Skip to main content

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2006

Page 1

Crosfhocal Mhí Lúnasa Trasna 1 3 5 7 8 12 14 15 16 17 Síos 1 2 3 4 6 9 10 11 12 13

gáir mhaíte (3) beagán; giota beag (3) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) measartha; réasúnta (11) bean a bhfuil a fear céile marbh (10) giota; píosa beag (6) amhras; dabht (3) moncaí mór gan eireaball (3) timpeall na háite; ar gach taobh (8) dream; lucht; daoine (3) iarratas; fabhar (5) bean (2) leiceann (4) gaiste; dol; súil ribe (3) cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) bothán adhmaid (5) seal ama; tréimhse (3) fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) duine mallintinneach (5) aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)

Eagrán 10

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

An Conradh ag tacú le Máire Nic an Bhaird

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí Iúil: Eoin de Faoite, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Rith an Maratón ar son na Gaeilge Má tá spéis agat an Maratón a rith cuir scéal chugainn san Ard-Oifig roimh 1 Meán Fómhair. Tá sé mar aidhm ag an gConradh go mbeidh suas le trí scór duine sásta an maratón a rith nó a shiúl - tá suas le scór duine cláraithe cheana féin. Cuirfear t-leine ar fáil do gach duine a ghlacann páirt ann rud a chiallaíonn go mbeidh an Ghaeilge breá feiceálach ar lá an mharatóin. Chomh maith leis sin, beidh na t-léinte ar díol ón gConradh dóibh siúd atá ag iarraidh tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do gach duine a ghlacann páirt ann. Usáidfear an t-airgead a bhailítear don Chonradh chun cuidiú le lucht na hArd-Oifige feachtais níos éifeachtaí a reáchtáil agus mar fhoinse tacaíochta do chraobhacha an Chonartha ar fud na tíre agus, dar ndóigh, ar fud an domhain mhóir. Beidh táille chláraithe an mharatóin agus costas na t-léinte san áireamh san airgead sin chomh maith. Beidh an maratón féin ar siúl ar 30 Deireadh Fómhair - an Luan roimh an Oireachtas agus táthar ag siúl go mbeidh cuid mhaith de mhórphobal na Gaeilge amuigh ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd atá ag glacadh páirte ann. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Jamie nó le Máire san Ard-Oifig má tá a thuilleadh eolais uait faoin maratón nó más mian leat urraíocht a dhéanamh orthu siúd atá ag glacadh páirte ann. Tá 94 lá fágtha go dtí an maratón. Bígí ag cleachtadh mar sin!!

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le Máire Nic an Bhaird a thóg cás cúirte á i gcoinne Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann ar 19 Iúil, de bharr gur tógadh thar oíche í toisc gur i nGaeilge amháin a labhair sí leis an tSeirbhís Phóilíneachta nuair a ceistíodh í. Chomh maith leis sin, molann an Conradh go hard í as bheith sásta an cás a throid trí Ghaeilge. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Molaim agus tacaím go hiomlán le Máire as an seasamh cróga seo atá á thógáil aici. Is mór an náire é nach bhfuil an Stát ó thuaidh sásta cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus an taitheantas cuí ceart a thabhairt don Ghaeilge, ach go háirithe tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 8 mbliana ó shin. Éilím go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh agus go gcuirfí dréacht-Acht Teanga Pobal i bhfeidhm, freisin. Bhí baill de chuid Chonradh na Gaeilge, Na Gaeil óga ach go háirithe, i mbun agóide maidin Dá Céadaoin 19 Iúil taobh amuigh de Chúirt Laganside. Cuireadh an cás seo ar athló agus leanfaidh sé ar aghaidh Dé Céadaoin, 6 Meán Fómhair. I láthair na huaire ta foireann dlí

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO:

1. An Conradh ag tacú le Máire Nic an Bhaird 2. Conradh na Gaeilge Nua Shasana 3. Ag Déanamh Athmhacnaimh ar Mhúineadh na Gaeilge 4. Aighneachtaí mhí Máire Nic an Bhaird

Mháire ag dréachtrú argóintí ar cén fáth ar cheart go mbeadh cead ag Máire a cás a throid trí Ghaeilge. Má thugtar cead do Mháire an cás a throid i nGaeilge tá chuile sheans go n-osclófar na geataí agus Go dtabharfar aitheantas don Ghaeilge sna cúirteanna amach anseo, rud a chabhródh go mór le hiarrachtaí POBAL Acht Teanga don Tuaisceart a chur i bhfeidhm. Beidh Conradh na Gaeilge ag reáchtáil bus le gabháil ann agus beidh spás fá choinne 50 duine ar an mbus sin. Má theastaíonn uait tacaíocht a thabhairt do Mháire agus spás a chur in áirithe duit féin nó do dhuine ar bith eile is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire san ArdOifig ar 01 4757401.

C Co on nr ra ad dh h n na a G Ga ae ei il lg ge e N Nu ua a S Sh ha as sa an na a Tá ardmholadh ag gabhail do Chraobh Nua Shasana de chuid Chonradh na Gaeilge de thairbhe an tSuímh iontach Idirlíon atá acu agus is léir ó na ranganna éagsúla a eagríonn siad go bhfuil an Chraobh breá gníomhach. Is é Ailbhe Ó Domhnaill Cathaoirleach na Craoibhe agus fáiltíonn sé roimh mholtaí agus roimh chomhairle faoi bhealaí éagsúla leis an Suíomh a fheabhsú. Is é Gaeilge.org seoladh an tSuímh seo. Aithníonn an Conradh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le craobhacha an Chonartha taobh amuigh d’Éirinn agus fáiltíonn muid i gcónaí roimh eolas faoi na rudaí éagsúla atá ar bun agaibh.

1 Lúnasa 2006

Lúnasa 5. Comhfhreagras agus Eile 6. Crosfhocal Mhí Lúnasa 7. Rith an Maratón ar son na Gaeilge

Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An mbeidh tionchar ag an gcairt cearta teanga ar an méid Gaeilge a labhraítear sa státseirbhís?

• Beidh • Ní bheidh Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Ag Déanamh Athmhachnaimh ar Mhúineadh na Gaeilge B'fhéidir gur ag meath a bhí an Ghaeilge roimhe seo ach is cinnte go bhfuil deireadh leis an meath sin anois. Níl an Ghaeilge ar liosta teangacha ar bith atá i gcontúirt ach tá sí i ndiaidh níos mó aitheantais a fháil in Éirinn trí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nuair a rinneadh an 21ú teanga oifigiúil san Aontas Eorpach di. Is é seo an t-am anois le tabhairt faoi na deacrachtaí éagsúla sa chóras oideachais. Is scil ar leith í teanga a thógann tú leat le cleachtadh. Bíonn níos mó ama i gceist le hábhair teanga agus is gá príomhuaireanta a thabhairt dóibh sa chlár ama. Dá mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist bheadh brú millteanach ar dhaltaí scoile i gcomhthéacs an chórais pointí ábhar 'níos fusa' a roghnú seachas an Ghaeilge. I gcás dalta a bhí ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar chúrsaí leighis ní bheadh aon rogha ag an dalta sin ach bitheolaíocht nó ceimic a roghnú seachas an Ghaeilge. Dhéanfadh níos lú daltaí staidéar ar an nGaeilge agus bhainfeadh níos lú daltaí onóracha amach. Bheadh titim ar chumas mac léinn i gcoláistí oiliúna múinteoirí sa Ghaeilge agus i ndiaidh tamaill ní bheadh soláthar múinteoirí do Ghaelscoileanna. Roghnódh níos mó daoine Gaeilge bhunleibhéil don Teastas Sóisearach. Bheadh tionchar ag an titim seo ar chaighdeáin acadúla ar fhoghlaim na Gaeilge ag an mbunleibhéal chomh maith. Bheadh an titim seo le feiceáil i gcás an tríú teanga chomh maith. Ní féidir teanga a mhúineadh go héifeachtach gan mioneolas a bheith agat ar an teanga sin. Géilleann cuid mhaith dár múinteoirí nach bhfuil sé de chumas acu múineadh tríd an sprioctheanga, cé gurb í seo an mhodheolaíocht a mholtar. Níl an locht ar na múinteoirí: Ní fhaigheann siad an traenáil chuí ná an tacaíocht chuí. Caitear cúrsaí tumoideachais bliana trí Ghaeilge a chur ar fáil d'ábhair mhúinteoirí ag tús a gcuid cúrsaí. Tabhair seans dóibh aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge, traenáil ar agus trí thumoideachas teanga, agus tabhair an rogha dóibh an chéim iomlán B.Ed. a chríochnú trí Ghaeilge. Ba cheart go gcaithfeadh múinteoirí teangacha iasachta ar a laghad bliain amháin acadúil i dtír dhúchais na teanga sin chomh maith. Éiríonn go maith le daltaí nuair a mhúintear tríd an sprioctheanga iad. Múintear tuairim is 30,000 dalta bunscoile trí Ghaeilge i láthair na huaire. Múintear an dara

2.

teanga trí Ghaeilge do 116,000 dalta bunscoile breise. Dá gcuirfí an traenáil agus an tacaíocht chuí ar fáil d'fhéadfaí drámaíocht, ealaín agus spórt a mhúineadh do gach dalta trí Ghaeilge taobh istigh de thréimse áirithe. Bheadh toradh réabhlóideach agus domhain le feiceáil uaidh seo ar dhaltaí, thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí. Is minic a bhaineann frustrachas le múineadh na Gaeilge mar dhara hábhar ag an dara leibhéal. Titeann siollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta idir dhá stól: bíonn siad ró-éasca do chainteoirí dúchais agus ródheacair do roinnt foghlaimeoirí, ach go háirithe ag an ardleibhéal. Réiteach a bheadh air sin ná dhá ábhar a dhéanamh di: "Teanga na Gaeilge" (d'fhoghlaimeoirí Gaeilge) agus "Litríocht na Gaeilge" (do chainteoirí dúchais). Tá struchtúr scrúdaithe don Ghaeilge mar dhara hábhar ar fáil cheana féin. Tá forbairt déanta ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ar Theastas Eorpach na Gaeilge agus é bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach um Thagairt Teangacha, rud a dhéanann tástáil ar chumas labhartha, éisteachta, léitheoireachta agus scríofa seachas ar scríobh aistí agus ar an litríocht. D'fhágfadh gach dalta an scoil le cáilíocht de chineál éigin sa Ghaeilge a bheadh aitheanta ar fud na hEorpa. Bhronnfadh an Lár-Oifig Iontrála pointí bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach, rud a spreagfadh daltaí chun cúrsaí agus scrúduithe breise a thógáil sa Ghaeilge, mar shampla, le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Bheadh caighdeáin níos airde le feiceáil de bharr na n-athruithe sin. Cé go múinfeadh Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus roinnt scoileanna Béarla "Litríocht na Gaeilge", bheadh deiseanna acu na scrúduithe do "Theanga na Gaeilge" a dhéanamh, sa tslí chéanna a dhéanann go leor daltaí atá go maith ag an mata agus ag an bhfisic scrúdú sa mhatafhisic mar ábhar breise. Thiocfadh feabhas drámatúil ar an gcaighdeán Gaeilge agus ar dhearcadh na ndaltaí i leith na Gaeilge agus iad ag fágáil na scoile dá gcuirfí na moltaí seo i bhfeidhm. I láthair na huaire tá Conradh na Gaeilge ag plé leis na heagraíochtaí

cuí

oideachais

agus

Gaeilge

-

Aontas na Mac Léinn Bunscoile san áireamh - leis na moltaí seo a fhorbairt agus chun iad a chur os comhair an Rialtais. Ní neart go cur le chéile. Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Aighneahtaí mhí Lúnasa Is iad seo leanas na heagraíochtaí éagsúla a bheidh ag glacadh le haighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn mhí Lúnasa: • 2 Lúnasa: An Coimisinéir Cosanta Sonraí chuig: info@dataprotection.ie • 4 Lúnasa: An Roinn Sláinte agus Leanaí chuig: achtteanga@health.irlgov.ie • 9 Lúnasa: Coimisiún na Scrúduithe Stáit chuig: acht.teangacha@examinations.ie • 23 Lúnasa: Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí chuig: AndT@corkvec.ie • 24 Lúnasa: Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit chuig: achtteanga@ag.irlgov.ie

