Skip to main content

Nuachtlitir Mhí Dheireadh Fómhair 07

Page 1

Nuachtlitir Mhí Dheireadh Fómhair Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13

cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5) ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

15 Deireadh Fómhair 2007

Cás Mháire Nic an Bhaird Caite Amach

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Cuirigí cóip den chrosfhocal seo, agus é líonta amach i gceart ar ais chuig: An Crosfhocal, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.

Ainmniúcháin do “Cré na Cille” Ainmníodh "Cré na Cille" don Gné-Scannán is Fearr ag an Magners Irish Film Festival, Bostún, Meirceá. Ón chéad taispeántas do "Cré na Cille" mí na Nollag seo caite i nGaillimh tá aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte ag an scannán Gaeilge. Rinne an Magners Irish Film Festival cuir síos ar mar; " a fiercely funny black comedy, wonderfully acted and beautifully shot." Tá "Cré na Cille" imithe i bhfeidhm go mór ar mholtóirí ar fud an domhain. Bhí an gné-scannán lánfhada roghnaithe don chomórtas Jin Jue ag an Shanghai International Film Festival mí Meitheamh 2007. Go náisiúnta chuir Féile Scannán Chiarraí síos ar mar; " an scannán Gaeilge is fearr i mbliana" Is gné scannán lánfhada í "Cré na Cille", bunaithe ar an úrscéal clúiteach leis an ainm céanna. Tá an léiriú déanta ag ROSG mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair Máirtín Ó Cadhain. Tá ROSG sásta go mbeidh "Cré na Cille" á thaispeáint don chéad uair ag an 9ú Magners Irish Film Festival i mBostún an mhí seo chugainn. Tá ríméad ar léiritheoir an scannáin Ciarán Ó Cofaigh " is mór an onóir a bheith páirteach i bhféile scannán a dhéanann ceiliúradh ar Éirinn agus na hÉireannaigh ar an scaileán". Is scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é "Cré na Cille", faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá

Iml. 2 Eagrán 12

chéile, coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol. Anuraidh rinneadh scannánú in áiteanna éagsúla thart timpeall ar Chonamara. Taispeánfar "Cré na Cille" Dé Sathairn an 10ú Samhain ag 5:00i.n. ag an Harvard Film Archive i mBostún. Rinne TG4, scéim Sound and Vision faoi Choimisiún Craolacháin na hÉireann, Alt 481 agus an Roinn Gnothaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta cómhaoiniú ar "Cré na Cille". Faoi láthair tá "Cré na Cille" á theaspáint thart timpeall na hÉireann ag Féilte éagsúla scannáin. Beidh sé á theaspáint sa Daingean Dé Luain an 29ú Deireadh Fómhair mar chuid do Shamhlaíocht Fhéile Scannán Chiarraí.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Is mór an dea-scéal é don Chonradh na Gaeilge go bhfuarthas Máire Nic an Bhaird neamhchiontach as iompar mídhleathach le gairid. Caitheadh cás Mháire amach tar éis di achomharc a dhéanamh de bharr go raibh amhras faoi iontaoibh fhianaise na bpóilíní tar éis go bhfuarthas ciontach í as iompar mídhleathach de bharr go raibh sí ag caint i nGaeilge. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, 'Tá muid an-sásta i gConradh na Gaeilge, go raibh Máire Nic an Bhaird sásta an fód a sheasamh ar son a céad teanga agus í os comhar cúirte. Ní hamháin sin, ach bhí sí sásta éilimh éagsúla a dhéanamh le go n-éistfí lena cás i nGaeilge. Taispeánann an easpa seirbhísí Gaeilge a cuireadh ar fáil di an géarghá atá le hAcht Gaeilge don Tuaisceart sa tseirbhís cúirteanna agus, dár ndóigh, san earnáil phoiblí tríd is tríd. Tá súil agam go

1. Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird 2. Achainí Chomhairle na nUachtarán 3. Moladh Mór ón Seanadóir Tacaíocht do Mháire Nic an Bhaird

dtiocfaidh maitheas as an éagóir seo a rinneadh ar Mháire agus go n-achtófaí Acht Gaeilge don Tuaisceart láithreach. Thug Conradh na Gaeilge tacaíocht do Mháire Nic an Bhaird ón gcéad lá agus d'fhreastail siad ar fhormhór na gcásanna cúirte le linn an tráma uile a d'fhulaing sí. Tá súil ag lucht na heagraíochta anois go mbeidh sí an ann bogadh ar aghaidh lena saol agus an eachtra seo a chur taobh thiar di.

A Ac ch ha ai in ni i C Ch ho om mh ha ai ir rl le e n na a n nU Ua ac ch hta tar rá án n A Thaoisigh, a chara Iarrann muid ort mar Thaoiseach seasamh le Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge (Nollaig 2006) ina ndearbhaítear, inter alia, "Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é." Tá cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD, a chur cosc le luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge i ranganna naíonán sna scoileanna lánGhaeilge bun os cionn leis an ráiteas sin. Is córas an-éifeachtach é an luath-thumoideachas iomlán agus bíonn caighdeán ardchumais sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag páistí a fhreastalaíonn ar scoileanna lánGhaeilge dá bharr. Tá sé riachtanach go dtarraingeofaí siar ciorclán 44/07 agus go dtabharfaí an rogha do scoileanna an luath-thumoideachas iomlán a chur ar fáil i nGaeilge más mian leo, mar a tharla roimhe seo. Is sinne, Cathal Ó Feinneadha, Maolsheachlainn Ó Caollaí,

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO:

4. Seimineár an Oireachtais 5. Ranganna Gaeilge in Áth Buí 6. Rún Gaelscoileanna Teo. i leith an Tumoideachais 7. Crosfhocal Mhí Dheireadh Fómhair 8. Ainmniúcháin do “Cré na Cille”

Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An mbainfear Acht Gaeilge amach don Tuaisceart?

• Bainfear • Ni bhainfear Pádraig Ó Snodaigh, Albert Fry, Íte Ní Chionnaith, Áine de Baróid, Gearóid Ó Cairealláin, Tomás Mac Ruairí, Séagh Mac Siúrdáin, Nollaig Ó Gadhra, Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Reatha Comhairle na nUachtarán

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Moladh Mór ón Seanadóir Bhí an Seanadóir clúiteach David Norris i mBaile Locha Riach le deireannas le lámhleabhair eolais fá ghrúpaí is seirbhísí poiblí a sheoladh ar son 'Ionad Achainní Teaghlaigh Bhaile Locha Riach'. Foilseacháin dhátheangacha a bhí sa dialann pobail a fuair tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge le haghaidh an aistriúcháin Ghaeilge is cló. Bhí breis agus 200 duine i láthair ag an seoladh oifigiúil agus chuir eagraíochtaí pobail uile an-suim sa lámhleabhar agus é aitheanta go forleathan go raibh gá is éileamh ar a leithéid ar feadh i bhfad. Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an Seanadóir Norris go ndeachaigh íomhá Ghaelach an bhaile go mór i bhfeidhm air, cuireadh iontas ar a raibh i láthair nuair a labhair sé féin i nGaeilge ag inse d'éisteoirí gur chóir do chách a bheith bródúil aisti, gur le gach Éireannach an Ghaeilge agus nár cheart d'éinne smaointiú gur le dream amháin í. Thug an seanadóir cuairt ar 'Gaeilge Locha Riach' le comhghairdeas a ghabháil leo as an dea-obair a bhí

Ta cúrsaí comhrá Gaeilge á réachtáil ag Áth Buí le Gaeilge, craobh de Chonradh na Gaeilge faoi láthair. Tá méid áirithe spásanna fós fágtha ar na cúrsaí seo a thosaigh ar 16 Deireadh Fómhair. Bíonn na cúrsaí seo ar siúl idir 7.30 agus 9.30 oícheanta Mháirt. Cuirtear na cúrsaí seo in oiriúint do shiollabas Theastas Eorpach na Gaeilge agus i measc na n-ábhar éagsúil a chlúdaídtear sna ranganna seo tá: ag bualadh le daoine, siopadóireacht, laethanta saoire, an baile, imeachtaí sóisialta, caitheamh aimsire, ag an deireadh seachtaine, bia agus deoch, tinneas agus gortaithe srl... Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na ranganna seo nó faoi conas na

curtha i gcrích acu leis an Ghaeilge a chothú is a spreagadh sa chomharsanacht. Bhronn Pól Mag Lionáin, Príomhoide Ghaelscoil Riabhach, cóip de 'An Seacht nDícheall' ar an Seanadóir Norris ag inse dó go raibh roinnt eolais i dtaobh thograí gaelacha an cheantair le léamh ann.

Seimineár an Oireachtais Tá lucht na hArd-Oifige ag súil go mbeidh na sluaite i láthair ag an seimineár seo ar Shathair an Oireachtais. Ta géarghá lena leithéid de sheirbhí do phobal óg na Gaeilge agus táthar ag súil le hionchur fiúntach ó na cainteoirí éagsúla agus, dar ndóigh, ón urlár. Ma tá a thuilleadh eolais uait faoin seimineár seo ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh le lucht na hArd-Oifige.

2.

Ranganna Gaeilge in Á th Bu í

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

cúrsaí seo a eagrú déan teagmháil leis lucht na craoibhe ar 046 9487894 nó ag info@athbui.com.

Rún Gaelscoileanna Teo. i leith an Tumoideachais Thionól GAELSCOILEANNA TEO. Cruinniú Ginearálta Urghnách ar an Satharn 29 Meán Fómhair in Áth Luain do gheallsealbhóirí an chórais luath-thumoideachais in Éirinn chun ciorclán 0044/2007 a phlé a d'eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mí Iúil 2007. Is é feidhm an chiorclán seo ná iachall ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc go foirmiúil sa tseachtain (mar T2) faoin dara théarma de rang na naíonáin shóisir. Ag an gcruinniú lae labhair painéal de shaineolaithe agus cleachtóirí dhúchasacha ar shaintréithe agus ar shainriachtanais an chórais luath-thumoideachais. Léiríodh do na toscairí na dea-chleachtais atá i bhfeidhm agus dea-thorthaí an chórais luath-thumoideachais a bhfuil ardchaighdeán oideachais le baint amach ann i ngach ábhar an churaclaim, sa Bhéarla ach go háirithe. Ardaíodh imní géar faoi impleachtaí thromchúiseacha an chiorcláin d'fheidhmiú éifeachtach an chórais agus do shealbhú na Gaeilge mar mheán teagaisc agus cumarsáide na scoileanna. Chuir urlabhraí thar ceann Cumann Múinteoirí Éireann, Declan Kelleher, LeasUachtarán, i gcoinne feidhmiú an chiorcláin nuair a deir sé "go raibh sé náireach nár shíl an tAire go raibh aon ghá le bonn taighde dá cinneadh". Léirigh sé go bhfuil Cumann Múinteoirí Éireann ag tacú go láidir le héileamh GAELSCOILEANNA TEO., ar an gceist seo agus ghlaoigh sé ar an Aire filleadh ar an gceist agus "an botún seo a leigheas". Thug Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta aitheasc don toscaireacht inar chuir sí síos ar an éagóir atá déanta ar an earnáil agus ar na scoileanna tríd an chiorclán atá ag baint an rogha ó na gaelscoileanna faoi mhúnla ar leith den tumoideachas a chur i bhfeidhm a bhfuil an-rath agus ardchaighdeán aitheanta ag baint leis, sé sin córas an luath-thumoideachais iomlán in Éirinn. Baineadh an rogha seo, a deir sí, trí chur chuige neamheolaíoch, aineolach agus frith-oideachasúil - sé sin, mar "gur dóigh" leis an Aire

nach ndéanfaidh an cinneadh seo aon dochar don Ghaeilge. Chuir sí tús lena hóráid le cur i gcuimhne ar phríomhthosaíocht ó chlár an Rialtais comhaontaithe inar rinneadh geallúint do neartú na gaelscolaíochta agus i bhfianaise sin, d'ardaigh sí an cheist cé a shílfeadh gur céim in aghaidh na Gaelscolaíochta a ghlacfadh Aire Rialtais mar chéad sprioc d'fheidhmiú Clár an Rialtais nua? Ag labhair di ag an ócáid, deir Bláthnaid "Táim an-sásta le toradh an chruinnithe mar gur thug sé deis do na rannpháirtithe a guid tuairimí meáite a roinnt linn. Beidh na tuairimí seo mar bhunús agus mar threoíocht dár bhfeachtas ar chosaint an chórais luath-thumoideachais." Soiléiríodh na bearta atá le glacadh ag an eagraíocht mar chuid dá bhfeachtas i seisiún dúnta do na comhaltaí san iarnóin. Ritheadh rúin ag deimhniú seasamh agus cur chuige na hEagraíochta sa bhfeachtas poiblí atá curtha sa tsiúl agus ag éileamh go ndéanfaidh an tAire an ciorclán a aistharraingt láithreach agus feidhmiú de réir mholtaí an CNCM chun tús a chur le clár taighde cuimsitheach faoi cheist an luath-thumoideachais iomlán. Glacadh leis na rúin d'aonghuth. Ábhar mór sástachta a bhí sa chruinniú d'Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, a chuir in iúl "go dtugann sé ardú meanmaim dúinn san earnáil an tacaíocht atá léirithe ag na scoileanna agus ag eagraíochtaí oideachais agus Gaeilge. Ní mór dúinn a bheith morálach as an ardchaighdeán oideachais atá á bhaint amach againn inár scoileanna agus atá á léiriú ag aon taighde atá déanta ar an gceist seo". Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht (ar bhonn 32 contae) ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Nuachtlitir Mhí Dheireadh Fómhair 07 by Conradh na Gaeilge - Issuu