E ag r án 7 .7
I
Tionól Chiarraí
s ar Chorca Dhuibhne aoibhinn atá ár dtriall an samhradh seo, agus Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 á reáchtáil i nGaeltacht Chiarraí ón 05 - 08 Iúil 2012! Tá saoire na bliana seo arna eagrú i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, agus déanfar ceiliúradh ar RnaG le seimineár oíche Aoine dar teideal Raidió na Gaeltachta 1972 - 2012. Beidh Edel Ní Churraoin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc na n-aoichainteoirí ar an oíche agus labhróidh sí ar céard atá i ndán don stáisiún amach romhainn. Tá pacáiste speisialta ar phraghas €230 ar fáil a chlúdaíonn an seimineár, 3 oíche leaba agus bricfeasta in Óstán Cheann Sibéal, béilí tráthnóna, siúlóid stairiúil
go Dún an Óir Dé Sathairn, drámaíocht le hAisteoirí Bhréanainn oíche Shathairn, seisiúin cheoil agus go leor eile. Beidh rogha de thuras lae Dé hAoine san áireamh sa phraghas chomh maith: rachaidh bus ar fud leithinis Chorca Dhuibhne, nó is féidir aghaidh a thabhairt ar an mBlascaod Mór amuigh ón gcósta, an t-oileán is mó de chuid na mBlascaodaí cáiliúla a thug dúinn mórshathaoir Ghaeilge ó leithéidí Thomáis Uí Chriomhthain, Pheig Sayers agus Mhuiris Uí Shúilleabháin. Tá pacáiste ar €180 a chlúdaíonn lóistín 2 oíche móide béilí agus cead isteach ar imeachtaí an Tionóil dóibh siúd a thagann ón Aoine - Domhnach amháin freisin. Fáilte roimh chách! Áirithintí & tuilleadh eolais: mairead@cnag.ie / www.cnag.ie/siopa
15 B e a lt ai n e 2012
SAN EAGRÁN SEO: 1. Tionól Chiarraí 2. Áirneáil Ard Mhacha 2. Deontais Cholmcille 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 5. Barrliosta na Leabhar 6. Féile an Phátrúin 2012 6. Tograí Straitéise 7. Forbairt na Móna 7. Scríbhneoir Mhaigh Eo 8. Comórtas Peile na Gaeltachta 8. Gradaim Scoile SnaG 9. Rí-Rá Sa Chlub! 9. Tuarascáil an Choimisinéara 10. Aighneachtaí 10. Sráidainmneacha an Dúin 11. Dlítheangeolaíocht na hEorpa 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí an Earraigh
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
1
R
Áirneáil Ard Mhacha
eáchtáil Cairde Teo. oíche áirneála i gcomhar le Gael-Linn i dTigh Uí Raifeartaigh ar an bhaile ar na mallaibh. Bhí Cleamairí Ard Mhacha i láthair lena seó úr lánGhaeilge agus meascán scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil a bhí i gceist leis. Chuaigh na Cleamairí i gcion go mór ar an scaifte mór a d’fhreastail ar an oíche, foireann theagaisc agus cinnirí Choláistí Mhachaire Rabhartaigh agus Bhun an Inbhir a bhí in
T
Deontais Cholmcille
á scéim deontas ag Colmcille oscailte do thionscadail a nascann Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban, agus a ardaíonn feasacht ar a n-oidhreacht choiteann. Clár comhpháirtíochta a bunaíodh i 1997 is ea Colmcille, idir Bòrd na Gàidhlig, an buíon a bhfuil cúram air teanga agus cultúr Ghaeilge na hAlban a chur chun cinn, agus Foras na Gaeilge, an buíon a bhfuil cúram air Gaeilge na hÉireann a chur chun cinn. Cabhraíonn scéim deontas Cholmcille le tionscadail sa phobal, san oideachas, sna healaíona agus le tionscadail óige, agus cothaíonn díospóireacht faoi cheisteanna sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann leis an dá thír, ar mhaithe le féinmhuinín a chothú sna pobail Ghaeilge. Is mian le Colmcille go mbeidh
2
Ard Mhacha ag lá oiliúna Gael-Linn ina measc. Is ann fosta a bhí Ciarán Ó Maicín, scéalaí as Lios Iomána, agus bhí a raibh i láthair faoi gheasa ag a chuid scéalta faoi na sióga. Leanadh leis an scléip agus leis an airneán le seisiún ceoil a mhair go maidin. Gach eolas: sean@cairdeteo.com / +44 (0)28 37515229 / www.cairdeteo.com
a chuid oibre agus na tionscadail a fhaigheann deontas ag cur leis an tuiscint ar an Ghaeilge mar pháirt den fhéiniúlacht chultúir in Éirinn agus in Albain, agus beidh fáilte ar leith roimh thionscadail a léireoidh dóigheanna nuálacha leis an Ghaeilge a chur i láthair. Caithfidh gach iarratas a bheith dírithe go láidir ar an teanga agus ar an nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban agus tá súil ag Colmcille go mbeidh réimse leathan pobal agus eagraíochtaí rannpháirteach sa scéim arís i mbliana. Tá Slí Cholmcille ar cheann de na tionscadail is mó a raibh baint ag Colmcille leis le bliain anuas, slí turasóireachta agus oidhreachta a leanann beatha Cholmcille. Spriocdháta: 18 Bealtaine 2012. Tuilleadh eolais: www.colmcille.net
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012
Nuacht Áitiúil
Áth Cliath á Craobh Inse Chór ar an bhfód i gCorrán Grattan, Baile Átha Cliath 8 ón mbliain 1951, agus tá an chraobh stairiúil seo ag fearadh fáilte roimh chách teacht chuig taispeántas sleamhnán digiteach ar cheantar álainn Leithinis Dhaingean Uí Chúis agus Chill Airne ag deireadh na míosa. Déanfaidh Val Duffy an cur i láthair seo Dé Máirt, 29 Bealtaine 2012, ag 8.15in. Beidh tae agus cácaí ar fáil don lucht freastail i ndiaidh an taispeántais!
T
Baile Locha Riach s ócáid iontach speisialta a bhí i gceist le Slógadh Eachtaí na bliana seo a eagraíodh idir Chillíní Díoma agus Liathdroim lasmuigh de Bhaile Locha Riach ar an 21 Aibreán 2012. D’fhreastail suas le 200 duine ó eagraíochtaí éagsúla idir Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe air - idir sheandálaithe, staraithe áitiúla an pharóiste, cheoltóirí agus scoláirí scoile - ar mhaithe le cúrsaí oidhreachta, staire, cultúir agus sóisialta a phlé agus le buaicphointí an cheantair a cheiliúradh. Bhí trácht ar sheanghrianghraif le Dorothea Lange, tuíodóireacht, lámhscríbhinní ársa, scéimeanna seandálaíochta, scannán ar Shliabh Eachtaí, stair an iarnróid sa chomharsanacht, dinnsheanchas na háite agus oidhreacht an cheantair. Tuilleadh eolais: www.aughty.org
I
Dún na nGall eidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag eagrú deireadh seachtaine siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall ón 26 - 27
B
Bealtaine 2012. Beidh rogha siúlóide ann Dé Sathairn; beidh scaifte ag dreapadh na hEaragaile, nó beidh siúlóid níos fusa ag Caiseal na gCorr. Beidh An Cabaret Craiceáilte ar siúl oíche Shathairn le neart ceoil agus craice ar €5. Beidh siúlóid threoraithe thart ar an Bhun Bheag agus na Doirí Beaga an mhaidin dar gcionn. Tá costas £30 ar an turas, lóistín agus siúlóidí san áireamh. Mura bhfuil lóistín de dhíth ort, beidh costas £5 ar na siúlóidí. Áirithintí: +44 (0)28 37515229 Port Láirge í hamháin go bhfuil an scoil surfála Freedom i dTrá Mhór i mbun campaí tonnmharcaíochta samhraidh a reáchtáil arís i mbliana, ach tá sé i gceist ag Comhlucht Forbartha na nDéise ranganna Gaeilge a chur ar siúl sna míonna amach romhainn freisin ach teagmháil a dhéanamh le cfdeise@gmail.com / +353 (0)85 8612667. Tá ranganna Taekwon Do agus ranganna rince Gaelach do pháistí ar siúl faoi láthair i Halla Pobail na Rinne gach Céadaoin agus Déardaoin faoi seach, agus tá Ceol na nDéise ag cur sraith de ranganna ceoil eile ar fáil ag do gach duine ó aois 5 - daoine fásta. Beidh an campa samhraidh ceoil agus ealaíne Húlaí Lúnasa á reáchtáil acu i mbliana ó 7-10 Lúnasa 2012 freisin, campa a bheidh oiriúnach do thosaitheoirí agus do cheoltóirí ardchéime araon. Gach eolas: Mary Rafferty +353 (0)87 2714671 / ceolnandeise@hotmail.com / www.ceolnandeise.com
N
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
3
Gaeilge na Cruinne
S
