Skip to main content

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Bealtaine 2011

Page 1

Eagrán 6.7

Brú na bPolaiteoirí

Anois go bhfuil Comhaltaí den Tionól Reachtach ó thuaidh, agus Seanadóirí agus Teachtaí Dála ó dheas tofa as an nua, tá dlús á chur ag Conradh na Gaeilge leis an stocaireacht ar na polaiteoirí ar fad maidir le cúrsaí Gaeilge a g u s Gaeltachta ar oileán na hÉireann. Thug Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge faoi fheachtas stocaireachta roimh thoghcháin an Tionóil le déanaí, ag éileamh ar iarrthóirí ó gach páirtí polaitíochta brú a chur ar Rialtas Shasana deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE, agus Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá cuireadh tugtha ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do

Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí Thithe an Oireachtais teacht chuig Óstán Buswells, Baile Átha Cliath 2, áit go mbeidh lá eolais agus s e i s i ú i n chomhairliúcháin ar siúl ar feadh an lae ó 8.00rn 6.00in Dé Céadaoin, 01 Meitheamh 2011. Má tá tusa ar fáil le labhairt leis na hionadaithe polaitíochta ó do cheantar áitiúil am ar bith i rith an lae, déan teagmháil leis an Ard-Oifig ag +353 (0)1 4757401 / dail@cnag.ie chun é sin a chur in iúl dúinn roimh 25 Bealtaine 2011. Is mó a spreagfar na polaiteoirí le freastal má tá duine óna ndáilcheantar féin i láthair, agus is fearr a éireoidh le pobal na Gaeilge dul i gcion orthu dá bharr. Teagmháil: +353 (0)1 4757401 / dail@cnag.ie

16 Bealtaine 2011 SAN EAGRÁN SEO:

1. Brú na bPolaiteoirí 2. Gradam Liam

2. Gradaim na nGael 3. Nuacht Áitiúil

4. Gaeilge na Cruinne 4. Clubanna na nGael 5. Coiglímis an Tine

5. Barrliosta na Leabhar 6. Scríbhneoirí Abú!

6. Scoil Thiomsaithe 7. I Measc na

Nua-Éireannaigh

7. Fleadh Nua 2011 8. Tionóil Go Leor!

8. Ceatharlach Gaelach 9. Aisteoirí Á Lorg

9. Ceiliúradh Mhic Ardghail

10. Folúntais le Gaeilge 10. Gaelscoileanna 11. App Úr Rí-Rá!

11. Bealtaine Mhaigh Eo

12. Is Leor Beirt

12. Buaiteoirí BábógBaby

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Gradam Liam

Bhronn an tOllamh Brian Mac Craith, uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Gradam an Phiarsaigh 2011 ar Liam Ó Cuinneagáin ag searmanas i mBaile Átha Cliath le déanaí, áit go ndúirt sé: “Léiríonn Liam Ó Cuinneagáin tírghrá, nuálaíocht, fiontraíocht agus ceannaireacht an Phiarsaigh, agus is onóir ar leith dom a bheith páirteach i mbronnadh na bliana seo.” Bronnann Fondúireacht an Phiarsaigh an gradam bliantúil ar dhuine a mheasann coiste neamhspleách go bhfuil mórchuid déanta aige nó aici chun idéalacha agus fís Phádraig Mhic Phiarais a

chur chun cinn. Is cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus comhbhunaitheoir agus stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall é Liam, eagraíocht a chuireann cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ar fáil i gceantar dúchais Liam féin.

