An Lámhleabhar d'Ionadaithe Ranga 2025

Page 1


An Lámhleabhar d’Ionadaithe Ranga

2025-2026

Clár na nÁbhar

Leathanach

3. Fáilte

4. An Coiste Feidhmiúcháin

5. Tionólaithe na gColáistí

6. Ballraíocht

6. Struchtúr an Chomhaltais

7. Cén chaoi a n-oibríonn Comhaltas na Mac Léinn?

8. Ról agus Feidhm an Ionadaí Ranga

9. Príomhdhualgais an Ionadaí Ranga

11. An tIonracas Acadúil

12. Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga

13. Óráidíocht

14. Plé a dhéanamh le Fadhbanna Pearsanta

16. Treoir maidir le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

17. Toghcháin do Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn

18. CÉIM: Foghlaim Chomhroinnte

19. ALIVE

20. Aontas na Mac Léinn in Éirinn

22. Sceideal Chomhairle na nIonadaithe Ranga, 2025/2026

Mo chuid Cruinnithe le Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Am Dáta

Ionad

Fáilte

Dia duit! Mar thús, ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leat as bheith tofa i d'ionadaí ranga. Is mise Seán de Búrca agus is mé an Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais don bhliain 2025/26. Gné lárnach den ról atá agam ná go mbím ag plé leis na hionadaithe ranga. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair libh go léir i rith na bliana atá romhainn.

Is iomaí ról atá agat mar ionadaí ranga - beidh tú i d'urlabhraí thar ceann do ranga, ag obair leis an bhfoireann acadúil agus, lena chois, ag obair le Comhaltas na Mac Léinn. Is tusa an nasc idir an comhaltas agus na mic léinn agus is é sin an fáth a bhfuil do ghuth chomh tábhachtach sin dúinn.

An ról eile atá agat i gComhaltas na Mac Léinn ná na hoifigigh a choinneáil cuntasach agus muid a threorú le gníomhú ar mhaithe le leas na mac léinn. Ní féidir linne casadh le gach mac léinn. Is sibhse an nasc idir muidne agus bhur rangsa.

Ar ndóigh, rachaidh sé seo ar fad chun tairbhe duitse freisin:

• Gheobhaidh tú oiliúint i bheith i d’ionadaí ranga agus oiliúint eile le linn na bliana.

• Gheobhaidh tú taithí ghairmiúil agus scileanna chun cur le do CV

• Tabharfar húdaí Ionadaí Ranga saor in aisce duit

• Gheobhaidh tú suaitheantas do Phas Scileanna na hOllscoile

• Gheobhaidh tú teastas ALIVE

Fuair Foireann Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn mandáid níos mó i mbliana ná riamh nuair a toghadh muid. Mar sin, tá muid ag brath oraibhse níos mó ná riamh le go mbeidh tuiscint againn ar shaol an mhic léinn ó lá go lá.

Tá súil agam a bheith in ann an chomaoin a chúiteamh, mar sin ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom má theastaíonn aon rud uait. Tá mé ag súil le casadh leat i gcomhairle Chomhaltas na Mac Léinn, Comhairle an Choláiste agus ar aon imeachtaí eile. Tá mé díograiseach faoi bheith ag obair leat go bhfeicfidh muid an féidir linn saol an mhic léinn a fheabhsú.

Seán de Búrca

Seán de Búrca

Leas-Uachtarán/an tOifigeach Oideachais

Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais

Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe (086) 385 3658

su.education@ollscoilnagaillimhe.ie

Coiste Gnó

Tionólaithe Coláiste

Na daoine is fearr a bheidh in ann cabhrú leis na hIonadaithe Ranga ná na Tionólaithe Coláiste. Cuir aithne ar do Thionólaí, tá siad ann chun cabhrú leat aon fhadhb a bheadh ag do rang a réiteach. I gcás ina mbeadh eagla ort fadhb áirithe a roinnt le léachtóir, déan teagmháil le do Thionólaí nó leis an Oifigeach Oideachais, fiú. Ar deireadh thiar thall, is duitse a oibrímid agus níl aon fhadhb againn labhairt le léachtóir.

Is tábhachtach a thabhairt ar aird, cé go bhfuilimid anseo chun comhairle a thabhairt, b’fhearr i bhfad le léachtóirí tusa, an tIonadaí Ranga, a fheiceáil. Ní ghearrfaidh aon léachtóir pionós ort as déanamh mar is mian le do rang, sin é do jab agus an fáth gur toghadh mar ionadaí

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies
Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences
Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law agus an Dlí

Ballraíocht

Fáilte go Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gailimhe

Is é Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe a dhéanann ionadaíocht thar ceann na mac léinn san Ollscoil. Is iad na príomhaidhmeanna atá againn ná ionadaíocht a dhéanamh ar ár gcuid mac léinn, a leas a chosaint agus oibriú ar a son laistigh d’Ollscoil na Gaillimhe agus ar bhonn náisiúnta araon.

Is cuid de Chóras na nIonadaithe Ranga anois thú, córas atá mar bhonn agus mar thaca ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe.

Struchtúr an Chomhaltais

Gach mac léinn atá cláraithe le hOllscoil na Gaillimhe an sainmhíniú a thugtar ar bhallraíocht Chomhaltas na Mac Léinn. Fágann sé sin gur ball de Chomhaltas na Mac Léinn thú féin agus gach duine eile atá sa rang leat! Is féidir leat do thuairim a nochtadh mar bhall agus ceann de na bealaí is fearr chun é sin a dhéanamh is ea bheith i d’Ionadaí Ranga agus trí Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Comhaltas na Mac Léinn atá ann - ciallaíonn sé sin gur LIBHSEna mic léinn - an Comhaltas! Is libhse, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, é.

MIC LÉINN

Cén chaoi a n-oibríonn

Comhaltas na Mac Léinn?

F. Na hOifigigh Shabóideacha

Tá poist lánaimseartha ar íocaíocht ag na hOifigigh Shabóideacha agus is iad na mic léinn go léir san Ollscoil a thoghann iad. Is iad seo a leanas na hOifigigh: an tUachtarán (Maisie), an Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais (Seán), an Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais (Paddy) agus an Leas-Uachtarán don Ghaeilge (Rachel Áine). Tá cuspóirí dearfa ag na hoifigigh sin chun cúram a dhéanamh de ghnéithe éagsúla de d’fholláine; ina measc comhairle a chur ort má theipeann ort sna scrúduithe agus a dhéanamh cinnte de go ndéantar ionadaíocht ar thuairimí na mac léinn ar gach leibhéal.

B. Tionólaithe na gColáistí Feidhmíonn gach duine de na 4 Thionólaí Coláiste mar chineál bainisteora do na hionadaithe ranga ina gColáiste. Beidh Tionólaí de chuid an Choláiste in ann Ionadaithe Ranga an Choláiste a threorú má bhíonn fadhb áirithe ródhúshlánach ag aon Ionadaí Ranga amháin, nó má bhíonn fadhb ag cur isteach ar níos mó ná an t-aon rang amháin agus obair foirne ó chúpla Ionadaí Ranga ag teastáil. Déanann siad ionadaíocht ar Ionadaithe Ranga agus mic léinn a gColáiste ar an gCoiste Feidhmiúcháin. Is é is cuspóir do Chomhairlí na nDámh ceisteanna a phlé a bhaineann go sonrach le bhur roinn féin. Déantar plé i gComhairle Chomhaltas na Mac Léinn ar cheisteanna a bhaineann leis an Ollscoil ar fad. Suí ar fheidhmeannas a gColáiste an chuid is mó tionchair de phoist an Tionólaí Choláiste, is dócha. Déantar moltaí an-tábhachtacha ag an bhFeidhmeannas Coláiste, agus cinntear torthaí a bhainfidh go sonrach le cúrsaí agus fadhbanna sa Choláiste sin, agus ós rud é gur mac léinn sa Choláiste sin é/í an Tionólaí Coláiste, is minic a bhíonn níos mó tionchair aige/ aici ná mar a bheadh ag aon Oifigeach Sabóideach chun cúram a dhéanamh de leas na mac léinn sin. Tugann Tionólaithe an Choláiste tuairisc do na hIonadaithe Ranga faoin dul chun cinn a dhéanann siad.

C. An Coiste Gnó

Tugann baill de Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn tuarascálacha do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Tá liosta de na baill ar ár láithreán gréasáin agus sa lámhleabhar seo. Toghadh chuig a bpoist iad chun cabhrú leat, mar sin ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil leo.

D. Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn (an 'SU Council' an teideal Béarla uirthi roimhe seo)

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn an áit a ndéanann Ionadaithe Ranga agus Oifigigh eile de chuid Chomhaltas na Mac Léinn cinntí faoi cé na gníomhartha ar cheart don Comhaltas a dhéanamh nó cén seasamh ar cheart don Chomhaltas a ghlacadh faoi shaincheist. Caitear vótaí ar rudaí ar a dtugtar ‘rúin’, ina mbíonn ‘sainordú’, a insíonn d’Oifigeach amháin nó níos mó de Chomhaltas na Mac Léinn rud éigin a dhéanamh, go bunúsach. Má chaitheann baill den Chomhairle vóta i bhfabhar rúin, déantar beartas de chuid an Chomhaltais de.

Ról agus Feidhm an Ionadaí

Ranga

Cad is Ionadaí Ranga ann?

I bhfianaise líon na mac léinn ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe atá ag dul i méid i gcónaí, is tábhachtach go mbeidh ionadaíocht ghníomhach ann do chuallacht na mac léinn ionas go gcloisfear guth na mac léinn i gcónaí. Is deacair do na hOifigigh teagmháil a dhéanamh le cuallacht iomlán na mac léinn freisin, agus is é sin an fáth gur chuid riachtanach den Chomhaltas iad Ionadaithe Ranga.

Is iad a bpáirtithe ranga a thoghann Ionadaithe Ranga chun tuairimí a gcomh-mhic léinn a chur in iúl don choláiste. Tá ról lárnach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhic léinn, chun cabhrú le mic léinn fadhbanna a shárú agus chun caighdeán na gcúrsaí a choinneáil ar bun. Gníomhaíonn Ionadaithe Ranga mar phointe teagmhála idir an Rang, Léachtóirí, Comhordaitheoirí Cúrsaí agus Comhaltas na Mac Léinn. Suíonn Ionadaithe Ranga ar chruinnithe boird ar leibhéal an choláiste ina ngníomhaíonn siad mar ghuth na mac léinn, chun a chinntiú go gcuireann an coláiste riachtanais na mac léinn san áireamh in aon chinneadh a dhéantar. Go bunúsach, bíonn na hIonadaithe Ranga ag plé le Comhaltas na Mac Léinn agus le foireann na hOllscoile le go ndéanfar gach fadhb a réiteach agus le go mbeidh leibhéal ard i gceist ar chúrsaí acadúla na hOllscoile i gcónaí.

Cén chaoi le tuairimí do ranga a chur in iúl?

Ionas go mbeidh tú in ann tuairimí do ranga a chur in iúl, ní mór a gcuid tuairimí a bheith ar eolas agat ar dtús. Níor cheart duit talamh slán a dhéanamh dá dtuairimí ná buille faoi thuairim a thabhairt ina leith. Is féidir próiseas simplí a dhéanamh de chomhairliúchán. Seo a leanas bealaí éagsúla chun tuairimí do ranga a fháil amach:

• Ceisteanna a phlé ar leathanach Ranga ar na meáin shóisialta.

• Suirbhéanna ranga ar Google Forms, Survey Monkey nó Padlet.