Má tá aon chabhair nó aon chomhairle uait ar conas is fearr aighneachtaí a chur le chéile déan teagmháil le foireann na hArd-Oifige. Tá aighneacht shamplach ar fáil ar Shuíomh Idirlín an Chonartha, www.cnag.ie, chomh maith. Tá cairt cearta teanga ar fáil anois agus molann Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, gur cheart go ndáilfear an chairt cearta teanga seo ar gach eagras poiblí agus go mbeadh a fhios ag gach duine atá ag obair san earnáil phoiblí cad iad na cearta atá ag an bpobal maidir le húsáid na Gaeilge. Is féidir cóip a fháil den chairt ach teagmháil a dhéanamh le foireann na hArd-Oifige.

Comhfhreagras agus Eile Daoine de dhíth ar Bhord Gobharnóirí Gaelscoileanna sna Sé Chontae A Chara dhil, Tá mé fá láthair ag iarraidh bunachar sonraí a chur le chéile do dhaoine a bheadh sásta bheith ar Bhord Gobharnóirí gaelscoileanna sna sé chontae. Má tá suim agat féin nó má tá aithne agat ar dhuine ar bith eile a bheadh sásta ar mhiste leat sonraí teagmhála a chur chugam. Is cuma cá háit a bhfuil tú lonnaithe nó tá gaelscoileanna ar fud na sé chontae cibé ar bith.

ag cur iarratas isteach ar eolas faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise. Is cúis dhóchais é sin agus dá ndéanfaí na hiarrachtaí céanna i ranna eile rialtais is cinnte go dtiocfaidh feabhas mór ar chúrsaí Gaeilge sa státchóras. Glac leis i gcónaí go bhfuil na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus tú ag plé leis an Stát.

Seán Ó Muireagáin Comhairle na Gaelscolaíochta Teach an Gheata Thiar Sráid na Banríona Béal Feirste BT 16ED Guthán: 02890321475 Ríomhphost: eolas @ comhairle.org

Foghlaim Gaeilge ar an Ríomhaire Molann an Conradh an pacáiste nua ríomhaireachta atá forbartha ag EuroTalk go hard. Tá an pacáiste nua seo oiriúnach do gach aoisghrúpa, dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu agus doibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a fhorbairt. Ta cuid mhór cluichí sa phacáiste seo a bheadh an-oiriúnach do pháistí óga ach go háirithe. Is bealach é seo do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus le sult a bhaint aisti. Má tá níos mó eolais uait faoin bpacáiste iontach seo is féidir teagmháil a dhéanamh le Richard Pringle ar 00353 87 246 1268, nó, ar an ríomhphost ag richard@worldsystems.ie. Is féidir an pacáiste seo a cheannach díreach ón Siopa Leabhar i gCeannáras an Chonartha. Seirbhís Ghaeilge le fáil ón Roinn Dlí is Cirt Tá foireann na Roinne Dlí agus Cirt le moladh as an méid Gaeilge atá le cloisteáil sa Roinn ó cuireadh an chéad scéim den Acht Teanga i bhfeidhm inti le gairid. Is féidir beagnach gach seirbhís a fháil uathu trí Ghaeilge anois idir bheith ag labhairt leis an bhfáilteoir go bheith

Spriocdhátaí Iontrála do Chomórtais Ardáin an Oireachtais Is é 15 Meán Fómhair 2006 an spriodháta d’iontrálacha do Chomórtais Ardáin Oireachtas na Samhna. Beidh na comórtais sin ar siúl ag Oireachtas i gcathair Dhoire idir 1 agus 5 Samhain. Moltar duit lóistín a chur in áirithe a luaithe agus is féidir. Tá Clar na gComórtas Ardáin ar fáil anois ó oifigí an Oireachtais agus tá cuma iontach ar an gclár sin le meascán mór maith imeachtaí ó sheoladh dlúthdiosca le Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais go Comórtas Chorn Uí Riada. Mar sin, má tá spéis agat páirt a ghlacadh i gcomórtais ardáin an Oireachtais déan teagmháil le hoifig an Oireachtais láithreach.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2006 by Conradh na Gaeilge - Issuu