Picnic de chuid Josie (Gaeilge)

Page 1


Picnic de chuid Josie

Athchóiríodh an leabhar seo ón sraith ‘Salman agus a chairde’

Ba maith leis an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre buíochas a ghabháil leis an gComhpháirtíocht Mhanchain um Laghdú Taismigh as a gcead chun an sraith ‘Salman agus a chairde’ a athchóiriú chun an comhthéacs Éireannach a fheiliúint.

Glacadh na hachmhainní go léir ó bhunábhar a sholáthar an Chomhpháirtíocht Mhanchain um Laghdú Taismigh.

Simon agus a chairde

Josie Charlie Sophia Sara

Leabhair sa sraith

Baintear geit as Simon

Picnic de chuid Josie

Téann Charlie go dtí cóisír

Turas Sara & Sophia go dtí an fheirm

Simon

Is cailín sásta í Josie. Tá sceitimíní uirthi agus tá sí ag súil le teacht a seanmháthar agus a seanathar. Tá siad ag dul go dtí an pháirc le haghaidh picnice.

A Mhamaí, a mhamaí, tá siad anseo!

Tá Mamaí sa chistin ag déanamh na picnice.

Tagann Seanmháthair agus

Seanathair agus pháirceáileann siad ar an taobh eile den bhóthar.

Cloiseann Mamaí an doras tosaigh ag oscailt agus níl a fhios aici cé atá ansin.

Ó, faraor, Josie atá ann! Rith sí amach an doras chun bualadh lena seantuismitheoirí.

Josie, STAD!

Feiceann Mamaí Josie

ag rith i dtreo

Seanmháthar agus Seanathar.

Feiceann Seanathair an gluaisteán béal dorais ag cúlú amach ón gcabhsán.

STAD, Josie!

Stadann Josie agus tosaíonn sí ag gol.

Tá sí trí chéile.

Cad a rinne mé?

Beireann Mamaí barróg ar Josie.

Caithfidh tú stad sula dtéann tú trasna an bhóthair agus fanacht ionas gur féidir linn dul trasna le chéile.

Ba mhaith liom go bhfanfadh tú slán.

Tá brón orm gur lig mé béic asam, ach bhí mé an-bhuartha.

D’fhéadfaí tú a leagadh síos idtuairt leis an ngluaisteán.

Shocraigh Seanmháthair agus

Seanathair chun í a thógáil ar an mbus go dtí an pháirc.

Ag an trasrian síogach, caithfimid STAD agus

FANACHT go dtí go bhfuil sé sábháilte chun trasnú.

Feiceann siad Simon ag siúl lena mháthair agus ag breith greime ar a lámh.

Tá sé ag dul go dtí an pháirc le haghaidh picnice agus chun peil a imirt.

Fanann siad go léir ag an trasrian síogach go dtí go bhfuil sé sábháilte chun trasnú

Téann Josie agus Simon isteach ar an mbus céanna. Suíonn siad go léir síos agus baineann siad sult as an turas.

Caithfimid fanacht go dtí go stopann an bus sula seasfaimid suas chun an bus a éalú.

Itheann Josie agus Simon a bpicnicí le chéile agus baineann siad sult as peil a imirt go sábháilte sa pháirc.

Deir Josie, “STAD sula dtéann tú trasna an bhóthair.”

Picnic de chuid Josie – Gníomhaíochtaí Sínidh

Bain sult as an leabhar seo le do pháiste. Is bealach maith iad leabhair chun gníomhaíochtaí agus eispéiris fhoghlama a spreagadh. Is féidir leat labhairt faoin scéal, faoi na pictiúir, agus faoi na carachtair. Spreag do pháistí chun ceisteanna a chur.

An féidir le do pháiste cabhrú leat chun an scéal a athinsint?

Is féidir leat an scéal seo a úsáid chun labhairt faoi pointí um

shábháilteacht ar bhóithre mar shampla

• Cén fáth a gcaithfimid STAD!

• Cén áit a stadann muid chun seiceáil go bhfuil sé sábháilte chun dul trasna an bhóthair?

• Labhair faoi áiteanna dainséarach mar shampla carrchlóis, clabhsáin, slite chaolsráid chúil

• Labhair faoi na dainséir a bhaineann le gluaisteáin ag cúlú.

• Labhair faoi dathanna – DEARG le haghaidh STAD agus Dainséar

GLAS le haghaidh Téigh

Gníomhaíochtaí eile le déanamh le do pháiste

Cluiche Staid

Seinm ceol do do pháiste chun bogadh i mbealaí éagsúla – stad an ceol agus abair “STAD” spreag do pháiste chun stad ar an bpointe.

Fógraí

Déan fógraí le do pháiste – Dearg le haghaidh STAD.

GLAS le haghaidh TÉIGH

Is féidir leat iad seo a dhéanamh difriúil – ciorcail mar i soilse tráchta daoine mar i trasrianta

Is féidir leat na fógraí seo a úsáid i gcluichí Staid mar an ceann thuas.

Amhráin

(Fonn: Má tá tú sásta agus is éol duit)

‘S tú ag iarraidh an bóthar a thrasnú, STAD agus FÉACH

‘S tú ag iarraidh an bóthar a thrasnú, STAD agus FÉACH

Má tá tú cliste agus is éol duit,

Agus ba chóir duit é a thaispeáint,

‘S tú ag iarraidh an bóthar a thrasnú,

STAD agus FÉACH

Stad i gconaí (fonn: Capaillín Capaillín)

A pháistí, a pháistí caithfidh tú stad, Ón gcolbha níor chóir duit léim,

Féach thart ‘s éist freisin,

An bhfuil aon carr le feiceáil?

A pháistí, a pháistí má tá gach rud glan,

Siúl trasna gan eagla ort,

Ag féachaint, ag éisteacht ‘s tú ag dul,

Ní ró-thapa ‘s ní ró-mhall.

Picnic de chuid Josie

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Picnic de chuid Josie (Gaeilge) by Road Safety Authority - Issuu