Skip to main content

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2006

Page 1

Crosfhocal Mhí Aibreáin Trasna 3 5 7 8 11 12 14 15 16 Síos 1 2 4 5 6 7 9 10 13

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Una Ní Chonaire, Carna, Co. na Gaillimhe. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Ath Cliath 2.

Cinneadh Tubaisteach Glactha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) tar éis cinneadh tubaisteach a ghlacadh chun deireadh a chur le post lánaimseartha an chomhordaitheora Ghaeilge agus post páirtaimseartha a dhéanamh de i gceann 3 seachtaine nuair a chríochnaíonn conradh an chomhordaitheora atá sa phost cheana féin. Tá an cinneadh seo tubaisteach agus beidh go leor drochimpleachtaí ann do chur chun cinn na Gaeilge sna meáin chumarsáide a thagann faoi chúram CCÉ amach anseo. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Go bhfuil an comhordaitheoir Gaeilge atá ann faoi láthair tar éis an-spreagadh a thabhairt don Ghaeilge ar na stáisiúin a thagann faoi chúram an Choimisiúin agus tá ardmholadh ag dul di dá bharr. Tá sé seo ríshoiléir ón méadú mór atá tagtha ar an méid Gaeilge a úsáidtear ar na stáisiúin áitiúla raidió ach go háirithe. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge áfach sna meáin chumarsáide a thagann faoi chúram an Choimisiúin. Tá gaol cruthaithe ag an gComhordaitheoir Gaeilge leis na stáisiúin éagsúla. Tá baol mór ann go gcaillfí an gaol sin muna bhfuil duine lánaimseartha ann le freastal ar na riachtanais a ghabhann leis agus leis na stáisiúin a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid. Chomh maith leis sin tá Acht

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

Teachtaireacht an Uachtaráin d’Ard-Fheis 2006

feithid chealgach (5) bata crúcáin mar a bhíonn ag easpag (7) cladach cloch (8) breathnú; radharc; féachaint (6) deoch a shliogadh (2) cláirseach (5) margadh beithíoch agus eallaigh eile (6) dlí a ritheann parlaimint (4) dhá cheann déag (6)

mo mhairg! (3) sleá bheag (2) toradh an draighin (5) salach; bréan (7) buama (8) suíochán do mharcach ar dhroim capaill nó ar rothar (8) rírá; achrann (6) sprid; gósta (7) ceanúil; báúil (4)

Eagrán 6

na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ag an bpointe seo. Ba chóir go mbeadh an comhordaitheoir Gaeilge lárnach i scéim a chur le chéile chun dualgais an Choimisiúin a chomhlíonadh amach anseo" Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an gCoimisiúin athmhachnamh a dhéanamh ar an ábhar seo agus go gcoinneoidh siad an comhordaitheoir Gaeilge mar dhlúthchuid d'fhoireann lánaimseartha an Choimisiúin. Mas spéis leat do mhíshastacht maidir leis an gcinneadh seo a chur in iúl do Choimisiún Craolacháin na hÉireann is féidir dréachtaighneacht a fháil ó Cheannáras an Chonartha

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais tosaíocht mhór na bliana seo chugainn agus Olltoghcháin 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár. Roimh bhua Stádais, is í an tuiscint choitianta a baineadh as an aidhm sin i gcomhthéacs na hÉireann ná an Béarla agus dhá theanga ón iasacht. Agus bua stádais againn thugamar faoin tuiscint seo a athrú agus a áiteamh go mbainfí an aidhm Eorpach seo amach sa chomhthéacs Éireannach trí dhaoine a chumasú sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus i dteanga ón iasacht. Phléigh saineolaithe an cheist: Caoimhe Máirtín, iar-Cheann Marino; John Harris, Coláiste na Tríonóide; Muireann Ní Mhóráin, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Mary Ruane, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Dónal Ó hAiniféin, Uachtarán Gaelscoileanna; Colmán Ó Raghallaigh, múinteoir meánscoile ó Mhaigh Eo; chomh maith le cainteoirí ón tSualainn, Maí Beijer, agus ó Thír na mBascach; Nahia Intxausi. Pléadh oiliúint múinteoirí agus múineadh na Gaeilge go mion ag seimineár Oireachtas na Samhna 2005 ag a labhair Caoimhe Máirtín, Dónal O hAiniféin, Pól Ruiséal, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus Seosamh Mac Donnchadha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, is iad na príomhmholtaí a tháinig chun cinn mar aidhmeanna gearrthéarmacha (laistigh de 5 bliana): - Go dtabharfadh gach ábhar oide tréimhse bliana acadúla dá chúrsa traenála ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Chinnteodh seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile as seo amach. Moladh deis a bheith ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge dá mba mhian leo. - Go múinfí ábhar de bhreis ar an nGaeilge trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile. Dheimhnigh an Dr John Harris,

Maoinithe ag:

Coláiste na Tríonóide, go bhfaigheann c.30,000 dalta b u n s c o i l e oideachas lánGhaeilge faoi láthair agus, anuas air sin, go múintear ábhar breise nó abhair bhreise trí Ghaeilge do c.116,000 dalta eile. Mhol an Dr. Harris modh seo an pháirt-tumoideachais mar mhodh éifeachach sna scoileanna Béarla agus dheimhnigh go n-éiríonn leis i gcóras atá, tríd is tríd, ag teip daltaí a chumasú sa Ghaeilge. - Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: "Teanga na Gaeilge" agus "Litríocht na Gaeilge". Scrúdaítear cumas an iarratasóra maidir le labhairt, tuiscint, léamh agus le scríobh na teanga bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach i scrúduithe "Teanga na Gaeilge" agus cead ag gach mac léinn an scrúdú sin a shuí. Folóidh "Litríocht na Gaeilge" cruinneas, ceart úsáid, litríocht agus saoithiúlacht na Gaeilge agus cead ag gach mac léinn an cúrsa sin a dhéanamh agus an scrúdú sin a shuí. Mhúinfí "Teanga na Gaeilge" sna scoileanna Béarla agus bhronnfaí pointí CAO ag dul don toradh a bhainfí amach, rud a spreagfadh tuismitheoirí forásacha chun mic léinn a chur ar chúrsaí breise samhraidh agus eile agus a d'ardódh caighdeáin. Ar ndóigh, ba bhuntáiste don chainteoir laethúil Gaeilge a leithéid de leagan amach agus marcanna agus pointí a bheith ar fáil ar an tslí sin. Mhúinfí "Litríocht na Gaeilge" sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge chun freastal ar riachtanais na gcainteoirí laethúla agus chun iad a ullmhu don mhargadh fostaíochta Gaeilge. Bheadh an t-ábhar seo á dhéanamh ag mic léinn eile le cumas maith Gaeilge sa tslí chéanna is a dtugann mic léinn le cumas maith sa mhatamaitic faoin matamaitic fheidhmeach faoi láthair: ábhar breise don dream cumasach, beart eile a d'ardódh caighdeáin.

1 Aibreán 2006

SAN EAGRÁN SEO: 1. Teachtaireacht an Uachtaráin do ArdFheis 2006 2. Téacs trí trí Ghaeilge agus Na Gaeil Oga 3. Dialann Mhí Mhí Aibreáin 4. Aighneachtaí Aighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 5. Eagóir déanta ar an nGaeilge sa státseirbhís státseirbhís 6. Crosfhocal Mhí Mhí Aibreáin 7. Cinneadh Tubaisteach glactha ag Coimisiún Craolachain na hEireann

Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar cheart go comhordaitheoir

mbeadh

• lánaimseartha • páirtaimseartha ag Coimisiún Craolacháin na hEireann Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Téacs trí Ghaeilge agus Na Gaeil Oga Agus fón póca ag ceathrar as chuile chúigear duine fásta sa tír seo tá Éire ar cheann de na tíortha is mó a úsáideann teachtaireachtaí téacs mar chóras cumarsáide. Tá an córas saor, éasca agus, má tá an téacs i mBéarla, sciobtha. Ach scéal eile téacs trí Ghaeilge. Tríd an gcóras tuarthéacs déanann an fón an focal atá uait a thuar, bíonn an scríobh sciobtha. Níl aon chóras tuarthéacs ar fail i nGaeilge. Tá an eagraíocht, Na Gaeil Oga, atá cláraithe mar chraobh den Chonradh fosta, ag cur brú ar chomhlachtaí fóin rogha na Gaeilge a chur ar fáil. Tá suas le cúig mhíle téacs seolta mar chuid den fheachtas. Deir Vodafone go bhfuil an comhlacht ag déanamh staidéir ar roinnt roghanna éagsúla faoi láthair agus go bhfuil sé i gceist acu go mbeadh córas i bhfeidhm taobh istigh de roinnt míonna. Ina ainneoin sin, áfach, níl an cath buaite agus mar sin caithfidh craobhacha an Chonartha agus pobal na

Comórtas na bhFuinneog i mBaile Locha Riach Bhí dianchomórtas le linn Sheachtain na Gaeilge agus comórtas na bhfuinneog i gceist i mBaile Locha Riach. B'iad Gaeilge Locha Riach a d'eagraigh an comórtas i gcomhar le Glór na nGael agus Conradh na Gaeilge.

2.

Is iad seo a leanas na comhlachtaí éagsúla Stáit atá ag glacadh le haighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 sna míonna amach anseo. Mas mian leat aighneacht a chur isteach chuig comhlacht ar leith ach, nach bhfuil an t-am agat aighneacht a dhréachtú is féidir leat teagmhail a dhéanamh le Jamie Ó Tuama sa Cheannáras le dréachtaighneacht chaighdeánach a fháil. • 14 Aibreán, Údarás Áitiúil an Chláir • 19 Aibreán, Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe

• 21 Aibreán, An Foras Riaracháin • 21 Aibreán, An tÚdarás um Ard-Oideachas, achtteanga@hea.ie • 28 Aibreán, An Roinn Gnóthaí Eachtracha, customer.service@dfa.ie, • 28 Aibreán, An Roinn Cosanta Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ag 091 504006 nó tríd an ríomhphost ag eolas@coimisineir.ie

Na Gaeil Oga ag Lá na gCraobhacha Gaeilge i gcoitinne coinneáil orainn ag cur téacsanna leis an bhfocal ‘Gaeilge’ chuig 53033 san fhiche sé contae agus 88122 sa 6 chontae. Caithfidh muid gabháil i bhfeidhm ar Meteor agus O2 go fóill. Mol an óige an tiocfaidh sí!

Dialann Mhí Aibreáin • 7 Aibreán - Oscailt Oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2006. An Staraí Aitiúil, Pádraig O Néill, a dhéanfaidh an oscailt. • 8 Aibrean - Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2006. Eoghan Ó Súilleabhain, Ionadaí ón Roinn Oideachais a bheidh mar aoichainteoir ann. • 8 Aibreán - Dinnéar agus Ceolchoirm na hArdFheise le ceol ó Phádraigín Ní Uallacháin, Albert Fry, Iar-Uachtarán an Chonartha, Dhoiminic Mac Giolla Bhríde, Chonnie Gallchóir agus ó Aodh Ó Duibheannaigh. • 9 Aibreán - Turas bus do lucht na hArd-Fheise • 10 Aibreán - Ionad Saor-Chomhairle Dlí i gCeannáras an Chonartha 7-8. • 14 Aibreán - Údarás Áitiúil an Chláir • 19 Aibreán - Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe • 21 Aibreán, An Foras Riaracháin • 21 Aibreán - Aighneacht don Údarás um ArdOideachas faoi Acht na dTeangach Oifigiúla 2003. • 28 Aibreán - Aigheacht don Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. • 28 Aibreán, An Roinn Cosanta

Aighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifiúla 2003

Pádraigín Ní Uallacháin a bheidh i mbun amhránaíochta tar éis Dhinnéar na hArd-Fheise Feictear go bhfuil an comórtas áirithe seo ag fás is ag forbairt gach bliain. I measc na n-iomaitheoirí a bhain úsáid éifeachtach as an Ghaeilge bhí: Hill's Irish footwear, Digifoto, Dervan's Drapery, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Loughrea Motor factors, Loughrea School Office Supplies, Dolan's Electrical, Ryan's TV agus Banc na hÉireann. Mhothaigh na moltóirí, scoláirí áitiúla ó Ghaelscoil Riabhach, nach raibh sé furasta buaiteoir amháin a roghnú ach sa deireadh roghnaíodh 'Regan's Auctioneering', Sráid Bhríde mar bhuaiteoir na seachtaine. Bhí lucht eagraithe an chomórtais an-sásta leis na hiarrachtaí ar fad i mbliana agus gabhann muid buíochas agus comhghairdeas le gach iomaitheoir a ghlac páirt.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

É agóir Déanta ar an nGaeilge sa Státseirbhís le 30 Bliain Anuas Tá an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tar éis a fhógairt go bhfuil státseirbhísigh le Gaeilge nó a d’fhoghlaim Gaeilge le cabhrú leo ardú céime a fháil sa státseirbhís tar éis cailleadh amach ar an socrú a cuireadh i bhfeidhm i 1975 nuair a tháinig deireadh le riachtanais na Gaeilge le post a fháil sa státseirbhís. Bhí socrú ann go mbeadh 3% nó 6% breise le fáil ag daoine leis an leibhéal cuí Gaeilge nuair a chuir siad isteach ar ardú céime. Bhí an socrú seo ann chun a chinntiú go mbeadh daoine ag gach leibhéal sa státseirbhís in ann seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil. Fógraíodh inniu nár chuir ach leath de na ranna stáit an socrú seo i bhfeidhm le 30 bliain anuas. Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an scéal seo scannalach ar dhá bhealach. Sa chéad áit, tá státseirbhísigh nach bhfuair cothrom na Féinne nuair a bhí siad ag dul d’ardú céime. Séanadh an céatatán breise orthu. Is cinnte go bhfuil cás ag na daoine seo leis an gcúiteamh cuí a fháil ón Stát. Sa dara áit, tá sé tubaisteach go raibh socrú faoi leith ann chun a chinntiú go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar fáil ón státseirbhís don phobal agus nár cuireadh i bhfeidhm é. Beidh ar an Rialtas tacaíocht airgid a chur ar fáil anois chun an oiliúint chuí a chur ar státseirbhísigh le cinntiú go mbeidh seirbhís cheart Ghaeilge ar fáil don phobal.” Molann Conradh na Gaeilge d’aon státseirbhíseach atá buartha faoin ábhar seo comhairle dlí a fháil. Is féidir comhairle in aisce a fháil ag na hionaid FLAC (ionad comhairle dlí in aisce). Eagraíonn FLAC seisiúin i gCeann-Áras an Chonartha.

I ONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ

Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí ar fáil Dé Luain 10 Aibreán idir 7-8 i.n. Tá comhairle ar fáil ar na réimsí dlí seo a leanas: • Cúrsaí Cearta • Dlí Fostaíochta • Leas Sóisialta • Dlí Creidmheasa agus Dochair Bíonn fáilte roimh chách Arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le FLAC (Free Legal Advice Centres) i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Teil: 01 475 7401 R-phost: eolas@cnag.ie Idirlín:www.cnag.ie

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2006 by Conradh na Gaeilge - Issuu