na sála ar Lá Gaeilge in Ollscoil Elms, Chicopee, Massachusetts, beidh Féile na Gaeilge ar siúl ó 12.00 5.00in i Lárionad Éireannach Nua Eabhrac Dé Sathairn, 19 Bealtaine 2012. Beidh Cruinniú Chlub Leabhar Nua Eabhrac á reáchtáil mar chuid den bhféile agus beidh an cnuasach gearrscéalta Duinnín: Bleachtaire ar an Sceilg á phlé. Tá Lá Gaeilge ar siúl i bPortland an lá céanna, agus beidh Satharn na nGael á eagrú ag Daltaí na Gaeilge san Ionad Cultúir Éireannaigh i Philadelphia
ar an 2 Meitheamh 2012. Murab leor sin, tá Deireadh Seachtaine Gaeilge á reáchtáil i Keswick i gcóngar Toronto, Ceanada ón 8 - 10 Meitheamh 2012 agus beidh Scoil Gheimhridh Sydney ar siúl san Astráil an deireadh seachtaine céanna. Nach idirnáisiúnta an teanga í an Ghaeilge! Tuilleadh eolais: www.daltai.com/events
Teicneolaíocht na Teanga
T
á stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar fheidhmchlár nua Cúla4 anois. Tá an feidhmchlár saor le híoschóipeáil ó iTunes ach cuardach a dhéanamh ar ‘Cúla4’ nó ‘Gaeilge’, agus tá sé oiriúnach don iPhone agus don iPad. Is féidir leagan Android den bhfeidhmchlár a fháil in aisce ó market.android chomh maith. Cuimsíonn foclóir an fheidhmchláir raon leathan ábhar: An Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Coirp. Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin. Tá fiú fáil ann ar leathanach le dathú chun a bpictiúr féin a chruthú nó lena bhfocal féin a scríobh! Má tá sin ar fáil do na páistí, tá córas nua foghlamtha in úsáid ag Baile Átha Buí le Gaeilge chun an teanga a
4
mhúineadh do thuismitheoirí, ag baint leasa as MP3, iPod nó iPhone. Tá suas le 6 uair a chloig de cheachtanna fuaime curtha ar mhearóga USB acu d’fhoghlaimeoirí, le gur féidir le daoine na ceachtanna seo a chur ar a ngléasanna féin le húsáid sa bhaile. Tá leibhéil éagsúla i gceist leis na ceachtanna agus gnáthchúrsaí an tsaoil a bhíonn mar théama acu. Úsáideann foghlaimeoirí Eabhraise an modh oibre seo go minic agus bíonn an-rath ag baint leis. Tá leathanach idirlín mar thacaíocht ag dul leis an obair seo ar fad freisin agus is féidir teacht air ag www.athbui.com/ Ceachtanna%20G%20R%20C.html. Teagmháil: Simon +353 (0)86 1533479 / Ann +353 (0)46 9432381
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012
Féile Scríbhneoirí Átha Cliath
B
eidh Féile Scríbhneoirí Átha Cliath ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na príomhchathrach ón 4 – 10 Meitheamh 2012, agus déanfar comóradh as Gaeilge ar an gcathair faoi scáth na hoíche mar chuid den togra BAILE OÍCHE: AN TIONSCADAL. Is seó speisialta dátheangach ilmheánach é ar an 6 Meitheamh 2012. Beidh saothar nua le ceathrar filí á choimisiúnú agus iad
Barrliosta na Leabhar
Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas: Déagóirí agus Daoine Óga 1. Éasca Péasca – O’ Brien Press – Áine Ní Ghlinn - €6.95 2. An Leaba Sciathánach – An Gúm – Áine Ní Ghlinn - €5.95 3. Cití sa Gheimhreadh – An Gúm - €6.50 4. Lá Breithe Chití – An Gúm - €6.95 5. Bhí Oisín ar Scoil – An Gúm – Nicola Moffatt - €4.50
ag freagairt d’íomhánna ó Jim Berkeley agus Mark Granier, a theilgfear ar scáileán ins The Workman’s Club ar an oíche. Beidh ceol speisialta le Seán Mac Erlaine mar thionlacan. Canfaidh Pádraigín Ní Uallacháin saothar atá ar an albam suaithinseach aici, Songs of the Scribe, in Ionad Eaglais Úinitéireach Bhaile Átha Cliath ar an 9 Meitheamh 2012 mar chuid de mhórócáid fhilíochta, phróis agus amhránaíochta freisin. Tuilleadh eolais: www.dublinwritersfestival.com
Daoine Fásta 1. An Hobad - JRR Tolkien – Evertype - €39.95 2. Thógamar le Gaeilge Iad – Coiscéim – Brian Ó Broin - €10 3. An Litir – Liam Mac Cóil – Leabhar Breac - €15 4. Fillean Seoirse – Éilis Ní Anluain – Leabhar Breac - €18 5. Sean, Nua agus Síoraíocht – Coiscéim - €25 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie/siopa
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
5
Féile an Phátrúin 2012
I
s traidisiún ársa é Lá’n Phátrúin Naomh Colm Cille i gConamara; déantar an chéad tagairt dó i 1684 agus ba thraidisiún ársa ag an am sin é fiú! Déanfar ceiliúradh ar Lá an Tobair i mbliana le Féile an Phátrúin / Féile Cholm Cille i mBánrach, Conamara ón 9 - 10 Meitheamh 2012. Tosóidh Turas na dToibreacha le muintir an cheantair ag 3.00in Dé Sathairn, agus cuirfear tús le himeachtaí an Phátrúin don slua ag Trá na Bántrainne ag 6.45in.
F
Tograí Straitéise
ógraíodh dhá thogra faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 le déanaí: an Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus an Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Tá sé beartaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge, nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge, chun í a threisiú mar theanga teaghlaigh agus mar theanga phobail, sa Ghaeltacht go háirithe. Tá socrú déanta i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun bileog eolais, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, a scaipeadh ar mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu, agus beidh fáil ar phacáiste tacaíochta ón Roinn féin freisin. I dtaca le pleanáil
6
Beidh siamsaíocht, béaloideas, An Paidrín Páirteach, Comórtas Bhanríon na Féile, scoth de cheol Chonamara agus eile faoi stiúir Mháirtín Davy Uí Choisdealbha, fear an tí don oíche. Beidh taispeántais agus Comórtas Caith Cruití ag tosú Dé Domhnaigh mar aon le fulachta agus seisiún ceoil amuigh faoin aer. Gach eolas: http://anghaeltacht.net/cpt/tobair/ index.html
teanga, tabharfar sainmhíniú nua don Ghaeltacht, a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, faoin mBille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi láthair. Tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga ar leith, agus beidh plean teanga le hullmhú ag leibhéal an phobail ag gach ceann de na ceantair seo in imeacht ama. Beidh príomheagraíocht chinnireachta amháin ann i ngach ceantar chun gur féidir próiseas pleanála teanga cuimsitheach agus córasach a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Fógraíodh go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosú láithreach ar an bpróiseas seo. Beidh Conradh na Gaeilge ag fiosrú fiúntas an dá thogra leis an bpobal. Gach eolas: www.ahg.gov.ie
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012
T
Forbairt na Móna
á Glór na Móna ar lorg Oifigeach Forbartha Gaeilge le Gaeilge líofa idir labhairt agus scríobh; taithí ar bhainistiú chláir imeachtaí agus ar fhorbairt phlean oibre pobail; taithí ar theagasc agus ar stiúradh chúrsaí oideachais; taithí ar obair óige agus taithí ar fhorbairt tionscadail óige. Ní mór go mbeadh an té a cheapfar ina d(h)uine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar
I
chuid d’fhoireann. Is gá go mbeadh scileanna maithe ríomhaireachta agus riaracháin aige/ aici freisin. Is post lánaimseartha é seo ó Mheitheamh na bliana seo go deireadh Nollaig 2013. Is é £24,089 túsphointe an scála tuarascála, ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí. Spriocdháta iarratais: 5.00in, Dé Luain, 21 Bealtaine 2012. Tuilleadh eolais: feargal@forbairtfeirste. com / +44 (0)78 41101630
Scríbhneoir Mhaigh Eo
s as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill don scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde, Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2012. Tá rath mór ar an gClár Cónaitheachta seo atá á reáchtáil ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo le 23 bliain anuas, agus tagann Eoghan sna sála ar chuid de na scríbhneoirí is fearr agus is bisiúla sa tír a chaith tréimhse mar scríbhneoir cónaithe i Maigh Eo, Ré Ó Laighléis, Seán Lysaght, Éilís Ní Dhuibhne, Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson ina measc. Tá dhá chnuasach gearrscéalta scríofa ag Eoghan; bhunaigh sé comhlacht ilmheáin darbh ainm Éabhlóid i 2008; agus faoi láthair tá sé i mbun oibre ar chlár faisnéise ceoil faoin bhfidléir clúiteach, John Doherty, chomh maith le leabhar dánta do pháistí a scríobh. Ghlac sé an phríomhpháirt sa scannán
Silence le déanaí freisin agus ghnóthaigh an Michael Dwyer Discovery Award as a ról ann. Tugann Eoghan ceardlanna sa ghearrscéalaíocht don Chiorcal Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair agus tugann sé ranganna script scríbhneoireachta do scoláirí Acadaimh na hOllscolaíochta sa chontae freisin gach bliain. Mar chuid den chónaitheacht ,tabharfaidh Eoghan léamh poiblí dá chuid saothar i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh Dé Céadaoin, 25 Bealtaine 2012 ag 7.00in. Beidh Eoghan ag obair le Grúpaí Scríbhneoirí agus scoileanna fud fad Chontae Mhaigh Eo le linn na míosa freisin, agus tabharfaidh sé ceardlann ar mhearfhicsean i Lóiste Loch an Eanaigh ó 7.30 - 10.00 ar an 15 Bealtaine 2012. Clárúchán: mayoarts@mayococo.ie / +353 (0)94 9047558
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
7
Comórtas Peile na Gaeltachta
T
á Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Thír Chonaill arís i mbliana, áit a mbeidh clubanna Gaeltachta ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag triall ar Ghaoth Dobhair ón 1 - 4 Meitheamh 2012. Beidh na sluaite ó na Gaeltachtaí éagsúla timpeall na tíre ag dul san iomaíocht don chorn i mbliana Gaeltacht na nDéise, Mhaigh Eo, Chiarraí, Chorcaí, Ráth Chairn, Chonamara agus
Dhún na nGall ina measc mar aon leis Na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath, Laochra Loch Lao as Ceathrú na Gaeltachta i mBéal Feirste, agus an fhoireann Mhóin Dearg as Londain Shasana. Beidh puball in airde taobh na páirce freisin, áit a mbeidh neart imeachtaí sóisialta idir cheol, amhránaíocht agus damhsa ar siúl. Tuilleadh eolais: Seán Ó Fearraigh +353 (0)87 2441842
Gradaim Scoile SnaG
C
homh maith le duaiseanna do na gnáthchomórtais filíochta, aiste agus ealaíne, bhronn Seachtain na Gaeilge gradaim speisialta ar na scoileanna ab fhearr agus ba ghníomhaí sa bhféile teanga den chéad uair riamh i mbliana. Chuir breis agus 150 scoil na mílte iontrálacha isteach ar Chomórtais Óige bhliantúla na Seachtaine, idir scoileanna Béarla agus Gaeilge, thuaidh agus theas. Ba léir ó chaighdeán agus ó líon na n-iontrálacha go bhfuil ag éirí leis an bhféile daoine óga ó cheann ceann na tíre a spreagadh chun leas a bhaint as an teanga ar bhealaí úra, iontacha. Thug Coláiste Cois Life, Co. Átha Cliath Gradam na Meánscoileanna 2012 leo (urraithe ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge) agus bhuaigh Scoil Mhuire na nGael, Co. Lú Gradam na mBunscoileanna 2012 (urraithe
8
ag An Siopa Leabhar). Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann urraíocht ar na comórtais chraolacháin arís i mbliana, mar aon le maoiniú a chur ar fáil chun ceardlanna raidió a reáchtáil le beagnach 200 dalta scoile timpeall na tíre. B’iad Gaelscoil Riabhach, Gaillimh; Scoil Náisiúnta Bhéal Átha an Spidéil, Corcaigh; Scoil Muire, Clochar na Trócaire, Corcaigh; agus Coláiste Cnoc na Labhras FCJ, Luimneach, a ghnóthaigh duaiseanna as na cláir raidió Ghaeilge a rinneadar. Thug Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, an chéad duais leo as an bhfógra teilifíse is fearr a léiriú do Sheachtain na Gaeilge. Sheol Seachtain na Gaeilge Teastas Rannpháirtíochta chuig gach dalta a ghlac páirt sna comórtais i mbliana freisin. Comhghairdeas! Tuilleadh eolais: www.snag.ie
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012
I
Rí-Rá Sa Chlub!
s iomaí imeacht rathúil a reáchtáladh i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí, coirm le Rónán Ó Snodaigh, Comórtas an Chailín Ghaelaigh leis Na Gaeil Óga CLG agus Club RíRá do dhaoine óga ina measc. Tionólfar an dara ócáid de chuid IMRAM sa Chlub um dheireadh seachtaine seo agus tá saorchead isteach. Beidh idir amhráin, cheol agus dhánta á gcasadh ag Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla,
I
Séamas Barra Ó Súilleabháin, Tony Mac Mahon agus Steve Cooney le linn na féile litríochta Gaeilge oíche Aoine, 18 Bealtaine 2012. Ansin seinnfidh Colm Mac Con Iomaire, fidléir agus amhránaí leis an ngrúpa iomráiteach The Frames, taobh le Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus Doireann Ní Ghríofa, filí, an tseachtain dar gcionn. Gach eolas: www.anclub.ie / www.imram.ie
Tuarascáil an Choimisinéara
s léir ó fhoilsiú thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga le déanaí go bhfuil géarghá go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara ina hoifig reachtúil neamhspleách chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint. Tháinig méadú 5% ar líon na ndaoine a d’imigh i dteagmháil leis an oifig maidir le sárú ar a gcearta teanga an bhliain seo caite; léiríonn sé seo go bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge as oifig reachtúil, neamhspleách agus éifeachtach an Choimisinéara. Is léir ón bhfianaise sa tuarascáil go ndéantar faillí i leith an phobail nuair a fhágtar an obair ar son na Gaeilge faoin státchóras áfach. Ní dhearna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga amháin as 28 a fhaomhadh anuraidh; níor
chloígh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis na dualgais reachtúla teanga a bhí aici i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime; ná níor ullmhaigh an Roinn Gaeltachta féin scéim teanga go dtí an mhí seo caite fiú. Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mba chóir go mbeadh comóntacht idir na seirbhísí éagsúla a chuirtear ar fáil trí na scéimeanna, agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla chun Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh sé riachtanach go mbeadh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach ag cur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu freisin.
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
9
T
Aighneachtaí
á comhairliúchán ar siúl faoi láthair maidir le huimhreacha loighciúla a bhronnadh ar na bealaí teilifíse éagsúla mar chuid den chóras teilifíse trastíre digití nua ó thuaidh (Logical Channel Numbers Consultation, nó LCN). Tá sé ríthábhachtach don chraolachán Ghaeilge sna Sé Chontae amach anseo go mbeadh fáil go héasca ar an bhealach TG4 ar an chóras úr agus chuige seo, ní mór teagmháil a dhéanamh le DMOL ag DTT Multiplex Operators Limited, 22
S
Sráidainmneacha an Dúin
na sála ar an obair atá á déanamh ag an scátheagras POBAL le roinnt comhairlí áitiúla ar cheist a seirbhísí Gaeilge, glacadh le moltaí ar bheartas níos fearr maidir le hainmniú agus le huimhriú sráide ag cruinniú de Choiste Polasaí Straitéisigh agus Acmhainní i gComhairle Ceantair an Dúin le déanaí. Faoin seanbheartas, bhíodh dualgas ar aon duine ar mhian leo iarratas a dhéanamh ar a sráidainm féin as Gaeilge tacaíocht de 10% de chónaitheoirí na sráide a fháil sular ghlac an Chomhairle leis an iarratas. Cuirfear an gá seo i leataobh anois agus glacfaidh an Chomhairle le hiarratais mar seo anois agus suirbhé á dhéanamh ar an tsráid. Lena chois sin, bhíodh ar chónaitheoirí ag iarraidh a sráidainmneacha sa
10
Percy Street, London W1T 2BU / consultation@dmol. co.uk chun impí orthu uimhir aondigite a thabhairt do bhealach TG4 i dTuaisceart Éireann. Tá litir shamplach ar fáil ó Aonad na Gaeilge, Comhairle an Iúir agus Mhúrn, Eastát Tionsclaíoch an Bhruaigh Ghlais, An tIúr, Contae an Dúin, BT34 2QU. Spriocdháta: 24 Bealtaine 2012. Teagmháil: +44 (0)28 30313258 / mici.walsh@newryandmourne.gov.uk
Ghaeilge a bheith curtha in airde níos mó ná 75% de fhreagraí dearfacha a fháil ó chónaitheoirí na sráide ag tacú leis an togra roimhe seo. Titeann sé seo in aon dul le ceantair eile ina bhfuil tairseach de 50% acu. Chomh maith leis sin, dá dteipeadh ar iarratas roimhe seo, bhíodh cosc ar chónaitheoirí iarratas a dhéanamh ar feadh 3 bliana eile. Athraíodh sin go bliain amháin. Mhol POBAL na comhairleoirí áitiúla agus an pobal áitiúil a d’oibrigh go crua le fada le cinntiú go bhfaigheann pobal na Gaeilge sa cheantar dea-chúram custaiméirí ón Chomhairle. Má tá cónaí ort sna Sé Chontae, b’fhiú na moltaí seo a chur faoi bhráid na Comhairle s’agatsa freisin! Tuilleadh eolais: www.pobal.org
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012
DEISEANNA OIBRE DEN SCOTH LEIS AN AONTAS EORPACH DO CHÉIMITHE LE GAEILGE ͻ ƌĚ-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil ͻ ƌĚ-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil Earcaíonn an tAontas Eorpach aistritheoirí agus dlítheangeolaithe go tráth rialta. Tá ganntanas ar an AE faoi láthair maidir le haistritheoirí dlíthiúla agus dlítheangeolaithe1 le Gaeilge. Deireadh Fómhair 2012 - Bealtaine 2013 tairgfidh Óstaí an Rí cúrsaí páirtaimseartha ardleibhéil chun rannpháirtithe a chumasú le cur isteach ar fholúntais mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge agus dlítheangeolaithe le Gaeilge le hInstitiúidí an AE. Seasfaidh na cáilíochtaí seo freisin don té ar suim leis fostaíocht taobh amuigh Ě͛/ŶƐƚŝƚŝƷŝĚş ĂŶ ͘ Tá maitheamh táillí ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu. Ní gá cáilíocht sa Dlí don chúrsa san Aistriúchán Dlíthiúil. Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais ar fáil ag www.kingsinns.ie/gaeilge.htm agus ó : daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie 087-2368364. Cuireann an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht ar fáil don dá chúrsa seo.
1
Daoine, a bhfuil cáilíocht ghairmiúil sa dlí nó céim sa dlí acu, a dheimhníonn go bhfuil leaganacha éagsúla de achtachán i dteangacha éagsúla ag teacht lena chéile.
Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e
11
N
Is Leor Beirt
íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a
reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.
An Cumann Lúthchleas Gael (CLG): • • • • • • • • • • •
An imríonn tú spórt? An dtaitníonn peil Ghaelach leat? An mbreathnaíonn tú ar pheil na mban ar an teilifís? An dtuigeann tú na rialacha i gcluiche peile / iomána? An dóigh leat go bhfuil an iomáint níos deacra ná an pheil? Ar chuala tú trácht ar na Cluichí Tailteann? An bhfaca tú cluiche liathróid láimhe riamh? An gceapann tú gur chóir na himreoirí CLG a íoc? An bhfuil tú bródúil as an spórt i do chontae féin? An bhfuil foireann áitiúil i do cheantar? An dóigh leat go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine óga ag glacadh páirte i spórt foirne? • An measann tú go bhfuil clubanna áitiúla CLG go maith ag cothú pobail i gceantar? • Cad é an spórt is fearr leat? Téarmaí spóirt: camán, sliotar, liathróid, preab, caitheamh isteach, cic saor, réiteoir, feadóg, feall, cúl, cúilín, pointe, foireann, bainisteoir, imreoir, cúlbáire, lántosaí, leatosaí, lánchúlaí, lántaca, cosantóir, ar an ionsaí, cic chun cúil, cic amach, cic cúinne
12
Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 09 Meit h e am h 2012