Skip to main content

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe 2025 - 2026

Page 1


tuarascáil BHLIANTÚIL

2025 -2026

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe

CLÁR NA nÁBHAR

Focal ón Uachtarán • President’s Foreword

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14

Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights

Coiste Feidhmiúcháin 2025/26 • Executive Committee 2025/26

Comhairle an Chomhaltais • SU Council

Nuachtán SIN • SIN Newspaper

Toghcháin • Elections

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies

Piarfhoghlaim CÉIM • CÉIM Peer Learning

Scileanna Saoil • Life Skills

Tiomsú Airgid • Fundraising

Siamsaíocht agus Imeachtaí • Entertainment & Events

Feachtais • Campaigns

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services

Cúrsaí Airgeadas an Chomhaltais • SU Finance

MAISIE HALL

Focal ón Uachtarán

President’s Foreword

Éacht nach beag é a bheith i do mhac léinn faoi láthair, ach níor cheart beag is fiú a dhéanamh de chumhacht ghluaiseacht na mac léinn; cé gur iomaí dúshlán a bhí romhainn i rith na bliana, tá go leor éachtaí agus gaiscí le breathnú siar orthu anois agus muid tagtha go deireadh ár dtréimhse in oifig. Is deacair na buaicphointí ar fad a lua, ach déanfaidh mé mo mhíle dícheall!

Ní haon iontas é go raibh an tSeachtain Phléarácaim (Seachtain RAG), ar cheann de na seachtainí ba ghnóthaí a bhí againn i mbliana, áit ar chuireamar béim ar leith ar an gCarthanas! Is dócha gurb ag an Umar Tumtha a bhí an chraic is mó, áit ar thug na léachtóirí, na baill foirne agus na mic léinn ainmnithe ba mhisniúla an léim isteach san uisce fuar feanntach – ach bhí údar maith leis! Cúis bhróid dúinn gur bhailigh muid €27,000 i rith na bliana, airgead a rachaidh go díreach i dtreo charthanachtaí roghnaithe an Chomhaltais: GOAL agus Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe.

Rinne muid iarracht mhór i mbliana níos mó mac léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh i saol an Chomhaltais, bíodh sin trí thuiscint a fháil ar an obair a dhéanaimid, freastal ar ár n-imeachtaí, leas a bhaint as ár gcuid tacaíochtaí, vótáil i dtoghcháin na n-oifigeach, nó seasamh mar ionadaí ranga. D’éirigh go geal lenár n-iarrachtaí; chaith an dara líon ab airde daoine riamh vóta. Ina theannta sin, bhí méadú 20% ar líon na n-ionadaithe ranga cláraithe, agus reáchtáladh an chéad toghchán riamh d’ionadaithe ranga Cumas.

Tá méadú tagtha freisin ar ionadaíocht na mac léinn ar choistí agus ar phainéil ardleibhéil na hollscoile. Ar ndóigh, is fusa é a rá ná é a dhéanamh, agus níor éirigh linn gach uile ní a bhaint amach mar a bhí beartaithe againn. Mar sin féin, d'eascair athruithe bunúsacha as seo do mhic léinn – mar shampla, cuireadh deireadh le fíneálacha leabharlainne agus cealaíodh os cionn €70k d'fhíneálacha.

Buaicphointe pearsanta domsa i mbliana ab ea an deis a bhí againn plé le Comhaltais na Mac Léinn eile ar fud na tíre trí AMLÉ, chomh maith leis an tacaíocht agus an t-eolas a fuair muid as taithí a roinnt le hoifigigh eile a raibh róil chosúla acu, ach a raibh dearcthaí agus eispéiris eile ar fad acu. Thug sé seo an-léargas dúinn ar conas dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí romhainn, go leor acu ar dhéileáil comhaltais eile leo cheana féin. Buíochas ar leith le hoifigigh AMLÉ a thug lámh chúnta dúinn i gcónaí - bíodh sin trí chomhairle a chur orainn maidir le Rialachas Ollscoile nó trí mhálaí Rudaí Áille agus uachtar reoite a scaipeadh ar an gcampas!

Bhí deis againn freisin bualadh le roinnt Airí Rialtais agus Teachtaí Dála i rith na bliana, chun na dúshláin atá roimh mhic léinn ó lá go lá a phlé leo. Chas muid le hiarrthóirí Fhothoghchán Ghaillimh Thiar le déanaí, chun a dtuairimí ar phríomhábhair imní na mac léinn a chloisteáil agus a roinnt, agus ár mórcheisteanna féin a chur faoina mbráid chomh maith.

Ní bheadh aon cheann de na héachtaí seo (ná na rudaí a d’fhoghlaim muid ar an mbealach!) indéanta gan obair na gcapall ón gComhaltas ar fad. Tá buíochas mór ag dul dár bhfoireann féin, Chris, Joanna agus Lorna, a choinníonn an Comhaltas ag imeacht agus ag dul sa treo ceart i gcónaí. Míle buíochas freisin le Foireann CÉIM – Amber, Órla, Kerry agus Drew – as clár thar a bheith eagraithe agus slachtmhar a chur ar fáil. Buíochas lenár n-oifigigh pháirtaimseartha go léir a bhí chomh fial sin lena gcuid ama agus fuinnimh, agus a tháinig chugainn le neart smaointe iontacha; lenár n-ionadaithe ranga ar fad a tháinig amach chun seasamh dá bpiaraí ag Comhairlí an-fhada agus an-déanach oíche Luain; agus ar ndóigh, do na mic léinn ar fad atá ina mbaill dár gcomhaltas as ucht a rannpháirtíochta linn i mbliana.

Fuair muid tacaíocht agus comhairle den scoth freisin ó go leor d’fhoireann na hollscoile, idir fhoireann seirbhísí gairmiúla agus acadúla, go háirithe ó Chiara Meehan agus foireann uile na seirbhísí mac léinn. Táimid fíorbhuíoch as na deiseanna breise chun ár nguth a chur in iúl áit a n-éistfear leis. Gura fada buan é seo, go dtí go mbeidh ionadaíocht chothrom ann idir an fhoireann agus na mic léinn araon!

Mar fhocal scoir, buíochas ó chroí le Seán, Paddy, agus RachelÁine, na Leas-Uachtaráin is fearr dá raibh riamh ann! Táimid ar fad an-difriúil mar dhaoine, ach sílim gurb é sin an bua is mó a bhí againn. Bhí mé i gcónaí in ann brath ar mhalairt tuairime nó ar dhearcadh úr chun muid a choinneáil ar an mbóthar ceart, agus táimid tar éis an oiread sin éachtaí a cheiliúradh le chéile. Tá mé cinnte go n-éireoidh go geal libh ar fad amach anseo, cibé céard a thabharfaidh sibh faoi!

Guím gach rath ar Sheán, ar Eimear, ar Chathal, agus ar Mholly. Níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh sibh sárobair le linn bhur dtréimhse in oifig agus go leanfaidh sibh ag cur luachanna agus misean ár gComhaltais chun cinn chomh fada agus is féidir.

Go raibh míle maith agaibh, agus go n-éirí an bóthar linn uilig!

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2025/26

Ráiteas Misin/Buaicphointí

Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ar bun in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.

Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.

“Ní neart go cur le chéile”

Buaicphointí 2025/2026

• Bhailigh muid €27,000, an méid is mó riamh, don dá charthanas atá roghnaithe againn: Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus GOAL.

• Ar na himeachtaí tiomsaithe airgid le linn Sheachtain RAG bhí Umar Tumtha, Siúl Dóiteáin, Rith RAG, Corn Carthanachta an Chomhaltais, Comórtas Rós RAG agus Babhta Bearrtha.

• Rinne Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, breis is 50,000 cileagram de bhia barrachais a athdháileadh in 2025. Is ionann sin agus 121,881 béile, anuas ar 118,761 cileagram de CO2 a choigilt.

• Ar an ngearrliosta do 9 ngradam ag Gradaim Thionchar na Mac Léinn, agus 2 ghradam bainte amach - Oifigeach Iarchéime na Bliana: Buddila Wijeyesekera, agus Saothar Aonair do Mheáin na Mac Léinn: Emma van Oosterhout

• Bhain muid an Gradam Óir amach in Gníomhaí Gaeilge 2025/2026

• Ainmnithe do ghradam Re-Turn.

• Ainmnithe do Ghradam Comhghuaillí LADTA+ ag na GALAs, searmanas bronnta bliantúil na hÉireann a thugann aitheantas don phobal LADTA+.

• D'óstáil muid Oiliúint Bhándearg AMLÉ, an Chomhdháil LADTAIA+ is mó san Eoraip.

• Chaith an dara líon ab airde daoine riamh vóta i dToghcháin an Chomhaltais, agus 4,412 vóta caite.

• Sheol muid feachtas na Gael-Ollscolaíochta i gcomhar le AMLÉ ag Oireachtas na Samhna 2025.

• Chuir muid níos mó Suaitheantais Chumann ar fáil i nGaeilge, ar a n-áirítear suaitheantais don Cheannaireacht agus don Rannpháirtíocht.

• Dhear muid suaitheantas digiteach nua don Ghradam Gaelach, a bheidh ar fáil do na cumainn agus do na clubanna araon.

• Thacaigh muid leis an bhfeachtas ‘STEM as Gaeilge’ i rith na bliana, agus d’fhreastail muid ar imeachtaí ar nós an Oíche Eolaíochta agus Léachtaí le linn Lóin.

• Tá suíochán ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge anois ar an gCoiste Teagaisc agus Foghlama.

• Labhraíomar os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar son na mac léinn, chun an tOideachas Tríú Leibhéal trí Ghaeilge a chur chun cinn tuilleadh.

• D’fhreastail muid ar agóid CEARTA i mBaile Átha Cliath lena chinntiú go dtabharfaí aird ar cheisteanna na Gaeilge agus go gcuirfí chun cinn iad. Labhair muid ar son tithíochta sa Ghaeltacht ag agóidí i gcomhar le TINTEÁN.

• D’fhreastail muid ar Oireachtas na Mac Léinn i gCorcaigh, áit ar ghlac muid páirt i ndíospóireachtaí faoi cheist na Gaeilge mar a bhaineann sí le mic léinn, chomh maith leis na Ceangail Cheilteacha atá againn le hAlba (an Albain) agus le Cymru (an Bhreatain Bheag) a chur chun cinn tuilleadh.

• D’fhreastail muid ar Ghrúpa Pleanála Fhóram Óige Fhéile Interceltique de Lorient chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha atá roimh Theangacha mionlaithe, ar na Cultúir Cheilteacha comhroinnte, agus ar cad is féidir linn a dhéanamh lena chinntiú go n-éireoidh leo.

• Méadaíodh líon na n-Ionadaithe Ranga cláraithe faoi 20%. Toghadh an chéad Ionadaí Ranga riamh do chlár Cumas.

• Cuireadh deireadh le fíneálacha leabharlainne, agus cealaíodh luach os cionn €70k d’fhíneálacha.

• D'eagraigh muid Oíche Aiteach i Sult agus tugadh The Big Gay Lock In air.

• Labhair muid ar phainéal tithíochta in éineacht le Comhairle Ceardchumann na Gaillimhe.

• Neartaigh muid an ceangal le Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus le ceardchumainn áitiúla.

• Chuir muid guth na mac léinn chun cinn ag ócáid an Lit&Deb, 'In Conversation with Catherine Connolly'.

• D'óstáil muid Comórtas na dTaibheoirí Fir.

• Bhí oíche Róidió againn le linn Sheachtain SHAG.

• Thacaigh muid le Médecins Sans Frontières chun cabhrú le muintir na Palaistíne.

• D’éiligh muid baghcat ar Bhál na nGradam do Chéimithe, mar chuid den fheachtas reatha ina bhfuiltear ag éileamh ar an Ollscoil deireadh a chur lena ceangal le Technion.

• Ghlac muid páirt san Agóid Náisiúnta in aghaidh Táillí.

• Bhuail muid leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

• Chas muid le hiarrthóirí Fhothoghchán Ghaillimh Thiar chun a seasamh ar phríomhcheisteanna na mac léinn a fháil amach.

• Chuir muid seirbhísí tacaíochta nua ar fáil in Oifig an Chomhaltais, ar a n-áirítear Clinicí Buail Isteach rialta um Thacaíocht Drugaí agus Alcóil, chomh maith le tob-chlinic ón tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh.

Coiste Feidhmiúcháin 2025/26 Executive Committee 2025/26

Comhairle an Chomhaltais

SU Council

Bhí 519 ionadaí ranga tofa againn i mbliana as fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha. Bhí sé seo ina mhéadú de 20% ar líon na n-Ionadaithe Ranga i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Reáchtáladh an chéad toghchán do mhic léinn teagasctha i mí Mheán Fómhair. D'oibríomar le hOifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí chun treoir a scaipeadh ar an bhfoireann acadúil maidir le toghadh na nIonadaithe Ranga. Chuidigh an treoir seo leis an bhfoireann acadúil tacú le daonlathas na mac léinn gan cur isteach air.

D’oibríomar i gcomhar leis an Déan Staidéir Iarchéime chun rannpháirtíocht agus ionadaíocht i dtaca le Taighde Iarchéime (PGR) a threisiú, agus reáchtáladh toghcháin na nIonadaithe Ranga d’Iarchéimithe i mbun Taighde i rith an tsamhraidh dá bharr. D’éirigh go geal leis an iarracht seo, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar líon na nIonadaithe Ranga PGR. Úsáideadh YourSpace leis na toghcháin a reáchtáil go hiomlán ar líne i mbliana.

Cuireadh an modúl ríomhfhoghlama le haghaidh ionadaithe ranga ar fáil arís i mbliana. In éineacht leis sin, áfach, reáchtáladh Oiliúint na nIonadaithe Ranga ar an láthair den chéad uair ó aimsir Covid. Chonacthas rannpháirtíocht láidir san oiliúint seo, thar mar a bhíothas ag súil leis. Chuige sin, tá súil againn go leathnófar an oiliúint ar an láthair gach bliain feasta.

Bhí cur chuige hibrideach ann i gcás Comhairle i mbliana a d'fhág go raibh mic léinn in ann rogha a dhéanamh arbh fhearr leo dul chuig cruinnithe ar líne nó ar an láthair. D’fhág sé sin go raibh mic léinn ar champais satailíte nó ar shocrúchán oibre in ann páirt a ghlacadh ann ar líne. Bhí leibhéal rannpháirtíochta láidir seasmhach ag ár gComhairlí i mbliana agus ardú mór ar an líon rún a moladh i gcomparáid le blianta roimhe seo. Ba mhinic a cuireadh síneadh leis an gclabhsúr dhá uair an chloig dá bharr. Ghlac an Chomhairle le hOrduithe Seasta nua chun ár rúin nós imeachta a bheachtú, rud a thug níos gaire iad dóibh siúd a úsáidtear do Chomhdháil AMLÉ, agus iad a bheith oiriúnach dár gcuid riachtanas ag an am céanna.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigigh na nIarchéimithe in 2025/2026 Ár mbuíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe Coláiste agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo.

• Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Cathal Sherlock

• Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh – Sonya Naumova

• Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta – Cameron Owen

• Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Jonathan Ryan/Sarah Costello

• Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Eimear McGarry

• Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Niamh McLoughlin Baudouin

• Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde – Buddila Wijeyesekera

Mar fhocal scoir, mo mhíle buíochas leis na hIonadaithe Ranga go léir a rinne a seacht ndícheall i mbliana le go mbeadh ionadaíocht thar cionn againn thar ceann mic léinn.

Nuachtán SIN

SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon asraon nuachta amháin atá ann do mhic léinn i gComhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe agus foilsítear ailt ar líne ag www.SIN.ie. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann Ollscoil na Gaillimhe. Cuirtear míreanna vox pop agus agallaimh sráide in airde ar chuntais meán sóisialta SIN. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na heolaíochta, an leighis, na tráchtála agus na hiriseoireachta.

Foireann 2025/26:

• Eagarthóir – Emma van Oosterhout

• Leas-Eagarthóir – Jake Davis

• Eagarthóirí Nuachta – Finnian Cox agus Elena Conroy Garcia

• Eagarthóirí Gné-Alt – Mairéad Maguire agus Éimear Stockmann

• Eagarthóirí na gColún Tuairimíochta – Sally Collins agus Fionn Sexton Connolly

• Eagarthóir Ealaíon – Marcela Villagómez

• Eagarthóir Nós Maireachtála – Hannah Feeney

• Eagarthóir Gnó & Teicneolaíochta – Emma O’Neill

• Eagarthóirí Spóirt – Jake Davis agus Sonny McGreevy

• Eagarthóir Cainte – Alyssa O’Sullivan

• Feidhmeannach Ábhair Dhigitigh - Saoirse Jaago

• Foireann Ábhair Dhigitigh - Aoife Lomasney agus Serena Garavaglia

• Dearadh & Leagan Amach an Láithreáin Ghréasáin – Shannon Reeves

Is ar líne amháin a d’fhoilsigh SIN ailt i mbliana. Foilsíodh eagrán speisialta toghcháin ar líne, ina raibh sraith alt agus grianghraf, roimh Thoghcháin Oifigigh Chomhaltas na Mac Léinn. Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha sa tsraith seo le gach iarrthóir do thoghcháin lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn. Chomh maith leis sin, foilsíodh grianghraif chinn ar chuntais mheáin shóisialta SIN, mar aon le halt tuairimíochta ar thábhacht na vótála, agus nuashonruithe beo ón toghchánaíocht a d'eagraigh SIN, agus ó chomhaireamh na vótaí.

Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach d'asraon nuachta nua-aimseartha. Bunaíodh rannóg Gnó & Teicneolaíochta úrnua i mbliana, le scríbhneoirí ó chúrsaí nach mbaineann leis na daonnachtaí a spreagadh.

Buaicphointí 2025/26:

• Faoi stiúir Shannon Reeves, leanadh ar aghaidh leis an obair in SIN ar smaointe deartha nua a fhorbairt tar éis athdhearadh iomlán a dhéanamh ar an leagan amach agus dearadh in 2021.

• Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san ollscoil.

• Tháinig borradh mór ar láithreacht SIN ar na meáin shóisialta, agus tháinig méadú os cionn 100% ar an líon leantóirí atá acu ar Instagram.

• Rinneadh athdhearadh iomlán ar straitéis meán sóisialta SIN i mbliana, tar éis dúinn ár gcéad fhoireann ábhair dhigitigh riamh a bhunú, agus roinneadh sleachta tarraingteacha as na hailt ar ardáin éagsúla chun an infheictheacht a threisiú mar aon le rannpháirtíocht na léitheoirí.

• Chuir SIN clúdach cuimsitheach tráthúil ar fáil ar Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn, lena n-áirítear agallaimh leis na hiarrthóirí chomh maith le nuashonruithe beo ón toghchánaíocht agus ó chomhaireamh na vótaí, lena chinntiú go raibh na mic léinn ar an eolas i rith an ama.

• Chuireamar an RAG Ride ar bun den chéad uair freisin leis an duine is gnéasúla ar an gcampas a roghnú. Bailíodh os cionn €200 d’Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus do GOAL dá bharr. Ba é Peter O’Neill a thug an chraobh leis sa chéad chomórtas riamh.

• Ghlac SIN páirt i Seisiúin Sealbhaithe Raidió Pobail Flirt FM leis an nuachtán a chur chun cinn i measc scríbhneoirí nua.

Gradaim

Cuireadh Gradaim SIN ar bun den chéad uair i mbliana, chun scríbhneoireacht ardchaighdeáin a spreagadh ó fho-eagarthóirí agus ó scríbhneoirí. Is iad seo a leanas buaiteoirí na nGradam:

• Iriseoir na Bliana: Finnian Cox

• Iriseoir Nua na Bliana: Tiernan Donovan

• Tiomantas den Scoth do SIN: Saoirse Jaago

• Scríbhneoir na Bliana (Nuacht & Cúrsaí Reatha): Tiernan Donovan

• Scríbhneoir na Bliana (Na hEalaíona & Cultúr): Marcela Villagómez

• Scríbhneoir Spóirt na Bliana: Jake Davis

• An Fiosrúchán is Fearr: Tiernan Donovan - 298 suspected AI cheating cases at University of Galway, students describe being investigated

• An Scéal Nuachta is Fearr: Fionn Murray - A poisoned chalice: Galway journalists on AI and the future of media

• An Gné-Alt is Fearr: Grainne Greene - “The greatest show on earth”: last of the Ringling name reflects on a lifetime in the circus world

• An Scéal Spóirt is Fearr: Eoin Langan - Colga F.C.: Inside the growth of a rural Galway football club

• An tAgallamh is Fearr: Dan Maher - Students’ Union Welfare and Equality Officer believes campus is mostly safe, despite sexual violence concerns

• An tAlt Tuairimíochta is Fearr: Kate Flores - How many more names must we remember?

• An tAlt Gaeilge is Fearr: Finn Brady - I súile fíor-Ghaeilgeoirí óga: níos faide ná Seachtain na Gaeilge

Tugadh aitheantas náisiúnta don fhoilseachán chomh maith. Bronnadh an gradam Saothar Aonair do Mheáin na Mac Léinn ar an Eagarthóir, Emma van Oosterhout, ag Gradaim Thionchar na Mac Léinn AMLÉ 2026. Ina theannta sin, ainmníodh an tuairisceoir Finn Brady don dá ghradam 'Iriseoir na Bliana’ agus ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge’ ag Gradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn (SMEDIAS). Fuair an tEagarthóir Nuachta Finnian Cox agus an tuairisceoir Kate Flores ainmniúcháin aonair do Ghradam Joe Drennan don Iriseoireacht um Shábháilteacht ar Bhóithre (The Joe Drennan Award, Journalism Relating to Road Safety). Bhain Éimear Stockmann agus Tara McGivern ainmniúcháin aonair amach chomh maith do Scríbhneoir Gné-alt na Bliana (Nuacht & Cúrsaí Reatha). Ag Gradaim Réigiúnacha an Student Publication Association (SPA), thóg Emma an Gradam don Iriseoir is Fearr in Éirinn léi, agus í ainmnithe chomh maith don Ghné-alt is Fearr agus do Thiomantas den Scoth ag gradaim SPA don Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn.

Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.

Toghcháin Elections

Chuir beirt mhac léinn is tríocha a n-ainm ar an bpáipéar ballóide i mí an Mhárta agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad chun Coiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2026-2027. Caitheadh na vótaí do na poist go léir ar an lá céanna agus go hiomlán ar líne, mar aon leis an vótáil sa reifreann ar Technion. Taifeadadh an dara ráta vótála is airde riamh sa toghchán seo, áit ar caitheadh 4,412 vóta. Reáchtáladh seisiún eolais agus toghchánaíocht i Sult roimh lá an toghcháin. Bhí clúdach cuimsitheach ar an toghchán ag SIN agus Flirt FM, mar aon le díospóireachtaí i gcomhar le Lit&Deb. Cuireadh stáisiún eolais do na toghcháin ar bun sa Síbín lá na vótála, le haiscíní agus both grianghraf. In Oifig an Chomhaltais, bhí píotsa in aisce ó Supermacs do gach duine a chaith vóta.

Rinne an Ceann Comhairimh, Cathal Sherlock, maoirseacht ar na toghcháin agus d'fhógair sé torthaí an chomhairimh an lá céanna ag cóisir an toghcháin i Sult, mar a raibh ceol beo á chasadh ag SuperCéilí.

Reáchtáladh toghchán ar leith don phost mar Chaptaen na gClubanna, toisc nach raibh aon iarrthóir tar éis teacht chun cinn faoin spriocdháta tosaigh.

Tá ról Oifigeach na Mac Léinn Aibí fós le líonadh. Reáchtálfar toghcháin go luath i seimeastar a haon chuige sin.

Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Uachtarán

Leas-Uachtarán/Oideachas

Leas-Uachtarán/Leas agus Comhionannas

Leas-Uachtarán/An Ghaeilge

An tOifigeach um Chearta Míchumais

Oifigeach na Mionlach Eitneach

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cathaoirleach na gCumann

Captaen na gClubanna

Oifigeach na nIarchéimithe Taighde

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

An tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Seán de Búrca

Eimear Burke

Molly Hickey

Cathal Ó hÉigeartaigh

Jean O’Boyle

Nazihah Hassan

Aifric Nevin

Sonya Naumova

Cillian Burke

Aoibhe Farragher

Sarah Costello

Joshua Theron

Niamh O’Connell

Charlotte Vanacore

Buddila Wijeyesekera

Tim Nostro

Gergő Gyula Gyenes

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú.

Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann le blianta beaga anuas:

Reifreann ar Cheangal na hOllscoile le Technion

Ritheadh i mí an Mhárta 2026 é Go n-éilíonn Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe go scoirfeadh an Ollscoil de gach ceangal le Technion.

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh i mí an Mhárta 2024 é Rinneadh ainm an Chomhaltais a athrú ó Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe. Rinneadh aon tagairt do OÉ Gaillimh a leasú go hOllscoil na Gaillimhe. Rinneadh forainmneacha a bhaineann le hinscne ar leith a bhaint.

Reifreann ar Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Ritheadh i mí an Mhárta 2022 é Leas-Uachtarán don Ghaeilge a chruthú agus deireadh a chur leis an ról páirtaimseartha Oifigeach na Gaeilge.

Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn

Ritheadh i mí Aibreáin 2021 é

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn

Ritheadh i mí Aibreáin 2021 é Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann

Ritheadh i mí an Mhárta 2017 é

Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh

Ritheadh i mí an Mhárta 2016 é

Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir beartas lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí

Ritheadh i mí an Mhárta 2016 é Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach le díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh Saothrú, Díol agus Sealbhú Cannabais a Dhlisteanú agus a Rialáil

Ritheadh i mí an Mhárta 2015 é Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis

Ritheadh i mí an Mhárta 2014 é Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois.

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael

Ritheadh i mí an Mhárta 2014 é Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS).

Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte

Ritheadh i mí an Mhárta 2013 é

Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine.

Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe

Ritheadh i mí an Mhárta 2012 é Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.

Dunk TANK

UMARTUMTHA Hitthetargetandyourfavourite classmates/lecturers/SocietyAuditors/ ClubCaptains/SUOfficers/BarStaff willdropintotheicywater! 12pm-3pmMonday9February outsideÁrasnaMacLéinn RaisingfundsfortheSUCharities

Early Bird Ents

IMEACHTAÍ SIAMSAÍOCHTALUATHA

IRISH MOVIE NIGHT 6pm-8pm • Monday 1st September in The View (John Broderick Room) Áras na Mac Léinn.

SALSA DANCING 4pm-7pm

INDECISION7pm-9pm • Wednesday 3rd September Live Band at Sult

Piarfhoghlaim CÉIM

Tá an clár piarfhoghlama CÉIM ag fás is ag forbairt i gcónaí agus rinneadh an clár a thairiscint do thart ar 2,000 mac léinn céadbhliana in 2025/26. Clár é CÉIM ina dtugtar tacaíocht do mhic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun na hollscoile, tacaíocht le nithe ar nós rath acadúil, sláinte agus folláine, forbairt scileanna agus dul chun cinn.

Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana Chuir Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe tús le CÉIM in 2013, agus tá sé á chomhordú go lárnach acu ó shin. Is samhail chruthaithe é anois le piarfhoghlaim acadúil i ngrúpaí beaga a chur ar fáil gach seachtain i rith na bliana acadúla.

Buaicphointí 2025/26

• Rinne CÉIM teagmháil le breis is 2,000 mac léinn céadbhliana le linn Ionduchtaithe na bliana seo. Mar chuid de seo, reáchtáladh dhá uair an chloig de thógáil foirne agus de thurais champais arís i mbliana do 600 mac léinn i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta.

• Mar chuid de sheisiúin CÉIM i mbliana, cuireadh béim ar leith ar scileanna ceistithe, ar smaointeoireacht chriticiúil agus ar ionracas acadúil na mac léinn a fhorbairt, chomh maith le plé criticiúil a dhéanamh ar an Intleacht Shaorga.

• Rinneadh an-iarracht i mbliana foirne aonair de cheannairí CÉIM a oiliúint ar mhaithe le tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh le pleanáil seisiúin agus le dinimic ghrúpa, rud a raibh an-tairbhe ag baint leis.

• Reáchtáladh CÉIM ar bhonn píolótach sna cúrsaí Eolaíochta Talmhaíochta agus Fisice i mbliana, agus d’éirigh go geal leis. Cuirfear an clár ar fáil ar na cúrsaí seo a leanas in 2026/27: Eolaíocht an Domhain agus an Aigéin, Muireolaíocht, agus Matamaitic an Airgeadais agus Eacnamaíocht.

• Rinne foireann CÉIM cur i láthair ag Comhdháil Teagaisc agus Foghlama ENLIGHT in Uppsala, d’oibrigh siad i gcomhar le hOllscoil Stáit Minnesota, agus tá siad ag tnúth le comhoibriú le comhghleacaithe piarfhoghlama in Albain.

Conas a oibríonn CÉIM

Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascú ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

Cuidíonn CÉIM liom aithne a chur ar dhaoine eile ar mo chúrsa, agus tugann sé na huirlisí cuí dom le go n-éireoidh liom.

Mac léinn de chuid na chéad bhliana, 2025/26

Chuir CÉIM feabhas mór ar mo chuid scileanna cumarsáide, agus bhí sé iontach a bheith in ann mic léinn chéad bhliana a spreagadh.

Ceannaire CÉIM, 2025/26

35

35 grúpa CÉIM

97%

ráta coinneála na gceannairí

79%

79% de mhic léinn

chéadbhliana i gColáiste na hEolaíochta & na hInnealtóireachta ar tairgeadh CÉIM dóibh

71%

71% de mhic léinn

chéadbhliana i gColáiste na nDán ar tairgeadh CÉIM dóibh

2

Reáchtáil 2 chlár CÉIM ar bhonn píolótach in 2025/26

100%

100% de mhic léinn

Baineann mic léinn rialta de chuid CÉIM gráid atá 10–30% níos airde amach go seasta ** Mic léinn CÉIM **

3 4 AS

Coláistí Ollscoil na Gaillimhe 3 as 4 Coláiste de chuid

Ollscoil na Gaillimhe atá i gcomhpháirtíocht le CÉIM 10-30%

* Cuirtear CÉIM ar fáil do go leor de mhic léinn na nDán in iliomad ábhar ** Ar an meán i gcomparáid le daoine nach rannpháirtithe iad bunaithe ar thaighde a raibh 7 dtacar sonraí ann *** Suirbhé i mí na Samhna 2025 ar mhic léinn chéadbhliana ar tairgeadh CÉIM dóibh

2,120

mac léinn iolrach ón 1ú bliain ar tairgeadh CÉIM dóibh*

chéadbhliana i Scoil an Dlí ar tairgeadh CÉIM dóibh   93%

93% a deir gur chabhraigh CÉIM leo aithne a chur ar mhic léinn eile ar an gcúrsa céanna leo***

926

ceannaire CÉIM ar mic léinn iad a fuair dianoiliúint cheannaireachta ó bhí 2013 ann

An Clár Scileanna Saoil Life Skills Programme 9

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne agus ar an láthair le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin.

Bhí na ceachtanna bríomhara 6 seachtaine don Bhodhrán agus don Fheadóg Stáin do ghlantosaitheoirí ar siúl arís i mbliana, agus Ryan ó Sheisiúin Thraidisiúnta na Gaillimhe mar theagascóir againn. Reáchtáladh na cúrsaí seo i Síbín an Chomhaltais. Bhí an-tóir orthu, go háirithe i measc mic léinn ar cuairt.

Bhí cúrsa ar líne, Oiliúint san Acmhainneacht Airgeadais, ar siúl sa chéad agus sa dara seimeastar, chun scileanna a thabhairt do na rannpháirtithe ann dul i ngleic leis na rudaí diúltacha a chuireann as dúinn ó thaobh cúrsaí airgid de. Chuir TASC, an mheitheal mhachnaimh don ghníomhú ar son athrú sóisialta, an cúrsa ar fáil do mhic léinn agus baill foirne saor in aisce.

Bhí cúpla cúrsa Heartsaver AED againn ar an láthair. Cuireadh an oiliúint i láthair in Ionad Croí agus Strócanna na heagraíochta Croí.

I gcomhpháirt le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, reáchtáladh cúrsaí Oiliúna maidir le Nochtadh mar chuid den tSeachtain Toilithe agus de Sheachtain SHAG. Thug na cúrsaí sin na scileanna do mhic léinn agus do bhaill foirne ionas go mbeidís in ann plé mar ba chuí dá ndéarfadh duine leo gur tharla cás d’fhoréigean gnéasach.

D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc ó FSS chun oiliúint safeTALK a sholáthar ar an gcampas le go mbeadh na scileanna ag mic léinn agus baill foirne chun comharthaí contúirte a aithint ar dhuine a bheadh i mbaol lámh a chur ina bhás féin.

Reáchtáil Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus an dá cheann acu lán.

Reáchtáladh sraith cúrsaí deich seachtaine iomlán díolta sa teanga chomharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn agus baill foirne na bunscileanna a theastaíonn uathu chun comhrá a dhéanamh sa teanga sin.

Reáchtáladh Ranganna Gaeilge ar an láthair agus ar líne i gcomhar le Gaelchultúr. Bhí an-tóir go deo orthu sin agus cuireadh cúig rang ar leibhéil éagsúla ar fáil gach seimeastar.

Reáchtáladh Cúrsaí Pilates 6 seachtaine ar líne le linn na bliana i gcomhar le Marie Hegarty Pilates d'fhonn solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú.

Bhí ceithre cinn de chúrsaí gearra Féinchosanta againn agus an fhoireann ó Itosu Kai Karate Galway sa Chladach linn le scileanna tábhachtacha féinchosanta a mhúineadh do na mic léinn.

Chabhraíomar freisin le ceardlanna cothabhála rothar do An Mheitheal Rothar agus ceardlanna scileanna digiteacha do Digital Champions a chur chun cinn.

Tiomsú Airgid

Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, sraith imeachtaí faoi leith ar mhaithe le carthanais i mbliana agus bailíodh €27,000 - méid éachtach - dár gcarthanais roghnaithe: Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus GOAL

Tá Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe tiomanta do sheirbhís ghairmiúil rúnda chomhairleoireachta agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid ghnéis agus foréigean gnéasach.

Oibríonn GOAL leis na pobail is leochailí dá bhfuil ann le cabhrú leo freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla, teacht chucu féin arís ina ndiaidh, agus teacht ar réitigh le dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an leochaileacht go ginearálta.

Reáchtáladh an tSeachtain Phléarácaim arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an Siúl Dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, Comórtas Rós Rag, Bróinse Galentine agus Comórtas Cúigear an Taobh. D'eagraigh

Flirt FM Maratón Raidió le craoladh 24 uair an chloig chun tús a chur leis an tseachtain, agus d’eagraigh an tAonad Spóirt imeacht don Lá Spóirt. Bhí Coinne Chéad Aithne le Leabhar de chuid Chumann na Scríbhneoirí ar ais arís i mbliana, agus i measc na n-imeachtaí nua a cuireadh leis an gclár bhí Umar Tumtha agus Oíche Tráth na gCeist d'Iarchéimithe. Fuaireamar síntiús freisin ó Aip MyAMLÉ mar dhuais as na híoslódálacha go léir a rinneadh ar an Aip le linn Sheachtain RAG. Chuir SIN an chéad chomórtas RAG Ride ar siúl, ach ar an drochuair – nó ar an dea-uair – níor bhain Dúshlán Mankini Paddy a sprioc tiomsaithe airgid amach, agus mar sin ní raibh sé d'ádh orainn é a fheiceáil i mankini.

Bhailíomar breis agus €2,120 i Raifil Ollmhór na Nollag a bhuíochas do bhaill foirne agus mic léinn a cheannaigh ticéid ar líne chun deis a bheith acu ceann de 20 duais iontach a bhuachan a thug gnólachtaí i nGaillimh don raifil go flaithiúil. Bhíomar amuigh leis na buicéid ar mhaithe le cúiseanna carthanachta freisin mar chuid de shearmanas na hOllscoile le Soilse an Chrainn Nollag a Lasadh

Bhí an-ráchairt ar an oíche bhliantúil Take Me Out ag Sult, leis an bhfear grinn Steve Bennett mar fhear an tí. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le páirt a ghlacadh, craic a bheith acu agus iarracht a dhéanamh teacht ar a ngrá geal!

Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla de Bhiongó na nGnéasbhréagán ag Sult le linn na bliana, agus Steve Bennett ina fhear tí arís i dteannta Steven Sharpe. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais. Bhí Oíche Róidió againn le linn Sheachtain SHAG, leis, agus bod róidió ollmhór mar chroílár an spraoi, áit a raibh mic léinn ag tabhairt airgid le triail a bhaint as!

Ar na himeachtaí nua tiomsaithe airgid i rith na bliana, bhí Oíche Phéinteála le Bob Ross, Siopa Babhtála Éadaí mar chuid de Sheachtain Bhruscair, Máistir-rang Smideadh MAC, agus Leabhair & Cístí. Chabhraigh na himeachtaí seo go léir le mic léinn a spreagadh le hairgead a bhailiú ar mhaithe le carthanacht.

Leanamar orainn ag díol Stocaí Big Yellow Thing ar líne agus ar an gcampas. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead ar fad ó na díolacháin stocaí chuig carthanais an Chomhaltais.

D’eagraíomar Tobshiopaí ar mhaithe le Clann Shíomóin na Gaillimhe le linn na bliana le go mbeidís in ann €5,883.50 a bhailiú agus, san am céanna, le mic léinn a spreagadh i dtreo earraí athláimhe a cheannach.

Leanamar ar aghaidh lenár bhfeachtas bronntanas leis an Mol Sláinteachais i rith na bliana, feachtas trína raibh deis ag mic léinn agus baill foirne táirgí sláinteachais phearsanta agus táirgí glantacháin a bhronnadh. Cuireadh na táirgí sin ar aghaidh ansin chuig comhpháirtithe eile ón Mol Sláinteachais i nGaillimh - COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe agus Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe ina measc.

Ghlacamar páirt san fheachtas tiomsaithe airgid Lá Lus an Chromhchinn do Chumann Ailse na hÉireann i mí an Mhárta.

Siamsaíocht & Imeachtaí Entertainment & Events

Ents Mochóirí

I dtús mhí Mheán Fómhair bhíomar ag obair leis an Oifig Idirnáisiúnta chun sraith Ents Mochóirí a reáchtáil le fáilte a chur roimh mhic léinn a bhí le teacht go luath chun an champais. Ina measc siúd bhí oíche scannán Éireannach, Céilí, Mearmhuintearas, rince salsa, cáirióice, agus Oíche Arriba. Bhí ceol beo le Indecision ann freisin agus labhair Oifigigh an Chomhaltais ag seisiúin Ionduchtaithe.

Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana Bhí bannaí ceoil beo, DJanna agus oícheanta téamaí ar siúl i Sult ó thús mhí Mheán Fómhair le fáilte a chur roimh chách chuig an seimeastar nua. Bhí seastáin an Chomhaltais ar taispeáint againn ar Laethanta na gCumann agus na gClubanna chomh maith. Bhí málaí gualainne Rudaí Áille an Chomhaltais ar ais againn arís agus iris an Chomhaltais chomh maith le rudaí eile saor in aisce chun fáilte a chur roimh mhic léinn ar an gcampas le linn Mheán Fómhair. Bhí an Phictiúrlann Lasmuigh ar ais arís agus an-tóir arís uirthi. Tugadh amach grán rósta saor in aisce agus an scannán Shrek á thaispeáint againn. Bhí Aonach na bhFreisear chomh gnóthach is a bhí riamh agus trucailí bia ann, cluichí inséidte, tobshiopa éadaí seanré, ceol, comórtais agus margaí iontacha do mhic léinn chomh maith le haiscíní, dar ndóigh.

Take Me Out

Bhí Sult dubh le daoine i mí na Samhna agus Take Me Out ar siúl ann. Bhí sé mar aidhm acu siúd a bhí san iomaíocht dul i bhfeidhm ar na hiomaitheoirí eile le teacht ar a ngrá geal. Is é an fear grinn Steve Bennett a bhí mar fhear an tí ar an oíche ar mhaithe le Carthanais an Chomhaltais.

Oiliúint Bhándearg

Bhíomar mar óstach ag an gcomhdháil Oiliúint Bhándearg i mí na Samhna arís. Is í an Oiliúint Bhándearg an Chomhdháil LADT+ is mó san Eoraip, lena bhfreastalaíonn níos mó ná 300 toscaire mac léinn ar dheireadh seachtaine de thraenáil chónaithe. Mar chuid den deireadh seachtaine bhí cainteanna, ceardlanna agus seisiúin iomlánacha á reáchtáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar aon le himeachtaí sóisialta eile, léiriú thar cionn eile ó Dirty Circus ina measc.

Tíosmhargadh na Nollag

Mar chuid den tSeachtain Staidéir i mí na Nollag rinneamar Tíosmhargadh na Nollag a eagrú in Áras na Mac Léinn. Bhí earraí ealaíon agus ceardaíochta á ndíol ag mic léinn ann, tobshiopa éadaí athláimhe ó Chlann Shíomóin na Gaillimhe, chomh maith le ceol ó Flirt FM in Áras na Mac Léinn.

Aonach na nAthfhreisear

Bhí Aonach Athnuachana na bhFreisear againn i mí Eanáir agus aiscíní, féiríní, taispeántóirí, cluichí inséidte, trucailí bia, reic éadaí athláimhe, ceol ó Flirt FM agus neart eile ann!

Seachtain RAG

Reáchtáladh an tSeachtain Phléarácaim arís i mí Feabhra agus i measc na n-imeachtaí ann bhí an Siúl Dóiteáin, lombhearradh gruaige, ceant carthanachta, rith spraoi 5km, Comórtas Rós RAG, Bróinse Galentine, Lá Spóirt, Maratón Raidió, Umar Tumtha agus Comórtas Cúigear an Taobh. Bhí gigeanna saor in aisce le Jacky Reilly agus Clada ar siúl ar Luan Mhaigh Eo. Agus, dar ndóigh, bhí Sult ina thine bhruite ar Mháirt Dhún na nGall agus gig saor in aisce le MC Pat Flynn ar siúl!

Oíche Thorthaí an Toghcháin

D’eagraigh muid cóisir mhór d’Oíche Thorthaí an Toghcháin ag Sult i mí an Mhárta do vótálaithe agus d'iarrthóirí. Bhí ceiliúradh spleodrach ann agus torthaí an toghcháin á bhfógairt, chomh maith le ceol beo den scoth ó SuperCéilí!

Oícheanta Téamaí

D’eagraíomar go leor imeachtaí agus oícheanta téamaí ag Sult i rith na bliana, ina measc The Big Gay Lock In, Cmataoke, The Pitball, Comórtas na dTaibheoirí Fir, Máistirrang Smideadh MAC, agus Oíche Phéinteála le Bob Ross. Chuireamar gig le Le Boom ar siúl in Electric chomh maith.

Clárú vótálaithe

Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghcháin Sheanad Éireann ag ócáidí bronnta céimeanna.

Aiscíní

Bhí blaisíní promóisin againn i gcaitheamh na bliana in Oifig an Chomhaltais agus neart aiscíní á dtabhairt amach againn ó chuideachtaí ar nós Supermacs, Celsius, Kenco, Red Bull agus Kind Bars. Thaistil muid go Coláiste Ósta na Sionainne freisin le bualadh leis na mic léinn ansin agus roinnt aiscíní a thabhairt dóibh.

Feachtais

Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, i rith na bliana acadúla 2025/26. Áirítear leo feachtais leasa a bhí dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte agus sláinte gnéis, mar aon le feachtais inbhuanaitheachta, feachtais ar son na Gaeilge agus feachtais eile nach iad.

Seachtain na Meabhairshláinte Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí Dheireadh Fómhair le mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, le feasacht a mhúscailt agus le comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine bhí Aonach Folláine, ceardlann mheabhairshláinte le Jigsaw Galway, Céadaoin na Folláine, agus Oiliúint Feasachta faoin bhFéinmharú ó safeTALK. Bhí seastáin ag an Aonach Folláine ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann, Samaritans na Gaillimhe, GOAL, Foireann Chomhairleoireachta na hOllscoile, agus an tSeirbhís Tacaíochta um Fhoréigean Gnéasach & Ciapadh na hOllscoile. Bhí Fondúireacht Marie Keating i láthair lena n-aonad eolais shoghluaiste, agus bhí tobshiopa ag Pobal Shíomóin na Gaillimhe.

Seachtain Ghaelach

Ar na himeachtaí a bhí mar chuid den tSeachtain Ghaelach i mí na Samhna, bhí rince, ceol, léirithe scannán, maidineacha caife, Gaeilge 24 agus seisiúin sealbhaithe Flirt FM.

Seachtain SHAG

I mí na Samhna, bhí feachtas againn mar chuid d'imeachtaí

Sheachtain SHAG a tharraing aird ar na tacaíochtaí iomadúla atá ar fáil do shláinte ghnéis mhic léinn. Bhí oíche róidió carthanachta againn i Sult freisin leis an Dicktator Rodeo Bull agus ceol beo ó “The Viking” Tony Cunningham.

Bhí mearthástáil VEID agus Sifilise ar fáil ó Sexual Health West, tástáil saor in aisce um Ionfhabhtú Gnéas-Tarchurtha san Aonad Sláinte, Oiliúint maidir le Nochtadh le hIonad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus Biongó na mBréagán Gnéis ar díoladh gach ticéad dó.

Feachtas Cóiríochta

Ag tús mhí Mheán Fómhair, dháileamar bileoga agus póstaeir don fheachtas “Room for one more?”, chun teacht ar bhreis lóistín do mhic léinn.

An tSeachtain Toilithe

Bhí an tSeachtain Toilithe againn i mí Feabhra agus neart imeachtaí iontacha againn, ar nós: mearthástáil VEID agus sifilise, Oiliúint maidir le Nochtadh, Tástáil um Ionfhabhtú GnéasTarchurtha san Aonad Sláinte agus Biongó na mBréagán Gnéis ar díoladh gach ticéad dó.

Seachtain na Gaeilge

Rinneamar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh thar thrí seachtaine i mí an Mhárta agus i measc na n-imeachtaí breátha a bhí againn bhí Céilithe, agóidí tithíochta, seisiúin sealbhaithe Flirt FM, seisiúin ceoil thraidisiúnta, cainteanna, ceardlanna agus gigeanna thar na bearta le Grooveline agus Colm 7 na hEasógaí i Sult.

Táirgí Míostraithe Saor in Aisce Lean an Comhaltas agus an Ollscoil orthu ag tabhairt amach táirgí míostraithe saor in aisce ar fud an champais, chun dul i ngleic le fadhb an anáis mhíosta i measc mac léinn agus baill foirne. Tháinig an clár as tionscnamh a sheol an Comhaltas in 2017.

An Phalaistín

Bhíomar ag obair le grúpaí éagsúla ar an gcampas agus ar shiúl ón gcampas le daoine a chur ar an eolas faoin gcogadh sa Phalaistín agus faoin ngluaiseacht BDS (Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí) dírithe ar chainteanna, plé painéil, léirithe scannán, bigilí agus agóidí. D’éirigh thar barr lenár Reifreann i mí an Mhárta, nuair a vótáil tromlach mór de 2,595 mac léinn i bhfabhar go n-éileodh Comhaltas na Mac Léinn ar an Ollscoil deireadh a chur le gach nasc le Technion.

Tionscnaimh Chomhshaoil

Bhí cruinnithe ag Criú Aeráide Chomhaltas na Mac Léinn i gcaitheamh na bliana chun teacht ar bhealaí go mbeidh nósanna inbhuanaithe i réim san ollscoil agus sa saol oiread agus is féidir. Bhí an Éicea-Chaifé ar siúl gach mí, chun spás sábháilte a thabhairt do mhic léinn lena gcuid imní faoi chúrsaí comhshaoil a phlé. D’eagraíomar feachtais chun cótaí agus gloiní saotharlainne a athchúrsáil i mí Mheán an Fhómhair agus na Bealtaine le go mbeifí in ann na giuirléidí sin a thabhairt ar aghaidh do mhic léinn eile seachas iad a chaitheamh amach.

Bhí ceardlanna, painéil phlé, glantacháin trá, agus tráth na gceist mar chuid de Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i mí Mheán Fómhair. Bhí Ócáid Glantacháin againn i ndiaidh Lá Nollag na Mac Léinn le go mbeadh áit ní ba ghlaine ní ba ghlaise againn i nGaillimh. Rinneamar tobshiopaí athláimhe a eagrú i gcomhar le Clann Shíomóin na Gaillimhe.

I Seimeastar 2, bhí roinnt imeachtaí iontacha ar siúl le linn Sheachtain Bhruscair ar a n-áirítear feachtas athchúrsála galtoitíní, siopa babhtála éadaí agus painéal plé.

Reáchtálamar feachtas feasachta Deonú seachas Dumpáil faoin athchúrsáil i ndeireadh na bliana i gcomhar leis an tionscadal inbhuanaitheachta Gluais Ghlas.

Bhí Spéir, Landair Chomhaltas na Mac Léinn, ar oscailt dhá uair sa tseachtain i rith an téarma le bia saor in aisce a dháileadh ar mhic léinn - bia a chuirfí amú murach sin. Bhain Spéir cloch mhíle mhór inbhuanaitheachta amach agus 51,190 cileagram de bhia barrachais athdháilte ag an gComhaltas in 2025. Is ionann sin agus 121,881 béile, anuas ar 118,761 cileagram de CO2 a choigilt.

Feasacht ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Le linn na bliana, rinneamar óstáil ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre do chuairteanna ar an gcampas, lena n-áirítear ‘Fline Box’ a shocrú ionas go mbeadh mic léinn in ann triail a bhaint as tástáil anála. Bhí dúshlán spéaclaí óil, gléasanna cinn VR agus veisteanna sofheicthe saor in aisce ann freisin chun aird a tharraingt ar cheist na sábháilteachta ar bhóithre.

Imeachtaí do Mhic Léinn Iarchéime agus do Mhic Léinn Aibí

D’eagraigh ár nOifigigh an iliomad imeachtaí do na Mic

Léinn Iarchéime agus Aibí ar an gcampas i rith na bliana. Ina measc siúd bhí caint ar Iarchéimithe agus Ceardchumainn, oíche Thráth na gCeist d’Iarchéimithe, maidineacha caife d'Iarchéimithe, imeachtaí ag plé le hinbhuanaitheacht sa taighde, cáirióice d'Iarchéimithe, an ócáid Tabhair Leat Pláta, grúpaí staidéir do mhic léinn aibí, agus Lá Leabhar na bPáistí.

Feachtais eile

Bhíomar ag obair le Sexual Health West le mearthástáil rialta

VEID agus clinicí tástála sifilise a reáchtáil ar an gcampas i rith na bliana agus rinneadh tástáil ar bhreis is 80 mac léinn. Chomh maith leis sin, rinneamar coiscíní, bealadh, táirgí míosta, tástálacha toirchis agus trealamh tástála drugaí a scaipeadh.

Bhí seisiúin eolais buail isteach míosúla againn maidir le hAlcól agus Drugaí, i gcomhar le Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair. Bhí clinicí comhairle buail isteach againn chomh maith leis an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh

Bhí feachtais againn gach mí chun táirgí sláinteachais, féinchúraim agus glantacháin tí a fháil do Mhol Sláinteachais na Gaillimhe. Dáileadh na hearraí a fuarthas ar chomhpháirtithe pobail an Mhoil Sláinteachais i nGaillimh, lena n-áirítear COPE na Gaillimhe, Clann Shíomóin na Gaillimhe, Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe agus Cumann Naomh Uinseann de Pól, i measc comhpháirtithe eile.

Chuireamar le huaireanta oscailte ár seirbhís in aimsir na scrúduithe agus, dar ndóigh, bhronnamar neart earraí saor in aisce ar mhic léinn le hiad a spreagadh sa tréimhse sin.

Ghlacamar páirt in agóidí, i bhfeachtais agus in imeachtaí a bhain le ceisteanna mar tháillí mac léinn, costas maireachtála, tithíocht, cearta na mac léinn iarchéime, an Phalaistín, cearta mac léinn altranais, tithíocht sa Ghaeltacht, agus cearta Gaeilge.

Riaramar Ciste-T le neamhspleáchas a thabhairt do mhic léinn a rogha fheasach féin a dhéanamh ar na rudaí a mheasann siad atá riachtanach dá n-aistriú sóisialta.

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn

Students’ Union Services

SULT

Bliain thar cionn eile a bhí againn in 2025/2026 san ionad bia / dí / spóirt bheo agus imeachtaí is fearr ar an gcampas, an t-aon cheann dá leithéid! Is i Sult a bhíonn líon dochreidte seónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha, sailéid Bia Box agus Greamanna Móra.

Bhí neart Margaí le Cárta an Chomhaltais againn chun airgead a shábháil ar bhia agus ar dheochanna, le réimse leathan deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla ar phraghsanna thar a bheith réasúnta!

Tá an-tóir i gcónaí ar ár mbia te déanta ar ordú, ar an deilí, agus ar na sailéid ‘Bia Box’ atá ar phraghas an-réasúnta ar fad, taobh leis an réimse eile de bhia te blasta. D’éirigh linn níos mó ná riamh de na deochanna is ansa libh, margaí maithe, laghduithe agus lascainí a sholáthar daoibh!

Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, na cinn seo ina measc:

• 130 x Cóisir Ranga.

• 140 x Ócáid Cumainn.

• Breis is 100 x Cóisir Clubanna agus imeacht i ndiaidh cluichí / comórtas.

• 45 x Ócáid Chomhaltas na Mac Léinn.

• Beagnach 200 Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra.

• 145 x Cóisir foirne roinne agus iarchéime.

• 28 x Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí Daonnúla agus Carthanas.

• Craoltaí Beo don Náisiún & go leor eile!!

Chomh maith leis sin, is i Sult atá na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, amhránaithe beo, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána ceabairé, chomh maith le craic ag Sult agus ar an áit suí amuigh cois abhann is deise i nGaillimh, atá clúdaithe anois, buíochas le Dia, le haghaidh na laethanta gaoithe sin!

Táimid an-mhórtasach as an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe, agus as an urraíocht a dhéanaimid orthu, foirne a bhfuil an-rath orthu.

CAIFÉ SMOKEY

Is é Caifé Smokey an áit is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean, bualadh le cairde, obair ar thionscadail agus do shaol sóisialta a phleanáil – agus an caife is tae orgánach is fearr ar an gcampas á ól agat!

Is caife Cóirthrádála, orgánach, Arabica a fhástar 100% faoi scáth é ár gcaife go léir, é ullmhaithe ónár n-innill úrnua barista – agus tá raon iomlán de bhainne malartach agus neamhdhéiríochta ar fáil leis.

Bíonn oícheanta rialta i Sult anois a dteastaíonn ticéad lena n-aghaidh le roinnt de na grúpaí is mó le rá, lena n-áirítear Arriba Nights, Biongó na nGnéasbhréagán, Take Me Out, Quiz Sciobtha, Ceolbhiongó agus a thuilleadh nach iad!

Agus ná déanaigí dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil saor in aisce do chóisirí agus imeachtaí oifigiúla a eagraíonn cumainn agus clubanna i Sult. Is muidne a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin!

Chomh maith le tairiscintí rialta le Cárta an Chomhaltais agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/caife ar maidin - mar is dual dóibh le fada an lá - lena chinntiú nach mbeadh mic léinn na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe agus i míonna fuara an gheimhridh!

Cuireann Smokey’s deochanna teo agus fuara den chéad scoth ar an mbord, lena n-áirítear caife oighrithe. Cuirtear caoineoga, súnna, sailéid, rollaí, painíní, ceapairí, dinnéir, sneaiceanna; roghanna milse agus roghanna sláintiúla ar fáil freisin.

Tá Caife na Míosa, a bhfuil an-tóir air, seolta againn anois freisin, agus muid ag cur roghanna nua ar fáil go rialta le go mbainfidh tú triail astu!

Tá raon leathan de bhia veigeánach agus veigeatórach le fáil i Smokey’s, atá lonnaithe i bhFoirgneamh na nDán / na hEolaíochta i gcroílár an champais!

Is féidir le Caifé Smokey lónadóireacht a chur ar fáil do thart ar 150 duine ag imeachtaí nó ócáidí, agus mar bharr ar gach éacht eile, chuaigh an caifé chomh fada le craobh réigiúnach Ghradaim Náisiúnta na mBialann le blianta beaga anuas.

SIOPA CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Is é Siopa an Chomhaltais an t-aon siopa áise atá ar an gcampas agus is é an fhírinne lom gurb é siopa áitiúil phobal champas Ollscoil na Gaillimhe é! Is i gcroílár na hollscoile i Leabharlann Hardiman atáimid lonnaithe agus ní fhéadfadh sé a bheith ní b’áisiúla.

Ag Siopa an Chomhaltais, bímid ár bhforbairt i gcónaí le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirimid neart bianna úra iontacha ar fáil; ceapairí; fillteacha; rollaí; sneaiceanna; deochanna teo agus fuara; na hearraí is tábhachtaí grósaeireachta agus tí; stáiseanóireacht; nuachtáin laethúla agus neart roghanna sláintiúla!

Is i Siopa an Chomhaltais atá an raon leathan d’earraí oifigiúla

Ollscoil na Gaillimhe is fearr ar fáil, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte, stáiseanóireacht na hollscoile, málaí agus go leor eile –iontach duit féin nó mar bhronntanas. Tabhair cuairt ar ár siopa ar líne chomh maith @ www.shopcampus.ie

Leanann an Siopa, a bhfuil duaiseanna gnóthaithe aige, de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanaimid de bheith níos fearr ná iad freisin!

• De bhreis air sin, tá mórghradaim náisiúnta bainte amach ag Ár Siopa

• chomh maith le Gradam 5 Réalta ag na gradaim bhliantúla ‘Siopa na Bliana’

• Chomh maith leis sin, bhuaigh Bainisteoir an tSiopa s'againne, Liam, Bainisteoir na Bliana ag na Gradaim iomráiteacha Retail Excellence Ireland Awards le déanaí!

• Tá bród an domhain orainn uilig as éachtaí Liam agus an fhoireann!

Leanann Siopa an Chomhaltais de na caighdeáin is airde sa tionscal a bhaint amach, agus iad a chur ar fáil i gcónaí ar phraghsanna réasúnta.

CÁRTA AN CHOMHALTAIS

Tá mic léinn ag fáil luach níos fearr ar a gcuid airgid, lascainí agus rudaí saor in aisce le Cárta an Chomhaltais le 16 bhliain anuas. Níos fearr fós, tá an cárta saor in aisce. Is féidir Cárta an Chomhaltais a úsáid i ngach ionad miondíola atá ag Comhaltas na Mac Léinn. Seo ár mbealach chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ó cheann ceann na bliana gach bliain. Tá sé simplí – gan sibhse, ní bheimis ann!

Tá an chéad mheaisín Re-Turn curtha ar fáil againn ar an gCampas

Theas le déanaí, chun tairbhe an phobail ar fad. Is féidir an creidmheas a thabhairt do Charthanais an Chomhaltais más mian leat, fiú!

ATHINFHEISTIÚ IONATSA

Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar an brabús ar fad ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú i gComhaltas na Mac Léinn agus i seirbhísí ar an gcampas, ar meascán de sheirbhísí tráchtála agus neamhthráchtála iad, chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil daoibh a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud ar leith faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn ná go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Ní féidir le haon soláthraí seirbhíse eile ar an gcampas an méid sin a mhaíomh!

Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta • Sult, Caifé Smokey, Siopa an Chomhaltais agus ShopCampus.ie • €30,000 do Chiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil gach bliain d’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár gcion féin leis na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil a mhaoiniú. Tugann sí €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn, leis, chun tacú lenár bhfeachtais, lenár seirbhísí tacaíochta agus le gníomhaíochtaí eile ar do shon!

Bígí ag faire amach le haghaidh tairiscintí rialta, lascainí agus margaí le Cárta an Chomhaltais i ngach ceann dár n-aonad. Tá cuid díobh ar fáil an t-am ar fad agus déantar cuid eile a nuashonrú go rialta. Is le Cárta an Chomhaltais a gheobhaidh tú an margadh is fearr i gcónaí agus cuirimid fáilte is fiche roimh mholtaí! AN INBHUANAITHEACHT

Téimid i ndlúthchomhar le Ethical Coffee Company, cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland lena chinntiú gur táirge Cóirthrádála, Orgánach, inmhúirínithe é gach tae, caife, siúcra, blastán agus meascthóir a úsáidtear i ngach aonad de chuid

Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn!

Caife Arabica ó Puro a fhástar 100% faoi scáth atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó lasmuigh de.

Déantar na ranníocaíochtaí thuasluaite is cuma cé acu a éiríonn leis an gcuideachta brabús a dhéanamh nó nach n-éiríonn, agus déantar iad chun tacú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach chun leas na mac léinn, na mball foirne agus cuairteoirí ar Ollscoil na Gaillimhe.

FOSTAÍOCHT MAC LÉINN

Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey’s, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí! Is mic léinn iad an fhoireann uile i Seomra Cótaí an Chomhaltais agus i Spéir.

URRAÍOCHT

I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ar siúl ag carthanais - go háirithe na Carthanais atá roghnaithe ag an gComhaltas féin - chomh maith le clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile.

Táimid an-mhórtasach freisin as síneadh bliana a chur leis an gcomhpháirtíocht atá againn le Foirne Sacair na mBan Ollscoil na Gaillimhe agus leis an urraíocht a dhéanaimid orthu – foirne a bhfuil an-rath orthu!

SPÉIR

Is córas é Spéir, Landair an Chomhaltais, trína mbailítear bia trí FoodCloud, eagraíocht a thógann naisc le hollmhargaí áitiúla chun bia a athdháileadh agus chun cur amú bia a laghdú. Sna bailiúcháin bíonn barrachas bia, bia le pacáistíocht dhamáistithe, bia deireadh líne agus bia a bhfuil an spriocdháta díola nó an dáta ar fearr roimhe é ag teannadh leis. Dáiltear an bia seo dhá uair sa tseachtain ar mhic léinn atá ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe in ionad é a chur amú, agus é mar aidhm ag an landair laghdú a dhéanamh ar an mórchuid dramhaíola ó ollmhargaí. Is in íoslach na Leabharlainne os comhair Shíbín an Chomhaltais atá Spéir lonnaithe. Is mic léinn iad foireann uile Spéir.

TAISCEADÁIN

Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ghlacamar seilbh i mbliana ar an chuid eile de na taisceadáin i bhFoirgneamh na hEolaíochta

Cliniciúla agus d’éirigh linn fáil réidh le cuid de na seanchinn agus taisceadáin bhreátha úra a fháil ina n-ionad. Tá taisceadáin samhraidh againn freisin le haghaidh mic léinn ar an gcampas le linn na saoire nó mic léinn a bhfuil scrúduithe le déanamh arís acu.

CÁRTAÍ LEAP DO MHIC LÉINN

Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire don Chárta Leap do Mhic Léinn, rud is féidir le mic léinn a úsáid le lascainí iontacha a fháil ar thaisteal.

SÍBÍN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Spás sóisialta is ea Síbín an Chomhaltais atá suite in íoslach Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin. Tá dóthain spáis ann le haghaidh 40 mac léinn agus tá neart pointí luchtaithe ann. Bíonn sé ar oscailt 9am-5pm, Luan go hAoine, i rith an téarma agus bíonn uaireanta breise oscailte ann in aimsir na scrúduithe. Spás neamhthráchtála atá ann, mar sin tá an-tóir air i measc mic léinn atá ag iarraidh seal a chaitheamh i measc cairde nó idir léachtaí. Dá ndéanfaí infheistíocht bhreise sa spás chun aeráil agus uisce a chur isteach bheadh sé oiriúnach mar áit le haghaidh micreathonnán, forbairt a mheallfadh níos mó daoine fós chuige.

SEOMRA CÓTAÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Tá Seomra na gCótaí á reáchtáil agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn agus é ar oscailt 9am-6pm, Luan go hAoine, le linn an téarma. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn. Bíonn uaireanta oscailte breise ag Seomra na gCótaí le linn na scrúduithe.

MÁLAÍ AN CHOMHALTAIS DO LUCHT NA CHÉAD BHLIANA

Scaip an Comhaltas málaí gualainne in-athúsáidte saor in aisce ar mhic léinn ó cheann ceann na bliana chomh maith le neart aiscíní eile agus Iris Fáilte an Chomhaltais. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá san iris agus tá eolas inti ar Fhoireann an Chomhaltais, Seirbhísí an Chomhaltais, áiseanna ar an gcampas, agus Clubanna agus Cumainn. An Comhaltas a rinne dáileoirí na dtáirgí míostraithe a athlíonadh ar fud an champais chomh maith le tástálacha le haghaidh toirchis, fearas tástála drugaí, coiscíní agus bealadh a thabhairt amach.

CLÁR DIANCHEACHTANNA CHOMHALTAS NA MAC LÉINN

Óstálann Comhaltas na Mac Léinn clár fógraí ar líne, áit ar féidir leo siúd atá ar fáil chun diancheachtanna a thabhairt a gcuid seirbhísí

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

Clár Scileanna Saoil

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

DIANCHEACHTANNA

Clár Scileanna Saoil

DIANCHEACHTANNA

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

Clár Scileanna Saoil

CHOMHALTAIS Siamsaíocht an Chomhaltais

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E

Siamsaíocht

ATHLÁIMH E Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS

Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais

Clár Scileanna Saoil

Siamsaíocht an Chomhaltais

Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais AN CHOMHALTAIS

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais

SU Finance

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais

Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann an fhaisnéis thíos leis an mbliain airgeadais dar críoch an 30 Meitheamh 2025, agus tá figiúirí comparáideacha ón mbliain roimhe sin san áireamh mar thagairt.

