Eagrán 6.6
Ard-Fheis 2011
Cuireadh tús spreagúil le hArd-Fheis 2011 san Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, ar an 01 Aibreán 2011 le ceol ó scoláirí Ghaelcholáiste Chill Dara agus ó Chór Ghaelscoil Nás na Ríogh roimh chaint na hArd-Fheise, Na Rialtais Nua agus An Ghaeilge. Labhair Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, ar na beartais i leith na Gaeilge ag páirtithe polaitíochta sa deisceart, fad agus a labhair Uachtarán Chomhaltas Uladh Niall Comer ar na beartais atá ag páirtithe Thuaisceart Éireann. Thug sé cúlra stairiúil ar an nGaeilge sna Sé Chontae ó 1922 agus mhol sé go mbeadh Acht Gaeilge don Tuaisceart; rochtain níos fearr ar TG4; buanmhaoiniú don Ghaelscolaíocht; agus curaclam Gaeilge do scoileanna Béarla mar phríomhéilimh d’olltoghchán an Tionóil ó thuaidh. Fógraíodh Donnchadh Ó hAodha ina Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge go hoifigiúil Dé
Sathairn agus thréaslaigh an tUachtarán tofa le Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán 2008 - 2011. Bhronn Ó hAodha bonn airgid de Naomh Bhréanainn ar Mac Fhearghusa agus sheas teachtaí na hArd-Fheise le bualadh bos a thabhairt dó. Glacadh le rúin maidir le reachtaíocht agus straitéisí teanga; reáchtáil na heagraíochta féin agus tiomsú airgid; cúrsaí timireachta agus neartú na bhfeachtas reatha; Daonáireamh 2011; comóradh 1916; agus cúrsaí spóirt sular cuireadh críoch le gnó na hArd-Fheise le dinnéar agus óráidí ó Dinny McGinley, Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta, agus Seamie Moore, Méara Baile Nás na Ríogh, oíche Shathairn. Craoladh ArdFheis 2011 beo ar-líne agus bhí fotha Twitter beo le teachtaireachtaí freisin! Ár mbuíochas le gach ball agus Craobh a bhí i láthair linn, go háirithe le Craobh Ghlór na Ríogh a chabhraigh linn ArdFheis iontach eile a eagrú.
15 Aibreán 2011 SAN EAGRÁN SEO:
1. Ard-Fheis 2011
2. Coiste Gnó 2011-12 2. Ó Thánaiste go hUachtarán!
3. Nuacht Áitiúil
4. Gaeilge na Cruinne 4. Gaelscoil na Mí
5. Uisce Faoi Thalamh
5. Barrliosta na Leabhar 6. Gala Gael
6. Oireachtas Cheanada 7. Óg-Ógras Laighean 7. Rás COBÁC
8. Clinicí Naíonraí
8. Fóram Óige an Chláir 9. ConradhMhaighEo.ie 9. Lá Eolais Eile
10. Aighneachtaí 10. Samhail Nua Mhaoinithe
11. Tuarascáil an Choimisinéara
12. Is Leor Beirt
12. Comórtas BábógBaby
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1
Coiste Gnó 2011 - 2012
Toghadh Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge 2011 - 2012 ag Ard-Fheis 2011 agus reáchtálfar an chéad chruinniú den choiste nua ar an 07 Bealtaine 2011. Toghadh Brian Ó Baill agus Cathnia Ó Muircheartaigh thar cheann na mBall Aonair agus is iad seo a leanas na hionadaithe craoibhe: Pádraig Mac Fhearghusa, Seán Ó hAdhmaill, Eoghan Ó Murchadha, Tomás Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí, Breandán Mac Fhionnghaile, Aodhán Ó Deá, Peader de Blúit, Máire Ní Laoire, Seán Ó Murchadha, Celine Ní Chochlaigh, agus Cóilín Ó Cearbhaill. Toghadh Peadar de Blúit ina Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn
in Éirinn (AMLÉ) ag comhdháil seasta an Aontais ar son na Gaeilge le linn na hArd-Fheise freisin. Tiocfaidh sé sna sála ar Aodhán Ó Deá nuair a chríochnaíonn sé sa phost in Iúil 2011.
Toghadh an Corcaíoch Donnchadh Ó hAodha ó Dháil na Mumhan ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis 2011 agus dúirt sé: "Táim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán atá romham chun an eagraíocht a fhorbairt agus a neartú, trí chomhoibriú go dlúth le heagrais phobail eile, trí bhallraíocht na heagraíochta a mhéadú, agus trí leibhéal gníomhaíochta na mball sin a spreagadh chun gnímh le linn mo Uachtaránachta. Tá an crú ar an tairne le cúrsaí geilleagair mar atá sa tír seo faoi láthair, ach creidim go mbeidh Conradh na Gaeilge in ann leas a bhaint as an mbá agus an tacaíocht don Ghaeilge, atá forleathan i measc an phobail in Éirinn agus san diaspora Éireannach thar lear, chun seasamh na Gaeilge a dhaingniú agus chun eagraíocht
níos láidre agus níos éifeachtaí fós a dhéanamh dínn féin." Tá Donnchadh ina bhall gníomhach den Chonradh ón am go raibh sé ina dhéagóir agus chaith sé 10 mbliana ag obair san ArdOifig ó 1963-1973. Tá sé ina Chathaoireach ar Dháil na Mumhan le tamall maith de bhlianta anuas, bhí sé ina thimire deonach don Chúige ó 2010, agus ba Thánaiste é ar an mBuanchoiste agus ar an gCoiste Gnó le 3 bliana anuas. Tá anbhaint ag Ó hAodha le comhlacht foilseacháin an Chonartha Clódhanna Teoranta agus leis An Siopa Leabhar freisin. Tréaslaíonn foireann uile Chonradh na Gaeilge leis an Uachtarán nua agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas le déanamh i bpáirt leis sa bhliain amach romhainn!
Ó Thánaiste go hUachtarán!
2
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011
Nuacht Áitiúil
Áth Cliath Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2011 a bhí ar siúl in amharclann an Axis i mBaile Munna ag tús na míosa! Is comórtas tallainne náisiúnta Gaeilge é, arna eagrú ag Gaelscoileanna Teo. Ghlac 17 iarbhunscoil lánGhaeilge páirt sa chraobh, agus is as ceithre hairde na tíre do bhuaiteoirí na bliana seo. Bhí bua an Grand Prix 2011 ag Ceoltóirí Reachrann ó Ghaelcholáiste Reachrann. Maith sibh uile! Grianghraif & Tuilleadh eolais: www.gaelscoileanna.ie
Ceatharlach B’iontach an ócáid a bhí i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc i gCeatharlach le déanaí nuair a fearadh fáilte roimh Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa agus a fear céile Máirtín chun na scoile le ceol, drumadóireacht, bratacha agus buintín ildaite! Bhí an tUachtarán i láthair chun saothar ealaíne na ndaltaí, curtha i gcrích faoi Scéim Céatadán Ealaíne na Scoile, a nochtadh. Bhí gach páiste ó na naíonáin bheaga go Rang 6 páirteach sa tionscnamh seo dar teideal Dóchas agus tá an saothar le feiceáil i gclós na scoile.
Goirtín Caith deireadh seachtaine spraíúil i nGoirtín, Co. Thír Eoghain le teaghlaigh eile le Gaeilge! Beidh Gaelchónaí na Speiríní ar siúl ón 6 - 8 Bealtaine 2011 agus níl ach costas €40 ar dhuine fásta agus €15 ar an gcéad agus an dara páiste. Níl costas ar pháiste ar bith eile ina dhiaidh sin. Tá lóistín, bia agus siamsaíocht san áireamh
sa phraghas ach is gá áirithint a dhéanamh roimh ré. Áirithintí: Máirtín Ó Maolmhuaidh, Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin / gaelphobal@btconnect.com / +44 (0)28 71883300 / +44 (0)77 46985399
Longfort Beidh Fiach Uibhe á reáchtáil ag Comhluadar do theaghlaigh Gaeilge i bPáirc Foraoise Loch Cé ar an N4 (ar an dtaobh Longfort de Mhainistir na Búille) i gCo. Ros Comáin Dé Domhnaigh, 17 Aibreán 2011, ag bualadh ag doras an ionaid ag 2.30in. Tabhair ubh sheacláide leat le hainm do pháiste scríofa go soiléir ar an mbosca más spéis le do chlann freastal, agus beidh picnic ina dhiaidh chomh maith le spraoi sa chlós súgartha! Tuilleadh eolais: eolas@comhluadar.ie / +353 (0)1 6715116
Trá Lí Beidh ceardlann scríbhneoireachta á reáchtáil ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, Luan Cásca, 25 Aibreán 2011, ó 10.30rn - 5.00in. Pádraig Ó Snodaigh, file agus staraí; Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí; agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta a bheidh i mbun a stiúrtha agus ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorannófar a líon do dheichniúr. Tá lón san áireamh sa táille cláraithe agus is cóir cóipeanna den saothar atá le plé a sheoladh go feasta@eircom.net faoin 16 Aibreán 2011. Tuilleadh eolais: feasta@eircom.net
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
3
Gaeilge na Cruinne
Tá Éireannaigh scaipthe ar fud na cruinne na laethanta seo, mar sin ní haon ionadh é go bhfuil an Ghaeilge á leathnú leis! Bhí Féile na Gaeilge 2011 ar siúl san Irish Arts Center i Nua Eabhrac ar an 9 Aibreán 2011 mar shampla, fad agus a bhí Deireadh Seachtaine Cultúr Ceilteach Bloomington ar siúl in Indiana ón 8 - 10 Aibreán 2011. Reáchtálfar an fhéile cheoil agus chultúir CeltFest Cuba i Havana arís i mbliana ón
15 - 24 Aibreán 2011 freisin. Bhí ionadh ar stiúrthóir ealaíne na féile go raibh daoine ar an oileán le suim acu Gaeilge a fhoghlaim, agus tá ranganna Gaeilge agus ceardlanna teanga simplí beartaithe le linn na féile seo. Tá leathanach Club Éireannach Havana cruthaithe acu ar Facebook fiú! Gach eolas: www.celtfestcuba.com
Tá faoiseamh ar an mbealach don bhuíon tuismitheoirí cróga atá i mbun Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí ar deireadh - tá scéal faighte acu go bhfuil Gaelscoil nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do mhórcheantar Ráth Tó agus Chill Dheagláin! Bhí na tuismitheoirí i mbun Gaelscoil gan aitheantas a riaradh ó mhí Mheán Fómhair seo caite, ach beidh coiste na Gaelscoile ag feidhmiú anois mar choiste bunaithe na scoile nua. Toisc nach raibh aitheantas oifigiúil ag an scoil, thit na costais uilig a bhain le riaradh na scoile ar thuismitheoirí na bpáistí ag freastal uirthi. Bunaíodh an feachtas Aitheantas le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge chun
cabhrú leis na tuismitheoirí ó thaobh cúrsaí stocaireachta de, agus le hairgead a thiomsú. Le tacaíocht phobal na Gaeilge fud fad na tíre agus síorobair an Choiste féin, cuireadh ciste le chéile chun costas na bliana reatha a ghlanadh. Cé go bhfuil ceist Ráth Tó nach mór réitithe anois, tá sé beartaithe ag bunaitheoirí Aitheantas leanúint leis an obair chun cúlchiste a chur le chéile do thuismitheoirí agus do phobail eile ar mhian leo Gaelscoil a bhunú, ach nach bhfuil ag fáil tacaíochta ón Roinn Oideachais agus Scileanna, mar a tharla i gcás Ráth Tó. Tá sé i gceist ag Aitheantas comhairle dlí a fháil freisin chun cearta thuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá gcuid páistí a chosaint.
Gaelscoil na Mí
4
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011
Uisce Faoi Thalamh Barrliosta na Leabhar
Leabhar nua le hÁine Uí Fhoghlú atá san úrscéal Uisce Faoi Thalamh agus é ar fáil ins An Siopa Leabhar ar €7.50. Baineann sé leis an saor-iriseoir Ailí atá ag tabhairt turas chun na Breataine Bige le
Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:
freastal ar shochraid charad. Agus í ar an mbád ó Ros Láir cuirtear sceon ar na paisinéirí nuair a léimeann fear sa bhfarraige. Ach cé hé an fear seo? Cad is cúis leis an ngníomh uafásach a dhein sé? Diaidh ar ndiaidh, nochtann Ailí agus a seanchara Colm eachtraí iontais agus uafáis i scéal atá lán de chontúirtí, de theannas agus d’uisce faoi thalamh. Bhuaigh Uisce Faoi Thalamh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2010 sa rannóg Úrscéal don bhFoghlaimeoir Fásta. Mhol moltóir amháin an leabhar go hard, ag rá gur saothar deascríofa agus an-fheiliúnach don bhfoghlaimeoir fásta a bhí ann. Tá an scéal scríofa ar bhealach gonta, simplí agus coinnítear aird an léitheora ó thús go deireadh an scéil.
Páistí: 1. Peigín Leitir Móir - Futa Fata – €19.95 2. An Prionsa Beag – Antoine de Saint-Exupéry - €10 3. Gugalaí Gug – Futa Fata - €19.95 4. Céad Focal – Gill & Macmillan - €7.99 5. Buntús Foclóra - Gill & Macmillan - €9.99 Daoine Fásta & Déagóirí: 1. Amach – Alan Titley - €7.95 2. Osama, Obama, Ó, a Mhama! – Ré Ó Laighléis - €8.50 3. Pónairí ar Thósta – Mícheál Ó Ruairc - €7.50 4. Rún an Bhonnáin – Proinsias Mac a’Bhaird - €10 5. Manuail de Litríocht na Gaeilge – Breandán Ó Doibhlin - €10 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
5
Gala Gael
Is í an láithreoir teilifíse Maura Derrane a sheol Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala i mBaile Átha Cliath le déanaí. Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge na gradaim seo agus déanann siad ceiliúradh ar na láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár raidió agus clár teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta in Óstán Meyrick,
Gaillimh, Dé hAoine, 27 Bealtaine 2011. Cuireadh gradam nua ar bun anuraidh, Gael-Réalta Gala na Bliana, agus is é an pobal a roghnaíonn an phearsa le Gaeilge is fearr leo don ghradam seo trí logáil isteach ar www.facebook.com/galaretail. Fógrófar gearrliosta na rannóga éagsúla do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011 lár na míosa seo. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie
Tá Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir lonnaithe in aice le Tamworth agus Erinsville i gCeanada agus is ann a thionólfar chéad Oireachtas Gaeilge Cheanada i mbliana! Ba é Declan Kelly, Ambasadóir na hÉireann, a d’oscail an Ghaeltacht go hoifigiúil in Iúil 2007 agus beidh comórtais trí mheán na Gaeilge á reáchtáil ann thar 3 lá an samhradh seo. Amhlaidh Oireachtas na Gaeilge in Éirinn, beidh idir cheol, chomhrá, amhránaíocht, scéalaíocht, óráidíocht, lúibíní, rince agus litríocht ar an gclár, amhránaíocht agus rince ar an sean-nós san áireamh. Beidh rincí seit agus amhránaíocht i stíleanna Gaelacha eile nach sean-nós iad ar siúl leis. D’éirigh an tionscnamh seo as smaoineamh a cuireadh faoi bhráid chomhdháil Fhís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh – faoi choimirce
Ghlór na nGael – i Nua Eabhrac i 2008. Sa bhreis ar chainteoirí líofa agus dúchais, tá eagraithe na féile dóchasach go mbeidh an ócáid mealltach don bhánú is déanaí de Ghaeilgeoirí as Éirinn agus do gach uile foghlaimeoir. Beidh na himeachtaí go léir oscailte do gach aoisghrúpa agus gach cumas - is príomhaidhm na hócáide ná sult a bhaint as an gceiliúradh agus teanga, cultúr agus ealaíona dúchasacha na hÉireann á gcothú agus á gcaomhnú. Is é Cumann na Gaeltachta, buaiteoir Duais Ghaeilge Dhomhanda 2007 - 2008, a bheidh mar óstach na gcomórtas agus na n-imeachtaí, agus tosóidh an fleáchas le Paráid Lá Cheanada Dé hAoine, 1 Iúil 2011. Tuilleadh eolais: Aralt Mac Giolla Chainnigh kenny-h@rmc.ca / Clár Ní Dhuibhir claredwyer@aol.com
Oireachtas Cheanada
6
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011
Óg-Ógras Laighean
Thug breis agus 150 páiste as Clubanna Óg-Ógras ar fud Chúige Laighean cuairt ar an ionad oidhreachta agus eachtraíochta i Loilíoch Mór, Co. Chill Dara, le déanaí. Chaith siad lá an-spraíúil ag foghlaim faoi stair an cheantair, agus faoi na hainmhithe agus na héanlaith a bhfuil cónaí orthu sna coillte agus na portaigh timpeall na háite. Bhí píosa spraoi acu sna hionaid shúgradh - taobh amuigh
agus taobh istigh - agus d'imíodar ar thuras traenach timpeall an ionaid. Bhí páistí ó chlubanna i Sórd, Nás na Ríogh, Baile na Manach, Léim an Bhradáin agus Tamhlacht i láthair, mar aon le páistí as Bun Clóidí, Co. Loch Garman, áit gurb é seo a gcéad thuras le hÓgras ó bunaíodh an club i mí Mheán Fómhair seo caite. Gach eolas: eolas@ogras.ie
Tá Rás UCD ar siúl ar an 16 Aibreán 2011 agus tá tuilleadh Gaeilgeoirí aclaí á lorg acu don lá mór! Rás bóthair 5 ciliméadar atá i gceist leis an rás, agus tá lucht a eagraithe ag súil go nglacfaidh na céadta mac léinn (agus daoine nach mac léinn iad) páirt sa rás dátheangach seo. Rachaidh aon airgead a thuillfear ar tháillí iontrála chun tairbhe charthanacht na hollscoile, Saorálaithe Thar Lear UCD. Eagraíocht charthanachta í seo a thugann deis do mhic léinn, d’fhoireann agus do alumni Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath tabhairt faoi obair dheonach i dtíortha atá i mbéal forbartha. Faoi láthair tá tionscadail ar bun acu san India, i Háítí, i Nicearagua agus san Tansáin agus oibríonn siad in éineacht le pobail dhúchais chun tabhairt faoi thionscadail bheaga a dhéanann freastal ar riachtanais áitiúla. Is iad Bord na Gaeilge UCD, Ciste Newman UCD, Centra agus Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar an imeacht agus dá bhrí sin, téann gach
táille iontrála go díreach chun tairbhe na carthanachta. €8 an táille iontrála a ghearrfar ar mhic léinn, nó €12 ar dhaoine nach mic léinn iad, agus tosóidh an rás ag meánlae Dé Sathairn. Iarrtar ar gach lúthchleasaí clárú ar-líne roimh an Aoine ag 7.00in ag www.ucd.ie/rasucd. Féadfaidh duine ar bith os cionn 16 an rás a rith agus dáilfear duaiseanna go leor ar rannpháirtithe ádhúla! Gach eolas: Tim Grumell +353 (0)87 794 7180 / www.ucdvo.org
Rás COBÁC
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
7
Clinicí Naíonraí
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag eagrú sraith chlinicí eolais timpeall na tíre i láthair na huaire agus beidh an chéad chlinic eile ar siúl i gCorcaigh ar an 9 agus 10 Bealtaine 2011, agus i nDún Dealgan, Co. Lú ar an 18 Bealtaine 2011. Tá ionaid fós le socrú dóibh seo ach tá ag éirí thar cionn leis na clinicí a reáchtáladh i nGaillimh, Maigh Eo agus Port Láirge go
dtí seo. Bíonn foireann FNT ar fáil i ndiaidh am Naíonra (3.30 – 7.00in) le bualadh le Stiúrthóirí agus/nó coistí Naíonraí chun ceisteanna dá gcuid a fhreagairt. Tugann siad cuairt ar Naíonraí sa cheantar i rith an lae chomh maith, ag bualadh le coistí chúram leanaí agus ag déanamh poiblíochta ar FNT agus Naíonraí an cheantair. Tuilleadh eolais: www.naionrai.ie
Tionóladh Fóram Óige an Chláir i gCois na hAbhna, Inis, Co. an Chláir le déanaí agus bhí an-rath ag baint leis an ócáid. Seimineár lae dar teideal An Ghaeilge Bheo a bhí ann do scoláirí iarbhunscoile, agus d'fhreastail beagnach 60 dalta ó iarbhunscoileanna an chontae ar an seimineár. An aidhm atá leis an bhfóram ná deis a thabhairt do mhic léinn mheánscoile leas a bhaint as a gcuid Gaeilge i suíomh lasmuigh den seomra ranga, agus tá an seimineár á reáchtáil mar imeacht de chuid Siolla, tionscnamh forbairt pearsanta iarbhunscoile, le cúpla bliain anuas. Chomh maith leis sin, bíonn seans ag na daltaí níos mó eolais a fháil ar na deiseanna atá ann sa saol mór do dhuine le Gaeilge. Ba iad na haoichainteoirí a labhair leis na scoláirí maidir leis na
féidearthachtaí atá ann dóibh siúd le Gaeilge ná Lisa Ní Laoire, aisteoir ar Ros na Rún; Eilís Ní Fhearáin, láithreoir leis an gcairtstáisiún Raidió Rí-Rá; Caroline Ní Chualain ón nuachtán Gaelscéal; Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Oifige Chonradh na Gaeilge; Norita Ní Chartúir ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Domhnall Ó Loingsigh ó An Clár As Gaeilge; agus Aodhán Ó Deá, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a rinne ceardlann Glac Leis leis an slua freisin. Bhí deis ag na daltaí ceisteanna a chur ar na haoichainteoirí agus lá iontach spreagúil a bhí ann do chuile duine a ghlac páirt! Tuilleadh eolais: clarasgaeilge@eircom.net / +353 (0)65 6864474
Fóram Óige an Chláir
8
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011
ConradhMhaighEo.ie
Ba é Liam Ó Maolmhichíl, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge agus iar-ArdStiúrthóir an Chumainn Lúthchleas Gael, a sheol suíomh idirlín nua Chonradh Mhaigh Eo in Ionad Oideachais Mhaigh Eo le déanaí. Togra de chuid Choiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge is ea Conradh Mhaigh Eo agus is í Brídín Ní Cheallaigh atá fostaithe mar Oifigeach Forbartha Gaeilge. Baineann a cuid oibre le cur chun cinn na teanga sa chontae go léir agus bíonn
sí ag plé le scoileanna, Seachtain na Gaeilge, ranganna, campaí samhraidh, Dioplóma sa Ghaeilge, Is Leor Beirt, Féile Drámaíochta agus Comhrá Gaeilge. Bíonn Conradh Mhaigh Eo i dteagmháil le gnólachtaí agus eagrais eile chomh maith chun cabhrú leo an teanga a chur chun cinn, comharthaí dátheangach in Aerfort Iarthar Éireann mar shampla. Tuilleadh eolais: www.conradhmhaigheo.ie
Tá lá eolais eile á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta Dé Céadaoin, 1 Meitheamh 2011, chun leanúint leis an bpróiseas comhairliúcháin le polaiteoirí maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tionólfar an lá eolais ó 8.00rn - 6.00in in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, don tríú bliain as a chéile. Moltar d'éinne atá ar fáil ar an lá le labhairt lena n-ionadaithe polaitíochta áitiúla chun teagmháil a dhéanamh leis an Ard-Oifig ag +353 (0)1 4757401 / dail@cnag.ie chun é sin a chur in iúl dúinn. Is deis í seo do Theachtaí agus do Sheanadóirí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i
dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú linn agus iad féin a thabhairt cothrom le dáta ar chúrsaí reatha Gaeilge agus Gaeltachta. D'éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Déanfar plé ar chuid de na moltaí fiúntacha sin ó fhorógraí na bpáirtithe, mar aon le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais go háirithe.
Lá Eolais Eile
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
9
Aighneachtaí
Tá sé i gceist ag Bord Soláthar Leictreachais (ESB) dara scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus tá aighneachtaí á lorg anois ó aon pháirtithe leasmhara. Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Dara Scéim na Gaeilge a dhréachtú faoin Acht céanna chomh maith. Ní chóir go rachadh aighneachtaí do cheachtar den dá scéim seo thar 4,000 focal. Más féidir é, is fearr iad a
sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@esb.ie (chun gur féidir iad a chur ar fáil go poiblí ar-líne ag www.esb.ie) roimh 5.00in, 6 Bealtaine 2011, nó chuig gaeilge@kildarecoco.ie roimh 5.00in, 29 Aibreán 2011. Déanfaidh an scéim atá beartaithe forbairt ar Scéim na Gaeilge ag Údaráis Áitiúla Chill Dara atá ann faoi láthair, agus atá le feiceáil ar kildare.ie/countycouncil/publications.
Tá próiseas comhairliúcháin poiblí tosaithe ag Foras na Gaeilge i dtaca le hAthbhreithniú ar na hEagrais Bhunmhaoinithe, agus an tSamhail Nua Mhaoinithe. Thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) treoir don bhForas i 2009 chun athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge. Tá sé i gceist an struchtúr reatha trína bhfaigheann 19 neagras ainmnithe bunmhaoiniú gach bliain a chur i leataobh, agus struchtúr maoinithe nua atá scéimbhunaithe a thabhairt isteach. Bheadh iarratasóirí á maoiniú de réir chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sna scéimeanna éagsúla - na costais incháilithe agus cheadaithe - seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil. Bheadh na scéimeanna á bhfógairt go poiblí agus d'fhéadfadh
eagraíocht nó grúpa ar bith cur isteach orthu. Bheadh na scéimeanna á reáchtáil ar thimthriall 3 bliana agus dhéanfaí athbhreithniú bliantúil ar na scéimeanna, áit go leagfaí an-bhéim ar thorthaí a bhaint amach. Tionóladh an chéad seisiún eolais ar an tsamhail nua mhaoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe le déanaí, áit gur ardaigh ionadaithe na 19 n-eagraíochtaí go leor deacrachtaí a fheictear dóibh i dtaca le hinfheidmeacht na scéimeanna seo. Tá tuairim an phobail maidir leis an tsamhail á lorg ag an bhForas freisin, agus tá cáipéis comhairliúcháin poiblí agus ceistneoirí ar fáil ag http://gaeilge.ie. B'fhiú do bhaill an Chonartha teagmháil a dhéanamh leis an Uachtarán, an Ard-Rúnaí nó an Timire Náisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil air seo. Spriocdháta aighneachtaí: 4.00in, 14 Meitheamh 2011
Samhail Nua Mhaoinithe
10
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011
Tuarascáil an Choimisinéara
Chuir Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, fáilte roimh ghealltanas an Rialtais nua go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ach tá léiriú neamhbhalbh tugtha aige ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 ar na fadhbanna atá roimh an Rialtas nua, má tá fonn orthu a gclár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích. Léiríonn iniúchadh a rinne a Oifig ar Ranna agus ar Oifigí Rialtais go raibh ag teip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón, agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an t-iniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad. Dúirt An Coimisinéir Teanga go raibh sé “scanrúil” nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla ach oiread - is ionann sin agus laghdú 50% le 5 bliana anuas. Dúirt sé nach dtiocfaidh aon fheabhas suntasach ar an easpa seirbhísí Gaeilge seo ceal gníomh cothromaíochta éigin maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státchóras. Dar leis, cé go bhfuil cosc ar earcaíocht sa státchóras faoi láthair, ba chóir geallúint a thabhairt anois maidir le cur leis an líon foirne le cumas sa dá theanga amach
anseo. Tugann an tuarascáil aghaidh chomh maith ar an tuairimíocht choitianta go gcaitear airgead mór ar aistriú cháipéisí go Gaeilge. “Finscéal,” a bhí ann, a dúirt sé. Léiríonn a thuarascáil gur costas iomlán €10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017. Is ionann an costas sin agus níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin. Thaispeáin imscrúdú de chuid a oifige go raibh ollchostas €350,000 i gceist le hullmhú na cáipéise i mBéarla amháin. Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn 2010, an líon ba mhó gearán ó bunaíodh a oifig. Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig na gearáin le linn na bliana (41%) agus bhí líon suntasach gearán freisin ó chontaetha ar fud chósta an Iarthair: an Clár (9.5%), Gaillimh (9%), Ciarraí (6%), Dún na nGall (4%), Corcaigh (4%) agus Maigh Eo (3%). Ón nGaeltacht a tháinig beagnach gearán amháin as gach 5 cinn. Tuarascáil iomlán & tuilleadh eolais : www.coimisineir.ie
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
11
Is Leor Beirt
Níl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a reáchtáil i d’áit oibre féin nó i
mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua trí na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.
Cáisc Shona!
• An dtaitníonn Crème Eggs leat?
• An bhfuil tú ag dul ar saoire do bhriseadh na Cásca?
• An mbeidh tú ag freastal ar an Aifreann ar Aoine an Chéasta?
• Ar chuala tú go bhfuil fiach uibhe Gaeilge á eagrú i Longfort ag an deireadh seachtaine?
• Ar cheannaigh tú uibheacha seacláide le hithe ar an Domhnach?
• An ndéanann tú aon rud speisialta le do mhuintir Luan Cásca?
• An bhfaca tú an scannán beochana Hop le Russell Brand i bpáirt Choinín na Cásca?
Comórtas BábógBaby:
Ar mhaith leat bronntanas Gaeilge iontach a bhuachaint le tabhairt do pháiste óg ar d'aithne? Tá 3 bhéirín BábógBaby le tabhairt amach againn do Chonraitheoirí ádhúla, buíochas le Adrian Devane! Bhuaigh Adrian gradam idirnáisiúnta óir amach as an mbréagán leictreonach úr seo a chruthaigh sé
agus is bréagán ildaite, idirghníomhach é a mhúineann uimhreacha, dathanna agus cruthanna i nGaeilge do pháistí óga. Tá sé ar fáil ar €29.99 ins An Siopa Leabhar agus i siopaí eile mórthimpeall na tíre. Is féidir freisin orduithe ar-líne a dhéanamh ar: www.babogbaby.com
Le béirín bábóige a bhuachaint ní gá duit ach do shonraí teagmhála agus freagra na ceiste seo a leanas a sheoladh chuig nuacht@cnag.ie nó Comórtas BábógBaby, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 roimh 08 Bealtaine 2011:
12
Cá háit gur féidir leat feidhmchlár (app) BábógBaby a cheannach don iPhone? Nod: Amharc ar an suíomh s'acu! Tuilleadh eolais: www.babogbaby.com
Cuir na scéalta chugainn roimh 08 Bealtaine 2011