1 minute read

Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail

Sorcha Ní Chatháin

Tá an-bhród orainn as gur muid an chéad scoil ilchreidmheach sa cheantar, ag urramú gach creideamh agus ag cinntiú go bhfuil uilechuimsitheacht ann do chách. Tá muid eisiach sa mhéid atá le tairscint againn, le cur chuige uilechuimsitheach do chách. Leanann muid éiteas na Scoileanna Náisiúnta Phobail; Sármhaitheas sa oideachas, comhionannas do chách, dírithe ar an bpobal, ilchreidmheach, cúram do gach ball na scoile agus ag freastal ar gach cumas agus spéis. Is scoil croíúil fáilteach muid atá dírithe ar an bpáiste. Is é ár gcuspóir ná an t-oideachas is fearr is féidir linn a thabhairt dár ndaltaí agus go mbaineann siad sult as gach lá atá siad anseo linn i Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail.

Advertisement

Bhí Oscailt Oifigiúil na scoile againn mar Scoil Náisiúnta Phobail i Mí Deireadh Fomhair 2022, agus is mór an onóir dúinn é go raibh an tAire Oideachais Norma Foley i láthair. D’éirigh go hiontach linn ar an lá agus tháinig slua mór chugainn le ceiliúradh linn. Bhí páistí na scoile mar chroílár an cheiliúradh, díreach mar ba cheart. Gabhann muid buíochas ó chroí lenár bPátrún Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Bord Bainistíochta na scoile, pobal an Ghleanna, Coiste na dTuismitheoirí, tuismitheoirí uile na scoile, foireann láidir tiomanta na scoile agus daltaí iontacha Scoil an Ghleanna SNP, a chas leagan gleoite ‘Fáinne Geal an Lae’ ag an ócáid stairiúil.

Tá muid mórálach faoi go bhfuil muid inár 6ú bliain den Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá dul chun cinn iontach déanta ag pobal iomlán na scoile, le dearca dearfach a chothú agus a léiriú i leith ár dteanga dhúchais. Tá sé soiléar le feiceáil go bhfuil dea-thionchar ag an Scéim Aitheantas ar oideachas na ndaltaí agus ar chaomhnú ár dteanga. Is le bród agus brí a leanann muid orainn, ag spreagadh scoil chothaitheach do dhaltaí uile Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail.

This article is from: