Nuachtlitir eagran 3

Page 1

ANSEO IS ANSIÚD E A G R Á N

3

3 1 / 0 8 / 2 0 1 7

IMEACHTAÍ 

Dianchúrsa Líofa 9 Meán Fómhair

Oíche Chultúir Dún Uladh 22 Samhain

Féile Pheadar Joe 1-8 Deireadh Fómhair

Turas chun na Gaeltachta 25-27 Samhain

Ranganna Nua 1

An Lá Dearg

2

Cairde le Chéile

3

Imeachtai Nua

4

Cúrsaí Samhraidh/

5

Ranganna sa Phobal

6

Grúpa 7 Siúlóide/ ÓML Gnó le Gaeilge

8

MEIRG AR DO CHUID GAEILGE? An bhfuil meirg ar do chuid Gaeilge i ndiaidh an tSamhraidh? Ná bí buartha, tá go leor ranganna agus imeachtaí beartaithe don Fhómhair i gceantar na hÓmaí. Beidh eolas faoi na ranganna ar fad ar fáil ag Oíche Eolais in Ionad Ealaíne na Sruthaile dé Céadaoin 6 Meán Fómhair ó 7.30pm. Le daoine a thosú ar ais ar a dturais foghlama, beidh Dianchúrsa Lae, urraithe ag Líofa ar siúl i nDún Uladh dé Sathairn 9 Meán Fómhair le múinteoirí den scoth ar fail ag ceithre leibhéal. Beidh an cúrsa saor in aisce, agus tá lón san áireamh. Is deis iontach é seo snas a chur ar do chuid Gaeilge sula thosaíonn na ranganna agus imeachtaí ar fad! Beidh ranganna Gaeilge, damhsa agus amhránaíochta ar siúl arís in Ionad Ealaíne na Sruthaile ón Chéadaoin 13 Meán Fómhair - 29

Samhain le damhsa ó 6-7pm, amhránaíocht i nGaeilge ó 78pm agus ranganna Gaeilge ó 8-9:30pm. Beidh £20/£15 ar na ranganna ar fad agus lacaistí do dhá nó trí rang. Tá Dún Uladh ag clárú spéise faoi láthair le haghaidh ranganna Gaeilge, agus rún acu OCN Leibhéal 3 ag brath ar spéis. Tuilleadh eolais ó Gaeilge@dunuladh.ie Tá tuilleadh eolais faoi na ranganna sa phobal ar an Chaisleán Glas, Trí Leac agus le Pobal an Ghleanna ar fáil ar leathanach 6 den nuachtlitir. Irish a bit rusty after the summer? Not to worry, there are lots of classes and events planned for Autumn/ Winter in the Omagh area. Information about all the classes will be available at the Information Evening in Strule Arts Centre on Wednesday 6 September at 7.30pm.

There will also be a one day Intensive Irish course on Saturday 9 September to get people back in the swing of things. There will be four levels of classes, with great teachers. The course is free and lunch will be included. This course is kindly supported by Líofa. Irish, dancing and singing classes will be running again in Strule Arts Centre from Wednesday 13 September with dancing 6-7pm, singing 78pm and Irish classes 89:30pm. Each class costs £20/ £15 with discounts for two/ three classes. Dún Uladh are also registering interest for Irish classes at all levels. More info from Gaeilge@dunuladh.ie More information on classes in Greencastle, Trillick and with Pobal an Ghleanna can be found on page 6 of this newsletter.


LCH

2

AN LÁ DEARG

ANSE O

IS

AN SIÚD

Chruinnigh os cionn 12,000 duine ar shraideanna Bhéal Feirste i mí Bhealtaine agus iad ‘Dearg le Fearg’ ag fanacht ar chearta teanga agus Acht Gaeilge. Ina measc bhí baill de phobal na Gaeilge ar an Ómaigh a bhí i ndiaidh taisteal le chéile le freastal ar ‘an Lá Dearg’. Ghlac eagraíochtaí ar nós Ógras na hÓmaí, Pobal ar a’n Iúl, Pobal an Ghleanna, Club Óige na Carraige Móire, agus grúpaí óige, scoileanna, páirtithe polaitíochta, ceardchumainn, eagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonaracha ó fud fad na tíre páirt sa siúlóid ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, agus iad ag canadh agus ag scairteadh in ard a ghutha agus gléasadh i ndearg. Ócáid spraoiúil spreagúil a bhí ann ó thus go deireadh. Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí ón Dream Dearg, a d’eagraigh an ócáid, go raibh teachtaireacht amháin soiléir ag an slua a bhí i láthair. Dúirt Ciarán; “Tháinig iad siúd a gcreideann i gcomhionannas, cearta teanga agus cearta daonna le

chéile le himpí ar an stát gníomhí láithreach agus Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm, acht a ghealladh breis agus deich mbliain ó shin i gComhaontú Chill Rimhinn. Níl aon amhras ach go bhfuil ceist na Gaeilge i gcroílár na géarchéime polaitiúla is déanaí ó thuaidh agus tá An Dream Dearg ag rá go soiléir nach féidir an feidhmeannas a chur ar ais go dtí go bhfuil Acht Gaeilge ceart bhunaithe ann. Tá 50 amach as 90 de na baill nuathofa sa tionól ag tacú linn, mar atá na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus sciaranna leathan den phobal. Anois an t-am don ghníomh – Acht Anois!” Over 12,000 people gathered on the streets of Belfast in May to turn the city ‘Dearg le Fearg’ / red with anger demanding an Irish Language Act. Among them were members of Omagh’s Irish language community who travelled together to attend ‘An Lá Dearg’ (the Red Day). Groups such as Ógras na hÓmaí, Pobal ar a’n Iúl, Pobal an Ghleanna, Club Óige na Carraige Móire

joined other youth groups, schools, political parties, trade unions, Irish language organisations and individuals from across the country to walk from Cultúrlann McAdam Ó Fiaich to City Hall, singing and chanting at the top of their voices, and all dressed in red. The whole day was a true inspiration for all present with a real carnival atmosphere for all the family. Ciarán MacGiolla Bhéin, a spokesperson for An Dream Dearg who organised the march said that the crowd had one clear message. He said: "All those who believe in diversity, language rights and human rights have come together as we demand that this state acts now and implements an Irish language act that was promised over ten years ago in the St Andrews Agreement. "There is no doubt that the Irish language is now at the very centre of the current political crisis and An Dream Dearg are stating clearly that no political institutions or future political arrangement are tenable in the absence of a rights based Irish language act. Now is the time for action – Acht Anois!”


EAGRÁN

3

LCH

Campa Chairde le Chéile Bhí seachtain iontach againn ag Campa Chairde le Chéile- scéim samhraidh do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge líofa acu. Ógras na hÓmaí, a bhíonn ag reáchtáil clubanna óige do Ghaeilgeoirí i gceantar na hÓmaí a d’eagraigh an scéim seo don dara bhliain. Le linn na seachtaine, d’eagraigh muid turais agus gníomhaíochtaí do na daoine óga, ina measc ceardlann ar pheinteáil aghaidhe, turas go Béal Feirste, ceardlanna popcheol agus damhsa, ceardlanna ar rudaí a tharraingt agus ar choimicí a chur le chéile, turas go Tayto Park i gContae na Mí, ceardlann graffiti agus déanamh píotsa. Bhí an-spraoi againn ar na turaisthug muid cuairt ar Seomra Éalaithe (Escape Room) i mBéal Feirste agus ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit a raibh an Fhéile Liú Lúnasa faoi lán seoil. Bhain gach duine againn an-sult go deo as Tayto Park- chuaigh

cuid de na páistí ar Chóster Chú Chulainn cúig uaire! Ba dheas comharthaí Gaeilge a fheiceáil thart faoin áit, agus bhuail muid le go leor Gaeilgeoirí eile ar na turais seo. Ar an Aoine bhí bronnadh na nduaiseanna againn. An chéad bhronnadh ná seic a thug Asda na hÓmaí dúinn i ndiaidh feachtas tiomsú airgid inár bailíodh ticéid. Ina dhiaidh sin, bhronn cuid de na daoine óga bronntanas speisialta ar Bhriain Mac Cionnaith mar chomhartha buíochais as an tacaíocht a thug sé dúinn le linn na bliana. Ar deireadh bhronn Briain duaiseanna speisialta ar thríúrCiarán Steed a fuair duais ‘Buachaill an Chúrsa’, Chloe Ní Thréinfhir a fuair duais ‘Cailín an Chúrsa’ agus Lasairíona Uí Néill a fuair duais Bhriain Mhic Cionnaith don Ghaeilgeoir is fearr le linn na seachtaine.

