5 minute read

An Ghaeilge sa Chóras Oideachascnámh spáirne sa lá atá inniú ann?

Síofra Ó Donoghue, JS Law and French

Tar éis streachailt le sraithphictiúirí agus níos measa fós, an Spailpín Fánach, ní haon ionadh go bhfuil daltaí na tíre seo breá sásta scrúdú na hArdteistiméireachta a chríochnú agus aghaidh a thabhairt ar an gColáiste gan cíos, cás ná cathú orthu. Is ceist choigilteach conspóideach í múineadh na Gaeilge sa chóras oideachas, ceist atá go mór i mbéal an phobail i latháir na huaire tar éis fógra Norma Foley, an t-Aire Oideachas, ar na mallaibh. Dar lena bplean nua seo beidh laghdú ar an t-am a leagtar amach leis an nGaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna ina mhúintear trí Bhéarla An leor trí uair a chloig in aghaidh na seachtaine leis an nGaeilge a fhoghlaim? Anuas ar seo, is léir go bhfuil an tSrath Sóisearach nua ag cruthú scata fadhbanna do scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna eile araon toisc go bhfuil easpa tuiscine maidir leis an caighdéan atá ag teastáil do T1 (do Ghaelscoileanna) agus T2 (do scoileanna ina mhúintear trí Bhéarla).

Advertisement

Tá easpa cistíochta roimh Ghaelscoileanna agus easpa leabhair de chaighdeán mhaith ar fáil trí Ghaeilge Tá sé níos deacra bheith ag tabhairt faoi scolaíocht trí Ghaeilge de bharr na bacanna structúrtha- déanann an tsraith sóisearach nua píonós a chur ar mhic léinn atá dúshlán rompu cheana féin.

An Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre seo Is léir go bhfuil éileamh ann do Ghaelscoileanna in Éirinn. Freastalaíonn 8% de dhaltaí ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 4% de dhaltaí ar mhéanscoileanna lán-Ghaeilge Go minic, bíonn an éileamh i bhfad níos mó ná an líon áiteanna atá ar fail, le líostaí fada ann do Ghaelscoileanna i gceantair áirithe Má theipeann ort áit a fháil do do pháiste i nGaelscoil áitiúil, níl an dara rogha agat ach iad a sheoladh go dtí bunscoil ina dhéantar an teagasc trí Bhéarla. Mar atá luaite cheana, mar atá fógraithe ag an tAire Oideachais Norma Foley, ó 2025 ar aghaidh beidh laghdú ar an t-am ina mhúintéar Gaeilge. Níl sé seo pioc sásúil mar gheall go ndéanann sé an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachas a laghdú agus fágann sé an doras ar oscailt don argóint go mba chóir go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach don Ardteist.

Freisin, sa phlean seo tá sé i gceist ag an Rialtas go múinfear teangacha iasachta ar nós an Fhraincis agus an Ghéarmáinis sa bhunscoil ó rang a trí ar aghaidh. Ar ndóigh, is mithid dúinn moladh a thabhairt don Aire as ucht an smaoineamh seo a chur chun tosaigh. Foghlaimíonn daltaí i dtíortha Eorpacha eile, ar nós an Ghearmáin, teangacha iasachta ag seacht mbliana d’aois Cabhraíonn teangacha go mór le deiseanna fostaíochta, san Aontas Eorpach ach go háirithe, áit ina mbíonn líofacht réasúnta sa Bhéarla, sa Fhraincis agus i dteanga eile ag teastáil le cur isteach ar phostanna ar leith. Nach féidir linn an Ghaeilge a chur chun tosaigh i gcompháirt le teangacha iasachta, gan ligeant dóibh teacht salach ar a chéile? Ar ndóigh, níl ach líon áirithe uaireanta i lá scoile agus d’fhéadfadh go mbeadh gá leis an lá scoile a shíniú nó an t-am a leagtar amach don Teagasc Reiligiúnach a laghdúd’fhéadfadh go mbeadh an Teagasc Reiligiúnach mar ábhar roghnach ag deireadh an lá scoile

Nach féidir linn an Ghaeilge a chur chun tosaigh i gcompháirt le

Teangacha

iasachta, gan ligeant dóibh teacht salach ar a chéile?

Is seoid luachmhar í an Ghaeilge agus bhí an choincheap seo breá soiléir le Lá Fhéile Phádraig le déanaí. Tháinig turasóirí (tuairim is 212,000 duine) ó fud fad na cruinne agus iad ag déanamh a seacht ndícheall le cúpla focail a fhoghlaim. Sea cinnte, níl ach méid uaireanta teoranta ann sa churaclum, ach cén fath go bhfuil bata agus bóthar á thabhairt don líon uaireanta a chuirtear ar leataobh don Ghaeilge?

Má laghdaítear an teagasc a dhéantar trí mhéain na Gaeilge, d’fhéadfadh go mbeadh an baol ann go dtitifidh caighdéain na Gaeilge sna scoileanna seo. Mar sin, bheadh an bhearna idir Gaelscoileanna agus scoileanna eile imithe ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach, gné a gcuireadh leis an éagothromaíocht sa chóras oideachais Ní hé sin le rá muna fhaigheann do pháiste áit i nGaelscoil, ní bheadh deis foghlama na Gaeilge acu, ach is cinnte nach mbeadh an caighdéan céanna acu lena chomhbhádóirí a d’fhreastail ar scoileanna lánGhaeilge.

An Ghaeilge agus Scrúdaithe Stáit:

I 2020, rinneadh athchóiriú ar an scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach Tugadh bata agus bóthar don Teastas Sóisearach agus grádanna A, B, C agus aruile agus thug daltaí agus múinteoirí araon aghaidh ar an tSraith Sóisearach nua. Táimid tar éis an seanchóras a hionadú leis an gcóras nua- anois, an marc is fearr a féidir a bhaint amach ná Gradam (90-100%). De dheasca an Choróinvíreas agus a héifeachtaí ar an tsochaí, ach go háirithe ar dhúnadh na scoileanna, cuireadh scrúdaithe na Sraithe Soisearaí ar ceal in 2020 agus 2021- mar sin, thug daltaí na triú bliana faoin scrúdú seo don chéad uair in 2022. Ba dheacair an rud é le gradam a bhaint amach- bhain 3.6% de dhaltaí a rinne an páipéar T1 agus 2 6% de dhaltaí a rinne an páipéar T2 Gradam amach. In 2019, sa Theastas Sóisearach, bhain 12% de dhaltaí grad “A” amach.

Is fiú a lua go bhfuil difríocht suntasach le feicéail idir an tSrath Sóisearach nua agus an Teastas Sóisearach Dar le Maighréad Ní Iarlaithe, múinteoir Gaeilge i Scoil Mhuire gan Smál i gCorcaigh, tá an iomarca béime á chur ar an litríocht agus tá an teanga labhartha á thréigean Dar léi, cuireann sé seo go mór leis an strus scoile agus ta an baol ann go mbeadh níos mó daltaí ag lorg díolúintí sa Ghaeilge. Tar éis an scrúdú Ghaeilge i Mí an Mheithimh na bliana seo caite, dúradh go raibh an páipear T2 “scannalach” agus “dochreidte deacair”. Anuas ar seo, Iarradh ar dhaltaí an straiseog (emoji) is mó a úsáideann siad a lua, agus cur síos a dhéanamh air Mar aisfhreagra, cheistigh múinteoir amháin as grúpa do mhúinteoirí Gaeilge ar line an raibh an cheist seo “Cruthaitheach nó craicéailte?”

Mar aon leis seo, bhí an scrúdú ardleibhéil Gaeilge déanta ag 48% de dhaltaí a rinne an Teastas Sóisearach i 2022, idir scoileanna T1 agus T2- an líon daltaí is ísle le deich mbliana anuas

Ar an lámh eile, áfach, níl cothrom na féinne á thabhairt do dhaltaí a fhreastlaíonn ar scoileanna lánGhaeilge agus iad ag streachailt le grád gradam a bhaint amach- níor bhain ach 3.6% de dhaltaí a rinne an scrúdú T1 grád gradam amach. Níl staitiscticí ar fáil go poiblí maidir leis an gcéatadán daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge a bhain grad “A” amach leis an dTeastas Sóisearach, ach is féidir leis an duine réasúnta samhlú go raibh an céatadán seo a leanas i bhfad níos airde ná 3 6% Ar a laghad, tá stop curtha leis an bplean dhá chúrsa nua Gaeilge T1 agus T2 a thabhairt isteach do scrúdú na hArdteistiméireachta, cúis faoiseamh dóibh siúd a léirigh buairt faoi cúrsa níos deacra a dhéanamh gan pointí breise a fháil dá bharr. Ní bheadh sé seo cothrom toisc go ngearrfaidh sé píonós ar ghrúpa nach bhfaigheann i ndóthain cistíochta, mar atá luaite agam cheana.

Ar an iomlán, is léir go bhfuil an Ghaeilge mar cnámh spáirne i gcóras oideachas na tíre seo i láthair na huaire- ní mór dúinn ach féachaint ar an agóid Gaeilge4All le féicéail cé chomh ábharach is atá an argóint seo Rinneadh go leor cáineadh ar chinneadh Norma Foley ina mbeadh daltaí ag suí páipéar a haon sa Ghaeilge agus iad sa chúigiú bliain. Mar gheall ar an gcáineadh ó mhúinteoirí, ó dhaltaí agus a thuilleadh nach iad, thréig Foley an plean seo. Is léir go bhfuil géarghá le cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachas agus mar sin, caithfidh sí a bheith inrochtana do chách, ní hamháin dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lánGhaeilge

Is léir go bhfuil géarghá le cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachas agus mar sin, caithfidh sí a bheith inrochtana do chách, ní hamháin dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge.