
1 minute read
CUR LE DO CHOSAINT LE DO THEANNDÁILEOG EARRAIGH
Má tá tú 70 nó níos sine, nó má tá córas imdhíonachta lag ort, tá sé in am do vacsaín teanndáileog COVID-19 earraigh a fháil.
Cuirfidh do theanndáileog earraigh le d’imdhíonacht in aghaidh COVID-19 sna míonna amach romhainn, rud a chosnóidh tú ó thinnis thromchúiseach nó ó ghá dul chuig an ospidéal.
Advertisement
Tabharfar cuireadh duit teanndáileog eile a fháil san fhómhar, chun cur le do chosaint i rith an gheimhridh.
Tá teanndáileoga earraigh ar fáil go dtí deireadh Bealtaine, mar sin ná déan moill.
Cuir coinne in áirithe inniu ag:
Dochtúirí nó Cógaslanna rannpháirteacha
HSELive 1800 700 700 hse.ie