Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

Page 1

E ag r án 8 .3

17 Aibre án 2013

Seachtain Spleodrach Eile!

C

hláraigh 200 grúpa as gach cearn d’Éirinn agus 10 dtír eile 850 imeacht ar chlár oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2013 agus féile na bliana seo ar siúl ó 4 – 17 Márta 2013. Bhí na céadta scoil páirteach arís i mbliana le himeachtaí á reáchtáil acu dá ndaltaí féin, agus bhí an-tóir ar na comórtais náisiúnta. Bhí antóir freisin ar an bhfráma speisialta Gaeilgeoir na Seachtaine a chuir Seachtain na Gaeilge ar fáil dóibh i bpáirt le Bliain na Gaeilge 2013, agus sheol an oifig comórtas nua Gradam na nÓgchlubanna - chun rannpháirtíocht ógchlubanna a spreagadh i mbliana leis. Ceann de bhuaicphointí na féile ná Seachtain na nÚdarás i dTithe an Oireachtais, i bhFoirgnimh na Parlaiminte in Stormont, agus sna

iliomad údarás áitiúil eile le linn na féile. Bhí ócáid stairiúil ann nuair a sheol an tAire Carál Ní Chuilín an fhéile den chéad uair in Stormont ar 4 Aibreán 2013, agus bhí seoladh náisiúnta eile le hEvanne Ní Chuilinn agus Róisín Ní Thomáin - beirt de Ph e a r s a n na Seachtaine 2013 - i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath freisin ar an dáta céanna. Ba é Paddy Barnes, dornálaí Oilimpeach as Béal Feirste, ambasadóir eile na féile. Tá aiseolas anois á lorg ó na grúpaí uile a ghlac páirt i bhféile na bliana, go háirithe i dtaca leis an suíomh úr na Seachtaine ar www.snag.ie agus leis an bhfeidhmchlár Android agus iPhone a sheol an oifig níos luaithe i mbliana. Teagmháil: eolas@snag.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seachtain Spleodrach Eile! 2. Rí-Rá Le Hector 2013 2. Ard-Fheis na nGael 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Eoghan Ó hAnluain 5. Barrliosta na Leabhar 6. Comhdháil Chearta Teanga 6. Tóstal na nÓg 7. Bailte Slachtmhara 7. Saoire Thír Chonaill 8. Féile na Bealtaine 8. Ceiliúradh na Cumarsáide 9. Fuaim & Fís 9. Cailín Gaelach 2013 10. Seirbhís Dócmhainneachta an Bhéarla 10. Deiseanna Oibre AE 11. Tairiscint Ghníomhach G 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013 by Conradh na Gaeilge - Issuu