Crosfhocal Mhí Eanáir Trasna 1 3 8 11 14 15 16 17 Síos 2 3 4 5 6 7 9 10 12 13
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Bridie Ní Chonaire, Gaillimh. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Comhfhreagras Cairde Pinn de dhíth Is é seo a leanas roinnt eolais faoi faoi fhear ó Bherlin a d’iarr orainn an fógra seo thíos a scaipeadh ar bhasill den Chonradh a bhfuil spéis aige cara pinn le Gaeilge a bheith aige: Fear meánaosta ag lorg cara pinn, ag tosú ag foghlaim na Gaeilge in Ollscoil Bherlin. Ba mhaith leis scríobh i mBéarla agus i nGaeilge ag an tús, go mbeidh a chuid Gaeilge níos fearr. Tá suim aige sa cheol gaelach agus in amhráin agus is ball de chór é. Is maith leis Beethoven freisin agus James Joyce "the Dead". Freagraí ag Horst Gerschon [Mac_na_Tire@gmx.de], le bur dtoil.! Dá mbeadh suim ag duine ar bith scríobh chuige bheadh sé thar a bheith buíoch. Litir oscailte go Bertie Ahern Ó Lch 17 de Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a d'eisigh Rialtas na hÉireann ar 19 Nollaig 2006. "Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá." Tá dhá cheist agam maidir leis an chuid thuasluaite den ráiteas a d'éisigh tú féin agus an chuid eile de Rialtas na hÉireann inniu.
Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge
Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhís an Rialtais i leith na Gaeilge
cleas; dallamullóg (3) seasc (6) náid (7) gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) rud nach bhfuil beo (2) an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) an t-alt? (2) teach mór poiblí (5)
ar dhath an tsneachta (3) gan bhruith; gan chócaireacht (3) gealach (2) anáil; puth (2) duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) bláth beag bán (7) curadh (6) uaigneach; singil (8) ceol; seó (7)
Iml. 2 Eagrán 3
1. An chiallaíonn sé seo go mbeidh Rialtas na hÉireann ag cur brú ar Rialtas na Breataine a gcinneadh a athrú i dtaca leis an Meánscoil Lán-Ghaeilge i gCorr Chríochach? 2. An dtiocfaidh feabhas ar an tacaíocht a thugtar don bhunscolaíocht Lán-Ghaeilge, ar an suíomh reatha ina bhfuil scoileanna áirithe ag feidhmiú i gcóiríocht "tríú domhan", ina mbíonn ar roinnt páistí scoile i scoileanna lán-Ghaeilge seomraí ranga a roinnt le francaigh. An dtabharfar deis "oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán" a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo é nó an mbeidh gá ag phobal na Gaeilge fanacht 40 bliain eile ar chothrom na Féinne? Seán Ó hAdhmaill, Ball den Coiste Gnó agus Cathaoirleach, Na Gaeil Óga. Ábhar don Nuachtlitir Má tá spéis agat tuairtim a nochtú faoin nuachtlitir nó, dar ndóigh, scéalta a chur chugam maidir le himeachtaí do Chraoibhe ná bíodh leisce ort riamh iad a chur tríd an phost chuig an Ard-Oifig nó ar an ríomhphost chuig jamie@cnag.ie. Ba bhreá liom tuilleadh scéalta agus eolais a fháil faoi chraobhacha an Chonartha timpeall na tíre agus thar lear. Freisin, más mian leat tuairimí a nochtú faoi imeachtaí an Chonartha nó faoi chúrsaí Gaeilge i gcoitinne is féidir iad a chur chugam chomh maith.
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Tá ráite ag an Rialtas go bhfuil sé mar fhís acu Éire dhátheangach a thabhairt i gcrích thar thréimhse 20 bliain. I measc na mbeart a dtabharfar fúthu tá tacú leis an nGaeilge mar ábhar a dhéanann gach dalta go leibhéal na hArdteiste sna scoileanna, Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm go hiomlán, an Ghaeltacht a fhorbairt mar phobal labhartha Gaeilge, cur le líon na dteaghlach a labhraíonn Gaeilge ag baile, cur le líon na leanaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge a fhorleitheadú ar fud na tíre. Is é Fóram na Gaeilge a chuirfidh comhairle ar an Rialtas faoi chur i bhfeidhm na straitéise seo. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá cuma na maitheasa ar na haidhmeanna seo. Ní foláir cuspóirí soiléire gearrthéarmacha uaillmhianacha a leagan amach ó thaobh
(i) ionad na Gaeilge sa c h ó r a s oideachais chun daoine a chumasú inti agus chun tumoideachas Gaeilge a chur chun cinn, (ii) cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chun pobail inmhaireanacha Gaeilge a chinntiú, (iii) seirbhísí riachtanacha a bheith ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla de réir thoil an tsaoránaigh agus lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre".
Cás Cúirte Mháire Nic an Bhaird
D’eagraigh Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge grúpa le gabháil suas go Béal Feirste ar an Aoine, 5 Eanáir, chun tacú le Máire Nic an Bhaird, an múinteoir bunscoile a thóg lucht Sheirbhís Phóilíneachta na Sé Chontae de bharr go raibh sí ag labhairt i nGaeilge. Bhí sé i gceist go n-éistfear leis an gcás ina iomlán ar an lá ach de bharr brú ama ní raibh an dara suí sa bhuaile ach é a chur ar athló. Bhí agus tá sé ríthábhactach go léirítear tacaíocht láidir do Mháire ach go háirithe agus iarrachtaí móra á ndéanamh faoi láthair Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart. Éistfear le deireadh an cháis ar an Luan 12 Feabhra. Má tá spéis ag duine ar
bith teacht agus tacú le Maire ar an lá is féidir teagmháil a dhéanamh le Jamie ó Tuama in Ard-Oifig an Chonartha ag jamie@cnag.ie nó ar an nguthán ar 01 4757401.
Maoinithe ag:
SAN EAGRÁN SEO: 1. FÁILTE ROIMH FHÍS AN RIALTAIS I LEITH NA GAEILGE 2. CÁS CÚIRTE MHÁIRE NIC AN BHAIRD 3. AN BAILIÚCHÁN NÁISIÚNTA 4. AN tUACHTARÁN AG SEASAMH I DTOGHCHÁN AN TSEANAID 5. NUACHT Ó THOGRAÍ AN CHONARTHA 6. ACHT 7. IONAD SAORCHOMHAIRLE DLÍ AGUS EILE 8. CROSFHOCAL MHÍ EANÁIR 9. COMHFHREAGRAS
Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha An léiríonn fís an rialtais i leith na Gaeilge go leor tiomantais don teanga An Conradh ag tacú le Máire i mBéal Feirste
An Bailiúchán Náisiúnta
Níl ach dhá mhí fágtha ag craobhacha, baill agus cairde an Chonartha chun an Bailiúchán Náisiúnta a eagrú. Mar sin moltar duit teagmhail a dhéanamh le hArdOifig an Chonartha nó leis an Timire Naisiúnta, Peadar Mac Fhlannchadha, a luaithe agus is féidir leis an ábhar cuí a ordú don Bhailiúchán. I mbliana ta sé i gceist go
17 EANÁIR 2007
ndéanfar forbairt mhór ar an mBailiúchán le cuidiú linn obair na hArd-Oifige a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtaí agus déanfar iarracht gach príomhshráid agus gach paróiste a chlúdach fud fad an 22 contae a bhíonn páirteach ann. Le haghaidh tuilleadh eolais nó eolas faoi na ceadúnais glaoigh ar Jamie san Ard-Oifig.
• Léiríonn • Ní Léiríonn Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie
1.
An tUachtarán don Seanad
Más céimí de chuid Ollscoil na hÉireann thú, tá tú i dteide-
foláir clárú le hOllscoil na
al vóta a chaitheamh chun triúr seanadóirí a thoghadh i
hÉireann
mbliana i dtoghdas Ollscoil na hÉireann.
26 Feabhra 2007.
Níl formhór na ndaoine atá i dteideal vótála cláraithe nó tá
Más mian leat a thuilleadh
siad cláraithe ag seoladh nach gcónaíonn siad ann níos
eolais a fháil faoi a dhath
mó. Ná caill an deis chun do rian a fhágáil - Cláraigh chun
ar bith a bhaineann le
vótála! Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha clárúcháin ar
feachtas toghchánaíochta
fáil ag www.daithi1.ie.
Dháithí is féidir coinne a
Iarrtar ort tacú le hiarrthóirí a thacaíonn leis an Oideachas
dhéanamh le labhairt leis
agus leis an nGaeilge. Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán
tríd an Ard-Oifig. Idir an
Chonradh na Gaeilge ag seasamh. Iarrtar ort do vóta céad
dá linn scaip an scéal go
rogha a thabhairt dó, ach cláraigh agus vótáil pé scéal é.
bhfuil sé ag seasamh sa
Tá foirm chlárúcháin le fáil ó Ard-Oifig an Chonartha. Ní
toghchán don Seanad.
roimh
an
ACHT Eagróidh an brúghrúpa ACHT, a bhfuil baint lárnach ag an gConradh leis, léirsiú mór i lár chathair Bhéal Feirste ar an Satharn, 24 Feabhra, chun éilimh mhórphobal na Gaeilge thuaidh agus theas - Acht Gaeilge don Tuaisceart a chur i bhfeidhm. Is féidir tacú leis na bhfeachtas seo sna bealaí seo a leanas: 1. An achainí ar-líne www.onlinepetition.com/acht a shíniú. 2. An cárta poist atá ar fail ó Ard-Oifig an Chonartha a shíniú agus a chur ar ais chugainn. 3. Póstaeir a scaipeadh, atá ar fail ón Ard-Oifig, don Chonradh ar chláir fógraí poiblí i do cheantar féin agus
eolas eile faoin bhfeachtas a scaipeadh. 4. Freastal ar an léirsiú mór i mBéal Feirste. Beidh busanna ag fágáil oifigí an Chonartha i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste lá an léirsithe. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhfeachtas seo ná bíodh leisce ar bith ort teagmhail a dhéanamh le Jamie Ó Tuama san Ard-Oifig. Idir an dá linn ná déan dearmad go bhfuil Acht Teanga ag teacht i bhfeidhm ó dheas faoi láthair. Mar sin déan cinnte go gcuirtear seirbhísí Gaeilge ar fáil duit agus tú ag plé leis an Státchóras.
Ionad Saor-Chomhairle Dlí agus Eile (Amharclann Naomh Eoin, 8 pm), Dé hAoine 19 Eanáir Baile Bhuirne (Ionad Cultúrtha, 8.30 pm), Dé Sathairn 20 Eanáir Durlas (Ionad Ealaíne The Source, 8 pm), Dé Luain 22 Eanáir Caisleán an Bharraigh (Ionad Ealaíne Linenhall, 8 pm), Dé Máirt 23 Eanáir Baile Átha Cliath (Teach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 8 pm), Déardaoin 25 Eanáir Ráth Tó (Ionad Pobail Ráth Tó, 8 pm), Dé hAoine 26 Eanáir Baile na Lorgan (Iontas, 8.30pm), Dé Sathairn 27 Eanáir Loch Garman (Ionad Ealaíne Loch Garman, 8 pm).
Nuacht ó Thograí an Chonartha Ranganna Sean-nóis in Árus na nGael Thosaigh Ranganna Amhránaíochta ar an Sean-Nós do ghasúir in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic i mí Mheán Fómhair anuraidh.
Seoladh Sheachtain na Gaeilge Beidh seoladh Sheachtain na Gaeilge ar siúl ar 21 Feabhra. Fógrófar na sonraí cuí a bhaineann leis an seoladh go luath.
D'eirigh thar cinn leo agus beidh na ranganna ar siúl arís i mbliana agus iad ag tosú ar an 24ú Eanáir agus beidh fáilte roimh pháistí nua. Tá na ranganna seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge
i
gcomhar
le
Comhairle
Cathrach
na
Gaillimhe faoin scéim 'Infheistíocht Chultúir', ina dtugtar deis do pháistí a gcuid Gaeilge a fheabhsú tré smacht a fháil ar cheann de na ealaíona traidisiúnta Gaeilge. Faoin tionscnamh úr seo cuireadh dhá rang amhránaíochta ar an sean-nós do pháistí ar siúl in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, ceann ag 6.00i.n.-6.45i.n. agus ceann ag 6.45i.n.-7.30i.n. gach Céadaoin ag tosú ar an 24ú Eanáir 2007. Tá na ranganna sean-nóis faoi stiúir Shíle Tim Ní Flatharta agus Ghearoidín Nic Aoidh a bhfuil taithí leathan acu a bheith ag múineadh amhránaíochta do dhaoine óga. Níl ach costas 45 euro i gceist do 10 seachtaine agus beidh lascainí ar fáil má tá beirt nó triúr as teaghlach amháin ag iarraidh freastal. Ní mór bheith i láthair ag 6.00i.n. ar an gcéad oíche le clárú. Ní mór glaoch ar Chonradh na Gaeilge ag 091 567824 chun áit a chur in áireamh ar an tionscnamh seo. 2.
Tuan is Caoilte as Baile Locha Riach Comórtas Fuinneog na Nollag. Fógraíodh buaiteoirí ar chomórtas fuinneog na Nollag i mBaile Locha Riach ar na mallaibh. B'iad Gaeilge Locha Riach a d'eagraigh an comórtas idir shiopadóirí an Bhaile i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus le Glór na nGael. Tugadh faoi deara go raibh forbairt nach beag tagtha ar mhaisiúcháin as Gaeilge an Nollaig seo agus seacht siopa curtha ar an ghearrliosta i mbliana. Rinne cuid de na páistí ó Ghaelscoil Riabhach a mbreithiúnas agus bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí. Sa chéad áit, bhí Little Expectations agus bhronn Carol Ní Dhochartaigh seic €100 ó Chonradh na Gaeilge ar Sylvia Burke ón fhoireann ansin. Creideann Gaeilge Locha Riach go mbeidh comórtas ní ba mhó eagraithe acu fá choinne Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta.
Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Camchuairt Cheoil Niamh de Búrca Tugann an chamchuairt seo le chéile tallanna aigeanta na lánúine Michael Rooney agus June McCormack, a bhfuil aithne orthu freisin mar Draíocht, le glór iontach Niamh de Búrca. Is féidir stór saibhir ceoil an triúir a chluinstin agus iad ar chamchuairt na hÉireann le Music Network ó 17 - 27 Eanáir 2007. An Chamchuairt : Dé Céadaoin 17 Eanáir Sligeach (Model and Niland, 8 pm) Déardaoin 18 Eanáir Lios Tuathail
Cead Cainte ar feadh an Lae ag Uimhir a 6 An ndearna tú rún athbhliana ar Lá Coille níos mó Gaeilge a labhairt? Má rinne, beidh deis den chéad scoth ann do gach duine idir óg agus sean, glantosaitheoirí agus sárchainteoirí tumadh a fháil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Beidh 6 Sráid Fhearchair uilig lán le himeachtaí faoi thaisteal, chócaireacht, dhamhsa, cheol, stair, spórt, ghearrscannáin agus go leor leor eile ó 9-6:00 ar 17 Feabhra 200. Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh ann. Is é €35 an duine an costas a bheidh ar an lá gaelach seo. Bricfeasta, lón agus bronntanas speisialta san áireamh. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir glaoch a chur ar Colleen ar 087 2583067 nó ríomhphost a chur chuici ag colleen@ionad.org.
Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
3.