Anseo is ansiúd eagrán 2

Page 1

Anseo is Ansiúd IMEACHTAÍ 

2

0 6 / 0 1 / 2 0 1 7

Oíche Nollaig na mBan The Charm Inn 06/01/2017

E A G R Á N

OÍCHE NOLLAIG NA MBAN

Ranganna Gaeilge ar ais Club Óige na Carraige Móire 8pm 10/01/2017

Ciorcal Comhrá Dún Uladh 1:30pm 18/01/2017

Ciorcal Léitheoireachta Dún Uladh 1:30pm 25/01/2017

Ranganna Gaeilge/ SeanNós/ Amhránaíocht ar ais Ionad Ealaíne na Sruthaile 18/01/2017

Féile Gaeilge/ Albanais Uladh 18/02/2017

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 01/03/2017

Beidh Oíche Nollaig na mBan a cheiliúradh ar an Charraig Mhór i mbliana i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge. Is seantraidisiún é go dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir, Oíche Nollag na mBan, traidisiún atá fós

láidir in áiteanna áirithe sa tír. Mar a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí agus Forbairt Freastail leis an Oireachtas: ‘Tá muid ag iarraidh mná a spreagadh le teacht le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thar timpeall

na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh, go mbeidh ithe agus ól, spraoi agus craic agus muintearas ann. Beidh béile ann sa Charm Inn ar an Charraig Mhór dé hAoine 6ú Eanair ar a 8pm. Beidh costas £11.95 ar dhá chúrsa nó £14.95 ar thrí chúrsa. Beidh raifil ann do gach bean a fhreastalaíonn ar imeacht chomh maith do dhuais €100. We will be celebrating Oíche Nollaig na mBan (Women's Christmas) this year in Carrickmore in Oireachtas na Gaeilge. This was an old tradition in which women would come to celebrate all the hard work they put in over the previous 12 days. There will be a meal in the Charm Inn in Carrickmore on Friday 6th January at 8pm. We have a set menu which will be £11.95 for two courses or £14.95 for three courses. There will also be a raffle for all who attend events throughout the country for €100. We hope you'll all be able to attend!


LCH

2

SCÉIM LÍOFA Michaeline Donnelly, Irish language development officer has slammed the decision by Paul Givan of the DUP to cut Gaeltacht funding for underprivileged children. The Communities Minister announced the ending of the £50,000 Líofa Gaeltacht scheme which is aimed at enabling young people from both sides of the community to attend courses in the Donegal Gaeltacht. An email in Irish sent from the Líofa office to the boards of the north’s Gaeltacht colleges translated as, “Because of efficiency savings, the department will not be providing the Líofa bursary scheme in 2017. Happy Christmas and Happy New Year.” A Belfast woman who is a former pupil of Coláiste Feirste has now decided to take legal action against the decision which her lawyer believes “mounts to a

breach of human rights, a breach of EU law, is discriminatory and moreover, it is motivated by an improper political motive, namely the undermining the Irish language as a medium of communication in this jurisdiction.”

ANSEO

IS

ANSIÚD

Tá Michaeline Donnelly, Oifigeach Forbatha Gaeilge le Pobal ar a’n Iúl agus Glór an Tearmainn i ndiaidh cáineadh láidir a dhéanamh ar Paul Givan ón DUP as an chinneadh atá déanta aige maoiniú le haghaidh sparántachtaí Gaeltachta do pháistí agus daoine fásta ar bheagán airgid. D’fhógair an tAire Pobal deireadh le scéim Ghaeltachta Líofa a bhí ar luach £50,000 a bunaíodh le daoine ó gach pobal le seal a chaitheamh i nGaeltacht Thír Chonaill, díreach i mbéal na Nollag. Cuireadh amach ríomhphost i nGaeilge ó oifig Líofa ar an 23ú Nollaig ag rá: “Mar gheall ar choigilteas éifeachtúlachta ní bheidh an Roinn ag soláthar Scéim Sparánachtaí Líofa i 2017. Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise daoibh.” Dúirt Michaeline Donnelly nach raibh an cinneadh ceart nó cóir. Dúirt sí, ‘Bhí an maoiniú seo curtha ar fáil go háirithe do dhaoine nach bhfuil mórán airgid acu agus rinneadh tástáil ó thaobh acmhainne leis an airgead a scaipeadh go

cothrom. Ciallaíonn an cinneadh suarach seo go mbeidh páistí ann anois nach mbeidh ábalta freastal ar na cúrsaí Gaeltachta seo. Cinneadh comhfhiosach agus soiniciúil a bhí ann an scéal seo a fhógairt díreach i mbéal na nollag, agus tharla sé díreach i lár an scannail faoi RHI. Meastar go gcuirfear idir £400- 600 milliún amú ar an scéim sin, agus ní mórán é £50,000 i gcomparáid. Troidimis i gcoinne seo an bhealach ar fad’. Ghlaoigh sí ar pholáiteoirí ó gach taobh den phobal dul i gcoinne na gciorruithe seo; ‘Ní cheist ghlas agus oráiste í seo, ach ceist chearta daonna.’ a dúirt sí.

Anois, tá bean as Contae Aontroma le dúshlán cúirte a thabhairt in aghaidh an chinnidh. Is iardhalta de chuid Bhunscoil Phobal Feirste agus Coláiste Feirste í an bhean atá ag dul i muinín an dlí. Tá a cuid páistí féin anois in aois scoile agus d’fhreastail siad ar chúrsaí Gaeltachta i dTír Chonaill faoin scéim ‘Líofa’.

Dúirt Michael Brentnall, an dlíodóir Feirsteach atá ag feidhmiú don bhean, go bhfuil “comhfhreagras” curtha ar aghaidh aige chuig an Aire Pobal Paul Givan (DUP) ina sonraítear ocht mbonn dúshláin. ‘Tá muid den tuairim go raibh sé míréasúnta an maoiniú a tharraingt siar, gur cuspóir míchuí a spreag an cinneadh, agus gur sárú ar dhlíthe éagsúla a bhí ann a bhaineann le leithcheal agus cearta an duine,’ a dúirt Brentnall le Tuairisc.ie. Maíonn Brentall go dtagann an cinneadh, deireadh a chur leis an mhaoiniú £50,000, salach ar airteagail 8 agus 14 d’Acht Chearta an Duine chomh maith le mír 76 d’Acht Thuaisceart Éireann agus airteagail éagsúla i dlíthe an Aontais Eorpaigh. “Cé gur vótáladh ar son Brexit an bhliain seo caite, táimid san Aontas Eorpach fós agus tá feidhm le dlíthe an Aontais sin sa dlínse seo fós,” a dúirt sé.


EAGRÁN

2

LCH

DUAIS MHÓR DO SHÉAMAS I gCILL AIRNE Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Séamas Ó Catháin, as Droim Caoin dó ó dhúchais, agus iar-Ollamh Bhéaloideas Éireann agus iarStiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bhain duais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Contae Chiarraí. Tháinig a chuntas ar a shaol agus a shaothar, darb ainm “Cén Dochar? Cinnte!” sa chéad áit sa rannóg Saothar Próis neamhfhicsean sna Comórtais Liteartha a bronntar gach bliain ag an fhéile Ghaelach seo. Roinn sé an duais speisialta seo le hEithne Ní Ghallchobhair as Ard an Rátha as a saothar ‘Loingseoireacht’.

Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil do scríbhneoirí aitheanta, chomh maith le scríbhneoirí nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill san áireamh, i measc iarbhuaiteoirí na gcomórtas seo. Tá súil ag Séamas leagan Gaeilge agus leagan Béarla den iontráil a fhoilsiú amach anseo.

‘MOLANN AN OBAIR AN FEAR’

Drumquin-native Séamas Ó Catháin formerly Professor of Irish Folklore and Director of the National Folklore Collection at University College Dublin was a prize-winner at the recent Oireachtas na Samhna gathering in Killarney, county Kerry. His account of his life and times, entitled "Cén Dochar? Cinnte!", shared top place in the section for nonfiction prose in the literary competitions associated with this annual Irish-language festival. It is hoped to publish his entry together and also its English-language equivalent at a future date.

3


LCH

4

CRAIC IS CEOL AR AN CHARRAIG MHÓR

Tháinig daoine óga ó Chlub Óige Óg Ógras na hÓmaí agus Club Óige na Carraige Móire le chéile le sult a bhaint as imeacht a d’eagraigh Pobal ar a’n Iúl agus Glór an Tearmainn. Bhí dráma, ceol agus cluichí le Cleamairí Ard Mhacha, agus cuairt ó

Dhaidí na Nollag, a thug bronntanas do gach duine! Caithfidh go raibh na páistí ar fad iontach maith le linn na bliana! Tá sé iontach tábhachtach ar fad go mbíonn deis ag na páistí seo bualadh le Gaeilgeoirí eile, agus teacht le chéile i dtim-

peallacht lán spraoi, agus le go dtuigfidh siad go bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ag daoine óga eile. Beidh muid ag eagrú go leor imeachtaí eile cosúil le seo i 2017! Coinnigh súil amach ar ár leathanaigh Facebook agus Twitter!

CLUB ÓIGE GAEILGE LOCH MHIC RUAIRÍ

Páistí ó Chlubanna Óige na hÓmaí agus

Thosaigh Club Óige Gaeilge Loch Mhic Ruarí i mí na Samhna, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin! Tá an club fóirsteanach do pháistí i mBunscoileanna Béarla atá ag iarraidh tús a chur leis an teanga Gaeilge a fhoghlaim. Déantar seo trí chluichí, ceol, spórt,

Club Óige na Carraige Móire ag baint sult as Cleamairí Ard Mhacha

ANSEO

IS

ANSIÚD

ealaíne agus craic! Bíonn an club ar siúl gach oíche Luain ó 78pm agus tá táille £1 an pháiste in aghaidh na hoíche. Loughmacrory Irish Language Youth Club began in November, and has been going from strength to

strength ever since. The club is for primary school children who wish to begin learning Irish. This is done in a fun way through games, music, sport, art and craic! The club is on in the handball club every Monday night from 7-8pm and costs £1 per child.


EAGRÁN

2

LCH

5

DEA-RÚIN NA BLIANA ÚIRE Is your New Year’s Resolution to learn Irish? Now’s your chance! A new term of Irish language classes for all levels of learners will begin in Strule Arts Centre on Wednesday 18 January from 8 pm to 9.30 pm. The classes will cater for beginners, improvers and advanced levels and will cost £20 for a 12 week course. The popular sean-nós and set dancing class in Strule Arts Centre will also run for 12 weeks, from 6 pm to 7 pm. This class is open to all levels of dancers and is a fun way to keep fit as well as

being a very sociable activity. The 12-week dancing class costs £20 per person. Following on from their successful performance at last December’s Irish language Christmas concert, Ceolchoirm na Nollag in the Strule Arts Centre, the singing in Irish group will meet from 7 pm to 8 pm. The group is free to attend and is open to everyone, with new members especially welcome. The singing in Irish group has proven to be an effective

and enjoyable way of learning Irish. Irish language in the community classes also begin on Mon 16 Jan 7:30 - 9pm, St Dympna's Primary Schoool, Dromore; Wed 18 Jan 8:00 - 9:30pm Fr Matt Hall, Trillick and Tuesday 24 Jan 6:30-8:00 Beginners 8:00 9:30pm Improvers St Patrick's GAA Club, Greencastle (contact Sinéad Ní Mhearnóg 07849394001 for further details). These classes cater for all levels of learners and are open to everyone. For further infor-

mation on these activities please contact Kevin Goodwin, Fermanagh and Omagh District Council by telephoning 028 82256220 or emailing kevin.goodwin@fe rmanaghomagh.com Beidh an Ardrang ag tosú arís i gClub Óige na Carraige Móire dé Máirt 10/01/2017 ar a 8i.n. The Ardrang will be starting again in Carrickmore Youth Club at 8pm on Tuesday 10/01/2017 For those wishing to improve their spoken Irish, Dún Uladh’s Ciorcal Comhrá will be starting again Wednesday 18/01/2017 1:30-2:30 and will continue every second Wednesday. We will also be starting a Ciorcal Léitheoireachta (Reading Circle) on Wednesday 25/01/2017 for those wishing to read more as Gaeilge! We will be starting with Sgéalta Mhuintir Luinnigh and will be reading new chapters every week, so no need to feel lost if you miss a week! Bígí linn!

