Skip to main content

Nuachtlitir Aibreáin 07.qxp

Page 1

Crosfhocal Mhí Aibreáin Trasna 1 4 6 8 10 12 13 14 15 Síos 2 3 4 5 7 9 10 11

Bíonn dearbhán €30 do shiopa leabhar Chonradh na Gaeilge, An Siopa Leabhar, le buachan.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

tairiscint (6) boinéad; caipín (6) baol; contúirt (7) sleá bheag (2) fuíoll gan mhaith (8) bándearg (4) bóthar fear atá i gceannas ar mhainistir (2) fonn drúise; paisean (8) tromlach (7) éide eaglasta (5) mairtíneach (11) marla (10) gort curaíochta (10) bláth beag bán (7) deimhin; cinnte; siúráilte (6) dia bréige (6)

Iml. 2 Eagrán 6

Buaiteoir mhí an Mhárta: Gearóid Ó Mórdha, Cill Mhantáin. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Díospóireacht an Olltoghcháin ag ArdFheis an Chonartha i gCathair na Mart Beidh Díospóireacht an Olltoghcháin ar siúl ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine, 20 Aibreán, ar 21.00 in Óstán Chathair na Mart (Westport Hotel). Is iad Seán Ó Neachtain, MEP, Fianna Fáil, agus Dinny McGinley, TD, Fine Gael, a bheidh ag gabháil i mbun na díospóireachta seo agus cuirfear beartais an dá pháirtí don chéad chlár rialtais eile i leith na Gaeilge in iúl ann. Is í Áine Ní Chiaráin, iriseoir le Foinse, a bheidh mar

CAMPAÍ SAMHRAIDH ÓGRAS Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís agus cuirfear tús le campaí samhraidh Ógras go luath. Gach bliain déanann na céadta daoine freastal ar champaí samhraidh Ógras agus bíonn deis iontach acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a úsáid mar ghnáth-theanga labhartha. Is é seo a leanas an t-eolas cuí maidir leis na campaí a bheidh á reáchtáil ag Ógras i mbliana: Crois Araild Beidh cúrsa Chrois Araild ar siúl i Scoil Náisiúnta Chrois Araild, Bóthar Clareville, Áth Cliath 6I. Tá an cúrsa seo dírithe ar pháistí idir 7-11 bliain d'aois agus beidh sé ar siúl idir 16-20 Iúil. Maigh Nuad Beidh cúrsa Mhaigh Nuad ar siúl i Halla Divinity, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tá an cúrsa seo dírithe ar pháistí idir 7-11 bliain d'aois agus beidh sé ar siúl idir 9-13 Iúil. Baile na Manach Beidh cúrsa Bhaile na Manach ar siúl i nGaelscoil Scoil Lorcáin, Cearnóg Eaton, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Tá an cúrsa seo dírithe ar pháistí idir 7-11 bliain d'aois agus beidh sé ar siúl idir 9-13 Iúil. Ráth Maonais Beidh cúrsa Ráth Maonais ar siúl in Eaglais na hÉireann, An Coláiste Oideachais, 96 Br. Ráth Maonais Uacht., Áth Cliath 6. Tá an cúrsa seo dírithe ar pháistí idir 7-11 bliain

d'aois agus beidh sé ar siúl idir 23-27 Iúil. Droim Conrach Beidh dhá chúrsa Dhroim Conrach ar siúl sa Halla Paróiste, Bóthar na Buaile, Droim Conrach, Áth Cliath 9. Tá na cúrsaí seo dírithe ar pháistí idir 7-11 bliain d'aois agus beidh siad ar siúl idir 2-6 Iúil agus 16-20 Iúil. Is iad seo a leanas na rialacha a bhaineann leis na campaí uile: 1. Is campa i labhairt na Gaeilge atá sa champa agus caithfear láiarracht a dhéanamh cloí leis seo 2. N cheadófar imeacht ón gCampa ag am ar bith gan cead ón múinteoir 3. Caithfear cloí le rialacha an Choiste Stiúrtha i gcónaí Tuilleadh Eolais: Ógras, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2 01 4751487 / 4783913

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Chathaoirleach ar an díospóireacht. Is deis mhaith í seo do mhórphobal na Gaeilge a fháil amach cén seasamh atá ag an dá pháirtí pholaitiúla is mó i leith na Gaeilge agus ceisteanna a chur orthu faoi réimse áirithe de chur chun cinn na teanga. Ar an oíche chéanna osclóidh Treasa Mhic Uidhir, Cathaoirleach Chomhairle Bhaile Chathair na Mart, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go hoifigiúil ar 20.30. Is é 'An tOlltoghchán - Pleanáil, Oideachas agus Cearta' an téama a bheidh ar an Ard-Fheis i mbliana agus beidh fáiltiú ann i ndiaidh na díospóireachta ar an oíche chéanna. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is mór an onóir dúinn uile sa Chonradh go bhfuil an ArdFheis ag teacht go Cathair na Mart i mbliana. Tá an-obair curtha isteach ag an gcraobh áitiúil agus ag an gCoiste Dúiche chomh maith leis an tacaíocht mhór a thug Togra

Maoinithe ag:

Mhaigh Eo dúinn chun agus í á heagrú. I measc na nithe is tábhachtaí a bheidh á bplé ag an Ard-Fheis tá straitéis agus fís an rialtais i leith na Gaeilge, múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais agus struchtúr an Chonartha.” Dúirt Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Togra Mhaigh Eo: “Tá an-áthas go deo orainn anseo i gCathair na Mart go mbeidh ArdFheis an Chonartha i mbaile s'againne i mbliana. Níl amhras ar bith ach go mbeidh an-tionchar ag lucht na hArd-Fheise ar chúrsaí Gaeilge sa bhaile agus ba mhaith liom a rá go bhfuil míle fáilte roimh mhuintir an bhaile bualadh isteach chuig an ArdFheis le linn na deireadh seachtaine.” Ar Shatharn na hArd-Fheise pléifear na rúin éagsúla a chuir craobhacha an Chonartha isteach don Ard-Fheis agus beidh ceardlanna ann maidir le forbairt an Chonartha. Chomh maith leis sin, déanfaidh móreagraíochtaí an Chonartha (An tOireachtas, Ógras, Clódhanna Teo. agus Seachtain na Gaeilge Teo.) tuairisc don Ard-Fheis ar an obair uile a bhain siad amach le bliain anuas. Oíche Dé Sathairn beidh dinnéar na hArdFheise ann chomh maith le ceolchoirm na hArd-Fheise le ceol ó Líadan agus Seó an Oireachtais ann. Tá fáilte roimh chách freastal ar imeachtaí éagsúla na Ard-Fheise.

19 Aibreán 2007

SAN EAGRÁN SEO: 1. ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2. NUACHT AS GAILLIMH 3. CRUINNIÚ EOLAIS SA MHUILEANN gCEARR 4. NUACHT AS BAILE LOCHA RIACH 5. AN TIONÓL GAELTACHTA 6. CROSFHOCAL MHÍ AIBREÁIN 7. CAMPAÍ SAMHRAIDH ÓGRAS

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Cé acu páirtí polaitiúil is fearr ó thaobh na Gaeilge de? • • • • •

Fianna Fáil Fine Gael Páirtí an Lucht Oibre Sinn Féin An Comhaontas Glas

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Nuacht as Gaillimh D’eagraigh Conradh na Gaeilge i nGaillimh dianchúrsa do dhaltaí na hArdteistiméireachta 2007. Bhí an dianchúrsa seo ann chun daltaí a ullmhú do Bhéaltriail na Gaeilge don Ardteist. Bhí sé ar siúl ar an gCéadaoin 4 Aibreán agus ar an Déardaoin 5 Aibreán ó 10.00r.n - 1.00i.n. Bhí costas €100 ar an gcúrsa agus spás teoranta do 14 ar an Dianchúrsa seo. Bhí an-éileamh go deo ar an gcúrsa seo. Gramadach na Gaeilge le Conradh na Gaeilge! Bhí dianchúrsa Gramadaí á eagrú ag Conradh na Gaeilge i rith mhí Aibreáin. Is dianchúrsa speisialta é seo atá dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolas agus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadach na Gaeilge. Bhí an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach atá ag iarraidh saineolas a fháil ar chruinneas agus ar scríobh na Gaeilge. Ní raibh ach 12 áit ar an gcúrsa agus beidh an múinteoir, Éamonn Ó Loingsigh, ag díriú ar riachtanais

speisialta na rannpháirtithe. Bhí an cúrsa ar siúl le linn deireadh seachtaine amháin, ar an Aoine 13 Aibreán ó 79i.n. agus ar an Satharn 14 Aibreán ó 10r.n.- 5i.n. Beidh costas €90 ar an gcúrsa. Maidir le cúrsaí eile den chineal seo tá foirmeacha clárúcháin agus tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge, Arus na nGael 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó ríomhphost con-

Cruinniú Eolais sa Mhuileann gCearr Beidh oíche eolais maidir le polasaí oideachais Chonradh na Gaeilge á eagrú ag an Stiúrthóir Dáilcheantair don Iarmhí, Traic Ó Braonáin, i gcomhar leis an gConradh ar an Déardaoin, 26 Aibreán 2007, sa Greville Arms sa Mhuileann gCearr ar 8.00in. Is é Dáithí Mac carthaigh, Uachtarán an Chonartha, a bheidh mar aoichainteoir ar an oíche. Beidh deis ag mórphobal na hIarmhí ceisteanna a chur ar Dháithí faoin bpolasaí ag an ócáid seo agus ionchur a bheith acu san fheachtas mór seo a bheidh á bhrú ar aghaidh go tréan sna seachtainí atá amach romhainn. Is iad seo a leanas an trí pholasaí a bheidh á bplé ag an gcruinniú: 1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófar dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach. Go dtí seo bhí cruinnithe eolais maidir le polasaí oideachais an Chonartha in Inis, Co. an Chláir, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh, Maigh Eo. D'éirigh go hiontach leis an cruinnithe seo

2.

Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin ngaelscolaíocht. Éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon. D'fhéadfaí na leasuithe seo thíos, atá bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad Rialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna:1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí 'Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Oíche Eolais:

Déardaoin, 26 Aibreán 2007 Greville Arms, An Muileann Cearr 8.00 i.n.

Aoichainteoir ar an oíche: Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

agus léiríodh tacaíocht mhór do na polasaithe féin. Má tá spéis ag craobh nó ball ar bith den Chonradh a leithéid de chruinniú eolais a eagrú in áit ar bith ar timpeall na tíre ná bíodh aon leisce labhairt le lucht na hArd-Oifige faoi. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoi pholasaí an Chonartha ach glaoch ar an Ard-Oifig. Freisin, dá mbeadh spéis agat na polasaithe seo a chur chun cinn i do cheantar féin is féidir roinnt ábhar bolscaireachta a bhaineann leis an bhfeachtas a ordú ón Ard-Oifig.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Nuacht as Baile Locha Riach Cómórtas Fuinneog Sheachtain na Gaeilge D'eagraigh Gaeilge Locha Riach comórtas fuinneog i gcomhar le Glór na nGael le linn Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana. Cuireadh béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt don fhoireann iománaíochta (as Gaeilge) ag an am céanna. Sa deireadh roghnaíodh 'Loughrea Motor Factors' mar bhuaiteoir na seachtaine. Bhronn Áine Seoighe, Rannóg Gnó is Pobail, Foras na Gaeilge, seinnteoir MP3 ar John Hough ón siopa agus í ar cuairt ar Bhaile Locha Riach le déanaí.

An Tionól Gaeltachta

Beidh an Tionól Gaeltachta ag filleadh ar Inis Meáin i mbliana agus beidh ar siúl idir 5-8 Iúil. Beidh clár iontach cuimsitheach ann i mbliana agus cuireadh go leor imeachtaí agus caithemh aimsire leis i mbliana. Is é seo a leanas leagan amach an chláir don deireadh seachtaine: Déardaoin, 5 Iúil 22.00 Teacht le chéile in Óstán Inis Meáin Beidh fáiltiú agus oscailt oifigiúil an Tionóil ann le hUachtarán an Chonartha, Dáithí Mac Cárthaigh, agus beidh Ciarán Ó Coigligh mar aoi speisialta ar an oíche. 23.00 Seisiún Ceoil Beidh seisiún ceoil ar siúl san óstán i ndiaidh na hoscailte agus an fháiltithe Dé hAoine, 6 Iúil 11.00 Siúlóid le Máirín Uí Chonghaile Beidh gach duine ag teacht le chéile ag Comharchumann Inis Meáin. 14.30 Rogha Ceardlann - Ceardaíocht an Oileáin Beidh rogha ag lucht an Tionóil freastal ar a rogha ceardlann as seo lá leanas: déanamh currach, caoladóireacht, déanamh mionchurrach, déanamh coinnle, cniotáil, clochadóireacht Halla Naomh Eoin. 20.00 Seimineár an Tionóil - Cearta Phobal na Gaeltachta sa Chóras Pleanála Beidh an seimineár seo ar siúl i Halla Naomh Eoin. 22.00 Seisiún Ceoil Beidh seisiún mór ceoil ar siúl in Óstán Inis Meáin i ndiaidh an tseimineáir. Dé Sathairn, 7 Iúil 11.00 Tumadóireacht nó Turas Lae go hInis Oírr 16.30 Tráth na gCeist Boird Beidh tráth na gceist boird ar siúl in Óstán Inis Meáin 18.00 Bar - B - Q Beidh bar-b-q ar siúl taobh amuigh den bhialann ar Inis Meáin. 20.00 Ceolchoirm an Tionóil - Aíonna Speisialta Aisteoirí Bulfen

Beidh ceolchoirm an Tionóil ar siúl i Halla Noamh Eoin agus le linn na ceolchoirme léireoidh Aisteoirí Bulfen an dráma Ag Claí na Muice Duibhe. 21.30 Seoladh Leabhair Seolfar an leabhar Éigse Inis Meáin ag an ócáid seo. 22.00 Seisiún Ceoil Beidh seisiún mór ceoil ar siúl in Óstán Inis Meáin i ndiaidh an tseimineáir. Dé Domhnaigh 11.00 Aifreann Beidh Aifreann an Tionóil á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta. 12.30 Clabhsúr Beidh clabhsúr an Tionóil ar siúl in Óstán Inis Meáin

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Nuachtlitir Aibreáin 07.qxp by Conradh na Gaeilge - Issuu