Comórtas náisiúnta é Glór na nGael a bhunaigh Cumann na Sagart 50 bliana ó shin i Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Ní aon ionadh mar sin gur in Óstán Theach Carton, Maigh Nuad, a thionól breis agus 300 ionadaí agus baill de choistí Gaeilge náisiúnta agus idirnáisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcomóradh 50 bliain, agus do Bhronnadh Duaiseanna 2010 leis an Aire Sóisearach nua um Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley TD. Bronnadh duaiseanna ar luach níos mó ná €160,000 ar na coistí, ina measc duaiseanna na gCumann Gaelach tríú leibhéil, duaiseanna aitheantais, duaiseanna idirnáisiúnta, i réimsí oibre faoi leith, agus sa chomórtas nua do chlubanna Gaeilge sna meánscoileanna, Comórtas G! Comhartha maith d'fhás agus bhuanú

na Gaeilge ar fud na tíre atá sa dul chun cinn atá déanta ag na coistí áitiúla. Tá comhghairdeas ag dul leo siúd ar fad a bhuaigh gradam i mbliana, go háirithe Coiste Forbartha Charn Tóchair i gCo. Dhoire a thug leo an chéad duais de €40,000! Glór Locha Riach in Oirthear na Gaillimhe a tháinig sa dara áit agus Glór Cheatharlach sa tríú áit i rannóg na gcoistí le cúnamh fostaíochta, agus Coiste Pobail na Tulaí, Co. na Gaillimhe; Glór na nGael, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall; agus Craobh Mhaigh Cuilinn, Conradh na Gaeilge, Co. na Gaillimhe sa chéad, dara agus tríú áit faoi seach i rannóg na gcoistí gan cúnamh fostaíochta. Tuilleadh eolais: eoghan@glornangael.ie / +353 (0)85 7187678

Gradaim na nGael

2

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


Nuacht Áitiúil

Ard Mhacha D'eagraigh Cairde Teo Oíche Idirnáisiúnta sa Northern Bar in Ard Mhacha Dé Sathairn, 14 Bealtaine 2011, áit go raibh meascán iontach imeachtaí eagraithe acu. Bhí idir rapcheol Gaeilge ó Bubba Shakespeare, Chiorcal Comhrá, cheol ón bPolainn agus rinceoirí traidisiúnta ón Liotuáin ag déanamh ceiliúradh ar an ilchultúrachas le chéile. Cuireadh bia ó oirthear na hEorpa ar fáil le blaiseadh ar an oíche agus bhí saorchead isteach ar an imeacht. Tuilleadh eolais: www.cairdeteo.com

Áth Cliath Beidh ceolchoirm tiomsaithe airgid ag Gaelscoil Inse Chór i gClub CLG Ghaeil na Life oíche Shathairn, 21 Bealtaine 2011, ag tosú ag 8.30in. Beidh Conor Byrne, Anthong Furey and The Young Folk, agus Fiach ag casadh scoth an cheoil ar an oíche agus níl ach €10 ar thicéad. Fáilte roimh chách, mar sin tar agus tacaigh leis an nGaelscolaíocht! Treoracha: www.liffeygaels.ie

Beidh comhdháil lae dar teideal Sealbhú an Traidisiúin á reáchtáil in Institiúid na hÉireann, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar an 20 Bealtaine 2011. Léifear réimse leathan páipéar faoi ghnéithe éagsúla de sheachadadh thraidisiúin agus oidhreacht na Gaeilge, agus seolfar Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn le Ciarán Ó Con Cheanainn (nach maireann) i Seomra Caidrimh na Foirne, Áras Newman, ag 5.00in. Gach eolas: www.sealbhuantraidisiuin.wordpress.com

Gaillimh Tá deireadh seachtaine d'imeachtaí spraíúla á eagrú ag GoGaeilge! ag Óstán Chuan Charna i gConamara ón 27 - 29 Bealtaine 2011. Tá sé á eagrú ar bhonn trialach agus é dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu, ach a dteastaíonn uathu a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh le cainteoirí dúchais. Mar sin, más cainteoir dúchais nó líofa Gaeilge tú, agus má tá fonn ort deireadh seachtaine in aisce a chaitheamh ag labhairt na teanga, b'fhiú teagmháil a dhéanamh le GoGaeilge! Teagmháil: Eilís +353 (0)87 2941140 / gogaeilge@gmail.com

Ráth Chairn Caith deireadh seachtaine i nGaeltacht na Mí, ag cur snas ar do chuid Ghaeilge agus ag foghlaim amhrán traidisiúnta agus nua-aimseartha a chabhróidh leat feabhas a chur ar do chumas teanga an mhí seo! Tá Éigse na n-Amhrán bunaithe ar an leabhar Cas Amhrán le Micheál Ó hEidhin agus tionólfar í in Áras Pobal Ráth Chairn ón 20 - 22 Bealtaine 2011, áit go mbeidh deis ag daoine amhráin shimplí as Gaeilge a fhoghlaim agus blas a fháil de shaol na Gaeltachta. Costas lóistín iomláin don deireadh seachtaine ná €150, nó is féidir íoc de réir an lae. Áirithintí: Ann +353 (0)46 9432068 / +353 (0)46 9432381 / rathcairn@eircom.net / www.rathchairn.net

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Gaeilge na Cruinne

Beidh an chéad soirée Gaélique eile ar siúl ins The Quiet Man, 5 rue des Haudriettes i bPáras na Fraince Déardaoin, 26 Bealtaine 2011. Tá gach eolas ar Facebook nó ó shuíomh an ghrúpa ag http://gaeilgeparas.blogspot.com. Bíonn an ciorcal comhrá seo ar siúl ar an Déardaoin deireanach de gach mí agus feartar fáilte roimh chách, is cuma an foghlaimeoir teanga nó cainteoir dúchais Gaeilge thú! Tá deireadh seachtaine Gaeilge á eagrú ag Conradh na Gaeilge i nGlaschú ón 4 - 5 Meitheamh 2011 freisin. Tionólfar ranganna Gàidhlig agus

Gaeilge le múinteoirí ó Scoil Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus Ollscoil Dhún Éideann Dé Sathairn, agus reáchtálfar dinnéar, caint ar Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann, ceardlanna amhránaíochta agus Cruinniú Gaeilge na Breataine um dheireadh seachtaine freisin. Tuilleadh eolais: cnag_glaschu@hotmail.com

Tá Na Gaeil Óga CLG ag eagrú taispeántas ealaíne i gcomhpháirt le Seán Pól Ó Flanagáin, ealaíontóir aitheanta Ultach, ina rachaidh 25% de bhrabús gach pictiúr a dhíoltar i dtreo Chumann Lúthchleas Gael lánGhaeilge na príomhchathrach. Seolfaidh Niamh Ní Shúilleabháin, láithreoir an chláir ALT Éire ar Raidió na Life, an taispeántas Athimprisean i gClub Chonradh na Gaeilge ag 7.00in ar an 18 Bealtaine 2011, áit go mbeidh an taispeántas le feiceáil go dtí an 25 Bealtaine 2011. Agus tá fáilte roimh chách! Is é seo chéad taispeántas ealaíne Sheáin Phóil Uí Fhlanagáin i mBaile Átha Cliath, coimeádaithe ag Tony Strickland. I gcaitheamh na míosa, beidh Na Gaeil Óga CLG ag tabhairt faoi chomórtas tiomsaithe airgid ina rachaidh

foirne de bheaga in iomaíocht le chéile chun an méid is mó airgid a bhailiú don Chlub nua. Ballraíocht saol le Club an Chonartha atá mar phríomhdhuais an chomórtais agus tabharfaidh na grúpaí éagsúla faoi chlár dúshlánach d’imeachtaí tiomsaithe airgid chun é a bhaint amach. Agus in iarthar na tíre, beidh Club Áras na nGael beo le ceol agus spleodar na Briotáine ar an 21 Bealtaine 2011 freisin! Céilí Briotáine atá i gceist leis an Fest-Noz agus beidh sé seo á cheiliúradh ag 45 Sráid Doiminic ar Lá Fhéile Yves, naomh na mBriotánaigh. Tá Fête de la Bretagne arna eagrú ag BreizhEire agus beidh idir dhamhsa, cheardlanna agus sheisiúin cheoil ar siúl i gcaitheamh an lae. Tuilleadh eolais: www.breizheire.ie

Clubanna na nGael

4

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


Coiglímis an Tine

Cnuasach seanchais agus scéalta Bhab Feiritéar atá sa saothar Coiglímis an Tine, curtha in eagar ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh, agus tá sé ar díol ins An Siopa Leabhar ar €20. Scéalaí eis-

Barrliosta na Leabhar

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

ceachtúil ab ea Bab Feiritéar a d’eachtraigh a cuid scéalta i suímh éagsúla: cois teallaigh, ar raidió agus teilifís, agus i dtionóil mhóra ag éigsí, ollscoileanna agus Oireachtais na Gaeilge. Don scéalaí óg a bheadh ag foghlaim na ceirde, is eiseamláir den scoth d’ealaín bheo na scéalaíochta traidisiúnta iad insintí uile Bhab. Foilsíodh Ó Bhéal an Bhab, an chéad chnuasach dá cuid scéalta, leis na heagarthóirí céanna i 2002, ach tá anéagsúlacht sa dara cnuasach seo. Áirítear paidreacha dúchais agus míreanna pearsanta, finscéalta áitiúla ar an osnádúr, ar laochra ceantair agus náisiúnta, scéalta grinn, seanscéal fada agus scéal rómánsach seodmhar sa saothar seo. Léiríonn scéalta eile fós a hómós don nGaeilge, agus gheofar tráchtaireacht agus nótaí ó na heagarthóirí mar chlár binne ar an gcnuasach.

Daoine Óga: 1. Seachain do Bhrístín! – aistrithe ag Gabriel Rosenstock – An Gúm - €7.50 2. Tríocha Dráma do Dhaltaí Bunscoile – Nóirín Ní Nuadháin – CIC - €12.70 3. Cathal sa Naíolann – Futa Fata - €5.95 4. Na Buataisí Buí – Heather Henning – Cló Mhaigh Eo - €9 5. Cathal Bog Thart – Futa Fata - €6.95 Daoine Fásta: 1. Rún an Bhonnáin – Prionsias Mac a’ Bhaird – Leabhar Comhar - €12 2. Féilscríbhinn Anraí Mac Giolla Chómhaill – Réamonn Ó Muireadhaigh – Coiscéim - €10 3. Hula Hul – Seán Mac Mathúna – Leabhar Breac - €12 4. Dracula – Bram Stoker – An Gúm – €9.50 5. Buille Marfach – Anna Heussaff – CIC - €12 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Scríbhneoirí Abú!

Tá na Léamha Peregrine ag druidim chun deiridh anois ach má chaill tú amach ar na léamha Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Ciarraí agus Gaillimh go dtí seo, tá deis amháin fágtha agat! Beidh Colette Nic Aodha, Mícheál Ó Laoghaire agus Mícheál Ó Ruairc ag léamh san Anam Cara Retreat Centre sna hAoraí in iarthar Chorcaí, Déardaoin, 19 Bealtaine 2011. Tá Áras na Scríbhneoirí ag dul i gcomhpháirt leis an bhféile litríochta Ghaeilge Imram freisin chun seimineár eagarthóireachta dátheangach

a reáchtáil ag 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1 ó 10.00rn - 4.00in Dé Sathairn, 28 Bealtaine 2011. Pléifidh an túdar Anna Heussaff agus eagarthóir léi, Loclann Ó Tuairisg, an t-úrscéal léi Buille Marfach agus labhróidh Jonathan Williams agus Anthony Glavin

leis. Áirithintí & tuilleadh eolais: liamog62@mac.com / www.writerscentre.ie

Scoil Thiomsaithe

Is féile Ghaeilge i gCo. Aontroma a mhaireann seachtain í Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus déanfar ceiliúradh uirthi ón 25 - 30 Iúil i mbliana. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile, ina measc dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta; campa samhraidh Gaeilge do dhéagóirí; scéalaíocht do pháistí; lúibíní; ceardlanna ealaíne agus amhrán ar an sean-nós, fidil agus feadóige stáin do pháistí bunscoile; taispeántas scannánaíochta; ceardlann amhránaíochta Gàidhlig na hAlban; cluichí agus neart spóirt do ghasúir! Tá clú ar an scoil anois mar chuid lárnach de Fhéilire Chultúrtha Bhéal Feirste agus beidh seisiúin cheoil traidisiúnta ar siúl gach oíche arís i mbliana, mar aon le neart siamsaíocht ilchultúrtha agus biachlár idirnáisiúnta. Cuirfear clabhsúr leis an bhféile le béile agus céilí san Óstán Eu-

6

ropa i mBéal Feirste oíche Shathairn, 30 Iúil 2011. Ócáid thiomsú airgid atá san oíche seo chun tacaíocht a thabhairt do Bunscoil na mBeann, Cill Caoil - scoil nach bhfuil aitheanta ag an Roinn Oideachais ach atá fós beo de bharr ghníomhaíocht agus fhlaithiúlacht an phobail áitiúil. Tá sí á heagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus beidh béile 3 chúrsa san áireamh chomh maith le ceolchoirm ina dhiaidh. D’éirigh leo £14,500 a thógáil ar son na Gaelscolaíochta an bhliain seo caite agus níl ach £40 ar thicéad i mbliana. Tá ticéid ar lascaine ar fáil do ghrúpaí fosta. Teagmháil: Fionnuala Nic Thom ccmr@btconnect.com / +44 (0)28 90749688 / www.ccmr156.com

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


I Measc na Nua-Éireannaigh

Tarraingeoidh gradaim ilchultúrtha Metro Éireann aird ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc inimircigh nua na tíre go luath. Tá Foras na Gaeilge ag déanamh urraíocht ar ghradam speisialta ar son spreagadh na teanga don chéad uair i mbliana, gradam a bhronnfar i measc na ngradam MAMA eile do 2011 i mí an Mheithimh. Bhunaigh an nuachtán ilchultúrtha Metro Éireann na gradaim mheáin chumarsáide agus

ilchultúrtha MAMA i 2002 agus déantar daoine aonair, grúpaí, comhlachtaí agus iriseoirí a chothaíonn tuiscint traschultúrtha a onórú leo. Is féidir leis an bpobal iarratas a chur isteach ar na gradaim faoi gach ceann de na 10 rannóg. Spriocdháta: Dé hAoine, 20 Bealtaine 2011. Iarratais & tuilleadh eolais: www.mamaawards.com / +353 (0)1 8783223 / info@mamaawards.com

Beidh Fleadh Nua 2011 ag déanamh ceiliúradh ar na healaíon traidisiúnta i mbaile na hInse, Co. an Chláir ó 22 30 Bealtaine i mbliana. I measc buaicphointí na fleidhe, beidh ceolchoirm na n-Iomráiteach ar siúl i nGlór Dé Sathairn, 28 Bealtaine 2011. Seolfar Foinn Seisiún 4 ag an gcoirm, in onóir údar na sraithe leabhair Brian Prior a cailleadh i 2009. Tháinig clann Bhriain agus Cartlann Réigiúnda an Chomhaltais le chéile chun an saothar a chríochnú sna sála ar a bhás, áit go bhfuil tuilleadh port a chloistear go minic ag seisiúin cheoil curtha síos i seiteanna éagsúla. Beidh go leor eile ar siúl le linn na fleidhe leis - ceolchoirm an aosa óig; céilithe; léiriú scannáin; seisiúin i gcaifí éagsúla dar teideal Cupán Ceoil; comórtas rince ar an sean-nós don chéad uair ag an bh-

Fleadh Nua; scéalaíocht, aeraíocht; cosán ceoil; turas treoraithe; Club na nAmhránaithe; ceardlanna ceoil agus seite; ceolchoirmeacha um lón; taispeántas grianghraf agus gigeanna go leor! I dtaca leis an nGaeilge, beidh ceol, drámaíocht, amhránaíocht agus siamsaíocht den scoth ag an Oíche Ghaelach i gCois na hAbhna Dé Máirt, 24 Bealtaine 2011. Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl ag 11.00rn gach lá ón 23 27 Bealtaine 2011 i gcaifelanna áirithe ar fud an bhaile freisin agus reáchtálfaidh An Clár As Gaeilge rang Gaeilge san Rowan Tree Dé Sathairn ag tosú ag 3.00in. Teagmháil: Micheál Ó Riabhaigh m.oriabhaigh@wuerth.ie / +353 (0)86 2667724 / www.fleadhnua.com

Fleadh Nua 2011

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Tionóil Go Leor!

Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2011 á reáchtáil ar an gCeathrú Rua i gConamara, Co. na Gaillimhe ón 30 Meitheamh - 03 Iúil 2011. Beidh clár leathan imeachtaí ar fáil do gach ball den chlann arís i mbliana agus tá fáilte roimh chách! Roimhe sin áfach, tionólfar Tionól na Mumhan i mBaile Bhuirne agus i gCúil Aodha, Co. Chorcaí ón 10 - 12 Meitheamh 2011. Arna eagrú ag Dáil na Mumhan,

áirítear turas go Béal na Bláth; léacht Shanghaite: Éire agus an tArdoideachas leis an Dr. Neil Buttimer; tráth na gceist agus seisiún ceoil Dé hAoine, chomh maith le ceol; taispeántais agus bronnadh gradam Dé Sathairn. Beidh Ceardlanna Scríbhneoirí faoi choimirce Scríbhneoirí Gaeilge in Óstán Ghobnatan gach lá le linn an Tionóil freisin. Gach eolas: +353 (0)87 2421267

Ní hamháin gur éirigh le Glór Cheatharlach Duais an Fháinne agus an tríú duais i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael a bhuachan ag an ócáid bhronnta an mhí seo caite, ach roghnaíodh Ceatharlach mar ionad don bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach do 2012 agus 2013 le déanaí freisin! Is fiú €10,500 duaiseanna Ghlór na nGael don bhaile as cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail sa cheantar. Bhí dea-scéal ann freisin do mhuintir Bhalána, Co. Cheatharlaigh, ó bronnadh duais agus €1,000 don iontráil nua is fearr ar Ghlór Bhalána. Ní haon ionadh é mar sin go mbeidh Ceatharlach ina óstbhaile ag an bhFéile Pan Cheilteach! Bunaíodh an fhéile bhliantúil i gCill Airne i 1971 agus is comhcheiliúradh ar oidhreacht shaibhir chultúrtha na sé náisiún Ceilteach atá i gceist léi - Éire,

Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhainín, An Choirn agus An Bhriotáin. Is í aidhm na féile ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theanga, cheol, amhráin, rince agus spórt na gCeilteach mar aon le forbairt a dhéanamh ar chaidreamh agus ar mhalartú eolais idir na tíortha céanna. Déantar turasóireacht, trádáil agus tráchtáil idir-Cheilteach a spreagadh leis an bhféile chomh maith, mar sin is iontach an deis í chun turasóireacht chultúrtha Cheatharlaigh a chur chun chinn. Cabhróidh an infheistíocht go mór leis na gnólachtaí áitiúla freisin agus más spéis leat cabhrú leis an gcoiste eagrúcháin áitiúil, déan teagmháil le Glór Cheatharlach. Tuilleadh eolais: +353 (0)59 9158105 / eolas@glorcheatharlach.ie

Ceatharlach Gaelach

8

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


Ceiliúradh Mhic Ardghail

Cúis cheiliúrtha do Ghaeil an Iúir gur cheadaigh Ciste Infheistíochta Gaeilge (CIG) £325,000 i dtreo na gcostas chun Gaeláras Mhic Ardghail a thógáil ag Cnocán Naomh Pádraig ar Shráid an tSeipéil. Taca an ama seo anuraidh fuair Conraitheoirí an scéal nach mbeadh an deontas a bhí siad ag dúil leis ó Chomhairle Ealaín an Tuaiscirt ag dul dóibh, ó cuireadh críoch le scéimeanna caipitil na Comhairle gan choinne. Anois áfach, tá cuma ar an scéal go mbeidh cultúrlann dá gcuid féin ag lucht Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh! Tá Iontaobhaithe an Ghaelárais iontach buíoch do bhaill CIG a thug cuairt ar an suíomh ar na

mallaibh agus a bhí fial lena dtacaíocht. Tá súil acu £100,000 a lorg ó Chomhairle an Iúir agus Mhúrn d’fhonn an togra freisin.

Tá aisteoirí baineann agus fireann á lorg ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge chun páirt a ghlacadh i DVD oideachasúil nua trí mheán na Gaeilge. Páirt dalta scoile Ardteistiméireachta (17 -19 bliain d’aois) atá ann agus tá súil acu an taifead a thosú i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meitheamh 2011. Níl ach 3 lá scannánaíochta i gceist. Más suim leat páirt a ghlacadh, seol CV agus grianghraf chuig brighid@comhdhail.ie roimh Dé Céadaoin, 18 Bealtaine 2011. Chomh maith leis sin, tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín ag cuardach aisteoirí óga chun páirt a ghlacadh sa SárScoil Dhrámaíochta Fíbín a osclóidh i Meán Fómhair! Tá an comhlacht lonnaithe i nGaeltacht Chonamara agus iad ag iarraidh deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga, ón nGalltacht agus ón

nGaeltacht, sárchúrsa drámaíochta a dhéanamh an samhradh seo freisin. Beidh na rannpháirtithe faoi oiliúint an scríbhneora/stiúrthóra Paul Mercier, stiúrthóir na sraithe Aifric, agus beidh an cheardlann ar siúl ón 5 - 16 Iúil 2011. Tá éisteachtaí á reáchtáil d'ógánaigh idir 15 – 17 mbliana d’aois chun na haisteoirí óga is fearr a roghnú don cheardlann samhraidh. Tá an chéad bhabhta éisteachtaí ar siúl i gConamara; Gaillimh; An Lab, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí; Jurys Inn, Corcaigh; Conradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath; Sligo Park Hotel, Sligeach; agus An Chúirt, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall idir 10 - 27 Bealtaine 2011. Tuilleadh eolais: www.fibin.com / +353 (0)91 505855 / meangadh@gmail.com

Aisteoirí Á Lorg

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

9


Folúntais le Gaeilge

Tá bainisteoir lánaimseartha á lorg ag Áislann Rann na Feirste Teo. chun riaradh agus bainistiú a dhéanamh ar an Áislann agus ar ghnóthaí airgeadais an ionaid; plean forbartha a chuir i bhfeidhm; tionscnaimh áitiúla a spreagadh agus a bhainistiú; agus foinsí maoinithe úra a aimsiú. Seol iarratas agus CV chuig An Rúnaí, Coiste Áislann Rann na Feirste, Anagaire, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall roimh 25 Bealtaine 2011 nó féach www.aislannrannnafeirste.ie. Tá folúntais mhúinteoireachta le líonadh i nGaelcholáiste Luimnigh chomh maith, sna réimsí seo a leanas: Mata; Mata Fheidhmeach; Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad agus Grafaic Theic-

10

niúil); Eolaíocht (Bitheolaíocht); Béarla; Ealaín; Fraincis; Stair agus Tíreolaíocht. Tá foirm iarratais ar fáil ón Rannóg Pearsanra, Coiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh, Sráid Sisil Uacht, Luimneach nó ó www.clvec.ie. Spriocdháta: 4.30in, 18 Bealtaine 2011.

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


App Úr Rí-Rá!

Anois go bhfuil nuashonrú déanta ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá ag www.rrr.ie/iphone/ tá an cairtstáisiún Gaeilge ag iarraidh leagan úr an app a chur go barr chairteacha iTunes! Tá na mílte daoine tar éis feidhmhchlár Raidió Rí-Rá don iPhone a íoschóipeáil in aisce ó seoladh é ag tús 2010. Dúirt Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Bhí agus tá an-tóir go deo ar app

Raidió Rí-Rá chun scoth an cheoil ó na cairteacha a chloisteáil, á chur i láthair trí Ghaeilge 24/7 ag an óige, don óige. Anois is féidir le héisteoirí amharc ar an suíomh ag www.rrr.ie, cairdeas a dhéanamh linn ar Facebook, agus an nuacht is déanaí a fháil ó shruth RSS ar an leagan nua den app." Íoschóipeáil é gan costas ar bith inniu! Gach eolas: www.rrr.ie/iphone/

Sna sála ar an deireadh seachtaine amhránaíochta, ceoil agus damhsa a bhí i gCluain Cearbán don bhFéile Chois Cuain, agus aclaíocht trí Ghaeilge le Féile Siúlóidí Acla ag tús na míosa, tá Féile Bealtaine faoi lánseol i Maigh Eo an mhí seo. Comhordaithe go náisiúnta ag an áisíneacht Age and Opportunity, déanann an fhéile cruthaitheacht i ndaoine aosta a cheiliúradh agus is í seo an 16 bliain den bhféile. I measc na bpríomhghnéithe ar an gclár curtha le chéile ag Oifig Ealaíon na Comhairle Contae i gcomhar le Cumainn Gníomhaíochta Lucht Scoir agus aonaid bhanaltrais pobail sa chontae, tá léiriú den dráma Fruitcake; tionscnamh New Ground ag Féile na Tuaithe; léiriú scannán; léachtaí; tionscnamh fíodóireachta pobail; ceol in ionaid chúraim éagsúla; taispeántais;

ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus go leor eile. Beidh deis ag muintir Mhaigh Eo peann a chur le pár freisin ag ceardlann scríbhneoireachta le Biddy Jenkinson, scríbhneoir cónaithe nua an chontae, in ionad pobail Thuar Mhic Éadaigh ag 7.00in Déardaoin, 19 Bealtaine 2011. Ní hamháin sin ach beidh Biddy ar ais i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh an Mháirt dar gcionn óna 8.00 - 9.00in chun léamh poiblí a dhéanamh. Tá Biddy ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is mó ráchairt atá ann agus tá fáilte roimh chách freastal ar na himeachtaí seo, imeachtaí nach bhfuil costas ar bith ag baint leo. Gach eolas: Oifig Ealaíon Mhaigh Eo +353 (0)94 9047558 / mayoarts@mayococo.ie

Bealtaine Mhaigh Eo

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

11


Is Leor Beirt

Níl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a reáchtáil i d’áit oibre féin nó i

mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Scrúduithe

• An bhfuil tú i mbun staidéir faoi láthair? • Cad iad na hábhair is mó a thaitníonn leat? • Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste? • An ndearna tú staidéar ar an nGaeilge? • Ar éirigh go maith leat sna scrúduithe? • An bhfuil tú fós ar an ollscoil? • An dtaitníonn scríobh aistí leat? • An bhfuil tú go maith ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair?

Ábhair: an Ghaeilge, an Béarla, teangacha iasachta, na healaíona, an mhatamaitic, eolaíocht, stair, tíreolaíocht, leigheas, an dlí, an léann Éireannach, ríomheolaíocht, gnó, síceolaíocht, cúram leanaí

Cáilíocht: teastas, dioplóma, ard-dioplóma, céim, céim onórach, pas le gradam, pas le tuillteanas, tuilleamas, pas, teip, baitsiléir, máistreacht, dochtúireacht

Comórtas BábógBaby:

Freagra chomórtas na míosa seo caite ná gur féidir an feidhmchlár BábógBaby don iPhone a cheannach ón iTunes App Store. Comhghairdeas le gach éinne a sheol an freagra ceart isteach! Tá béirín BábógBaby buaite ag an triúr ádhúil seo a leanas:

1. Tony Birtill, Learpholl, Sasana; 2. Luke Callinan, Áth Luain, Co. na hIarmhí;

12

3. Dymphna Clohessy, Inis, Co. an Chláir

Mura raibh an t-ádh leat an bréagán iontach idirghníomhach seo a bhuachan an uair seo, tá sé le ceannach ar €29.99 i siopaí mórthimpeall na tíre, An Siopa Leabhar ina measc. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/siopa / www.babogbaby.com

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2011


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Bealtaine 2011 by Conradh na Gaeilge - Issuu