairgead, ar nós buinneán agus plandaí aisteacha a bhí tar éis teitheadh ó ghairdín sa domhan theas agus a bhí ag dréim i dtreo a dtinteán féin i bhfad i gcéin. Bhí tine dhubh na hataí arda ag lonrú thar na haghaidheanna díograiseacha dearga. Luí saiseanna ildaite, bogha báistí na mburgairí, trasna brollaigh, veisteanna agus boilg leathain. Ansin, síos an Cuarbhóthar, tháinig na sraitheanna gardaí coirp ar foluain ar nós na n-aingeal, i gclócaí báistí bána le liopaí dearga agus clúmh bán, halbaird ag crithloinnir ina ndoirne, agus stad na tramanna, na carráistí, fiú amháin na gluaisteáin os a gcomhair, ar nós go raibh siad os comhair taibhsí aitheanta na staire. Ag na crosbhealaí agus ag na cúinní, dhoirt mná bláthanna ramhara, le deich gcóitín orthu - deirfiúracha cathrach na síog - uisce ó channaí dubhghlasa isteach i gcrobhaingí luisiúla, bheannaigh siad lánúineacha a shiúl in aice leo lena súile, cheangail siad lilí na ngleanntán le chéile, agus lig siad dá seanteangacha dul ag rith. Bhí clogaid órga na bhfear dóiteáin, a bhí ag máirseáil go dtí an rírá, ag lonrú go meanmnach: cuimhneacháin ar dhainséar agus ar thubaiste. Bhí boladh líolóige agus sceiche gile ann. Ní raibh torann na cathrach ábalta feadaíl na loinne duibhe agus tríleach na fuiseog a mhúchadh. Scaird an domhan é seo go léir anuas ar Leifteanant Trotta. Shuí sé sa charráiste in aice lena mhuirnín, bhí grá aige di, agus thaisteal sé, dar leis, tríd an chéad lá maith dá shaol. Agus, chun an fhírinne a rá, bhí sé ar nós go raibh a shaol ag tosnú.

Advertisement