Eagrán Speisialta
Seachtain na Gaeilge 2008
Raidió X ar an Aer
Ar an gcéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2008 (Dé Luain, 3 Márta) seoladh an chéad stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg, RAIDIÓ X, ar pháirc chruicéid Ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tháinig 100 mac léinn le chéile a g u s chruthaigh siad X mar shiombal den stáisiún nua, rud a chur tús spleodrach leis. Tá Raidió X ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine do mhuintir na hÉireann ar shuíomh idirlín an stáisiúin www.raidiox.com. Tá an stáisiún ag díriú ar an aoisghrúpa 15 go 35 bliain d'aois agus táthar i gceist go gcuirfidh sé go mór le líon na n-éisteoirí raidió Gaeilge. Tabharfaidh an stáisiún ardán do cheoltóirí a chanann trí Ghaeilge freisin. Cuireadh tús le comórtas ainmnithe an stáisiúin
chomh maith (ainm oibre atá i gceist le Raidió X idir an dá linn) agus beidh bileoga iontrála á scaipeadh go forleathan le linn Sheachtain na Gaeilge chun an stáisiún nua a phoibliú. Is féidir moltaí d'ainm an stáisiúin nua a sheoladh chuig raidio@cnag.ie faoin Luan, 17 Márta, 2008. Beidh iPod Nano le buachan ag an duine leis an ainm is fearr. Dúirt Lisa Ní Choisdealbha, Cathaoirleach ghrúpa oibre Raidió X: “Is lá stairiúil atá ann inniu agus muid ag cur tús le craoladh den stáisiún raidió Gaeilge Raidió X. Tá an poitéinseal is mó ag an stáisiún chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga ó bunaíodh TG4. Táim cinnte go mbeidh na dea-thorthaí le feiceáil go luath amach anseo." Go dtí seo tá tacaíocht léirithe ag leithéidí Hector agus Des Bishop don togra.
SAN EAGRAN SEO:
1. Raidió X ar an Aer
2. Sult Sheachtain na Gaeilge
3. Tóstal na Gaeilge Fíorú na Físe
4. Seolann Seán Bán Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo
5. Seachtain na Gaeilge i nGaillimh
6. Gaelspraoi
7. Seachtain na Gaeilge i DIT
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Le cabhair ó:
1
Sult Sheachtain na Gaeilge Beidh Sult Sheachtain na Gaeilge ar siúl i mbliana i Sráid Vicar ar 13 Marta 2008. Le blianta beaga anuas tá an-jab go deo déanta ag Club Sult oícheanta sóisialta a eagrú do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa phríomhchathair agus táthar ag rá go mbeidh an oíche mhór seo ar an gceann is fearr a d’eagraigh lucht Sult go dtí seo. I measc na gceoltóirí éagsúla a bheidh ag casadh ar an oíche beidh John Spillane, Slide agus Prison Love agus, ar an mbarr sin, beidh an fear grinn Des Bishop i mbun siamsaíochta agus é ag insint go leor de na heachtraí agus na scéalta greannmhara a thit amach agus é ag foghlaim na Gaeilge thiar i gConamara. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir glaoch a chur ar Ard-Oifig an Chonartha. Bí ann le fonn!!! 01 4757401
Tóstal na Gaeilge - 'Fíorú na Físe' Bhí Tóstal na Gaeilge, a d'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar siúl in Óstán an Galway Bay, Gaillimh ar 22-23 Feabhra 2008. Mórócáid Ghaeilge a bhí sa Tóstal ina raibh deis ann do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar phríomhcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Ghaelach. 'Fíorú na Físe' an teideal a bhí ar Thóstal na Gaeilge na bliana seo, agus rinneadh na mórchuspóirí atá aitheanta ag an Rialtas ina ráiteas i leith na Gaeilge a phlé lena linn. Díríodh ar na nithe ar ghá agus ar mhaith leis an gComdháil a dhéanamh chun sochaí Ghaelach a bhuanú do na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh. Ag eascairt as plé an Tóstail, tháinig moltaí bunriachtanacha ón bpobal agus ó
2
na heagraíochtaí Gaeilge le cur san áireamh sa straitéis 20 bliana atá beartaithe. Beidh ról lárnach ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i ndréachtadh agus i gcur i bhfeidhm an phlean straitéisigh don Ghaeilge agus cuirfidh Tóstal na Gaeilge 2008 tús láidir leis an obair ríthábhachtach seo. Beidh na moltaí a d'eascair as Tóstal na Gaeilge 2008 le feiceáil go luath ar shuíomh Chomhdhail Naisiúnta na Gaeilge, www.gaelport.com. Dar ndóigh beidh lucht Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ag cur brú ar an rialtas le déanamh cinnte go gcuirtear a bplean i leith na Gaeilge i bhfeidhm amach anseo. Freisin, pléadh an gá le stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg ag an Tóstal. D’éirigh go han-mhaith leis an ócáid.