Ba mhaith le Ógras na hÓmaí ár mbuíochas a ghabháil leis na daoine óga agus na tuismitheoirí ar fad, a chinntigh go raibh seachtain den scoth againn, na ceannairí iontacha as an chuidiú ar fad le linn na scéime, Briain Mac Cionnaith as an tacaíocht le linn na bliana, Dún Uladh as na háiseanna a chur ar fáil dúinn, Coill an Chlochair Naomh Mhuire CLG as an spás don ghraffiti a thabhairt dúinn agus le Sinéad Ní Mhearnóg, Patrica McCrory, Una Steed agus an chuid eile den choiste as an tacaíocht leanúnach. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil fosta le Foras na Gaeilge agus an Údarás Oideachais a thug maoiniú dúinn leis na campaí a reáchtáil. Gan iad, ní bheimis ábalta an campa a reáchtáil. Beidh na clubanna óige do dhaltaí agus d’iardhaltaí Ghaelscoile ar ais go luath don scoilbhliain. Beidh sonraí ar fáil ar ár leathanach facebook ‘Óg Ógras na hÓmaí agus Cairde le Chéile’.

3


LCH

4

FÉILE PHEADAR JOE

FÉILE PHEADAR

Beidh Phobal ar a’n Iúl ag tabhairt tacaíochta arís d’Fhéile Pheadar Joe Haughey a bheas ar siúl in Ionad Cuairteoirí An Creagán. Beidh Féile Pheadair Joe ar siúl idir 1- 8 Deireadh Fómhair 2017 agus tá clár fairsing imeachtaí beartaithe le linn na féile. Bhí Peadar Joe Haughey ar dhuine de na Gaeilgeoirí deireanacha i gcontae Thír Eoghain, agus le blianta fada, bhí a gharmhac, Proinsias Ó Cléirigh, ag

JOE 01/10/201708/10/2017

Féile Pheadar Joe

treabadh leis ag eagrú Scoil Samhraidh Pheadair Joe, deireadh seachtaine ag ceiliúradh saol agus oidhreacht Pheadar Joe trí imeachtaí ceoil agus cultúir. Mar chuid den fhéile i mbliana, beidh dianchúrsa lae d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, cúrsa cruinnis agus léachtanna ar ghnéithe éagsúla den chultúr. Tabharfaidh an fhéile deis do gach duine spraoi a bheith acu leis an Ghaeilge, leis an cheol agus leis an

chultúr idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. I measc bhuaicphointí na féile, beidh Lá Spraoi dóibh siúd atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Le haghaidh tuilleadh eolais ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Ionad Cuairteoirí An Creagán nó le Pobal ar a’n Iúl. Féile Pheadar Joe takes place this year 1 - 8 October with a wide range of events. Keep an eye on Facebook for more

FÓRAM GAEILGE THÍR EOGHAIN

FÓRAM GAEILGE THÍR EOGHAIN

details. Tá Pobal ar a’n Iúl agus Glór na nGael ag eagrú Fóram Gaeilge Thír Eoghan, deis do Ghaeilgeoirí i gContae Thír Eoghain teacht le chéile le smaointe agus saineolas a roinnt. Tá súil againn go mbeidh cruinnithe den Fhóram cúpla uair sa bhliain, agus beidh téama uair le gach seisiúin. Tarlóidh an chéad Fhóram dé Sathairn 21/10/2017 ó 10am go dtí 2pm. Díreoidh an chéad

21/10/2017 DÚN ULADH

GRÚPA TUISTÍ AGUS LEANAÍ 15/09/2017 20/10/2017 17/11/2017 15/12/2017

fhóram ar chur chun cinn i measc na hóige agus ar chúrsaí teaghlaigh. Beidh ionadaithe ó Ghlór na Mona i mBéal Feirste agus ó Chairde Teo in Ard Mhacha leis na téamaí seo a phlé. Beidh cuireadh ag dul amach chuig gach grúpa Gaeilge sa chontae, agus tuilleadh eolais ag teacht amach faoin Fhóram go luath. Pobal ar a’n Iúl and Glór na nGael are organising Fóram Gaeilge Thír Eoghain (Tyrone Irish Language Forum). The

forum will come together a few times a year to share ideas and expertise on various aspects of Irish. The first meeting will take place on Saturday 21/10/2017 and will focus on Irish language youth work and family activities. Representatives from Glór na Mona (Belfast) and Cairde Teo (Armagh) will be with us to share some ideas on these aspects. All Irish language groups in Tyrone will be invited, and more information on Fóram

19/01/2018

IMEACHTAÍ DO THEAGHLAIGH

16/02/2018 16/03/2018 20/04/2018

Our Parent and Toddler Group for those interested in raising a family through Irish will be starting again soon. Dates for this year are on left.

18/05/2018 16/06/2018

Pobal an Ghleanna are offering a course called ANSEO

IS

ANSIÚD

‘Gaeilge sa bhaile’ (Irish at Home) for those interested in using Irish with children at home. For more info get in touch via Facebook or at Pobalanghleanna@gmail.com

Pobal ar a’n Iúl and Glór na nGael are running an Irish language family day as part of Féile Pheadar Joe on Sunday 8 October. More information on our Facebook page and in local media.


CÚRSAÍ AN tSAMHRAIDH le Paul Ó Calgaigh Bhí mé ag breathnú siar ar mo shamhradh agus is cosuil gur chaith mé cuid mhór de ar chúrsa amháin nó ar chúrsa eile; mholfainn cúpla ceann acu d’fhoghlaimeoir fásta ar bith. Cúrsa seachtaine i nGaoth Dobhair le Gael Linn 02/07/17 -08/07/17 nó 30/07/1705/08/17 Taithí iontach a bhí ann. Bhí na himeachtaí taobh amuigh den seomra ranga chomh maith leis na ranganna agus déanta na fírinne, bhí siad thar barr! Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste 24/07/17-29/07/17 Ba é an ceann ab fear acu mar chúrsa i mo thuairim agus ní raibh sé ach £40 san iomlán. Bhí ceathrar múinteoirí ag achan rang i rith an lae agus foireann den chéad scoth a bhí ann. · Cúrsa Shéamais de Faoite le C.L.G. Uladh sna Dúnaibh 17/07/17-21/07/17 Cé nach raibh an chúrsa seo chomh dian leis an

Daoine óga a fuair scoláireachtaí ó Phobal ar a’n Iúl le freastal ar Loch an Iúir, Machaire Rabhartaigh, Rann na Feirste agus Teileann i rith an tsamhraidh

chuid eile acu, bhí seans maith ann fós Gaeilge a fhoghlaim. Is doiligh a chreidbheáil ach bhí an chúrsa seo saor in aisce! Bhí rang fóirsteanach ar fáil d’achan leibhéal cumais ag na cúrsaí seo agus cé go molfainn achan cheann acu do dhuine ar bith, caithfidh mé a rá nach bhfuil taithí ar bith mar chúrsa seachtaine i nGaoth Dobhair.

I was looking back on my summer and it seems that I spent a lot of it on one course or another; I would recommend a few of these to any adult learner. Gael Linn Irish language week long course in Gaoth Dobhair 02/07/17-08/07/17 or 30/07/17 -05/08/17 This was a great experience. The events outside of the classroom were as good as the classes themselves and to tell the truth, they were excellent!

McCracken Summer School in Belfast 24/07/17-29/07/17 This was the best one out of them as a course (in my opinion) and it was only £40. Each of the classes had four teachers throughout the day and the team were truly first rate. Shéamais de Faoite Irish language course (Ulster GAA) in the Downings 17/07/1721/07/17 Although this course was not as intensive as the rest of them, it was still a good chance to learn Irish. It’s hard to believe but this course was free! There was a suitable class available for every level of ability at these courses and although I would recommend each one of them to anybody, I have to say there is no experience like a week long course in Gaoth Dobhair.


