Eagrán 4.2
15 Nollaig 2008
Bronntanas Nollag don Chonradh! Tá do chabhair de dhíth ó Chonradh na Gaeilge! Mar a tugadh le fios ag Ard-Fheis na bliana seo, tá géarghá práinneach againn teacht ar airgead chun obair na heagraíochta a chur i gcrích go héifeachtach. Cuireadh scéim Shíntiús na nGael ar bun cúpla bliain ó shin le hairgead a bhailiú agus mura bhfuil páirt agat ann cheana, níl am níos fearr ná anois chun síntiús a ghlacadh duit féin, nó do Ghaeilgeoir tiomanta eile ar aithne agat mar bhronntanas iontach Nollag! Cabhróidh an t-airgead linn na rudaí seo a leanas a bhaint amach: timirí a fhostú sna cúigí; mórfheachtais an Chonartha a phoibliú níos fearr; nuachtlitir mhíosúil an Chonartha a fhorbairt; cur leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do na craobhacha agus do bhaill; cur le camchuairteanna eolais ar fud na tíre; seirbhísí Gaeilge (dá leithéid stáisiún
raidió Gaeilge don aos óg) a chur ar fáil go fadtéarmach; áiseanna múinteoireachta níos fearr a chur ar fáil do mhúinteoirí ranganna Gaeilge an Chonartha; agus eile. Tá gach eolas ar an mbileoga iniata agus impíonn muid ort cabhrú linn cabhraigh libhse chun tús úr a chur le hobair na heagraíochta san Athbhliain. Cláraigh linn mar bhall de Chlub na nGael trí Shíntiús na nGael a ghlacadh linn inniu! Guíonn foireann uile an Chonartha Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Sheán ‘s faoi Mhaise ar na craobhacha agus ar na baill ar fad. Go raibh míle maith agaibh go léir as an obair iontach a ndearna sibh ar son na teanga tríd an bhliain, táimid ag tnúth leis an nGaeilge a chur chun cinn i bhur dteannta chomh dícheallach céanna in 2009! Foireann an Chonartha
SAN EAGRAN SEO: 1. Bronntanas Nollag 2. Taispeántas Ealaíne 2. Seachtain na Gaeilge 3. Cúrsaí Treoirghairme 4. Do Sheans le Gaeilge 5. Fuinneamh 2008 5. Na Cnocadóirí 6. Gradam Mhaigh Eo 6. Léachtaí Seamus Heaney 7. Ríomhairí & Suímh 8. Imeachtaí Áitiúla 9. Comórtas Mhaigh Eo 9. Craoladh na Gaeilge 10. Saor-Chomhairle Dlí 10. Raidió Rí-Rá na Nollag! 11. Comórtas Lógó 11. Ranganna Eanáir 12. Crosfhocal
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1