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Seolann Seán Bán Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo Beidh an phearsa cháiliúil agus láithreoir Raidió na Gaeltachta, Seán Bán Breathnach, i Maigh Eo an tseachtain seo chugainn chun clár ollmhór imeachtaí a sheoladh le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge na bliana seo sa chontae sin.Tá togra Mhaigh Eo, i gcomhar le Coste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge, tar éis sraith chuimsitheach imeachtaí a eagrú ina mbeidh ceol, amhránaíocht, damhsa, cluichí, spórt is spraoi le feiceáil fud fad an chontae. Beidh go leor i m e a c h t a í éagsúla ar siúl ar fud an chontae, i mbailte agus i sráidbhailte, in amharclanna agus i leabharlana agus i scoileanna agus ar pháirceanna peile le gach rud atá go maith faoinár dteanga agus faoinár gcultúr Gaelach a cheiliúradh. Beidh an seoladh mór seo de Sheachtain na Gaeilge le SBB ar siúl in Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire, ar a hocht a chlog, Déardaoin, 28 Feabhra. Tá idir bhainistíocht agus fhoireann an Aerfoirt tar éis an-tacaíocht a thabhairt don seoladh go háirithe agus é seo an seoladh is mó a bhí ag Seachtain na Gaeilge riamh sa chontae. Beidh an láithreoir cáiliúil de chuid MWRFM, Joe Byrne ina fhear tí ag an ócáid. Tá an-aithne ag muintir Mhaigh Eo ar Joe
agus is cinnte go gcuirfidh an bhaint atá aige leis an seoladh go mór leis an ócáid. Nuair a bheidh an seoladh foimiúil de Sheachtain na Gaeilge thart beidh oíche mhór cheoil, amhránaíochta agus damhsa ann ina mbeidh cuid de na healaíontóirí is fearr in Éirinn páirteach inti. Eagraítear Seachtain na Gaeilge ar bhonn náisiúnta a ndearnadh athnuachan uirthi i lár na nochtóidí rud a chiallaíonn go bhfuil an fhéile, mar atá sí inniu, chomh sean céanna leis an aerfort clúiteach a bhunaigh an Monsignor James Horan. Tá ag éirí leis an dá thogra fás agus forbairt mhór a dhéanamh ar bhealaí éagsúla ó shin i leith. Léiríonn Seachtain na Gaeilge agus Aerfort Iarthar na hÉireann dul chun cinn, todhchaí mhór mhaith, agus fís shoiléir. Nuair a thagann an dá thogra le chéile tugtar íomhá nua dhearfach agus mhuiníneach don Ghaeilge. Iarrtar ar mhórphobal Mhaigh Eo tacú leis an muinín nua seo atá le feiceáil trí theacht chuig an seoladh Déardaoin, 28 Feabhra ag 8.00. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil maidir leis an seoladh seo agus maidir le Seachtain na Gaeilge 2008 i Maigh Eo, i gcoitinne, ach glaoch ar Bhrídín i dTogra Mhaigh Eo i Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, ar 094 9022444 nó trí ríomhphost a chur chuici ag eolas@conradhmhaigheo.ie.
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
3
Seachtain na Gaeilge i nGaillimh Tá Clár na Gaillimhe de Sheachtain na Gaeilge 2008 ar fáil anois ó Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an bhfón ar 091-567824, nó tríd an ríomhphost ag conradh@bradan.iol.ie. Tá sé ar fáil, freisin, ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud an chontae. Tá méadú arís i mbliana ar an líon imeachtaí atá á reáchtáil, ar an lion grúpaí atá rannpháirteach san Fhéile agus eagrófar imeachtaí ó cheann ceann an chontae. Tá cúrsaí drámaíochta chun tosaigh go láidir i bhFéile na bliana seo. Beidh Taibhdhearc na Gaillimhe ag stáitsiú an chéad léiriú den dráma nua clúiteach Faoi Dheireadh Thiar leis an scríbhneoir aitheanta Joe Steve Ó Neachtain. Cuirtear spéis i gcónaí i ndrámaí Joe Steve agus beidh an dráma á léiriú 'thiar' i Seanscoil Sailearna os rud é go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta ó bhí tine ann an fómhar seo caite. Beidh dráma nua á léiriú freisin ag an Mad Cap Theatre Company agus beidh Cumann Drámaíochta na hOllscoile ar stáitse freisin. Beidh Branar Drámaíochta ar camcuairt lena seó nua Aistear Ailbí agus beidh seachtain iomlán drámaíochta ann ón gCumann Scoildrámaíochta. Ní nach ionadh beidh neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael. Chomh maith leis an gclár cuimsitheach imeachtaí a bheidh i gcathair na Gaillimhe
4
tá clár imeachtaí an-leathan curtha le chéile i mBaile Locha Riach, Béal Átha na Slua, Baile Átha an Rí agus Maigh Cuilinn agus i mbliana beidh imeachtaí Éigse an Spidéil ag nascadh le Seachtain na Gaeilge mar a bheidh imeachtaí Sheachtain na nGiobal Gaelach ar an gCeathrú Rua. Le clár Sheachtain na Gaeilge foilsithe tá cúntóirí á lorg chun cabhrú le reáchtáil na n-imeachtaí ar fad atá beartaithe. Mar sin, má tá spéis agat a bheith páirteach in eagrú cuid d'imeachtaí na seachtaine tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh labhairt leat. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 3 - 17 Márta. Is féidir eolas breise a fháil ach glaoch ar 091 567824 nó nóta a chur chuig conradh@bradan.iol.ie. Gael-Spraoi i mBÁC Beidh Gael-Spraoi ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Séard atá i gceist le Gael-Spraoi go n-eagrófar ná sraith imeachtaí Gaeilge, a bheidh ag tarlú le linn fhéile Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath. Is í an aidhm atá aige ná daoine a chur ag labhairt na Gaeilge i mbealaí scigiúla is spraiúla. Cuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh ann agus is cuma cén cainte atá agat. Is féidir tuilleadh eolais faoi GaelSpraoi ar an suíomh gréasáin www.stpatricksfestival.ie.
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Seachtain na Gaeilge i DIT Tá clár bríomhar imeachtaí eagraithe ag Oifig na Gaeilge agus An Cumann Gaelach (Craobh de Chonradh na Gaeilge), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath do Sheachtain na Gaeilge 2008 san Institiúid. I measc mórimeachtaí na féile, beidh an scannán Gaeilge Kings á léiriú i DIT Sráid Áinséir ar an gCéadaoin 5 Márta ag 6.30i.n i Seomra 3067/68 agus beidh sóláistí ar fáil roimhré ag a 6i.n. Beidh lón Gaeilge leis an gcraoltóir agus iriseoir Cathal Mac Coille ar siúl i DIT Sráid Áinséir ar an gCéadaoin 12 Márta ag a 1i.n sa Blackbox in Aontas na Mac Léinn. Tá leabharlann Shráid Chaoimhín ag eagrú léamh filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill agus le Nuzhat Abbas ón bPacastáin agus amhránaíocht ar an sean-nós le hAntaine Ó Faracháin ar an gCéadaoin 5 agus Déardaoin 6 Márta ag a 7.30i.n. Beidh Ceolchoirm mhór agus Céilí Sheachtain na Gaeilge ar súil i Sráid Vicar ar an Déardaoin 13 Márta ag 8.30i.n eagraithe ag SULT. I measc eachtraí eile Sheachtain na Gaeilge i DIT, beidh Dinnéar Gaeilge ar an Mháirt 11 Márta ag 6i.n i Sráid Chathail Brugha; Tráth na gCeist ar mhaithe le Bóthar; Toraíocht Taisce ar fud na campais go léir; Comórtas Cailín Álainn, an Comórtas Náisiúnta Grianghrafadóireachta leanúnach 'Íomhá '08' agus go leor eile! Ba mhaith le hOifig na Gaeilge agus An Cumann Gaelach fearainn na fáilte a chur roimh gach éinne freastal ar imeachtaí na féile i DIT. Tá clár Sheachtain na Gaeilge DIT le fáil ag www.dit.ie/DIT/gaeilge/imeachtai/snag0 8.html agus tá gach eolas le fáil faoi na himeachtaí go léir ó Oifig na Gaeilge ag 014027504/ 087 9807288 nó an Cumann Gaelach ag 086 8595793.
An Chanúint is Deise
Tá Splanc, clár seachtainiúil Gaeilge Newstalk 106-108 fm, ag iarraidh teacht ar an gcanúint is deise sa teanga. Le blianta anuas tá an tseancheist á plé i measc Ghaeilgeoirí na tíre seo. Cad é an leagan is deise, an leagan is áille, an leagan is ceolmhaire, an leagan is deise a bheith ag éisteach leis? An í canúint na Mumhan, canúint Chonnachta, canúint Uladh nó canúint Laighean an ceann is fearr? Tugann Splanc, clár seachtainiúil Gaeilge Newstalk 106-108 fm, cuireadh d'éisteoirí thart timpeall na tíre seasamh ar son a gcanúintí féin agus páirt a ghlacadh i gCraobh na gCanúintí. Ón 29ú Feabhra, tabharfaidh Daragh Ó Tuama cuireadh do chainteoirí, a bhfuil na canúintí éagsúla acu, páirt a ghlacadh sa chomórtas - agus a gcanúintí féin a chur chun cinn. Beidh babhta ceannais Chraobh na gCanúintí ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge Dé hAoine an 14ú Márta. Le haghaidh Tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig: splanc@newstalk.ie nó glao nó téacs a sheoladh chugainn le linn an chláir. Bíonn Splanc ar siúl gach oíche Aoine idir 10.00 agus meánoíche.
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
5
Ceolchoirm Mhór i mB Á C Beidh oíche speisialta de cheol agus amhránaíocht traisisiúnta Thír Chonaill ar siúl sa Project Arts Centre, Barra Temple, Baile Átha Cliath ar an Aoine 14 Márta ar 8.30. Is iad Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill (iarrbhaill bhunaithe de chuid an ghrúpa ceoil traidisiúnta) Scarabraena hamhránaithe a bheidh ag casadh ar an oíche agus beidh go leor gigeanna is
ríleanna ón mbeirt fidléirí óga Ciarán Ó Maonaigh (iarcheoltóir na mbliana de chuid TG4) agus Aidan O' Donnell. Tá an ócáid seo á reáchtáil mar chuid de Fhéile Naomh Pádraig. Is féidir tuilleadh eolais faoin imeacht seo agus faoi imeachtaí eile atá á reáchtáil ag Féile Naomh Pádraig ar an suíomh gréasáin www.stpatricksfestival.ie.
CEOL ‘08
Ní Gaeilgeoirí amháin a mbíonn suim acu sa Ghaeilge. Le trí bliana anuas tá Seachtain na Gaeilge i mbun tionscnaimh shuimiúil, shamhailtigh - is é sin na dlúthdhioscaí SnaG '05, Ceol '06 agus Ceol '07. Trí chnuasach d'amhráin le traiceanna ó ghrupaí móra le rá cosúil le Bell X1, Mundy, the Corrs, the Sawdoctors, the Frames cuid acu aistrithe ó Bhéarla, cuid eile cumtha sa teanga náisiúnta. Is léir uathu siúd go bhfuil grá na teanga ag leathnú i measc cheoltóirí móra le rá na hÉireann. Ní hí an Ghaeilge máthairtheanga fhormhór na mbannaí ach ghlac siad páirt toisc go bhfuil suim acu sa teanga agus inár gcultúr. Chomh maith leis sin, chonaic siad dea-obair Concern i dtíortha bochta thart timpeall an domhain agus thug siad a gcuid ama saor in aisce
6
ionas go rachadh gach brabús ó na halbaim ar fheabhsú cúrsaí oideachais sa Mhósaimbíc. Chun aitheantas a bhaint amach do Concern agus do cheol as Gaeilge, iarraimis ar dhaoine na dlúthdhioscaí seo a cheannach agus ceist a chur ar na stáisiúin raidió na traiceanna is fearr libh a sheinnt chomh minic agus is féidir. Má tá smaointe agat faoin gceol nó tuairimí agat faoi conas an dlúthdhiosca a fheabhsú i mbliana, cuir scéal chuig ceol@snag.ie. Freisin, má cheapann tú gur féidir leat cabhrú linn in aon slí trí, mar shampla, fógraíocht a dhéanamh i scoileanna, ógchlubanna nó ollscoileanna ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn. Scaip an scéal agus bain taitneamh as an gceol! Sna siopaí ó 29 FEABHRA! Nasc linn ar SnaGCeol1.bebo.com
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