EAGRÁN

3

LCH

RANGANNA SA PHOBAL Tosaíonn ranganna an Fhómhair dé Céadaoin 20 Meán Fómhair i gColáiste Naomh Ciaran. Mairfidh na ranganna idir Meán Fómhair go mí na Nollag.

Autumn classes start on Wednesday 20th September in St Ciaran’s College Ballygawley. The classes will run between September and December.

Gach leibhéal ar fáil

All levels available

£30 an téarma Lacáistí ar fáil do theaghlaigh agus do seanóirí Is féidir clárú ag Pobalanghleanna@gmail.c om nó ar an oíche féin.

£30 per term Discounts available for families and pensioners. Register with Pobalanghleanna@gmail.co m or on the night.

TRÍ LEAC Ranganna Gaeilge ag tosú dé Céadaoin 13 Meán Fómhair Irish classes starting back Wednesday 13 September 8:00 - 9:30pm Upstairs in the Father Matt Hall, Trillick Fee: £2 per night (School goers £1) Beginner and Improver Level Fáilte roimh chách!

AN CAISLEÁN GLAS Irish classes in Greencastle: Starts Tuesday 26th September Tuesdays Bunrang 6.30 – 7.55pm; Meánrang 8.05 – 9.30pm Irish youth club for children in English langauge schools will be starting up at the end of September, more than likely Tuesday 26th September 6.30pm-8pm but we are awaiting confirmation of leaders at the minute.

6


GRÚPA SIÚLÓIDE NUA I GCEANTAR NA HÓMAÍ Baill de Chairde Uí Néill, Cairde Teo agus Pobal ar a’n Iúl ar Samháil

like to put together our own walking group. Provisional dates and locations are as follows: 01/10/2017 - Gleann Aichle mar chuid d’Fhéile Pheadar Joe 26/11/2017 - Siúlóid treoraithe thart fá Ghaoth Dobhair 28/01/2018 - Mullach Cairn

Bhí baill de Phobal ar a’n Iúl in éineacht le Cairde Uí Néill agus Cairde Teo dá siúlóid sléibhe ar Samháil i mí Mheithimh. Bhain muid an-sult as an siúlóid, agus tá muid anois ag iarraidh grúpa siúlóide dár gcuid féin a chur le chéile, le siúlóidí gach dara mí le tosú. Seo a leanas na dátaí atá beartaithe againn don bhliain:

24/03/2018 - Cuilcagh 20/05/2018 - Ladies View, Gortin Glens

Members of Pobal ar a’n Iúl joined Cairde Uí Néill and Cairde Teo for a walk on Sawel, the highest mountain in the Sperrins in June. We would now

ÓIGE MHUINTIR LUINIGH Bhí scéim samhraidh den chéad scoth ar an Chaisleán Glas i rith an tsamhraidh leis an séú bhliain d’Óige Mhuintir Luinigh, scéim seachtaine do dhéagóirí atá ag foghlaim na Gaeilge. I measc na nimeachtaí do na daoine óga, bhí cluichí craiceáilte le Cumann na bhFiann, dornálaíocht le Corey Hanna, truas go Todds Leap, turas thar oíche go Dún Lúiche i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill, agus déanamh píotsa. Bhain na daoine óga agus na ceannairí an-sult as an tseachtain, agus d’fhoghlaim gach duine go leor Gaeilge! Pictures from the sixth annual Óige Mhuintir Luinigh summer scheme held in Greencastle for teenagers who are learning Irish. Among this year’s activites were games with Cumann na bhFiann, kick-boxing with Corey Hanna, a trip to Todds Leap, an overnight trip to Dún Lúiche in the Donegal Gaeltacht, and pizza making. The young people and leaders really enjoyed the week, and loads of Gaeilge!


IMEACHTAÍ MEÁN FÓMHAIR - NOLLAIG 2017 06/09/2017 Oíche Eolais Ionad Ealaíne na Sruthaile

Joe/ An Creagán

09/09/2017 Dianchúrsa Líofa Dún Uladh

08/10/2017 Lá Teaghlaigh Féile Pheadar Joe An Creagán

13/09/2017 Ciorcal Comhrá ag tosú ar ais Dún Uladh

11/10/2017 Comhrá 2017 & Tráth na gCeist Ghael Linn Dún Uladh

Ranganna ar ais ar an Ómaigh/ i dTrí Leac 15/09/2017 Grúpa Tuistí agus Leanaí ar ais Dún Uladh 18/09/2017 Ranganna ar ais i nDroim Mór Naomh Dympna 19/09/2017 Ranganna ar ais in Eadarnaigh CLG Eadarnaigh 20/09/2017 Ranganna ar ais i mBaile Uí Dhálaigh 22/09/2017 Oíche Chultúir Dún Uladh 26/09/2017 Ranganna ar ais ar an Chaisléan Glas CLG An Caisleán Glas

21/10/2017 Fóram Gaeilge Thír Eoghain Dún Uladh 28/10/2017 Turas Teaghlaigh Oíche Shamhna 10/11/2017 John Beag Ó Flathartha Strule Arts Centre 11/11/2017 Oíche Ghaelach- Oíche Oireachtais Dún Uladh 24/11/2017 – 26/11/2017 Turas chun na Gaeltachta 26/11/2017 Grúpa Siúlóide thart fá Ghaoth Dobhair 07/12/2017 Ceolchoirm na Nollag Strule Arts

27/09/2017 Ciorcal Léitheoireachta ag tosú ar ais Dún Uladh 09/12/2017 Lá Teaghlaigh Dún Uladh 01/10/2017 Grúpa Siúlóide- Féile Pheadar Joe An Creagán

13/12/2017 Lón Gaelach

01/10/2017 – 08/10/2017 Féile Pheadar Joe Teach Pheadar

16/12/2017 Breithlá PAAI Dún Uladh

RPHOIST: Pobalaraniul@gmail.com Michaelinepaai@gmail.com Glorantearmainn@gmail.com

SUÍOMH GRÉASÁIN: https://pobalaraniul.wordpress.com/ FACEBOOK/ TWITTER: Pobal ar a’n Iúl

Pobalanghleanna@gmail.com

Glór an Tearmainn Pobal an Ghleanna

GNÓ LE GAEILGE: GLENDALE LIMOUSINES beirGaeilgeoirí a oibríonn ag nigh carranna agus sa tsiopa béal dorais, Fionntán agus James. Gabh isteach agus labhair Gaeilge leo!

Cuid de na carranna atá ar fáil ar cíos ó Glendale

Cúig bliana is fiche ó shin, thosaigh Glendale Limousines a chéad seirbhís bainise le limisín Cadillac. De réir mar a d’fhás an gnó, d’fhás líon na gcarranna, agus thosaigh siad ag ofráil réimse den seanré, ina measc Rolls-Royce ó na 1950idí, Bentleys agus Limisín Daimler. Inniu tá Glendale Limousines ar an phríomhchomhlacht le haghaidh carranna bainise in Éirinn. Cuireann a sárchaighdeán seirbhíse leis an lá is fearr i saol an lánúin nuaphósta. Leis na blianta, bhí an t-ádh ar Glendale go raibh siad ábalta custaiméirí dílse a choinneáil a chuidigh leo go leor gradam a bhaint amach. I measc na ndaoine a chuidíonn leo seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil tá

Twenty five years ago, Glendale Limousines offered its first wedding service with a Cadillac limousine. Over the years Glendale Limousines have been fortunate to maintain a loyal customer base which has helped win them many Quality Service Awards. The best customers and consistent quality service has placed Glendale at the forefront of the luxury car hire market in Ireland – a trend the company hopes to continue over the next twenty five years. Among those helping to provide first class customer service are two Irish speakers, Fionntán and James who work in the car was and the shop next door. Call in and speak Irish to them! For more information, tel: 028 8224 6222 or visit: info@omaghlimousines.com


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.