• Déan ábhair a phlé i do sheomra ranga fíorúil ag tús nó deireadh ranga.

• Maidin chaife/seisiún oifige a reáchtáil.

Príomhdhualgais an Ionadaí Ranga

Tuairimí na mac léinn a bhailiú:

Chun ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar thuairimí do ranga, ní mór na tuairimí sin a bheith ar eolas agat ar dtús. Níor cheart duit talamh slán a dhéanamh de thuairimí na mac léinn ná buille faoi thuairim a thabhairt ina leith. Is féidir próiseas simplí a dhéanamh de chomhairliúchán agus seo a leanas bealaí éagsúla chun aiseolas a bhailiú ó do rang: le ceistneoir gearr ar Survey Monkey nó foirmeacha Google, fiafraí den ghrúpa i ndiaidh ranga nó dul i dteagmháil leo ar ríomhphost nó i ngrúpa Facebook.

Fadhbanna ranga a bhainistiú:

Is deacair a thuar cé na fadhbanna a bheidh romhat agus roimh do rang i rith na bliana. D’fhéadfadh ualaí oibre cúrsaí, fadhbanna le hamchláir nó léachtaí, etc. a bheith i gceist leo. Is fútsa é, mar Ionadaí Ranga, iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach ar an bhfadhb sin, agus seans go bhféadfaí í a réiteach go tapa ach dul i dteagmháil leis an Léachtóir, leis an Roinn sa Choláiste nó le hOifigeach de chuid Chomhaltas na Mac Léinn.

Plé a dhéanamh le fadhbanna pearsanta:

Mar Ionadaí Ranga, is fiú tú féin a chur ar an eolas faoi na seirbhísí tacaíochta éagsúla do mhic léinn atá le fáil in Ollscoil na Gaillimhe, ionas go mbeidh tú in ann do pháirtithe ranga a threorú chuig na daoine cearta má tá fadhb phearsanta acu. Mar Ionadaí Ranga, seans gur tusa an chéad duine a labhróidh páirtí ranga leis, agus mar sin is tábhachtach éisteacht leis an duine sin agus é a chur ar a shuaimhneas. Is tábhachtach freisin go mbeidh tú ar an eolas faoi theorainneacha, go n-admhóidh tú, más gá, nach comhairleoir oilte tú, agus go dtreoróidh tú an mac léinn chuig na tacaíochtaí iomchuí.

Ionadaíocht a dhéanamh ar do rang ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Ní mór do gach Comhalta de chuid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn freastal ar chruinnithe de chuid na Comhairle. Mura mbíonn tú in ann freastal ar chruinnithe den Chomhairle sin nó de Chomhairle na Dáimhe, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig an gCathaoirleach le do leithscéal a ghabháil. Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn mar bhonn agus mar thaca do Chomhaltas na Mac Léinn. Tá cruinnithe Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn thar a bheith tairbheach, mar coinníonn siad ar an eolas tú maidir lena a bhfuil ar siúl timpeall ar Ollscoil na Gaillimhe, chomh maith le córas aiseolais agus fóram plé a chur ar fáil duit le haghaidh fadhbanna éagsúla a imríonn tionchar ar na daoine a ndéanann tú ionadaíocht orthu.

Bíonn dhá uair an chloig ann le tabhairt faoi ghnó an chruinnithe. Déantar clár gnó a shocrú roimh ré (tá gach comhalta i dteideal mír a mholadh don chlár gnó). Tionóltar Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn trí huaire in aghaidh an tseimeastair agus tionóltar dhá chomhairle dáimhe gach seimeastar freisin. Pléitear sna cruinnithe seo na feachtais, na gníomhaíochtaí agus an comhar ar fad a bhaineann le Comhaltas na Mac Léinn. Deis a bhíonn ann chomh maith ordú a thabhairt do Chomhaltas na Mac Léinn ar thopaic ar bith, bíodh sé sin ceisteanna polaitiúla nó an coláiste a fheabhsú.

Ionadaíocht a dhéanamh ar do rang ag cruinnithe boird: Ról suntasach a bhíonn le comhlíonadh ag an Ionadaí Ranga ná gur gá freastal ar na Cruinnithe a bhíonn ag Bord an Chúrsa. Déanann Comhordaitheoirí an Chúrsa/an Ranga iad siúd a shocrú i gcomhar leis na hIonadaithe Ranga. I gcruinnithe de chuid Bhord an Chúrsa, cuireann na hIonadaithe Ranga dearcadh agus tuairimí a ranga in iúl don Bhord agus bíonn siad ag obair i gcomhar leis an bhfoireann le go dtabharfar aird ar riachtanais na mac léinn agus le go gcuirfear san áireamh iad. Ní mór a chinntiú go gcloistear guth na mac léinn, go n-aithnítear é agus go ndéantar beart ina leith, ionas go n-éireoidh leis na cruinnithe sin.

Do rang a choimeád cothrom le dáta agus aiseolas éifeachtach a chur ar fáil: Mar Ionadaí Ranga, tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoimeádfaidh tú do rang cothrom le dáta faoina bhfuil á dhéanamh ag Comhaltas na Mac Léinn. Ní mór do gach Ionadaí Ranga a chinntiú go gcuirtear a rang ar an eolas faoi na saincheisteanna a thagann chun cinn ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus faoi aon rud a mbeidh tionchar aige ar an rang. Tá sé riachtanach freisin aiseolas a thabhairt do na mic léinn a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat orthu faoi chruinnithe boird maidir le cúrsaí nó faoi aon chruinniú eile i ndáil leis an rang. Tá sé ríthábhachtach freisin aiseolas faoi do chuid oibre i ndáil le saincheisteanna a ardaítear a thabhairt do do pháirtithe ranga.

Comhfhreagras agus taifid a choimeád:

Cuimhnigh go bhfuil gealltanas á thabhairt agat i ndáil le ráiteas agus é i scríbhinn. Cinntigh go mbeidh na mionsonraí i do dhoiciméad cruinn agus go scríobhfar iad ar bhealach measúil. Más mian leat go bhféachfadh duine ar cháipéis éigin ionas nach bhféadfadh míthuiscint a bheith ann, seol an doiciméad sin chuig Comhaltas na Mac Léinn agus luaigh go sonrach gur dréacht-doiciméad é. Cuirfear comhairle ort ansin faoi cé acu an dteastaíonn leasuithe nó soiléiriú roimh é a sheoladh chuig an ball foirne acadúil ábhartha.

Tá sé tábhachtach taifead a choimeád ar aon ghníomh atá déanta agat ionas gur féidir leat beart leantach a dhéanamh ina leith. An bealach is fearr chun taifid a choimeád ná cumarsáid a dhéanamh ar ríomhphost agus cóip den chomhfhreagras go léir a shábháil i bhfillteán.

Seirbhísí a sholáthar:

Is féidir leat seirbhísí breise a chur ar fáil do do rang faoi do lánrogha féin, mar shampla cóisirí ranga nó imeachtaí sóisialta, maidineacha caife nó oícheanta amuigh a eagrú. Seans go ndéanfaidh tú cinneadh geansaithe cochallacha ranga a eagrú.

An tIonracas Acadúil

Tá tábhacht ag baint leis an Ionracas Acadúil toisc go gciallaíonn sé go mbaineann tú úsáid as do chuid oibre féin agus ní obair duine eile agus, ina theannta sin, go dtugann tú aitheantas do dhaoine eile as a gcuid oibre. Má bhaineann tú úsáid as muilte aistí nó as láithreáin ghréasáin eile a gcaithfidh tú íoc astu, is í caimiléireacht chonartha atá ar bun agat agus seans maith go gcuirfidh sí isteach ar d’fhorbairt acadúil.

Cén chaoi sárú ar an Ionracas Acadúil a sheachaint

• Déan cinnte de go luafaidh tú na foinsí ar fad a bhí agat agus ná déan iarracht tabhairt le fios gur tusa a rinne obair nach ndearna tú i ndáiríre.

• Ná húsáid muilte ná suíomhanna gréasáin aistí - caimiléireacht chonartha atá ina leithéid.

• Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil an t-ionracas acadúil á shárú agat, déan teagmháil le do léachtóir nó le comhordaitheoir do chúrsa.

• Iarr an beartas maidir le húsáid na hintleachta saorga ar bhur léachtóir mura dtugtar a leithéid san achoimre ar an modúl.

Scrúduithe ina gCeadaítear Úsáid Leabhar

Ceadaítear duit ábhair staidéir, an tIdirlíon agus leabhair a úsáid i scrúduithe den sórt seo. Is féidir an cur chuige seo a úsáid i ngnáthshuíomh scrúdaithe nó is féidir é a úsáid freisin le haghaidh scrúduithe/measúnaithe ar líne in áit scrúduithe foirmiúla i scríbhinn.

Rudaí A CHEADAÍTEAR duit a dhéanamh:

• Déan cinnte de go ndéanfaidh tú staidéar agus ullmhú roimh an scrúdú

• Eagraigh do chuid nótaí agus déan cinnte de go ndéanfaidh tú iad a leabharmharcáil le go mbeidh sé éasca le teacht orthu

• Ullmhaigh d’achoimrí roimh ré

• Ná déan dearmad d’fhoinsí a lua.

Rudaí NACH gCEADAÍTEAR duit a dhéanamh

• Ná cóipeáil agus ná greamaigh aon rud

• Ná bain úsáid as freagra duine eile

• Ná déan dearmad na foinsí a lua

• Ná bain úsáid as muilte aistí ná as láithreáin ghréasáin ar nós Chegg

An Bhradaíl

Is é atá sa bhradaíl ná gníomh cóipeála, lena n-áirítear obair duine eile a áireamh nó a lua go díreach gan aitheantas leordhóthanach a thabhairt dó nó di - i gcás scrúduithe ar líne chomh maith.

Cén chaoi bradaíl a sheachaint

• Mura leatsa an fhaisnéis a bhfuil tú chun úsáid a bhaint aisti – luaigh d’fhoinse

• Déan gach iarracht gan faisnéis a chóipeáil agus a ghreamú

• Freagair an cheist i d’fhocail féin

• Ná roinn do chuid faisnéise le daoine eile i do rang

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga / Contacting your classmates Níl aon teorainn leis na bealaí atá ann chun teagmháil a dhéanamh le daoine agus bualadh leo. D’fhéadfá labhairt leo sa rang, nó cóisir nó teacht le chéile a eagrú. Is féidir grúpaí a chur ar bun ar WhatsApp, Discord nó Teams. Tabhair an rogha do dhaoine dul isteach i ngrúpaí agus déan cinnte de go mbeidh siad ar an eolas go mbeidh a gcuid sonraí teagmhála á roinnt acu má dhéanann siad amhlaidh.

Teagmháil a dhéanamh le do pháirtithe ranga trí YourSpace Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le mic léinn trí YourSpace anois. Má chliceálann tú ar an gcnaipe Ionadaí Ranga ar an taobh clé den roghchlár roghanna, beidh tú in ann ríomhphost a sheoladh chuig na daoine cláraithe i do rang.

Óráidíocht

Mar Ionadaí Ranga, is ceann den iliomad feidhmeanna atá agat ná do rang a chur ar an eolas faoi na himeachtaí agus gníomhaíochtaí atá le tarlú i gComhaltas na Mac Léinn agus faoi ghníomhaíochtaí do chúrsa féin, ar ndóigh. I é atá i gceist leis sin, éirí ag tús nó deireadh an ranga chun labhairt leo. D’fhéadfadh sé sin a bheith scanrúil ar dtús (cé acu a dhéanann tú i bpearsa nó ar líne é) ach éiríonn sé níos éasca agus beidh meas ag do pháirtithe ranga ort le himeacht ama.

Seo a leanas roinnt leideanna chun cabhrú leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí óráid a thabhairt do ghrúpa daoine.

Ullmhúchán: Smaoinigh roimh ré faoin méid atá tú ag dul a rá.

Eolas: Déan cinnte de i gcónaí go bhfuil an t-eolas riachtanach go léir agat.

Spéis: Déan cinnte de go mbeidh spéis ag an ngrúpa ina mbeidh le rá agat. Iompar an choirp: Tá iompar an choirp ar cheann de na chéad rudaí a thabharfar faoi deara má bhíonn tú ag labhairt go poiblí. Foghlaim an chaoi le seasamh suas díreach agus le cuma iontaofa mhuiníneach cheannasach a chur ort féin. Tabhair d’óráid i scáthán agus tabhair aird faoi leith ar d’iompar coirp. Is iad na daoine a mbeidh tú ag labhairt leo agus an áit ina mbeidh tú a chinnfidh d’iompar coirp laistigh den ghrúpa. Is iad an áit agus an bealach a chuirfidh tú tú féin i láthair a chinnfidh an dearcadh a bheidh ag daoine ort féin agus ar a bhfuil á rá agat.

Guth: Agus tú ag labhairt le grúpa, is tábhachtach na nithe seo a leanas a chur san áireamh má tá tú le do sprioc a bhaint amach agus do theachtaireacht a chur ina luí ar an éisteoir:

1. Labhair ar leibhéal oiriúnach inchloiste.

2. Labhair go soiléir.

3. Labhair go mall gan a bheith ró-thomhaiste.

4. Seachain labhairt go haontonach, úsáid tuinairdí agus tuineacha éagsúla.

5. Ná bíodh eagla ort tostanna beaga a úsáid.

Gothaí: Is féidir an-leas a bhaint as gothaí an choirp agus gothaí gnúise má bhíonn tú ag labhairt go poiblí. Tugtar roghanna thíos de nithe a fhéadfaidh cabhrú le do chumas aird an ghrúpa a tharraingt agus cumarsáid oscailte leo a choinneáil ar bun.

Féachaint sa tSúil: Cuir gach duine san áireamh agus féach sa tsúil ar dhaoine an t-am ar fad.

Aoibh an gháire: Bealach iontach chun aird an ghrúpa a choimeád ná aoibh an gháire.

Gluaiseachtaí láimhe: Úsáidtear iad seo le béim a chur ar phointe áirithe nó le heolas breise a thabhairt. Níor cheart ligean dóibh cur isteach ar aird an ghrúpa, mar sin ná húsáid an iomarca iad.

Óráidíocht Ar Líne

• Déan cinnte de go bhfuil do cheamara ar siúl (má cheadaíonn d’idirlíon é sin)

• Bí cinnte go bhfuil an córas fuaime/an micreafón ag obair i gceart

• Bí ullamh agus gonta (bíonn achar airde níos giorra ag daoine ar líne)

• Bíodh cúlra glan agus solas maith agat.

• Déan an teicneolaíocht a sheiceáil roimh ré

Plé a Dhéanamh le

Pearsanta

Mar Ionadaí Ranga, an post atá agat ná tú féin a choinneáil ar an eolas faoi na seirbhísí éagsúla atá le fáil, ionas go mbeidh tú in ann do mhic léinn a threorú chuig na daoine cearta má tá fadhb acu. Bíonn cuid mhaith mac léinn éiginnte faoin bhfadhb atá acu agus faoin mbealach le plé léi. Mar Ionadaí Ranga, seans maith gur tusa an chéad duine a n-inseoidh siad a bhfadhb dó.

Leideanna Tapa

• Ná glac leis go dtuigeann tú an chaoi a mothaíonn siad, fiú má cheapann tú go dtuigeann.

• Tabhair cluas éisteachta dóibh.

• Ná tabhair breithiúnas.

• Ná cuir comhairle orthu.

• Ná bíodh brú ort freagra gach ceiste a bheith agat.

• Ná scaip an scéal ar do chairde, chuirfeadh sé sin isteach ar chúrsaí.

Ná déan dearmad!

Níl sé de shainchúram ort plé le fadhbanna pearsanta aonair. Ní comhairleoir tú agus níl oibleagáid ort plé le daoine ar leibhéal pearsanta. Nuair atá fadhb ag duine, an rud is fearr le déanamh ná iad a threorú chuig duine de na Comhairleoirí do Mhic Léinn nó chuig Oifigeach Leasa agus Comhionannais Chomhaltas na Mac Léinn.

Seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn

Is tábhachtach go mbeidh tú ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do mhic léinn. Tá dhá phríomhchineál seirbhíse ar fail do mhic léinn, seirbhísí laistigh den choláiste agus eagraíochtaí deonacha seachtracha. Seans nach mbeidh cur amach agat ar gach ceann, mar sin cuir ceist ar oifigeach Chomhaltas na Mac Léinn má tá aon amhras ort!

Seirbhís do Mhic Léinn

Ríomhphost Fón

An Oifig Cóiríochta accommodation@universityofgalway.ie 091 492 070

An tSéiplíneacht chaplains@universityofgalway.ie 091 495 055

Comhairleoireacht counselling@universityofgalway.ie 091 492 484

An tIonad Tacaíochta Míchumais disabilityservice@universityofgalway.ie 091 493 541

An tAonad Sláinte healthunit@universityofgalway.ie 091 492 604

Naíolann spraoinuig@universityofgalway.ie 091 493 739

An tIonad Forbartha Gairme careers@universityofgalway.ie 091 493 589 CÉIM su.ceim@universityofgalway.ie 091 493 570

Oifigigh Tacaíochta do Mhic Léinn

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Scoil an Dlí - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Ann Marie Gilchrist - studentsupportcmnhs@universityofgalway.ie

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh - Comhairleoir do Mhic Léinn

• An Dr Rosemary Crosse - rosemary.crosse@universityofgalway.ie

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Kelly Moore - studentsupportcse@universityofgalway.ie

Scoil an Ghnó - Comhairleoir do Mhic Léinn

• Teresa Lydon - businessstudentadvisor@universityofgalway.ie

Scoil an Dlí – Comhairleoir do Mhic Léinn

• Ann Marie Gilchrist - studentsupportlaw@universityofgalway.ie

Tá tuilleadh eolais agus naisc chun áirithintí a dhéanamh anseo: https://www.universityofgalway.ie/student-support-officers/

Treoir maidir le Comhairle

Chomhaltas

na Mac Léinn

Fóram mac léinn is ea Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn, iad tofa ag a rang le leasanna an ranga a chur in iúl do Chomhaltas na Mac Léinn. Tá Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn comhdhéanta de na hIonadaithe Ranga go léir agus oifigigh feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn (na hoifigigh a thoghtar i mí an Mhárta gach bliain) agus bíonn sí faoi chathaoirleacht Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Toghann gach rang idir ionadaí amháin agus ceithre ionadaí, de ghnáth, ag brath ar mhéid an ranga. Tugann Ionadaithe Ranga sainordú do na hoifigigh feidhmiúcháin chun beart leantach a dhéanamh faoi chinntí, beartais, etc. de chuid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Bíonn na hoifigigh feidhmiúcháin ag obair ar son Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn agus tá siad freagrach don Chomhairle sin. Mura bhfuil ár bpost á dhéanamh i gceart againn, abair linn é.

Céard a dhéanann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn?

• Déanann sí maoirseacht ar obair na n-oifigeach feidhmiúcháin.

• Feidhmíonn sí mar fhóram oscailte do shaincheisteanna mac léinn, áit ar féidir saincheisteanna ar ábhar imní do mhic léinn iad a ardú agus gníomh a dhéanamh ina leith.

• Déanann sí ionadaíocht ar gach rang agus Coláiste do Chomhaltas na Mac Léinn.

• Cuireann sí faisnéis ó na hoifigigh feidhmiúcháin agus na ranganna agus Coláistí éagsúla in iúl dá chéile.

• Toghann sí ionadaithe chuig coistí éagsúla de chuid na hOllscoile.

Is é cuspóir Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn na an léargas is fearr is féidir a thabhairt do na hoifigigh feidhmiúcháin faoi na saincheisteanna atá ag déanamh difear do na mic léinn. Is féidir aird na n-oifigeach feidhmiúcháin a tharraingt ar na saincheisteanna ansin ionas go bpléifí leo chomh tapa agus is féidir. Mura gcuirtear saincheisteanna in iúl dúinn, ní féidir linn iad a réiteach. Tuairiscíonn na hoifigigh feidhmiúcháin do Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn freisin faoina bhfuil ar siúl acu ina gcuid oibre agus faoi na forbairtí a rinneadh le déanaí i gComhaltas na Mac Léinn agus san Ollscoil tríd is tríd. Cuireann gach oifigeach feidhmiúcháin tuarascáil i láthair ag gach cruinniú Ionadaithe Ranga, rud a thugann deis do na hIonadaithe ceisteanna a chur ar na hoifigigh faoi cé chomh maith atá a ndualgais á gcomhlíonadh acu. Mar a luadh roimhe seo, is féidir leis na hIonadaithe Ranga sainordú a thabhairt do Chomhaltas na Mac Léinn tabhairt faoi bheartais áirithe nó rudaí áirithe a dhéanamh. Ní féidir na cinntí sin a dhéanann Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn a mhalartú ná a athrú ach trí Chruinniú Ginearálta de chuid Chomhaltas na Mac Léinn nó reifreann ar chuallacht iomlán na mac léinn.

Ceist a ardú ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Is féidir saincheist a chur faoi bhráid Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn trí Chathaoirleach Chomhairle na Mac Léinn. Beidh an Cathaoirleach sásta an méid sin a chur ar an gclár gnó duit. Déan teagmháil leis an gCathaoirleach ar a laghad seachtain roimh an gComhairle le go gcuirfí do mhír ar an gclár oibre. Bheadh an Cathaoirleach toilteanach cabhrú leat rún a scríobh don chomhairle. Is féidir dul i dteagmháil leis an gCathaoirleach ag an seoladh studentsunion@universityofgalway.ie

Rúin Nós Imeachta / Procedural motions

Má mheasann tú go bhfuil go leor díospóireachta déanta ar rún, is féidir leat na rúin seo a úsáid chun an chomhairle a bhrú ar aghaidh. Tá sé de cheart agat ceann ar bith de na rúin seo a ghairm i rith na Comhairle. Ar rún nós imeachta a iarraidh, ní mór d’ionadaí ranga cláraithe eile nó do bhall den fheidhmeannas tacú leis agus ansin cuirfear an vóta don rún nós imeachta roimh an gcomhairle. Is iad seo a leanas na rúin:

9A: Rún go gcuirfear an cheist láithreach bonn.

9B: Rún nach gcuirfear an cheist.

9C: Rún go ndéanfar plé leis an gceist i gcodanna.

9D: Rún go ndéanfar plé leis an gceist am éigin eile (an chéad chruinniú eile de Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

9E: Rún mímhuiníne as cinneadh a rinne Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn.

9F: Rún mímhuiníne as an gCathaoirleach. (Má dhéantar an rún a rith, éireoidh an cathaoirleach as an ról don chruinniú sin agus glacfaidh an Leas-Uachtarán/ Oifigeach Oideachas seilbh ar an gcruinniú don seisiún sin). Is gá vóta a chaitheamh faoinar chóir an rún nóis imeachta a bheith ann sula mbíonn an vóta ann faoin rún féin.

Toghcháin do Choiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn

Mar Ionadaí Ranga, tá tú i gceann de na riochtaí is fearr le do Chomhaltas Mac Léinn a stiúradh sa tréimhse 2025/2024. Is tusa a bhí mar bhonn agus mar thaca do Chomhaltas na Mac Léinn ó thús deireadh na bliana, a stiúir Comhaltas na Mac Léinn agus a rinne cinnte de n-éistimid libh. Tá sé in am agaibh daoine nua a cheapadh le teacht i gcomharbacht orainn! Bíonn toghcháin ann le haghaidh gach poist oifigigh agus tionólfar iad i mí an Mhárta.

Déanfar na hoifigigh lánaimseartha agus pháirt-aimseartha a thoghadh Déardaoin an 12 Márta 2026. Beifear ag glacadh le hainmniúcháin ina leith sin ó Dé Céadaoin an 25 Feabhra 2026.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait faoi thoghcháin chuig Comhaltas na Mac Léinn, déan teagmháil le studentsunion@universityofgalway.ie

Piarfhoghlaim do mhic léinn na chéad bhliana

Ar mhaith leat bualadh le daoine i do chúrsa, tuiscint a fháil ar obair chúrsa agus spraoi a bheith agat? Tar chuig CÉIM! Tiocfaidh tú le chéile gach seachtain le mic léinn eile ó do chúrsa agus le ceannairí mic léinn oilte ó bhlianta níos airde ar do chúrsa. Beidh tú in ann ceisteanna a chur, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spraíúla, obair chúrsa a phlé agus foghlaim le daoine eile. Tá ábhar na seisiún CÉIM go hiomlán faoi stiúir na mac léinn. Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Foghlama Piarchuidithe (FPC) a bhfuil neart fianaise ann ina leith agus a úsáidtear i níos mó ná 30 tír. Chuir Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe an clár ar bun thiar in 2013 agus tá sé á reáchtáil ó shin i leith mar chomhpháirtíocht idir na mic léinn, an fhoireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn.

Tá CÉIM á thairiscint faoi láthair do mhic léinn na chéad bhliana sna cúrsaí seo a leanas: Eolaíocht Talmhaíochta • Eolaíocht Bhithleighis • Biteicneolaíocht • Innealtóireacht • Géineolaíocht agus Géanómaíocht • Dlí • Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht• Eolaíocht • Spáinnis • Fisic • Síceolaíocht

Cén fáth a bhfreastalófá ar CÉIM?

• Socraigh isteach go réidh i saol Ollscoil na Gaillimhe

• Beidh tú in ann cairde a dhéanamh i do dhisciplín féin

• Cuideoidh sé leat a bheith rathúil ó thaobh na hacadúlachta de

• Forbróidh tú scileanna staidéir

• Déanfaidh tú scileanna inaistrithe a chleachtadh

Tionchar CÉIM

• Baineann iad siúd a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta gráid níos airde amach ar an meán (11-31% níos airde) ná iad siúd nach bhfreastalaíonn ach corruair agus iad siúd nach bhfreastalaíonn ar chor ar bith

• I gcás 88% de mhic léinn na chéad bhliana a ndearnadh suirbhé orthu in 2024/25, chuir siad in iúl gur chabhraigh CÉIM leo bualadh le daoine eile ar a gcúrsa

A ndeir mic léinn sa chéad bhliain faoi CÉIM

Is aoibhinn liom an pobal a bhaineann leis an gclár, rud a chabhraíonn go mór le daoine socrú isteach san ollscoil agus luí isteach ar an bhfoghlaim.

Chuir na ceannairí in CÉIM fáilte mhór romhainn, bhí siad cineálta agus chuir siad ar mo chompord mé le ceisteanna a chur.

www.ceim.su.universityofgalway.ie su.ceim@universityofgalway.ie Chuir Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe an clár CÉIM ar bun in 2013. Déantar an clár a riar mar chomhiarracht idir mic léinn, an fhoireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn.

ALIVE a thugtar ar Chlár Oibre Deonaí Ollscoil na Gaillimhe do Mhic Léinn Oibríonn ALIVE le scoileanna, carthanais, eagraíochtaí pobail agus laistigh d’Ollscoil na Gaillimhe chun deiseanna a chur ar fáil chun obair dheonach a dhéanamh i raon leathan ról. Cabhraímid le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe obair dheonach a dhéanamh sa réimse a roghnaíonn siad féin a oireann dá gcuid riachtanas, ábhar spéise agus gealltanas ama.

Tá ALIVE anseo chun faisnéis, comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt do mhic léinn i rith a n-eispéiris oibre deonaí. Tugaimid aitheantas d'iarrachtaí oibrithe deonacha i measc na mac léinn i nGradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as an Obair Dheonach, is é sin Teastas ALIVE.

Déan iarratas ar Ghradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach, Teastas ALIVE, as bheith i d’Ionadaí Ranga.

Is mian le hOllscoil na Gaillimhe agus Comhaltas na Mac Léinn buíochas a ghabháil leat as do thiomantas do do rang – déan ceiliúradh ag deireadh na bliana ag Searmanas ALIVE – áit a mbíonn cóisir mhór ag oibrithe deonacha uile Ollscoil na Gaillimhe! Is féidir leat Teastas ALIVE ó Ollscoil na Gaillimhe a ghnóthú mar aitheantas ar an am a thug tú do do rang trí oibriú go deonach mar Ionadaí Ranga. Níl le déanamh agat ach a insint dúinn céard a rinne tú mar Ionadaí Ranga agus cén tionchar a bhí ag an obair dheonach sin.

Cén chaoi a bhfaighidh mé mo Ghradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach, Teastas ALIVE?

Déan iarratas ar líne inniu! Líon isteach d’iarratas ar líne ar an Teastas ag www.yourspace. universityofgalway.ie

Le tuilleadh eolais a fháil faoi, déan teagmháil le ALIVE: Gréasán: https://www.studentvolunteer.ie/ Ríomhphost: alive@universityofgalway.ie

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an foras náisiúnta a dhéanann ionadaíocht thar ceann an 354,000 mac léinn atá san oideachas tríú leibhéal ar oileán na hÉireann. Eagraíocht bhallraíochta is ea Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Is iad na baill atá againn ná Aontais na Mac Léinn atá bainteach linn ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Ní go díreach na hoifigigh amháin atá in AMLÉ - istigh san Aontas tá gach mac léinn i ngach coláiste comhcheangailte sa tír. Is é bhur n-aontas é, is é bhur nguth náisiúnta é! Bíonn AMLÉ ag saothrú leis na nithe seo a leanas a bhaint amach:

• Córas oideachais agus oiliúna ina mbeidh fáilte roimh chách, gan beann ar bith ar bhunadh náisiúnta, cine, gnéas, gnéasacht, creideamh, tuairimí polaitíochta nó cúinsí airgid, sa dóigh is go mbeidh na daoine go léir sa chóras in ann barr a gcumais a bhaint amach ar mhaithe le muintir na hÉireann.

• Córas oideachais agus oiliúna ar mhaithe le leasanna mhuintir na hÉireann bunaithe ar fhorbairt na n-ealaíon agus na litríochta, na n-eolaíochtaí nádúrtha agus na n-eolaíochtaí sóisialta.

• An ceart atá ag mic léinn i leith caighdeán sásúil maireachtála, a chuimsíonn an ceart chun tacaíocht airgid, tithíocht chuí agus deiseanna fostaíochta in Éirinn.

• Na cearta daonlathacha go léir agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.

• Seirbhísí mic léinn a chur ar fáil ar mhaithe leis na baill, de bhua an phrionsabail gur chóir do na baill a bheith i gceannas ar sheirbhísí mic léinn.

Tá AMLÉ á reáchtáil nach mór mar a reáchtáiltear Aontas na Mac Léinn in ollscoil ach ar scála náisiúnta. Seachas ionadaithe ranga, tá oifigigh shabóideacha againn i gComhaltas na Mac Léinn a dhéanann ionadaíocht thar ceann an choláiste i gComhairle Náisiúnta AMLÉ, ar an gcaoi chéanna a ndéanann tusa ionadaíocht ar do rangsa i gComhairle an Chomhaltais. Cuireann gach aontas mac léinn atá ina bhall de AMLÉ toscairí ar aghaidh chuig an gComhdháil Bhliantúil (lucht déanta cinntí AMLÉ), aon toscaire amháin in aghaidh gach 1,000 mac léinn. D'fhéadfása an deis a fháil le bheith i do thoscaire thar ceann do choláiste. Sheol an tÚdarás um Ard-Oideachas, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann agus AMLÉ Clár Náisiúnta Rannpháirtíochta na Mac Léinn i mí Aibreáin 2016. Bhí dhá phríomhghné ag baint leis an obair sa tionscnamh comhoibríoch:

1. An Clár Náisiúnta Oiliúna do Mhic Léinn: - Reáchtálfaidh gach institiúid phíolótach clár oiliúna nua d'ionadaithe ranga.

2. Acmhainní institiúidí a fhorbairt: - Déanfaidh gach institiúid phíolótach cleachtais reatha rannpháirtíochta mac léinn a mheas, an dea-chleachtas a shonrú agus sruthanna oibre a leagan amach don am atá le teacht.

NÓTAÍ

NAISC ÁISIÚLA

• Dáta tosaigh/deiridh clárúcháin: https://www.universityofgalway.ie/registration/quick-links/registration-dates/

• An Féilire Acadúil: https://www.universityofgalway.ie/registry/academic-term-dates/

• Scrúduithe: https://www.universityofgalway.ie/exams/

• Táillí: https://www.universityofgalway.ie/student-fees/

• Dátaí na Lár-Oifige Iontrála: https://www.cao.ie/?page=importantdates

• Bronnadh Céimeanna: https://www.universityofgalway.ie/conferring/

Sceideal Chomhairle na

nIonadaithe Ranga 2025/2026

Seimeastar 1 - 2025

Dáta

Lua 6 DFó

Mái 14 DFó

Mái 14 DFó

Céa 15 DFó

Céa 15 DFó

Déa 16 DFó

Lua 20 DFó

Mái 4 Sam

Mái 4 Sam

Céa 5 Sam

Céa 5 Sam

Déa 6 Sam

Lua 10 Sam

Am

6pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm

Cruinniú

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 1

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn, 2

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Seimeastar 2 - 2026

Dáta

Mái 20 Ean

Mái 20 Ean

Céa 21 Ean

Céa 21 Ean

Déa 22 Ean

Lua 26 Ean

Mái 17 Fea

Mái 17 Fea

Céa 18 Fea

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 3

Céa 18 Fea

Déa 19 Fea

Lua 23 Fea

Lua 23 Már

Am

6pm-7pm

7pm-8pm

6pm-7pm

7pm-8pm

6pm-7pm

6pm-8pm

6pm-7pm

7pm-8pm 6pm-7pm 7pm-8pm 6pm-7pm 6pm-8pm 6pm-8pm

Cruinniú

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn, 4

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Comhairle na nIarchéimithe

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 5

Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn 6

Ionad

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

AC202

AC202

AC202

AC202

AC202

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

AC202

AC202

AC202

AC202

AC202

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

Ionad

AC201

AC201

AC201

AC201

AC201

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

AC201

AC201

AC201

AC201

AC201

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

AC001 Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, Naschalla na nEalaíon/na hEolaíochta

Tá Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ina bhall d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Ball bródúil d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus is cúis bhróid dúinn an méid sin.

UniversityOfGalwayStudentsUnion

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.