Oireachtas na Cásca 2008 Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i mBaile Dhún na nGall, 27-30 Marta, 2008, le linn na Féile Pan-Cheiltí agus beidh roinnt comhimeachtaí á reáchtáil ag an dá fhéile ar mhaithe le cairdeas agus muintearas a spreagadh agus a chothú idir an lucht leanúna uile. Is é seo a leanas Clár Imeachtaí na Féile: DÉARDAOIN, 27 Márta 5.00 p.m. Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, le hUachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha, IONAD: Óstán Central 6.00 p.m. Léacht an Oireachtais, 'Ní fíorGhael ná fíor-Ghall, ach seal anonn agus seal anall' le Des Geraghty, IONAD: Óstán Central 8.00 p.m. Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, (Amhráin Nua-chumtha), IONAD: Óstán Abbey 9.30 p.m. Club na Féile i gcomhar leis an bhFéile Phan-Cheilteach, IONAD: Óstán Central DÉ hAOINE, 28 Márta 9.30 a.m. Comhdháil Lae, Arna eagrú ag Fochoiste Gaeilge an Bhoird Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil, IONAD: Óstán Harvey's Point 1.00 p.m. Imeachtaí Óige, Ócáid speisialta spraoi agus siamsaíochta do pháistí; Ceol Traidisiúnta, Rince ar an Sean-Nós, Maisiú Aghaidheanna, Draíocht & Cleasaíocht, IONAD: An Diamond. 7.30 p.m. Bronnadh na nGradam Cumarsáide & Fáiltiú an Oireachtais, Oíche Mhór do Réaltaí na Meán. Bronnfar naoi ngradam ar fad i réimsíéagsúla: raidió, teilifís, stáitse agus na meáin chlóite. (Béile agus Cabaret), IONAD: Óstán Harveys Point
DÉ SATHAIRN, 29 Márta 10.00 a.m. Na Comórtais Ardáin, Cóir & Amhránaíocht Aonair; Ceol Uirlise & Damhsa Seite, IONAID ÉAGSÚLA 4.00 p.m. Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlige, Ócáid dátheangach - Gaeilge & Gàidhlig, Fáilte roimh chách 9.00 p.m.'Teach an Chéilí' le Ciarán Hanrahan, Craolfar an clár 'Céilí House' beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió a hAon. Rannpháirteach sa chlár beidh amhránaithe, ceoltóirí agus buaiteoirí ó chomórtais éagsúla an lae chomh maith le moltóirí na gcomórtas. IONAD: Óstán Abbey 10.00 p.m. Club na Féile i gcomhar leis an bhFéile Phan-Cheilteach, Oíche na hAlban le scoth ceoil, amhránaíochta agus damhsa. IONAD: Óstán Abbey NA COMÓRTAIS CÓR Beidh Comórtais na gCór ar siúl san ionad céanna agus ar an lá céanna, Dé Sathairn, 29 Márta 2008, ag an dá féile agus beidh fáilte* roimh chóir cur isteach ar chomórtais an Oireachtais agus ar chomórtais na Féile Pan Cheiltí. * Is gá amhráin Ghaeilge nó amhráin i dteanga Cheilteach eile a chanadh. * Is gá go mbeadh iarratais istigh roimh Déardaoin, 14 Feabhra 2008. * Iarrtar ar iomaitheoirí na rialacha a léamh go grinn. CEOL UIRLISE Beidh comórtais cheol uirlise an Oireachtais ar siúl san ionad céanna agus ar an lá céanna, Dé Sathairn, 29 Márta 2008, freisin, agus fáilteoidh an dá fhéile roimh iarratais don dá shraith chomórtais. TÁBHACHTACH: Tabhair faoi deara go bhféadfadh rialacha éagsúla a bheith ag an dá fhéile
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie
7
Crosfhocal Sheachtain na Gaeilge
Trasna 1 bolgadh sa chorp de bharr buille (2) 3 rópa nó strapa ar cheann capaill (8) 5 féinghluaisteach (12) 7 an t-alt? (2) 9 deoch a shliogadh (2) 10 ainspiorad as Ifreann (7) 12 bia milis a dhéanann beacha (3) 13 náid (7) 17 achar fairsing réidh talún (8) 19 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) 20 iarratas; fabhar (5)
Síos 2 pumpa (9) 3 ábhar siúinéireachta (6) 4 réidh le baint (4) 6 teach mór poiblí (5) 8 sleá bheag (2) 11 caint mhilis; plámás (6) 14 bíoma; substaint chrua chalctha (4) 15 trá na taoide 16 seal ama; tréimhse (3) 18 uisce ag titim le haill (3)
Más spéis leat dearbhán de luach €30 a bhuachan don Siopa Leabhar cuir an crosfhocal agus é líonta isteach i gceart agat chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
8
Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie