Eagrán 6.9
Tuairisc an Choimisinéara
D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a foilsíodh ag tús na míosa maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag d é a n a m h monatóireachta ar chur i bhfeidhm an Achta, agus tá na moltaí atá déanta aige sa tuairisc ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe; ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí in aon athbhreithniú ar an Acht. Dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh an-sásta go bhfuil na fadhbanna a bhí aitheanta againn leis an Acht san áireamh i dtuairisc an Choimisinéara, agus go bhfuil moltaí cuimsitheacha luaite aige ann len'iad a réiteach." I measc na réiteach sin, moltar sa tuairisc:
• go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile; • go bhforbrófaí córas nua, le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo; agus • go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go núdaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag plé leis an bpobal.
25 Iúil 2011 SAN EAGRÁN SEO:
1. Tuairisc an Choimisinéara 2. Campaí Samhraidh 2. Billí an Oireachtais 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Aclaíocht in Áth Cliath 5. Lá na bPáistí 5. Barrliosta na Leabhar 6. Maoiniú Eatramhach 6. Seimineár Oibre 7. Fleadh Cheoil na Gaeilge 7. Tionól na Ceathrún Rua 8. Gaeilge i dTeach Laighean 8. Scoileanna Samhraidh 9. Clós an Cheannárais 9. Folúntais Ghaeilge 10. Saoire Teaglaigh 10. Athbhreithniú na Lipéad 11. Lúnasa Cois Locha 11. Aitheantas TEG 12. Is Leor Beirt 12. Dianchúrsaí Gaeilge
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1