DINNÉAR GAELACH NA NOLLAG Le Pobal an Ghleanna

Eagraíodh Dinnéar Gaelach na Nollag le Pobal an Ghleanna ag tús mhí na Nollag le ceiliúradh a dhéanamh ar scoth na hoibre a rinneadh ag foghlaimeoirí na ranganna Gaeilge. Tugadh cuirí do grúpaí pobail Gaeilge eile le freastal ar an ócáid fosta. Bhí an t-ádh ar

Pobal an Ghleanna as siocair gur fhreastal seisear d’éag ar an oíche féin i dTeach an Táilliúra, i mBaile Uí Dhálaigh. Cuireadh fáilte an Ghleanna do na baill a tháinig ó Pobal ar an Iúl agus Glór an Tearmainn. Baineadh idir sult agus sochar as an oíche bhreá

Ghaelach seo. Ba mhaith le Pobal an Ghleanna beannachtaí an tséasúir a ghabháil le gach duine agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le grúpaí agus Gaeilgeoirí eile a thacaigh linn le linn ár gcéad bhliain. Nár laigí Dia bhur lámha!


CÓISIR BHREITHLÁ PHOBAL AR A’N IÚL Bhí oíche go maidin ann i mí na Nollag nuair a rinne Pobal ar a’n Iúl ceiliúradh ar dhá bhliain ar an fhód. Eagraíodh Cruinniú Cinn Bliana na heagraíochta ar an oíche chéanna, agus rinneadh ceiliúradh ar na buaicphointí ar fad ón bhliain, ina measc, duais Ghlór na nGael a bhaint inár gcéad bhliain, Oifigeach Gaeilge a cheapadh sa cheantar faoin Scéim Pobail Gaeilge ag Foras na Gaeilge don

chéad uair riamh, rathúlacht Fhéile Pheadar Joe arís i mbliana, agus Comhartha Gaeilge mar chuid de shoilsí na Nollag i mbaile na hÓmaí. Tá an phleanáil ar fad faoi lán seoil do 2017, agus gan amhras tá todhchaí gheall i ndán don teanga i gceantar na hÓmaí! Cuireadh scoth an cheoil agus na siamsaíochta ar fáil leis an ghrúpa ceoltóirí óga ‘Rún’, a bheidh ag cur isteach ar chomórtas Ghael

SEOLTAÍ: POBAL AR A’N IÚL DÚN ULADH BÓTHAR BHAILE NA MULLAN AN ÓMAIGH BT79 0GZ

GLÓR AN TEARMAINN CLUB ÓIGE NA CARRAIGE MÓIRE BÓTHAR TERMON, AN ÓMAIGH BT79 9JR

Linn, ‘Siansa’. Go n-éirí leo! Bhí an t-ádh dearg linn chomh maith go raibh Jonathan McCloy ábalta bheith linn, buaiteoir ‘Steip’ 2017 ag Oireachtas na Samhna, chomh maith lena bhean Seaneen. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na ceoltóirí, damhseoirí, Sinéad agus Margaret a chuidigh leis an bhia, agus le gach duine a chuidigh linn ar bhealach ar bith i mbliana.

RPHOIST: Pobalaraniul@gmail.com Michaelinepaai@gmail.com Glorantearmainn@gmail.com Pobalanghleanna@gmail.com SUÍOMH GRÉASÁIN: https:// pobalaraniul.wordpress.com/ FACEBOOK/ TWITTER: Pobal ar a’n Iúl Glór an Tearmainn Pobal an Ghleanna UIMHIR: 028 8224 2777/ 07955592969


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.