Crosfhocal Mhí na Nollag Trasna 1 3 5 7 8 12 14 15 16 17 Síos 1 2 3 4 6 9 10 11 12 13
gáir mhaíte (3) beagán; giota beag (3) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) measartha; réasúnta (11) bean a bhfuil a fear céile marbh (10) giota; píosa beag (6) amhras; dabht (3) moncaí mór gan eireaball (3) timpeall na háite; ar gach taobh (8) dream; lucht; daoine (3) iarratas; fabhar (5) bean (2) leiceann (4) gaiste; dol; súil ribe (3) cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) bothán adhmaid (5) seal ama; tréimhse (3) fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) duine mallintinneach (5) aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Cothrom na Féinne don Ghaeilge
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seán de Paor, Baile Átha Cliath. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Seachtain na Gaeilge A chara, Táim ag scríobh chugat ó oifig Sheachtain na Gaeilge chun tú a chur ar an eolas maidir leis an bhféile i 2007. Dar ndóigh, táimid ag súil go mór le do chomhoibriú arís i mbliana agus ba bhreá linn aon chabhair is féidir a thabhairt duit agus tú ag reáchtáil imeachtaí. Má tá moltaí nó tuairimí ar bith agat faoin tSeachtain, cuir ar aghaidh chugainn iad chomh luath agus is féidir. Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007: • 3ú - 17ú Márta - I mbliana tá coicís iomlán i gceist don fhéile ón Spriocdhátaí: • 22-12-06 - Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaí a bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe ar an Suíomh • 19-01-07 - Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár • 26-01-07 - Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhair thacaíochta • 29-03-07 - Dáta deiridh le haghaidh iarratais na gcomórtas
Iml. 2 Eagrán 2
Cláraigh ó mhí na Nollag ar aghaidh ar an Suíomh www.snag.ie Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star. Ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceisteanna ar bith agat. Beir bua agus beannacht, Orla Nic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge. Ríomhphost: eolas@snag.ie FÓGRA TÁBHACHTACH Ní mór do gach craobh den Chonradh clárú leis an Ard-Oifig roimh 31 Deireadh Fómhair le vóta a chaitheamh ag an Ard-Fheis agus chun go bhféadfadh leis an gcraobh rúin a chur isteach ag an Ard-Fheis. Le haghaidh foirm chláraithe déan teagmháil le foireann na hArd-Oifige a luaithe agus is féidir.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Léirsigh Conradh na Gaeilge taobh amuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbeidh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs Béarla orthu. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cuireann síneacha tráchta féiníomhá tíre in iúl agus bíonn tionchar acu ar dhearcadh an phobail i leith na teanga. Cuireann comharthaíocht a bhfuil an Ghaeilge in ait na leathphingne orthu, nó nach bhfuil aon Gaeilge in aon chor orthu, in iúl nach mbaineann an Ghaeilge leis an saol reatha agus ní mór é seo a athrú agus teacht le nósmhaireacht tíortha dátheangacha eile. "Cuimhnítear gurb iad na leaganacha Gaeilge dár logainmneacha na bunleaganacha soiléire sothuigthe ceart a bhfuil nádúr, stair agus seanchas ag baint leo
12 Nollaig 2006
SAN EAGRÁN SEO: 1. COTHROM NA FÉINNE DON GHAEILGE 2. ACHT 3. SPRAOI AG FÉILE NA MÍ 4. CRAOBH PHÁDRAIG MHIC PHIARAIS
Baill agus Cairde an Chonartha i bPort Láirge
agus nach bhfuil sna leaganacha truaillithe Béarla a bhfuil tosaíocht anois acu ar chomharthaí bóithre na tíre ach gibiris." Seo chuid de fheachtas Chonradh na Gaeilge go neartófaí na dréacht-rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh le déanaí agus a rialaíonn dátheangachas maidir le comharthaíocht, stáisiúineoireacht, fógráin agus fógraírtí ó bhéal de chuid na gcomhlachtaí poiblí. Ní bhaineann na dréacht-rialacháin seo le síneacha tráchta beag ná mór, le fógraíocht, le lógónna, ná le gnó lasmuigh den Stát, agus ní bheidh siad i bhfeidhm go hiomlán go dtí 2026.
5. CROSFHOCAL MHÍ NA NOLLAG 6. SEACHTAIN NA GAEILGE 7. CÁ BHFUIL ÁR SEIRBHÍS GHAEILGE 8. TIMPEALL NA TÍRE
Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar
ACHT
cheart
go
comharthaí
mbeadh
bóthair
i
nGaeilge amháin i gceantair Bunaíodh brúghrúpa darb ainm ACHT ar an 2ú Nollaig 2006 le feachtas an-ghairid a reáchtáil dírithe ar éileamh phobal na Gaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a gheall Rialtas na Breataine ag Cill Rímhinn. Tá an brúghrúpa comhdhéanta cheana féin d'ionadaithe ó eagraíochtaí uile-oileánda mar atá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, na Gaeil Óga, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus d'ionadaithe ó ghrúpaí Tuaisceartacha mar atá Forbairt Feirste, Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich, an Gaeláras, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Taca, agus an Droichead. Tá an brúghrúpa oscailte do chách agus beidh grúpaí eile ag glacadh páirte sa bhrúghrúpa go luath.
Maoinithe ag:
Ghaeltachta • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis Beidh obair an fheachtais faoi stiúir ag an choiste agus idir lámha go deonach ag grúpaí agus aonaráin fud fad na tíre ar suim leo Acht na Gaeilge a fheiceáil i bhfeidhm roimh athbhunú an Tionóil ó thuaidh. Molaimid agus tacaíonn muid leis an obair uilig ata déanta ag POBAL maidir leis an ACHT go dtí seo. Beimid ag obair as lámha a chéile leis an Acht a bhaint amach.
an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil Idirlín
isteach an
ar
Shuíomh
Chonartha
eolas@cnag.ie
1.
ag