Feidhmíonn Comhaltas na Mac Léinn le buiséad bliantúil ar mó é ná €1 mhilliún. Tá trí rannóg ar leith ann do chúrsaí airgeadais:

• Gníomhaíochtaí Ginearálta Chomhaltas na Mac Léinn

• CÉIM

• Spéir & Síbín an Chomhaltais

Is ó Thobhach na Mac Léinn a thagann leithdháileadh gach rannóige, agus feidhmíonn gach ceann acu lena chlár comhardaithe imfhálaithe féin. Cinntíonn an struchtúr seo go ndéantar acmhainní agus gníomhaíochtaí a bhainistiú go freagrach, agus go ndéantar na cistí a leithdháiltear chun críocha sonracha a chosaint agus a úsáid dá réir.

Is ó Thobhach na Mac Léinn, ar íocaíocht í a dhéanann ár mbaill sa bhreis ar tháillí agus muirir ollscoile eile, a fhaigheann an Comhaltas an chuid is mó dá theacht isteach. Déantar ioncam breise a ghineadh trí sheirbhísí amhail taisceadáin ar cíos agus coimisiún ar an gCárta Leap do Mhic Léinn. Curtha leis sin, bronnann cuideachta tráchtála an Chomhaltais ranníocaíocht €36,000 gach bliain chun cabhrú le himeachtaí na mac léinn.

Is ar mhaithe lenár mbaill amháin atá an Comhaltas ann, agus is chuige sin a chaitear gach pingin den bhuiséad. Tá an caiteachas don bhliain dar críoch 30 Meitheamh 2025 i gcomhréir leis an mbliain roimhe sin, den chuid is mó. Caitheadh os cionn 50% de bhuiséad an Chomhaltais go díreach ar Ionadaíocht agus Seirbhísí do mhic léinn.

Tá staid an airgeadais sa Chomhaltas seasmhach, a bhuíochas as sin den chuid is mó don bhainistíocht chúramach acmhainní atá déanta ag foireann iomlán Chomhaltas na Mac Léinn. Is ó Thobhach na Mac Léinn a fhaigheann an Comhaltas an chuid is mó dá theacht isteach. Is maith is eol dúinn nach mór an t-airgead seo a chaitheamh go cúramach agus luach ar airgead a fháil i gcónaí.

Tuigeann an Comhaltas go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid. Ní mór clár comhardaithe láidir agus cúlchistí maithe airgid a bheith againn chun an eagraíocht a choinneáil seasmhach agus inbhuanaithe san fhadtéarma, mar aon leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dár mbaill.

Tá na ráitis airgeadais don bhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2025 ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn, téigh chuig ár láithreán gréasáin www.su.universityofgalway.ie.

COMHALTAS NA MAC LÉINN | STUDENTS’ UNION

IONCAM

Tobhach na Mac Léinn

Leithdháileadh Foilseachán de Thobhach na Mac Léinn

Ranníocaíocht na Mac Léinn

Comhaontú Bheár an Choláiste

Áis na hOifige Taistil

Feachtais Tiomsaithe Airgid

Teacht Isteach ó Chártaí Leap

Cíos Taisceadán

Leabhair Athláimhe - Ioncam

Leapcards Mac Léinn

Táille Bhainistíochta SUCS

Siamsaíocht

Scileanna Saoil

Maoiniú do Chomhthionscadail

Iomlán Ioncaim

COSTAIS

Costais Foirne & Oifigeach

Tuarastail Foirne, ÁSPC Fostóra & Pinsean Fostóra

Tuarastail Oifigeach & ÁSPC Fostóra

Leas-Uachtarán don Ghaeilge & ÁSPC Fostóra

Foireann Pháirtaimseartha

Costais Oifigeach & Foirne

Oiliúint, Forbairt & Leas

Iomlán Costais Foirne agus Oifigeach

Oifig agus Riarachán

Síntiúis agus Táillí Ballraíochta

Teileafón

Táillí Cuntasaíochta / Iniúchta

Táillí Bainc

Fuaraitheoir Uisce

Láithreán Gréasáin agus TF

Árachas

Táillí Dlí

Clódóireacht, Postas agus Stáiseanóireacht

Promóisin

Leithdháileadh Foilseachán ón Tobhach

Costais Feachtas Tiomsaithe Airgid (Síntiúis)

Taisceadáin - Deisiúcháin & Athnuachan

Iomlán Oifige & Riaracháin

Ionadaíocht agus Seirbhísí

Feachtais

Feachtais - Ginearálta

Feachtais - An Ghaeilge

Iomlán na bhFeachtas

Comhairle CML

AMLÉ (USI)

Costais Toghchán agus Reifrinn

Costais Shiamsaíochta

Costais Scileanna Saoil

Iomlán Ionadaíochta & Seirbhísí

30-Meith-25

€649,502

30-Meith-24

€632,258

€34,444 €33,454

€30,000 €30,000

€10,000 €10,000

€30,114 €66,631

€26,081 €23,199

€5,345

€6,759

€36,000 €36,000

€37,457 €91,896

€7,954 €6,354

€3,679

€871,990

€935,137

€188,834 €181,563

€97,599 €91,102

€32,533 €30,560

€27,811 €25,000

€6,279 €5,192

€19,547 €14,997

€372,603

€348,414

€550 €50

€8,681 €8,830

€12,302 €9,743

€1,550 €2,134

€369 €535

€3,069 €2,405

€10,553 €8,611

€7,380 €14,145

€8,366 €8,216

€7,067 €11,962

€34,444 €33,454

€31,166 €68,504

€3,563 €2,193

€129,060 €170,782

€24,456 €71,321

€26,728 €24,900

€51,184 €96,221

€20,541 €33,988

€111,833 €111,352

€3,675 €17,527

€90,675 €99,667

€12,090 €10,620

€289,998 €369,375

Dímheas ar Shócmhainní Inláimhsithe

Dímheas ar Shócmhainní Doláimhsithe

€2,937 €2,606

€7,709 €12,669

Brabús / caillteanas ar dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe

Brabús / caillteanas ar dhiúscairt sócmhainní doláimhsithe

Iomlán Caiteachais

Barrachas / (Easnamh)

€425

€11,337

€814,069

€57,921

€0

€5,942

€909,788

€25,349

SPÉIR & SÍBÍN AN CHOMHALTAIS

Tá cuid de theacht isteach an Chomhaltais imfhálaithe do thionscadail agus do sheirbhísí ar leith, Spéir agus Síbín an Chomhaltais san áireamh. Déantar na hidirbhearta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a thaifeadadh ar leithligh le trédhearcacht agus maoirseacht airgeadais iomchuí a chinntiú. Déanfar aon bharrachas a ghintear laistigh den rannóg seo a athinfheistiú i bhforbairt agus i bhfeabhsú leanúnach seirbhísí dár mbaill.

Tá an-tóir i gcónaí ar Spéir mar sheirbhís de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, agus tá ríméad ar an gComhaltas an tseirbhís seo a chur ar fáil saor in aisce dár mbaill.

IONCAM

Tobhach na Mac Léinn

Iomlán Ioncaim

COSTAIS

Tuarastail Spéir & Síbín, ÁSPC Fostóra, Pinsean Fostóra

Caiteachas Spéir & Síbín seachas Pá

Dímheas ar shócmhainní inláimhsithe

Iomlán Caiteachais

Barrachas / (Easnamh)

30-Meith-25

€85,493

€85,493

€13,741

€18,412

€2,746

€34,899

€50,594

30-Meith-24

€83,565

€83,565

€18,492

€6,433

€272

€25,197

€58,368

CÉIM

Is ó Thobhach na Mac Léinn amháin a mhaoinítear CÉIM. Bíonn ceathrar ball foirne ón gComhaltas ag obair le linn na bliana acadúla chun an clár a reáchtáil i dtrí cinn de na ceithre Choláiste san Ollscoil.

Faoi láthair, glantar na costais a bhaineann le CÉIM tríd an leithdháileadh reatha ó Thobhach na Mac Léinn. De réir mar a leanann an clár ag leathnú agus ag forbairt, áfach, táimid ag súil go dtiocfaidh méadú comhréireach ar na costais. Ar an deauair, tá tacaíocht airgeadais geallta ag an Ollscoil lena chinntiú go leanfaidh CÉIM ag tacú lenár mbaill.

IONCAM

Tobhach na Mac Léinn

Iomlán Ioncaim

COSTAIS

Tuarastail CÉIM, ÁSPC Fostóra, Pinsean Fostóra

Caiteachas CÉIM seachas Pá

Dímheas ar shócmhainní inláimhsithe

Iomlán Caiteachais

Barrachas / (Easnamh)

30-Meith-25

€239,381

€239,381

€175,881

€53,844

€561

€230,286

€9,095

30-Meith-24

€232,999

€232,999

€165,167

€59,364

€154

€224,685

€8,314

Coiste Gno

EXECUTIVE COMMITTEE

BIG GAY

7pm•Wednesday 3rdDecemberinthe CorribRoomatSult LimitedSpaces✴ Suppliesand snacksprovided. Raisingfundsfor theSUCharities bookyourticket HERE

BecomeaClassRep! ContacttheSUEducationOfficeronsu.education@ollscoilnagaillimhe.ie HAVE YOUR VOICE HEARD

fromtheUniversityofGalway20/09/25.Depart9:00,arrivingat12:30. Protestmarchtobeginat1:30fromParnellSquareDublin. StudentIDrequired. BusóOllscoilnaGaillimhe.20/09/25.9achlogarmaidincunan ashroicheadhag12:30.Mórshiúlagóideletosnúaga1:30óCearnógPharnellBÁC.

CUIMHNÍ

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook