Skip to main content

An Timire - Samhradh 2015

Page 1

Stg

An Eitic agus an Pholaitíocht Nóibhéine don Chroí Ró-naofa 2015 Scéalta na Cathrach Dánta

Timire

www.timire.ie

an Chroí Ró-naofa

Timire Summer 2015.indd 1

05/05/2015 11:24


E

COTHÚ POBAIL IS CRUTHÚ GAELTACHTA

N

íor cheap mé riamh go mbeadh sé d’áth orm cuairt a thabhairt ar na Croí-phobail Ghaeltachta timpeall na tíre ag labhairt faoin Timire. Is bealach é seo leis an Timire a chur os comhair phobal Ghaeltacht na hÉireann agus daoine a mhealladh le síntiús bliana a thabhairt don iris. Is dóigh liom, dála an scéil, go bhfuil ‘Gaeltacht’ ann áit ar bith a bhfuil an seanteanga á labhairt ar bhun rialta i measc daoine. Agus go dtí seo bhí sé d’áth orm deireadh seachtaine a chaitheamh i nGaeltachtaí na Rinne, Chorca Dhuibhne, Chonamara agus Thír Chonaill agus níos mó ná uair amháin in áiteanna éagsúla de na mórcheantair sin. Thug mé cuairt ar phobail eaglasta i roinnt cathracha freisin. Leanfaidh mé liom ar mo chamchuairt agus Níor cheap me riamh go mbeadh sé d’áth comhair an phobail seo, a léitheoirí caoine, ná scríobh chugaibh go pearsanta mar seo ó am go chéile. Ach sin rud atá bronnta ag Dia orm le blianta beaga anuas agus is aoibhinn liom an deis seo a bheith agam. Mar a scríobh mé thuas is é mo thuairim go bhfuil ‘Gaeltacht’ ann áit ar bith a bhfuil an Ghaeilge á labhairt is á léamh ar bhun rialta i measc an phobail. Agus is iomaí áit ar fud na cruinne a bhfuil sin ag tarlú ann. Bhí trácht ar Raidió na Gaeltachta mí Aibreán ar Oireachtas Cheanada. Mar sin creidim go bhfuil scríbhneoirí na Gaeilge ag cothú pobail is ag cruthú Gaeltachta agus muid i mbun oibre. Tá ról lárnach ag an léitheoireacht, bíodh sé i bhfoirm chlóite nó ar líne, le cothú intinne is anama a chur ar fáil do phobal léitheoireachta. ‘Beathaíonn na briathra na bráithre’. Ní aontóidh gach duine a léann an iris seo leis na tuairimí go léir atá ann ach má thugann alt no dhó ábhar machnaimh don duine a léann tá muid sásta. Nuair atá ábhar machnaimh in alt tig leis caint a spreagadh agus áit ar bith a

Timire Summer 2015.indd 2

mbíonn caint bíonn comhluadar. Is cinnte gur féidir le caint achrann a tharraingt ach tá súil againn má coinnímid orainn ag caint is ag éisteacht le chéile go bhfásfaidh comhthuiscint. Sin atá ag teastáil ón bPápa Proinsias nuair atá sé ag tabhairt cuireadh do phobal uile na hEaglaise plé oscailte a bheith eadrainn faoi chúrsai an teaghlaigh i mbliana. Le cúnamh Dé fásfaidh an comhthuiscint atá uaidh. Tuigimid go maith nach bhfuil sa Timire ach gníomh beag amháin i measc an iliomad gníomhartha ag Pobal na Gaeilge ar fud na Cruinne leis an bPobal seo a chothú is Gaeltacht an domhain mhóir a athchruthú sa tríú mílaois seo. Ach is tábhachtach linn ár bpáirt sa ghnó. Is cuid de obair Dé tógáil pobail, pé áit ar domhan a bhfuil sin ar siúl. Tá páirt ag an Timire sa saothar seo le 104 bliain is coinneoidh muid orainn chomh fada agus atá tacaíocht Phobal na Gaeilge linn. Tá muid buíoch as an dtacaíocht sin a chuireann faoin ár súile dúinn go bhfuil áit ann dúinn sa ghníomh cruthaitheach seo. Tá an iris seo ar fáil i gcónaí i bhfoirm chlóite. Tá súil againn go gcuireann sin ar chumas daoine éagsúla an iris a phiocadh is alt a léamh nuair atá sé ina luí thart sa teach. Tá altanna as ar fáil chomh maith ar líne ag www.timire.ie, ag www.tearmann. com agus tá teacht air tré suíomhanna idirlín eile. Tá méadú ag teacht ar líon ár léitheoirí de réir mar a chuireann daoine aithne orainn arís. Coinneoidh muid orainn ar ár gcamchuairt timpeall na hÉireann agus déanfaimid an soláthar ar líne a Go gcuire Dia a bheannacht ar ár saothar uile, go gcothaí sé sinn is na pobail uile a mbaineann muid leo. Go raibh síochán Dé in ar gcroí, an chóir is an ceart i réim in ár measc is go dtuga Dia slán sinn ar fad is an domhain mór a mbraitheann muid air. Beannachtaí ó chroí, Frainc Mac Brádaigh SJ

05/05/2015 11:24


4

Tá Pápa againn: Proinsias

Pádraig Standún

8 10 12

Glaoch chun Seirbhíse Buail agus Osclófar An Eitic agus an Pholaitíocht

16 19 22 23 24

Scéalta na Cathrach Nóibhéine don Chroí Ró-naofa Dánta do Íosa Timire Croí na hÓige An Plean a bhí ag Coileach Máire Nic Fhionnachtaigh faoi agallamh

29 31 32 34 36 38 39

Im Leabharlann Dom - Meeting Mrs. Zebedee Séamus Ó Murchú Dánta Bernadette Nic an tSaoir An t-Earrach sa Ghleann Dónall Ó Cnáimhsí Nuair a thugaimid uainn, tugtar dúinn Tony Ó Ríordáin ‘Seán’ – scéal Grá Tony Mac Cárthaigh Dán: Sceilg Mícheál Ó Siochrú Oideas: Sconnaí Síle Ní Chearbhaill

Caoimhín Ó Ruairc Eilís Ní Mhearraí Rónán Mullen Séamas Ó Catháin Tony Mac Cárthaigh Risteárd de Buitléar Gabriel Rosenstock Katie Mc Greal

Ar dheis Dé: Mrs Áine Wolstenholme, Uasal; Mairéad Bean Uí Shíocháin; An tUas Dónall Ó Cuill; Aindrias Ó Muimhneacháin; Mairéad Ní Chinnéide; Dr Muireann Ní Bhrolcháin

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin.

Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Timire Summer 2015.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 460 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2015 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: €15 / Stg£13

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

05/05/2015 11:24


Pádraig Standún

TÁ PÁPA AGAINN: PROINSIAS

Is beag an difríocht a dhéanann sé don gnáthshagart i mbun a chuid cúramaí, cé atá ina easpag air, nó cé atá ina Phápa sa Róimh. Leanann muid orainn ó lá go lá, ár n-aird dírithe ar an gcéad rud eile atá le déanamh - Aifreann, baisteadh, pósadh, sochraid, stáisiúin, faoistin, éisteacht le céard atá ag déanamh imní do dhuine, beannachtaí agus eile - beag beann ar easpag nó ar Phápa. Braitheann muid gur don phobal, do Dhia, do Mhac Dé, dár gcoinsias, théann thart, gan cúig nóiméad cainte againn le heaspag, agus ní raibh mise i bhfoisceacht ceathrú míle de Phápa, ó bhí mé ar Pháirc na Rásaí i nGaillimh i 1979. Tríd is tríd, ní chuireann Pápa nó easpag isteach nó amach orainn, agus táim buíoch de na hArdeaspaig a bhí orm in Ard-Deoise Thuama ó oirníodh mé, Seosamh Ó Cuinneáin, Seosamh Ó Casaide agus Micheál Ó Néaraigh, mar gur lig siad liom úrscéalta sách bheith mar cheannaire orm. Tá gach sagart ina phápa beag ar bhealach, ina pharóiste, nó san áit ina bhfuil sé ag obair. Nuair a tháinig

Timire Summer 2015.indd 4

Ardeaspag Thuama, Seán Mac Éil ar ais ón gcéad Chomhairle Vatacáin in 1870 tar éis dó a bheith mar dhuine den seisear easpag ar domhain a vótáil in aghaidh do-earráideacht an Phápa a an dtionchar polaitíochta a bheadh ag an bhfógra sin, a chuir sé ina choinne. Cheapfadh ceannairí eile domhanda go raibh Pápa na Róimhe ag rá nach bhféadfadh sé botún ar bith a dhéanamh. nach raibh fadhb ar bith aige le doearráideacht ann féin: “Ceapann gach sagart pobail i mo dheoise féin go bhfuil sé féin infallible” a dúirt sé. An ceart ar fad aige, an uair sin, agus sa lá atá inniu ann, freisin, déarfainn. An méid sin ráite, tá ómós agam do gach Pápa atá i mbróga Pheadair aspal. Is duine daonna gach duine acu agus tá go leor faoina gcúram. Ach an oiread le Peadar é féin, is féidir leo botúin a dhéanamh, daoine a mhealladh, nó daoine a ghortú le ráitis áirithe. Sílim gur mór an cúnamh do Phápa, obair pharóiste a bheith déanta aige, seachas a shaol a bheith caite i mbun staidéir an t-am ar fad. Is léir mar shampla ón méid

05/05/2015 11:24


Is Pápa gach sagart ina cheantar féin!! atá cloiste againn faoi Phápa Proinsias an lae inniu, go bhfuil sé tar éis go leor a Is léir go raibh sé sách géar nuair a bhí mic léinn agus sagairt óga faoina chúram, nach bhfuil gach rud dubh is bán, go bhfuil daoine daonna taobh thiar de na cathanna móra idéalacha a mbíonn an eaglais ag troid ó am go ham. Is maith leis díriú ar bhunteagasc an ghrá a thug Íosa dúinn. Chuaigh Proinsias i bhfeidhm ar phobail an domhain ón nóiméad ar sheas sé amach ar an mbalcóin den chéad uair tar éis dó a bheith tofa, dhá bhliain ó shin, i 2013. Bhí umhlaíocht ag baint leis de réir cosúlachta, bealach éasca aige, muid ó shin go bhfuil iarann ann freisin

fad is a bhaineann sé le daoine mór le rá Chuaigh na heachtraí siombalacha ar nós a ghluaisteán féin a thiomáint, fanacht i dteach lóistín agus eile, i bhfeidhm ar an bpobal. Nach mé a bhí seafóideach fáil

Tá súil agam go dtabharfaidh an Pápa Proinsias aghaidh ar ról na mban san eaglais ar bhealach níos láidre ná mar atá déanta aige go dtí seo. Do dhuine ar bith atá os cionn an trí scór, cuireann sé Pápa eile a toghadh sna seachtóidí deireannacha, Eoin XXIII i gcuimhne Daideo na hEaglaise ar éirigh leis go leor a dhéanamh in achar gearr. Is fada liomsa an lá a mbeimid ag caint ar “Mhamó na hEaglaise.”

Foclóirín: beag beann = gan aird ar; i bhfoisceacht = gar do; do-earráideach = nach féidir leis botún a dhéanamh; umhlaíocht = gan éirí in airde; seafóideach = amaideach

Timire Summer 2015.indd 5

05/05/2015 11:24


Eoghan Ó Cuinn

FÁILTE AGUS FICHE?

AN COMHTHÉACS DOMHANDA Sa mbliain 2014, don chéad uair ó aimsir an dara cogadh domhanda ar aghaidh, chuaigh líon na ndaoine a raibh iallach orthu teitheadh óna dtithe cónaí thar 50 milliún. Ní mór dúinn an taobh daonna den imirce seo a thuiscint. Taobh thiar de gach uimhir agus de gach staitistic, tá daoine ann a bhfuil aghaidheanna agus ainmneacha acu. Tá scéal faoi leith ag gach aon imirceach. chuaigh long a bhí ag tabhairt imircigh ón Libia go dtí an Iodáil go tonn poill taobh leis an oileán Iodáileach, Lampedusa. Tuairiscíodh gur báthadh 360 duine agus tógadh 155 duine ina mbeatha ón tharla i Lampedusa ach eachtra amháin as an iliomad eachtraí a mbíonn an bás mar thoradh orthu, a tharlaíonn go rialta sa Meánmhuir. Is é an toradh a thagann as an dearcadh atá ag údaráis na hEorpa maidir le smacht a choinneáil ar theorannacha ná go bhfuil polasaithe agus bearta ann a thugann tús áite do chúrsaí slándála seachas do cibé gníomhaíocht a mbeadh sé mar aidhm aige daoine a shábháil.

Timire Summer 2015.indd 6

Chuaigh an Pápa Proinsias i ngleic le ceannairí na mballstát ar an ábhar seo nuair a bhí sé ag labhairt do Chomhairle na hEorpa ag deireadh na bliana 2014: “Tá géarghá le cur chuige aontaithe i leith cheist na hImirce. Ní féidir linn a ligint don Mheánmhuir a bheith tiontaithe ina reilig ollmhór.” AN COMHTHÉACS ÉIREANNACH In Éirinn, is é an rud is mó atá ag cur as d’iarrthóirí tearmainn ná an tréimhse istigh sa gcóras ag fanacht ar chinneadh deiridh ar a chás. Tá ceatharacha faoin gcéad de na hiarrthóirí ag fanacht le cuíg bliana ar a laghad, ón am a chuir siad isteach ar thearmann don chéad uair. Tá go leor impleachtaí daonna ann dóibh siúd atá ag maireachtáil go fadtéarmach sa gcóras Soláthar Díreach. Buailtear síos iad maidir le sláinte, idir chorp agus mheabhair, agus maidir le deiseanna traenála; tá siad thíos leis, sa réimse teaghlaigh agus clainne agus ó thaobh na féidireachtaí atá ann chun ról a ghlacadh sa tsochaí. Ní féidir leo a dhul ag lorg oibre agus ní ligtear dóibh ach oiread cúrsaí oideachais triú-léibhéal a

05/05/2015 11:24


Campa Teifeach i Somalila

“Ní féidir linn a ligint don Mheánmhuir a bheith tiontaithe ina reilig ollmhór.” (An Pápa Proinsias) dhéanamh – nuair a chuirtear an dá bhac seo le chéile ar bonn fadtéarmach, is buillí an-trom go deo iad. Is duine ón Afraic é Theo1 agus tá sé ag maireachtáil sa gcóras Soláthar Díreach le seacht mbliana: Theith mé ó mo thír dhúchais toisc go raibh mé i mbaol an bháis. Ach ón am gur tháinig mé go hÉirinn tá sé tuigthe agam go bhfuil go leor bealaí ann chun duine a mharú. Táim ag fanacht ar chinneadh ar mo chás le seacht mbliana agus dáiríre is éard atá ann ná bás mall. Cuireann sé as go mór dom nach iarrthóir tearmainn mé. Tá fonn oibre orm. Níl fonn orm a bheith mar ualach ar éinne. Bliain ó shin,nach mór, bhuail an dubhach mé toisc nach raibh leaba ar maidin. Ní dhéanann sé sin maitheas ar bith do dhuine. Chaill mé

mo dhóchas agus thosaigh smaointe gruama ag brú isteach orm. CLABHSÚR Mar Chríostaithe, iarrtar orainn cabhrú le himircigh a raibh iallach orthu a dtíortha atá siad, nó san Eoraip nó in aon áit ar bith ar fud na cruinne. Thug an Pápa Proinsias rabhadh dúinn ar an ábhar seo: “An cultúr atá ann faoi láthair a chuireann béim ar an tábhacht a théann le dea-bhraistint an duine é féin, tá an baol ag dul leis go ndéanfadh muid a rá go bhfuil domhandú imeartha ar an neamhaird seo.” Ag an am céanna, tugann sé cuireadh dúinn “fáilte a chur roimh gach éinne gan teorainn ná atá i nDia ná grá, sa gcaoi go mbeidh an eaglais, déanta na fírinne, gan teorainn ar bith.”

1. Athraíodh ainm Theo ar son príobháideachais. Bailíodh a scéal ag JRS Éire.

INTINN UILECHOITEANN DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2015 Inimircigh agus Dídeanaithe: Go bhfaighe inimircigh agus dídeanaithe fáilte agus urraim sna tíortha ina mbíonn siad Foclóirín: an iliomad = go leor leor; tiontaithe = iompaithe; impleachtaí = rud a éiríonn de bharr rud eile; iallach = iachall, rud a chaitear a dhéanamh.

Timire Summer 2015.indd 7

05/05/2015 11:24


Caoimhín Ó Ruairc SJ

GLAOCH CHUN SEIRBHÍSE

Bhí mé ag baint taithnimh as mo laethanta saoire i nDún na nGall Mí Lúnasa seo caite le cúigear Íosánach eile. Ní raibh mé ag súil leis an glaoch gutháin nuair a tháinig sé. Cúigíoch na nÍosánach a bhí ar an líne. Eisean atá i gceannas orainn sa tír seo. ‘Gabh mo leithscéal as ucht glaoch ort i rith do laethanta saoire’ ar seisean, ‘ach tá sagart ag teastáil go géar i mBirmingham Shasana, le bheith ina chúntóir ag Máistir na Nóibhíseach. An mbeifeá sásta agus ag baint an-taithnimh as mo phost. Tá dáréag againn sa chomhluadar, seachtar nóibhíseach, beirt bhráithre, agus triúr sagart. Is nóibhíseacht í seo a ina mbráithre nó ina sagairt i gCumann Íosa. Díobh siúd atá anseo faoi láthair, tagann triúr ón Bhreatain, beirt ón Isiltír, agus beirt ón Liotuáin. Mo léan nach bhfuil aon nóibhíseach Éireannach againn faoi láthair, ach tá dóchas againn i gcónaí. Is éagsúil iad na slite beatha a bhí acu atá i mbeirt acu. Tá céim dlí ag fear eile. Iar-mhúinteor duine eile. Ardchéim sa

Timire Summer 2015.indd 8

litríocht ag duine eile. Bhí fear eile ina ábhar sagairt san Ísiltír cheana féin, agus tá an duine deireannach tagtha díreach taréis a mheánscolaíocht a chríochnú. San am atá ann faoi láthair, is iondúil go tríochaidí. Tá sé tábhachtach go bhfuil taithí ar an saol acu, idir staidéar, obair agus aibíocht.. dtugann siad móideanna bochtanais, geanmaíochta agus umhlaíochta agus go nglactar leo mar bhaill de Chumann Íosa, agus gur féidir leo na litreacha S.J. a scríobh i ndiaidh a n-ainmneacha. Tá suas le hocht mbliana le déanamh fós acu sar a n-oirniú mar shagairt nó i gcás na mbráithre tá cúrsaí éagsúla staidéir le leanúint acu. I rith an dá bhliain a chaitheann siad anseo, faigheann siad bunús i spioradáltacht Chumann Íosa, nó spioradáltacht Iognáideach, mar a dtugtar air. Sa chéad bhliain, caitheann siad mí iomlán ar chúrsa spioradálta, na ‘Cleachtaí Spioradálta’ a leag Naomh Iognáid amach, bunaitheoir na nÍosánach. Teagmháil phearsanta le hÍosa is ea croí na míosa sin. Ar ndóigh, tá grá Íosa agus grá Dé go

05/05/2015 11:24


Ar ndóigh, tá grá Íosa agus grá Dé go láidir ina gcroíthe sula dtáinig siad anseo sa chéad áit.

Triúir Nóibhíseach atá le aghaidh a thabhairt ar an mbóthar.

láidir ina gcroíthe sula dtáinig siad anseo sa chéad áit. Déanann siad staidéar ar go leor ábhar a bhaineann leis na hÍosánaigh agus an Eaglais agus téann siad i dtaithí ar shaol an chomhluadair. Lá amháin sa tseachtain téann siad amach ag obair i scoileanna, le daoine gan dídean, le daoine i bpríosúin, nó daoine i dteach altranais. Mar adeir Naomh Iognáid, ‘feictear grá níos mó i ngníomhartha ná i bhfocla’. Chomh maith leis sin, caitheann siad sé seachtaine sa chéad bhliain, agus trí mhí sa dara bhliain ag obair le daoine atá faoi leatrom. I rith an tsamhraidh, téann siad ar oilithreacht siúil ar feadh míosa, gan mórán airgid, agus bíonn orthu brath ar

dhaoine áitiúla chun bia agus leaba na Dhia atá siad. Sa phictiúr atá leis seo, feictear Marc, Richard agus Bastiaan, nóibhísigh sa chéad bhliain, agus iad ar tí bóthar a bhuaileadh go dtí áiteanna éagsúla, mar a phraiticiúil ar shaol na nÍosánach san Ísiltír agus i mBaile Átha Cliath. Má cheapann daoine gur saol ró-chrua do dhaoine óga na linne seo an saol seo, tá dul amú orthu. Nuair atá teagmháil phearsanta ag duine le hÍosa, agus nuair a bhaineann sé/sí le comhluadar a thugann tacaíocht agus grá dóibh, tá gach rud indéanta.

INTINN MHISEANACH AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2015 Gairmeacha Crábhaidh: Go ndéana teagmháil phearsanta le hÍosa an mhian a mhuscailt i mórán daoine óga chun a saol féin a thoirbhirt tríd an sagartóireacht nó tríd an bheatha chrábhaidh Foclóirín: Nóibhíseach = ábhar sagairt nó a leithéid; Móideanna geanmaíochta = Geallúint a thabhairt gan gaol collaíochta a bheith agat le duine eile; Umhlaíocht = Treoracha an duine atá i gceannas a leanúint.

Timire Summer 2015.indd 9

05/05/2015 11:24


Eilís Ní Mhearraí

BUAIL AGUS OSCLÓFAR

Cé mhéad uair atá sé cloiste againn ó dhaoine a bhíonn faoi agallamh sna meáin nó i measc ár lucht aitheantais féin nach mbacann siad le reiligiún nó le a dhéanamh an meon sin a athrú nó glacadh leis mar chuid de ghnáthshaol dhuine a mhaíonn go bhfuil a chaidreamh féin aige le Dia agus nach bhfuil gá le bacadh le struchtúr foirmeálta na Ar an gcéad amharc, is dócha gur féidir a rá nach bhfuil dochar ar bith le creideamh a choinneáil mar rud pearsanta, inmheánach. Ach an bhfuil seo le moladh thar chur chuige ar bith an reiligiún mar bhunús do chogaí agus an uile chineál oilc ó thús ama. Bíonn liosta fáthanna acu cad chuige nár chóir dóibh a bheith bainteach le hEaglais ar bith. Tá daoine ann a cheapann go bhféadfaí droch-cháil a bhaint amach as a bheith ró-pháirteach san Eaglais Ingoldsby ina halt san eagrán deireanach

Timire Summer 2015.indd 10

den Timire, bheadh sé níos éasca admháil go bhfuil tú i d’alcólach ná i do Chaitliceach in Éirinn i láthair na huaire. Tá daoine eile ann a deir nach bhfuil siad páirteach i reiligiún foirmeálta ach go bhfuil a spioradáltacht féin acu, go ndéanann siad a dteagmháil féin le Dia. Tá dream eile fós a deir go bhfuil saol chomh gnóthach sin acu nach bhfuil am acu dul áit ar bith ag an deireadh seachtaine seachas chuig an ollmhargadh agus cúiteamh a dhéanamh ar chodladh caillte na seachtaine. I gcás déagóirí, seans go bhfuil bealach éalaithe ag teastáil uathu ó bheith ag freastail ar ócáidí rialta lena dtuismitheoirí ag an aois sin nuair atá siad náirithe a bheith le feiceáil leo. Nó níl eagna na haoise acu go fóill agus ní léir dóibh an ceangal idir iad féin agus an Eaglais. Cén sampla atá déagóirí ag fáil sin an Bhéarlachais fós in úsáid againn aineolas nó easpa creidimh is cúis leis seo níos doimhne againn ar an Aifreann, ar na sacraimintí eile agus ar thionóil na hEaglaise ná oibleagáid sheachtrach atá

05/05/2015 11:24


níos doimhne a dhéanamh ar an gceist seo agus iarratas Íosa ag an Suipéar Déanach a dhaingniú inár gcroíthe, “Déanaigí seo i gcuimhne ormsa”. Ní féidir le duine ar bith sin a dhéanamh leis nó léi féin. Tá sé intuigthe go bhfuil gníomh pobail ag teastáil chun an An féidir fíor-chaidreamh a chothú le An leor an phaidreoireacht aonarach agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá thíos leis gan ról a ghlacadh in Eaglais ar bith, gan ár mbuanna a úsáid i measc Go minic tagann duine faoi thionchar pháirtí, céile nó dlúthchara agus éiríonn siad as ról a ghlacadh san Eaglais. An féidir linn céile nó cara a mhealladh ar ais San alt céanna, ardaíonn Sinéad focal eile nach gcloistear mórán na laethanta seo i leith an chreidimh leisciúlacht. Caithfear obair a dhéanamh chun teagmháil a choinneáil lenár

bhfréamhacha spioradálta agus ní féidir orainn. Cé gur bunús maith é, ní leor an tuiscint ar an gcreideamh a fuaireamar ar scoil. Tá an saol athraithe, tá cur chuige na hEaglaise athraithe agus tá gach duine againn athraithe, múnlaithe ag an saol agus múnlaithe ag Dia thar na blianta. Ní hionann an creideamh atá againn bliain ó shin. Ach tá ceist eile ann. Conas is féidir le daoine fásta a gcreideamh agus a spioradáltacht a athnuachan go léitheoireachta rialta a chabhróidh linn sin a dhéanamh agus ag lorg daoine le bheith againn ar na ceisteanna seo agus sleamhnú isteach in umair an a bheith dearfach, ár gcroíthe a oscailt an Samhradh seo agus iarraidh ar Dhia ár súile a oscailt do na féidearthachtaí a chuireann sé romhainn. Buail agus osclófar.

Foclóirín: Inmhéanach = taobh istigh; Bealach éalaithe = bealach amach; Oibleagáid sheachtrach = dualgas ón taobh amuigh; A Dhaingniú = a neartú; Múnlaithe = déanta; Athnuachan = a dhéanamh as an nua.

Timire Summer 2015.indd 11

05/05/2015 11:24


An Seanadóir Rónán Mullen

AN EITIC AGUS AN PHOLAITÍOCHT

“To serve is beautiful, but only if it is done with joy and a whole heart and a free mind.” – Pearl S. Buck, Duaiseoir Nobel s ait agus is brónach an scéal é ach má luann tú ceist na heitice agus an pholaitíocht in aon abairt amháin inniu, tosaíonn cuid mhór daoine ag magadh

I

theagasc Arastatal dá chuid daltaí tráth. Is léir go bhfuil fadhb thromchúiseach againn in Éirinn ár linne go háirithe i sin daoine atá amhrasach maidir le cúrsaí eitice sa saol poiblí. Luíonn sé le réasún go mbeadh daoine feargach agus searbhasach i leith ionadaithe poiblí áfach, go mór mór nuair a chuirtear san áireamh an phraiseach a rinneadh d’eacnamaíocht na tíre. Easpa eitice sa réimse poiblí ba bhun leis na heasnaimh sin ar an gcóras daonlathach ar mhórán slite. Cúis imní eile ná go bhfuil lear mór daoine ann inniu sna meáin agus laistigh den chórais polaitiúil a chreideann gur cheart go mbeadh polaiteoirí agus rialtóirí na tíre seo lárnach i gcur chun cinn reachtaíochta nua conspóidí. Is um cheisteanna morálta is sóisialta an

Timire Summer 2015.indd 12

reachtaíocht seo, ceisteanna a bhfuil seasamh láidir ina leith glactha ag Críostaithe, Giúdaigh Moslamaigh agus baill chreidimh eile thar na blianta. San áireamh tá cosaint na beatha sa bhroinn, an eotanáis agus an pósadh comhghnéis, gan ach dornán beag ábhar a lua. Tá cineál coibhneasachta cultúrtha le sonrú go forleathan i measc tráchtairí poiblí agus polaiteoirí in Éirinn an lae inniu. Murab ionann agus Arastatal, maíonn siad nár chóir don rialtas seasamh deimhneach ar bith a bheith aige ar na ceisteanna céanna; ciallaíonn sin nach nglacann na rialtóirí freagracht ná seasamh ar bith mar go gcuirfeadh siad sin isteach ar cheart na saoránach a n-aigne féin a dhéanamh suas. Tá an meon seo lochtach amach is amach; is ráiteas sonrach iad na dlíthe a chuireann rialtas an lae i bhfeidhm ar an léargas fealsúnach atá ag polaiteoirí ár na polaiteoirí céanna go bhfuil sin amhlaidh. Gné eile den scéal seo, gné atá níos contúirtí agus níos tromchúisí fós, go háirithe ó thaobh na sochaí de, ná go leagtar béim as an ngnáth ar luach na

05/05/2015 11:24


Maítear go mba cheart do Chríostaithe agus dóibh siúd a bhfuil creideamh acu fanacht ina dtost.

Sáitear an coincheap sin síos scornach na cosmhuintire, is cuma an aontaíonn siad leis an gcoincheap mar a shainmhínítear é nó nach n-aontaíonn. Thairis sin, maítear go mba cheart do Chríostaithe agus dóibh siúd a bhfuil creideamh acu fanacht ina dtost. Má bith dúinn is é seo é: ba iad siúd a bhí fadradharcach agus géarintinneach a d’aithin go luath go mba bhréagach an teoiric í an choibhneasacht chultúrtha agus go mb’uafásach na torthaí a bheadh ann de bharr na fealsúnachta céanna mar ar bhain sí leis an leas coiteann de. Dúnmharaíodh na milliúin daoine dá deasca, iad go léir imithe ina ngal. Ní féidir le rialtóirí na tíre seo dlíthe a achtú a cheadaíonn an ginmhilleadh, an féinmharú, an eotanáis srl. Is dócha go gceapann siad nach daoine sinn roimh teacht ar an saol dúinn. Nó an é go mba cheart aon duine againn a chaitheamh ar an gcarn aoiligh ar mhaithe le leas na

Ba cheart go mbeadh bonn eiticiúil faoi gach gné de shaol an pholaiteora agus ní poiblí amháin. Déanaimid talamh slán de gur dream iad polaiteoirí a bhfuil córas eitice áirithe ó nádúr acu de thairbhe an stádais aird phoiblí atá bainte amach acu. Ní féidir linn glacadh leis i gcónaí go mbeadh iompar eiticiúil na n-ionadaithe poiblí níos fearr ná éinne eile áfach. Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar a chontúirtí agus atá treochtaí áirithe sa tsochaí. Is treochtaí iad atá á mbrú ar aghaidh go minic trí reachtaíocht a bhíonn á hachtú sa réimse polaitiúil, in Éirinn. Ní féidir gan smaoineamh ar an éifeacht a bheas aige seo ar na glúine atá romhainn. Le bheith beacht, ní féidir le lucht ceannais polaiteoirí fanacht neodrach ar na ceisteanna cinniúnacha sin. Is riaradh anama atá i gceist. Baineann na ceisteanna seo le féiniúlacht

INTINN UILECHOITEANN, IÚIL 2015 An Pholaitíocht: ardleagan den charthanacht Foclóirín: = ceangailte go dlúth; thromchúiseach = an dáiríre; le sonrú = le mothú; léargas = amharc nó dearcadh; treochtaí = sruth atá ag imeacht i dtreo áirithe; coibhneasachta cultúrtha = cultural relativism.

Timire Summer 2015.indd 13

05/05/2015 11:24


SAMPLA MHEIRICEÁ THEAS Dick Fields

Le forleathnú Impireachtaí Caitliceacha na Spáine agus na Portaingéile agus le ról suntasach na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí cuireadh tús le craobhscaoileadh an chreidimh i measc pobal dúchasach chríocha Mheiriceá mar na hAstacaigh agus na hIncigh. Is iad na hOird Chaitliceacha - na Proinsiasaigh, na Doiminicigh, na hAgaistínigh agus na hÍosánaigh - is mó a rinne an obair mhiseanach seo. Tháinig na chéad misinéirí Proinsiasacha go Meicsiceo sa bhliain 1522. Bhunaigh siad scoileanna, ospidéil roinnt Eorpach an raibh na hIndiaigh seo daonna agus ar thuill siad an baisteadh ach dúirt an Pápa Pól 111 i 1537 go raibh a n-anamacha chomh neamhbhásmhar le h-anamacha na nEorpach agus nach ceart goid uathu ná iad a bheith mar sclábhaithe acu. Thug na misinéirí Críostaí deis do na sclábhaithe reatha ealú ón gcás ina raibh siad trí iad a chosaint. Ba é Antonio de Montesinos an chéad Phroinsiaseach agus an chéád bhall den chléir a cháin go poiblí an sclábhaíocht agus leatrom phobal dúchasach Chríocha Mheiriceá. Chuir diagairí mar

Timire Summer 2015.indd 14

de las Casas buntreoracha ar fáil chun cearta daonna an phobail dúchais a bhí chólínithe a chosaint. Chomh maith chosain na hÍosánaigh an pobal dúchais ar an sclabhaíocht trí lonnaíocht leathneamhspleách ar a dtugtar “Reductions” a bhunú. Ag tús an naoú haois déag thosaigh an Spáinn ag iarraidh An Eaglais Chaitliceach a rialú, rud nach raibh ciallmhar Chabhraigh an Eaglais le tíortha Chriocha Mheiriceá éirí amach ina coinne seachas ligean don Spáinn an chomhacht a bhaint díobh. Chruthaigh an chléir an chéad phlean chun an ceangal leis an Spáinn a bhriseadh sa bhliain i 1974 agus rinne siad an chuid is mó den bholscaireacht sna meáin faoi. Nuair a bhailigh na Cairdinéil lé chéile sa Róimh i Márta 2013 chun comharba an Phápa Benedict a thoghadh níor cheap aon duine go dtoghfaí Jorge Bergoglio ón Airgintín. Tá suas le leath den 1.2 billiún Caitliceach sa domhan i Meiriceá Laidineach agus ní raibh Pápa ó Meiriceá Laidineach riamh ann. Chomh maith tá imní ar an Vatacáin faoin laghdú ar an gCaitliceachas atá tarlaithe ann le deich mbliana anuas. Thar na blianta chaith mise am i

05/05/2015 11:24


Ritheann na Bráithre ionad buail isteach darb ainm “Centro Hermano Manolo”

Lasann cailín coinneal i seipéal insealadach i Sucre, Bolivia

Meiricea Theas bainteach hOrd na nUinseannach i Hondúras agus leis na Braithre Críostaí i Buenos Aires, Airgintín chonaic mé an Eaglais gníomhach i réimse an oideachais, sna hospidéil agus ar thionscnaimh shóisialta bainteach le daoine a mhaireann ar an imeall sa domhan inniu. I dtíortha an Triú Domhan tá an dream meán-aicmeach beag agus tá an chuid is mó acu bocht. Sna tíortha bochta seo tá a lán reiligiúnach idir chaitheann a saol ar son na ndaoine bochta seo ag cabhrú leo, ag impí ar a son agus ag tacú leo. I 2010 agus 2012 chaith mé dhá mhí gach bliain ag maireachtáil leis na Bráithre Críostaí i Cochambamba. Sa chomhluadar seo bhí beirt Éiireannach, beirt Mheireacánach agus ceathrar Peiriúch ag obair leis agus ar son na “Street Workers/Street Children”.

Seanstáisiún Traenach i Cochambambo. Ainmníodh an t-ionad in onóir Bráthair Críostaí a rugadh i Luimneach agus a chaith breis agus daichead bliain mar mhisinéir i Meiricea Theas. Oibríonn Oibrithe Sráide Cochambamba nach bhfuil ach 8mbliana d’aois agus suas gach lá i dtreo go mbeidh bia agus soláthair eile ag a gclanna móra. Sula sroicheann siad na blianta deagóra tá cuid mhaith díobh tugtha don alcól agus d’andúil gliú a loiteann a gcóras néarógach. Tá cuid mhaith acu marbh sula mbíonn tríocha bliain d’aois acu ag fáil bháis d’andúil, d’alcól agus de dheasca foréigin. Tá na Bráithre ag obair leis na buachailí óga seo, á gcoimeád ar scoil, ag cabhrú leo lena scolaíocht, ag eagrú spórt dóibh agus tograí eile agus ag labhairt ar a son D’oibrigh mé ag an ionad gach lá, áit ar tháinig na buachailí ag lorg cabhrach lena obair bhaile, bia a thabhairt dóibh agus cúram leighis a cur ar fáil dóibh. Bhuailimis leo chomh maith ar na sráideanna agus thugaimis cuairt orthu ina dtithe ar Shléibhte Andes. Tá tionchar mór dearfa ag na Bráithre agus comhpháirtithe eile orthu agus fanann an chuid is mó díobh leis an scolaíocht, ag freastal ar Oideachhas Triú Leibhéal agus ag foghlaim ceirdeanna nua. Ta an t-Ionad ag dul ó neart go neart. Is sampla an togra seo atá á riaradh ag na Bráithre den obair atá á déanamh ag an Eaglais agus ag na hOird Reiligiúnach ar son na mbochtán is boichte i Meiriceá Theas.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA : NA BOCHTA I MEIRICEÁ LAIDINEACH I dtimpeallacht eagothroimí sóisialta, go dtuga Críostaithe i Meiriceá Laidineach cothroime a bhaint amach. Foclóirín: Astacaigh = ‘Aztecs’; neamhbhásmhar = feirm shamplach; leatrom = cos ar bolg; lonnaíocht = bailte cónaithe; reiligiúnach = daoine a ghlacann móideanna saol coisricthe a chaitheamh.

Timire Summer 2015.indd 15

05/05/2015 11:24


Séamas Ó Catháin

SCÉALTA NA CATHRACH Capall agus cairt lasmuigh de mhargadh na Torthaí agus Glasraí, Lána Mhuire, BÁC. Tógadh na pics seo go léir i 1980.

Éireann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. a cuireadh tús i bhfómhar na bliana 1979 leis an scéim ar baisteadh an Togra Béaloidis Uirbigh (The Urban Ba de thoradh ar mholadh a d’eascair as meitheal oibre de chuid an Rialtais a tháinig i gcumhacht sa bhliain 1977 chun moltaí a sholáthar a dhéanfadh fadhb mhaolú a tháinig an tionscnamh seo chun tosaigh. The Youth Employment Action Team an t-ainm a bhí ar an meitheal sin iar-bhainisteoir pheileadóirí Átha Cliath a bhí ina Chathaoirleach air. Roinn Saothair a theagmhaigh liomsa i mo Chartlannaí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann san am ag bailiú eolais faoin ollchnuasach lámhscríbhinní agus ábhar eile béaloidis a bhí faoi mo chúramsa san am. Tháinig sé ar cuairt agam faoi dhó nó faoi thrí agus chaith muid roinnt mhaith ama ag cur is ag cúiteamh faoi bhearnaí sa bhailiúchán nár mhiste go líonfaí iad dá bhféadfaí é. Le scéal fada a dhéanamh gairid ba ar a laghad de ghaisce a rinneadh faoi bhéaloideas na hardchathrach a thiomsú

Timire Summer 2015.indd 16

ar bhun córasach a dhírigh muid ár n-aird go príomhdha. Seancheantracha lár na cathrach á mbánú agus bruachbhailte imeall na cathrach – thuaidh agus thiar go speisialta – á gclúdach de réir a chéile le cótaí straighin agus an iomad eolais faoi thraidisiúin na bpobal agus na n-áiteacha sin uilig faoi seach á gcailleadh dá bharr. B’shin é an port ba mhó a bhí againn araon sa phlé a bhí eadrainn. Tamall fada ina dhiadh sin tháinig glaoch chugamsa ó Sheosamh Mac Éil, a seoladh chuige gan aon choinne aige an nuaíocht chéanna sin aniar aduaidh ormsa chomh maith, mar scolb ná scéal níor chuala mé faoi chúrsaí na scéime san idirlinn agus ní raibh aon súil agamsa leis an íocaíocht ollmhór sin ach oiread fúmsa ó thús go deireadh agus chuas i mbun pleanála láithreach bonn maidir leis an deontas mór sin a chaitheamh. Ar an chéad dul síos, ceapadh cúigear céimithe cáilithe dár gcuid, daoine a raibh eolas acu ní amháin ar a raibh i gceist le béaloideas go teoiriciúil ach a raibh taithí phraiticiúil áirithe acu ar bhailiú an bhéaloidis agus blas éigin faighte acu

05/05/2015 11:24


ar obair pháirce dá réir sin. Theastaigh lárionad faoi leith uainn – ceanncheathrú hollscoile. Seomra mór amháin fad agus leithead an tí agus díreach faoina dhíon fáil dúinn faoi dheireadh. Bhí bua mór amháin ag Teach Newman mar cheanncheathrú – bhí sé suite i gceartlár na cathrach a raibh muid chun tabhairt faoina cuid traidisiúin bhéil agus traidisiúin dúchasacha eile a iniúchadh, a bhailiú agus a thiomsú le chéile. Theastaigh trealamh chuige sin, ar ndóigh, agus tugadh faoi thaifeadáin agus ceamaraí mar aon le trioc agus eile den chineál sin a cheannach. Phléigh mise agus an cúigear tosaigh sin a fostaíodh leagan amach na scéime agus dréachtadh plean oibre don tréimhse go Nollaig na bliana 1979 agus chuas i mbun oibre ar bonn trialach i thús na bliana 1980, bhíthear i mbun an chéad bhaicle eile céimithe gan post a

Timire Summer 2015.indd 17

go deireadh na bliana bhí suas go dtí ochtar déag ar fad ag aon am amháin ag dul don obair ar fud na cathrach agus i limistéir éagsúla i gcontae Átha Cliath agus i dtuaisceart chontae Chill Mhantáin chomh maith. Leagadh de dhualgas ar na bailitheoirí faisnéiseoirí a aimsiú, an t-eolas a bhí acu a thaifeadadh agus a thras-scríobh, an t-ábhar sin a innéacsáil, cuntas dialainne dá gcuid imeachtaí a choinneáil ó lá go lá agus anuas air sin grianghraif a thógáil agus físthéipeanna a dhéanamh. B’iondúil, mar sin, go mbíodh cuid acu amuigh faoin chathair, agus cuid eile faoi dhíon Theach Newman istigh ag déanamh cúraim dá gcuid dualgais taobh istigh. Nuair a bhí deireadh déanta, agus na pictiúirí a tógadh. Ba nós le cuid de na bailitheoirí raon uaigneach a leanstan, cuid acu sin ag póirseáil leo ó dhoras go doras agus ó shráid go sráid. Thaitin le cuid eile acu arís ceantracha éagsúla na cathrach a shiúl ina mbeirteanna ag tabhairt cuairt ar ionaid lae nó ar thithe cónaí do

05/05/2015 11:24


Ag ceannach seamróige, Sráid Anraí, BÁC.

Cúipéirí ag obair, Powers Distillery,BÁC.

sheandaoine. Dhírigh cuid acu ar an aos óg ag bailiú eolais faoina gcuid cluichí agus caithimh aimsire siúd agus a gcuid

speisialta cúrsaí tórraimh. Bailíodh eolas faoi na nithe seo uilig agus mórán eile

mar Chluain Dolcáin agus An Rinn/An Baile Gaelach agus Na Saoirsí. a iniúchadh ar mhórscála agus rinneadh suirbhé ar thithe tuí den seandéanamh agus toibreacha beannaithe in áiteacha mar Lusca agus an Ros. Rinneadh ceistiúcháin a dhréachtadh agus a scaipeadh agus lorgaíodh eolas faoi théamaí áirithe mar nósanna a bhain le ócáidí faoi leith i rith na bliana cosúil leis an tSamhain agus nósanna a bhain le cúrsaí báis go

na cathrach ach ó dhaoine a raibh cónaí orthu inti le fada an lá ach a rugadh agus a tógadh in áiteacha eile fud fad na tíre. Tá torthaí an togra mhóir sin ar caomhnú anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann ar Átha Cliath mar a bhfuil fáil ag an phobal orthu idir lumbairne agus lambairne. Féach: www.ucd.ie/irishfolklore/ga/ ancnuasachgrianghrafadoireachta/ antograbealoidisuirbigh1979-1980

a theagmhaigh liomsa = a rinne teagmháil liom; ollchnuasach = bailiuchán mór; a thiomsú = a bhailiú le chéile; dréachtadh = cuireadh le chéile; baicle = grúpa; póirseáil = ag cuardadh.

COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA CÉ DÓIBH: FAD: Alt 700 focal. DUAISEANNA: SPRIOCDHÁTA: Tús Mí Iúil

Timire

In eagrán an Gheimhridh den Timire bhí alt le Sinéad Ingoldsby ina bpléann sí cleachtadh an chreideamh sa lá atá inniú ann agus na deacrachtaí a ghabhann leis. thabharfaí ar dhuine a déarfadh nach raibh baint aige le haon eaglais ach go raibh a spioradáltacht is a chaidreamh féin aige le Dia. Léigh alt an Chroí Ró-naofa Éilís san eagrán seo. Séard atá uainn ná go dtabahrfá do thuairim féin ar an ábhar ag tabhairt san áireamh, más maith leat an tuairimíocht atá léite agat in alt

Timire Timire Summer 2015.indd 18

05/05/2015 11:24


NÓIBHÉINE DON CHROÍ Tony Mac Cárthaigh Beidh tús á chur leis an Nóibhéine Déardaoin 4ú Meitheamh agus cuirfear i gcrich í Dé hAoine 12 Meitheamh 2015.

CONAS AN NÓIBHÉINE A GHUÍ

Is don 9 lá roimh Fhéile an Chroí Ró-naofa, 27 Meitheamh 2014, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an Nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Is í á dhéanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an Nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach. Tá an Nóibhéine seo bunaithe ar na céimeanna a úsáidtear san ‘Lectio Divina’ ach iad a bheith leagtha amach níos simplí. Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus déan do mhachnamh air go mall, glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort, léigh arís é, déan do mhachnamh mar atá leagtha amach sna céimeanna thíos.

SEO A LEANAS NA CÉIMEANNA: 1. Paidir oscailte 2. Léigh an giota den Bhiobla roghnaithe don lá i gceist

Timire Summer 2015.indd 19

3. 4. 5. 6. 7. 8. 9. 10. 11.

Léigh an Scrioptúr arís Éist le hÍosa ag labhairt leat Léigh an píosa Scrioptúir don 3ú huair Lig le do chroí labhairt le hÍosa

Léigh an Scrioptúr don uair dheire anach 12. Suigh go ciúin ar feadh 4 neomat i 6. Paidir ag an gcríoch

PAIDIR DON NÓIBHÉINE PAIDIR OSCAILTE: Go mbeannaí an Tiarna mé agus go gcumhdaí sé mé. Go dtaithní gnúis an Tiarna orm agus go raibh sé caoin liom. Go nochta an Tiarna a ghnúis dom agus go dtuga sé síocháin dom. Go raibh an Tiarna liom i rith na Nóibhéine seo agus impím ort, a Thiarna, an gar a iarraim le linn na Nóibhéine a dheonú dom (achainí chun maitheas shíoraí a fháil domsa agus chun Ríocht do chirt, do shíochána agus do ghrá a chothú anseo ar talamh.

05/05/2015 11:24


PAIDIR AG AN GCRÍOCH: A Íosa rónaofa agus aiséirithe, go raibh croí lán de ghrá agus de dhóchas agam agus go láithreacht chosmach nuair a scríobh sé – “I see his blood upon the rose And in the stars the glory of his eyes, His body gleams amid eternal snows, His tears fall from the skies. The thunder and the singing of the birds Are but his voice – and carven by his power Rocks are His written word. All pathways by his feet are worn, His strong heart stirs the ever-beating sea, His crown of thorns is twined with every thorn, His cross is every tree. I ngach aon réalt tá glór a shúil. Mar shneachta a cholainn, is ritheann fós A dheora geala ón spéir anuas. Is léir a ghnúis i ngach aon bhláth An toirneach agus scol gach éin A ghuth, ar ndóigh – is snoite A chumhacht sa charraig féin. Is é a shiúil gach cosán dearg, A chroí a bhogann an ton tuile, A chros is beo i ngach aon bhile.

AN CHÉAD LÁ: 4 MEITHEAMH Scrioptúr: “Miníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i Machnamh: Léigh go mall is déan do mhachnamh, Cad a deir an giota? 1-2 neomat go ciúin. Leigh arís é is éist le

Timire Summer 2015.indd 20

hÍosa ag labhairt leat. ciúin. Léigh don 3ú huair é is lig le do chroí labhairt le hÍosa. Léigh arís eile é is Suigh go ciúin 3-4 neomat i gcuideachta an Spioraid Naofa.

AN DARA LÁ: 5 MEITHEAMH. Scrioptúr: “Ná meabhraigí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigi ar an tseagcrích agam. Tá sí ag gobadh amach, nach

Machnamh: Léigh is déan do mhachnamh, Cad a deir an giota? Leigh arís é is éist le hÍosa ag labhairt leat. Léigh don 3ú huair é is lig le do chroí labhairt le hÍosa. Léigh arís eile é is Suigh go ciúin ar feadh 3-4 neomat i gcuideachta an Spioraid Naofa

AN TRÍÚ LÁ: 6 MEITHEAMH Scrioptúr: “…déanaigí ríocht Dé agus a …..nithe eile daoibh chomh maith. Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; bíodh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.” Machnamh: Léigh is déan do mhachnamh. hÍosa ag labhairt leat. Léigh don 3ú huair é is Lig le do chroí labhairt le hÍosa. Léigh arís eile é is suigh go ciúin ar feadh 4 neomat i gcuideachta an Spioraid Naofa

AN CEATHRÚ LÁ; 7 MEITHEAMH Scrioptúr: “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do lucht an dobhróin agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht fulaingthe saor; ag fógairt Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas

05/05/2015 11:24


AN CÚIGIÚ LÁ: 8 MEITHEAMH Scrioptúr:“Na bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d’ainm, is liomsa thú. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.” (Íseáia 43: Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas

AN SÉÚ LÁ: 9 MEITHEAMH Scrioptúr: “Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní heol do sheirbhísigh gnó a máistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a chuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh agus a cheapadh chun go n-imeoidh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé, ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm, go dtabharfadh sé daoibh é. Is iad seo m’aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.” (Eoin. 15; Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas

AN SEACHTÚ LÁ: 10 MEITHEAMH Scrioptúr: “Le linn an tsuipéir….d’éirigh agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ni cosa na ndeisceabail agus a dtiormú leis an tuáille……..Ansin, tar éis dó a gcosa a ní…….shuigh sé chun boird agus dúirt sé leo: ‘An dtuigeann sibh cad Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas

AN TOCHTÚ LÁ: 11 MEITHEAMH Scrioptúr: “Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh pras ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh…. Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. …..Ní rachfaidh Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas.

AN NAOÚ LÁ: 12 MEITHEAMH Scrioptúr: “Ansin, lá sabóide, nuair a bhí Íosa ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí. Dúirt na said ag déanamh ruda nach dleathach an tsabóid ar son duine, ní dhearnadh ar son na sabóide; sa chaoi go bhfuil Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.’” Machnamh agus urnaí: mar atá mínithe thuas.

Foclóirín: Nóibhéine = Urnaí gach lá ar feadh 9 lá; go gcumhdaí = go gcosnaí; caoin = cineálta; ar chuntar = ar choinníoll; chosmach = i ngach a bhfuil cruthaithe; i bhfochair = in éineacht le

Timire Summer 2015.indd 21

05/05/2015 11:24


DÁN D’ÍOSA Risteard de Buitléar

Is áille Íosa ná an chruinne Is ná bláth róis ná lile;

Is tú, a bhláth chaomh ó Mhuire, A chuaigh i ngnáthghaol linne. Is milse ná siúcra,

Is ná drúcht meala mine

Is ná mil bhríoch bheatha,

Ó! Íosa mór mac Muire.

COMÓRTAS Cuirfear cóipeanna de na leabhair

Conair na Fraince go Santiago agus Srapnal Cén tír ina bhfuil Santiago de Compostella? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh:

Máire Uí Dhubhgáin, ‘Dower’, Bóithrín na Manach, Cathair Chorcaí Freagra: Co. Dhún na nGall. Cóip de An Bíobla do Pháistí buaite aici

Timire Summer 2015.indd 22

05/05/2015 11:24


Timire Croí na hÓige

AN PLEAN A BHÍ AG COILEACH

Gabriel Rosenstock

Bhí dosaen ubh ag Cearc ar an Luan. Aon ubh déag a bhí aici ar an Máirt. Deich n-ubh Dé Céadaoin. chomharsanacht!’ Rith sí suas síos, soir is siar agus Coileach á lorg aici. Bhí Coileach ansin agus é ina sheasamh ar charn aoiligh, ar garda. ‘Is breá an garda thusa!’ arsa Cearc leis. Nuair a chuala Coileach scéal na n-uibheacha bhí sé ar deargbhuile. ‘Cé? Cé a shleamhnaigh isteach?’ ar sise. ‘Nathair Dhubh! Cé eile!’ ‘Nathair Dhubh? Ó, Dia ár réiteach!’ Bhrostaigh Cearc ar ais go dtí na huibheacha. Bhí an chuid eile de na huibheacha – ach ubh amháin – slogtha ag Nathair Dhubh fad is a bhí Cearc amuigh ag caint le Coileach. Lig Cearc liú aisti agus thit i bhfanntais. Tháinig Coileach ag rith. ‘A Chearc! A Chearc!’ arsa Coileach, ‘Ó, a Chearc a mhíle grá!’ D’oscail Cearc leathshúil. ‘Cad a dhéanfaimid?’ ar sise leis. ‘Tá plean agam,’ arsa Coileach. An lá dár gcionn, chuaigh Coileach agus Cearc amach ag spaisteoireacht dóibh féin. Nuair a thug Nathair Dhubh é sin faoi deara, shleamhnaigh sí isteach agus shlog an ubh dheireanach! ‘Aisteach!’ ar sise léi féin. Níor bhris an ubh mar a bhris na cinn eile. Bhí an ubh shlogadh. Sa deireadh rith sí as aer. Tachtadh í. slogtha aici!

Timire Summer 2015.indd 23

05/05/2015 11:24


Timire Croí na hÓige MÁIRE NIC FHIONNACHTAIGH

Katie McGreal

B

hí saol oibre iontach leathan go dtí

sí leis an bpáipéar Lá agus í ag taisteal timpeall na tíre agus ag iarraidh teacht ar shíntiúsóirí nua don pháipéar. ‘Ní raibh na “pop-ups” galánta atá ann anois ar fáil an uair úd,’ a deir sí, ‘Is cuimhin liom go ndearnamar seastán dár gcuid féin as adhmad agus é curtha le chéile le hinsí beaga miotail agus tháinig sé in éineacht liom timpeall na tíre i mo charr beag glas’. Bhain sí sult as a bheith ag taisteal timpeall na tíre agus agus í ag freastal ar imeachtaí, féilte agus ócáidí. Ach ansin thosaigh caint ar ionad Gaeilge i mBéal leis an gcaint sin ar fad. Ní raibh taithí ar bith aici ar chaifé a reáchtáil, ach nuair a bheartaigh siad go mbeadh caifé beag chuid den ionad Gaeilge nua seo (CultúrMáire a chuir siad i gceannas air. ‘Ní dhearna mé aon rud den chineál sin riamh,’ a deir Máire, ‘ach fuair mé cuidiú iontach.’ mbliana agus deir sí gurbh in an post is fearr a bhí aici riamh. Is bean iontach neamhspléach í agus bhí sí i gcónaí mar sin. Bhain sí sult as a bheith ag obair di féin. Síleann Máire go bhfuair sí an neamhspleáchas agus an dearcadh sin óna muintir. Nuair a bhí clann a máthar níos óige, bhí beagán airgid ag seanathair Mháire

Timire Summer 2015.indd 24

agus bheartaigh sé feirm bheag a oideachas a thabhairt dóibh. Dá bharr sin chuir máthair Mháire béim ollmhór ar an oideachas le linn óige Mháire. Ach fós féin, tá rud éigin ar chúl intinn Mháire á rá go ba mhaith léi a gnó féin a reáchtáil. nó drochbhail ar ghnó smaoiníonn sí faoi leis. Níl beartaithe aici aon rud a dhéanamh faoi na smaointe sin anois díreach; tá sí breá sásta san áit a bhfuil sí agus í ag plé le hairgeadas agus le riarachán Raidió eamh nua an raidió a bhfuil caint air le tamall anuas. Ní raibh Gaeilge sa chlann ná i gceantar sí a chuid Gaeilge ar scoil agus ghlac sí ballraíocht leis an gCumann Gaelach in Ollscoil na Banríona nuair a bhí sí ann. ‘Déarfainn gurbh in an rud is fearr a rinne mé le linn na tréimhse sin,’ a deir sí. Chuir sí aithne ar dhaoine a bhí gníomhach ó thaobh na Gaeilge de tríd an gcumann sin agus is as sin a fuair sí poist agus spéis in athbheochan na Gaeilge i chun cinn na Gaeilge agus í ag obair go crua ar phleananna agus forbairt Raidió Bhain Máire céim amach sa Tíreolaíocht ón ollscoil, cé gur thosaigh sí ag staidéar eolaíochta sóisialta. I ndiaidh na hollscoile rinne sí cúrsa sa Bhreatain Bheag le beith ina cartagrafaí, bíodh go

05/05/2015 11:24


Máire Nic

cuireadh brú ar a hiníon féin ó bhí sí cúig bliana déag d’aois le cinntí a dhéanamh

mórán post cartagrafaíochta ann. ‘Ní raibh mé riamh buartha faoi phost

chreideann Máire gur rud maith é an brú sin.

mé buartha faoi theach a cheannach nó aon rud ar sin.’ Síleann sí go bhfuil an meon sin ath-

Tá Katie McGreal ainmnithe ar Ghearr Liosta do Réalt Óg Cumarsáide na bliana.

Foclóirín: lár an aonaigh = i lár gach rud; a reáchtáil = a rith; cartagrafaíochta = eolas ar léarscáileanna.

Tomhas an Timire: 180

1

2

3

4

5

6

7

8

Leid: Cónaíonn sé nó sí in aice leat. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil. TEACH, OBAIR, MÁTHAIR, ATHAIR, DORAS, GRÁ, SOLAS, CARA

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2, roimh 30 Meitheamh 2015 Tomhas 179: Freagra: Meitheal Buaiteoir: Euan Palmer, Inis Meáin, Árainn, Gaillimh

Timire Summer 2015.indd 25

05/05/2015 11:24


crosfhocal

Duais €30 le buachaint

ANUAS

TRASNA

Scríobh CROSFHOCAL ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Meitheamh 2015 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Parthalán Mac Giolla Coille, Lann Léire, Droichead Átha, Co. Lughaí

Timire Summer 2015.indd 26

05/05/2015 11:24


Timire Summer 2015.indd 27

05/05/2015 11:24


Tomás Ó Ceallaigh

IM LEABHARLANN DOM Creidim Fós agus aistí eile Eagarthóir: Éilís Ní Anluain Comhar, €15.00

I

Léirmheas: Tomás Ó Ceallaigh

s éard atá sa leabhar seo ná rogha aistí agus léirmheasanna ar ghnéithe den nualitríocht ó pheann Eoghan Uí hAnluain, fear a bhí ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar feadh go leor blianta. Leabhar den chéad scoth atá anseo – tá bailiúchán rí-spéisiúil ann de shaothar critice an údair agus ina theannta seo tá réamhrá breá ón eagarthóir, Éilís Ní Anluain, chomh maith le hinnéacs cuimsitheach. Tá clár saothair ann freisin a bhfuil rianú ann ar obair Uí hAnluain ó 1973 go 2010. Go fíor-mhinic na laethanta seo, foilsítear leabhair den sórt seo gan innéacs ar bith agus is easnamh an-mhór go deo é seo a chuireann isteach ar go leor léitheoirí. Ar ndóigh is iníon an scríbhneora í an t-eagarthóir agus ní nach ionadh mar sin go bhfuil nótaí pearsanta,

Timire Summer 2015.indd 28

fuaite ar fud an leabhair. Ag deireadh an leabhair tá sciar de ghrianghraif teaghlaigh ann – ina measc feictear Eoghan Ó hAnluain ina ghasúr timpeall na bliana 1948 agus tá pictiúr gleoite ann den eagarthóir agus a hathair le chéile agus í ina páiste óg. Ar bealach is rud píosa beag neamhchoitianta é grianghraif ach is leabhar é seo a bhfuil grá agus ómós an eagarthóra dá hathair le braistint tríd síos ann agus tá na nótaí pearsanta uilig ceart, cóir agus feiliúnach. Bheadh sé deacair aon scríbhneoir lua nach bhfuil tuairimí spéisiúla faoina shaothar ar fáil anseo. Tá na fathaigh liteartha ar fad ar an stáitse anseo : Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, An Piarsach agus Breandán Ó hEithir. Is díol spéise é áfach nach i ngort na Gaeilge amháin a bhí Eoghan Ó hAnluain ag treabhadh agus tá aistí i nGaeilge anseo aige freisin ar shaothar Béarla de chuid Hugo Hamilton agus Declan Kiberd. Ní raibh drogall ar bith ar Ó hAnluain dul i ngleic leis an gconspóid agus leis an díospóireacht atá ann le blianta maidir le todchaí na Gaeilge. In aiste lárnach an leabhair, Creidim Fós, tá an méid seo le rá aige agus é ag tagairt don Aontas Eorpach agus don aontacht pholaitiúil atá ag

05/05/2015 11:24


druidim linn, dar leis: “Iad siúd nach miste leo a bheith ina meirdreacha faoi gach críonchóisir tá an tEorpachas i mbarr a ghoib acu agus iad ag géarú ar a ndíspeagadh ar an nGaelachas is údar náire dóibh ina gcroí.” Sa racht feirge seo, ní hé an léachtóir léannta ollscoile atá ag caint linn ach duine eile ar fad polaitiúil a bhfuil a chroí gafa le go leor rudaí eile taobh amuigh den litríocht. Sa leabhar breá seo feictear a ghéire agus a dhoimhneacht intinne ar gach aon

Meeting Mrs Zebedee: A Personal Guide to Faith Críostóir Ó Floinn Original Writing 2012 161 lch, €12.50

carachtair áirithe as na Soiscéil, agus is dóigh leis gur daoine stairiúla iad uile. Léamh pearsanta a thugann sé orthu ar alltacht ar aon duine. Tosaíonn sé leis an mbean ar a dtugann sé ‘Mrs. Zebedee’, sé sin máthair na n-aspal Séamas agus Eoin. Seo í an bhean a iarrann ar Íosa tús áite a thabhairt dá Léiríonn an eachtra sin nach raibh aon tuiscint ag lucht leanúna Íosa ar cad a bhí ar siúl aige. Measann Críostóir nach n-admhófaí é sin in aon saothar bolscaireachta, agus dá bhrí sin gur scéal fíor é. Tá bá ar leith aige leis an mbean seo, óir cuireann sí a mháthair féin i gcuimhne dó. Tugann sé cuntas beo bríomhar ar na carachtair éagsúla a roghnaíonn sé. Tá ábhar machnaimh go háirithe sa chaibidil ar Shíomón an Círéineach. Is cuimhin le Críostóir fós na mothúcháin dóláis a bhíodh air le linn Turas na Croise agus é ina gharsún. (An raibh sé ceart buairt mar sin

iompair Íosa a chrois féin, deir an triúr eile gurb é Síomón a d’iompair í. Léirmheas: Séamus Ó Murchú Tá breis is 50 bliain ann ó scríobh t-úrscéal Lá Dá BhFaca Thú. Ó shin i leith tá sé ag saothrú na litríochta gan stad, i i mBéarla. Le roinnt blianta anois tá sé ag díriú ar na cuimhní cinn, ag cur síos ar a óige i Luimneach, agus ar a shaol mar údar agus mar mhúinteoir. Téamaí creidimh is mó atá sa treis ag Críostóir sa leabhar seo. Ach tá na cuimhní cinn ann chomh maith, agus is mó de shaothar cruthaitheach é ná de shaothar taighde. Ag brath ar a thaithí féin mar scríbhneoir scrúdaíonn sé

Timire Summer 2015.indd 29

éagóir a rinneadh ar an údar tráth, nuair a bhris sagart áirithe as a phost é. Brúchtann an scéal go léir amach sa chaibidil ar Iúdás (cé nach bhfuil aon ann don léitheoir, ach ní móide go bhfaca Críostóir aon chúis gáire ann san am. Ar aon chuma tháinig sé slán as an gcruachás ina raibh sé, agus fuair sé post eile. Agus tháinig a chreideamh slán, d’ainneoin chleasaíocht an chléirigh úd. Níor chaill sé riamh an creideamh simplí agus ós na mná rialta ar scoil. Foclóirín: ag saothrú = ag obair ar; sa treis = in uachtar; ní móide = ní cosúil

05/05/2015 11:24


Timire Summer 2015.indd 30

05/05/2015 11:24


DÁNTA

le Bernadette Nic an tSaoir FEAR GORM GEAL leabhair Black Like Me

Do chuir sé air an culaith breá gnó A d’oir dá ghairm mar iriseoir I nuachtán mór le rá. Do ghluais i measc an tslua Roimh dhul ar an mbus mór Greyhound Mar a léigh an déistin ar aghaidh na ngeal, Urghráin don Ghormach is é faoi tharcaisne Ag an bhfuath a mhair sa stánadh nimhe; É sin nó dreach gan aird ar bith, An gorm ar aon chéim dar leo Leis an snámhaire péiste is lú A théann ag sraoilleadh leis Os cionn talún. Do lig a scíth i ndoircheacht na hoíche A bhí chomh dubh leis an dton a cheil Go dtí gur thréig an dath is chuaigh as. É arís ina chló gheal féin, Do chuir sé air an culaith breá gnó Mar a dheineadh gach aon lá. Bheannaíodar dó, na daoine gheala Gurbh é a chuir orthu an geal ina dhubh, A thuig anois céasadh a bhráithre

FEAR AN BHUS

Le Contrôleur le Jacques Prévert

Bog leat bog leat Go beo Bog leat bog leat Tá an iomarca daoine ag taisteal An iomarca daoine ag taisteal Go beo brostaigh ort Tá scata fós sa scuaine Scata i ngach aon áit Morán Éireann acu Ar an dtairseach Nó fós i bpasáistí broinn a máthar Brostaigh brostaigh bog leat Brúigh an truicear Mar sin maraigh tú féin beagán Bog leat bog leat Bímis dáiríre Tá’s maith agat nach féidir moilliú Ní mór dóthain slí do chách Turas gearr a bhí ráite Turas gearr ar thalamh Turas gearr ar dhroim an domhain Turas gearr is gread leat Bog leat bog leat Go beo Bíodh béasa agat Ná bí ag brú. File agus aistritheoir ó Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí is ea Bernadette Nic an tSaoir. Coiscéim agus mórán dánta léi i gcló ar irisí éagsúla le blianta anuas. Beifear ag súil leis an gcúigiú cnuasach Ar Faonoscailt , arís ó Choischéim, go luath i 2015.

Timire Summer 2015.indd 31

05/05/2015 11:24


Dónall Ó Cnáimhsí

AN t-EARRACH SA GHLEANN

Tig neart agus fuinneamh i gcolainn an duine le teacht an earraigh agus le himeacht dhuáilceas an gheimhridh. Idir musclaíonn ardú beag i dteas na gréine agus dúchasach atá sa chine dhaonna obair shláintiúil, obair shásúil amuigh in aer úrghlan an earraigh. Níl obair níos sláintiúla ná níos sásúla ná bheith ag cur síolta i gcréafóg i dtús an earraigh. Ag athdhearbhú arís an dúchais agus an traidisiúin sin a fuair muid ó na glúnta a chuaigh romhainn. Tá dóchas agus súilíocht ag baint le cur síolta i gcréafóg. Dóchas go bhfásfaidh na síolta agus súilíocht go mbeidh toradh maith ar an obair i ndeireadh na bliana. Tá dóchas agus súilíocht de dhíth ar an chine dhaonna. Anseo sa ghleann, is é cur na bprátaí an chéad deis sa bhliain spád a chur i dtalamh, deis an chré dhubh a rómhar agus a oibriú. Deis an salachar a chur faoi dhéanann muid anseo, taispeántas le cur i gcuimhne do chuairteoirí na traidisiúin dhúchasacha a bhí ag ár sinsir. Traidisiúin

Timire Summer 2015.indd 32

atá ligthe i ndearmad a bheag nó a mhór. Leathdhosaen druileanna go díreach a bhíonn againn, dhá throigh eatarthu, agus iad 10 slat ar fad, leathchloch sceallán i ngach druil agus ceithre orlach déag eatarthu. I mbliana roghnaíodh na cineálacha Hibernia, Dempsey’s Darling, Druid agus Caitríona. Rinne mé scoilteáin de na Druid mar bhí siad gann. Chuir mé aoileach lena dtaobh agus chlúdaigh leis an gcré iad, beidh siad le cibeal amach anseo i dtrátha na cincíse dar ndóigh. Thíos ag bun an chip chuir mé ceithre scór planda cáil sna hathphrátaí, cál Ghorta Choirce a thugtar air, mar gheall go bhfuil teaghlach Mac Suibhne as an cheantar sin á sholáthar leis na cianta. Cál mór millteanach atá ann a chuireann is mór an pléisiúr bheith ag breathnú air ag dhul i méad. Ach faraor tá siad faoi bhagairt anseo, mar tá na giorriacha chomh hocrach le muca. Tá gaistí agam ar fud na háite, ceapaim iad agus scaoilim saor iad ag barr an ghleanna, ach mo léan sílim go mbíonn siad ar ais romham. Is iomaí mionn agus mallacht a chuirim ina ndiaidh, a Chríost tabhair maithiúnas dom.

05/05/2015 11:24


Tá dóchas agus súilíocht ag baint le cur síolta i gcréafóg.

Istigh sa teach gloine tá síolta á gcur dheirg, síolta biatais, síolta pise agus pónairí agus cainninne. Tá luibheanna mar chamán míonla, córlann, lus mín agus tansae. Tá bláthanna mar dháilia, lúipín, agus go leor buíán buí. Tá an teach ag cur thar maoil. Beidh an t-iomlán le haistriú amach chun na gceap roimh dheireadh na Bealtaine le cuidiú Dé.

Is cinnte gurb aoibhinn go deo saol an gharraíodóra.

Tá suan an gheimhridh thart; Nach aoibhinn dúinn a bheith beo? An t-earrach linn, An samhradh romhainn, Is an ghile a gabhann leo. (Tomás P. Mac Anna)

Foclóirín: duáilceas = easpa lúcháire; laethanta na riabhaí = seal drochaimsire ag deireadh Márta/tús Aibreáin; = doiléir; instinneach = a thagann go nádúrtha, gan smaoineamh; súilíocht = súil le rud maith; cibeal chip > ceap = limistéar beag curaíochta; gaiste lus mín = dill.

Timire Summer 2015.indd 33

05/05/2015 11:24


Tony Ó Ríordáin SJ

NUAIR A THUGAIMID UAINN, TUGTAR DÚINN Ní gnách liom mórán suime a chur sa snúcar, ach nuair a d’éist mé le Paul ag labhairt ar an turnaimint snúcair a bhí díreach eagraithe aige, ardaíodh mo chroí. Bhí Paul ag labhairt ar an spraoi agus gliondar a bhain daoine as an turnaimint – idir iomaitheoirí agus lucht féachana. Shílfeá gur i gcraobhchomórtas an domhain a bhí siad páirteach. Is go deonach a d’eagraigh Paul an turnaimint. Rinne sé amhlaidh mar go bhfaca sé nach mbeadh mórán le déanamh aige féin ná ag na príosúnaigh eile le linn deireadh seachtaine saoire bainc, agus go mbeadh caitheamh aimsire agus spórt san imeacht, seachas an gnáthamh leamh laethúil a bhainfeadh an croí de dhuine. Agus cé gur bhain gach éinne sult agus tairbhe as an turnaimint, chonachathas domsa gurb é Paul an té ba mhó a bhain leas as. Iarrann an Pápa Proinsias orainn paidir a rá ‘go dtabharfaidh oibrithe deonacha dhéanamh díobh siúd atá i ngátar.’ Táim cinnte go bhfuil na daoine iomadúla a bhainfeadh leas as am agus as buanna na n-oibrithe deonacha ina aigne aige. Is minic a dhéanann oibrithe deonacha obair láimhe agus cúraimí eile chun cuidiú le carthanais, agus is as amharc an tsaoil

Timire Summer 2015.indd 34

mhóir a dhéanann siad é. Cuimhním ar an dream a ullmhaíonn bearta bia. Bailíonn siad an bia ó na

an gcúlráid agus atá go breá sásta a den tábhacht chéanna a leithéid d’obair agus an obair a dhéanann na daoine a chaitheann a gcuid ama ag bualadh agus ag tacú leo siúd a bhfuil gá acu le cabhair. Tugann na mílte a gcuid ama ar an gcaoi seo, cuir i gcás daoine a dhéanann anraith a sheachadadh don dream atá gan dídean inár gcathracha, agus ar leith. Is gnách le hoibrithe deonacha den chineál seo méid áirithe ama a chaitheamh leis an obair ar bhonn rialta, go seachtainiúil nó go míosúil. Le déanaí, chuaigh an bealach a nglacann daoine cúram orthu féin go deonach chun plé le riachtanais aonuaire, chuaigh sé i bhfeidhm orm. ar na riachtanais nuair a bhíonn duine ar iarraidh. Tagann na sluaite amach – daoine de gach aois – agus iad go minic faoi threoir comhlachtaí deonacha ar nós

05/05/2015 11:24


Tarlaíonn rud éigin i saol agus i gcroí na ndaoine a dhéanann an obair dheonach.

eagraíochtaí cuardaigh agus tarrthála. Is freagairt an-chumhachtach a thugann an pobal ar fad ar an gcruachás ina mbíonn muintir duine atá ar iarraidh. Agus ní i gcásanna tragóideacha amháin a tharlaíonn a leithéid – féach iad sin a thagann amach chun airgead a bhailiú ar son dea-chúiseanna de gach cineál. Mar sin, nuair a ghuímid an mhí seo iarrachtaí na n-oibrithe deonacha atáimid ag cuimhneamh i ndeireadh na dála. Ina dhiaidh sin, tarlaíonn rud éigin i saol agus i gcroí na ndaoine a dhéanann an obair dheonach, freisin. Braitheann go leor acu go bhfuil brí san obair a dhéanann siad, agus agus bíonn fonn orthu obair den saghas céanna a dhéanamh arís, uair i ndiaidh a chéile. De réir mar a thugann siad iad féin gnóthaíonn siad luach saothair nach féidir luach airgid a chur air agus nach féidir a ghnóthú ar bhealach ar bith eile. D’eagraigh Paul turnaimint snúcair leadráin orthu ar a léibheann sa phríosún. D’aimsigh na príosúnaigh caitheamh aimsire bríoch don deireadh seachtaine, agus ardaíodh amach as leimhe an

Paul ar riachtanas. Ach nuair a d’éist mé le Paul tháinig mé arís ar an bhfírinne sin a chloisim ó dhaoine eile a théann i mbun oibre go deonach agus iad ag labhairt ar a dtaithí. Cé gurb é a bhí ar intinn ag Paul freastal ar ghá a bhí ag daoine eile, d’aimsigh sé féin sásamh agus áthas nach mbíonn ar fáil ach amháin ag an duine a thugann é féin ar an mbealach sin. Ag an nóiméad sin bhí sé saor mar dhuine. Go leor daoine eile a oibríonn go deonach, braitheann siad saoirse den dheonach daoine ó ghnáthrialacha an chomhchaidrimh a chuireann luach airgid ar gach aon rud, saothar daoine san áireamh. Nuair a thugaimid sinn féin suas dár ndeoin féin, is é seo an t-eispéireas is mó a thugann luach saothair agus is mó a dhéanann daonna sinn. Mar sin, in intinn an Phápa Proinsias an mhí seo, ní ar son an dreama atá i ar son an tionchair bhunathraithe is féidir a bheith mar thoradh ar an obair dheonach chomh maith. Mar a dúirt San Proinsias go breá gonta “nuair a thugaimid uainn, tugtar dúinn”.

Foclóirín: an gnáthamh = na rudaí a thárlaíonn gach lá; iomadúla = go leor; ar an gcúlráid = in áit nach bhfeictear iad; bríoch = a raibh brí leis; i ngátar = a bhfuil gá acu le rud éigin.

Timire Summer 2015.indd 35

05/05/2015 11:24


Tony Mac Cárthaigh Dhá scéal – ceann atá bunaithe ar sheanscéal de chuid na nGiúdach agus ceann atá fíor

deartháireacha. Bhídís ag obair le chéile ann gach lá agus roinnidís go cothrom na barra a stórálaidís ina scioból féin i ndeireadh an lae. Bhí duine den bheirt pósta agus clann mhór air. Bhí an fear eile singil. Lá amháin dúirt an deartháir singil leis féin: “níl sé ceart go bhfuilimid ag roinnt na mbarr go cothrom. Tá a lán cúraimí ar mo dheartháir lena chlann mhór. Tá mise liom féin, gan na buarthaí sin. Mar gheall air sin, d’aistrigh sé roinnt dá bharra féin go scioból a dhearthár go rúnda i lár na hoíche. Ag an am céanna thosaigh an deartháir pósta ag machnamh: ‘Níl sé ceart ná cóir go bhfuilimid ag roinnt na mbarr go cothrom. Nuair a bheidh mise aosta tabharfaidh mo chuid páistí aire dom. Cad a dhéanfaidh mo dheartháir nuair a a aistriú go rúnda i lár na hoíche go scioból a dhearthár shingil. Bhí ionadh ar an Oíche amháin bhuail said le chéile leathshlí idir a dtithe. Thuigeadar cad a bhí ag titim amach agus thugadar barróg dá chéile. De réir an scéil, chonaic Dia an rud a tharlaigh agus dúirt sé – ‘Is áit bheannathe í seo. Tógfaidh mé mo

Timire Summer 2015.indd 36

“An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, Tá aithne agam ar ‘Sheán’. Tá sé anghníomhach ina phobal. Ní raibh saol éasca aige. Bhí fadhbanna móra aige, idir galar intinne, andúil, eisimirce, deacrachtaí leithéid. Ach ina n-ainneoin sin, níor chaill sé dóchas riamh. Bhí meon dearfach i gcónaí aige mar aon le haidhm a sheacht ndícheall a dhéanamh saol daoine eile a an saol ag dul go maith dóibh agus a bhí ar imeall na sochaí. Tá sé an-ghnóthach anois mar cheannaire i dtionscadal gairdín ar nós na gluaiseachta ‘Men’s Sheds’. Conas a tharlaíonn sé go bhfuil sé chomh dóchasach sin agus a chroí lán i slí pharadacsúil mhíorúilteach sa Scoil Saothair inar chaith sé a óige. Bhí an saol an-chrua ann gan dabht. Ba mhinic é in neamhghnách. Chaith sé a lán dá chuid ama sa Scoil Saothair sin ag obair agus ag tabhairt aire don reilig agus do na leaideanna óga a bhí curtha ann. Mhothaigh sé faoiseamh agus dóchas

05/05/2015 11:24


Tá ‘Seán’ an-ghníomhach ina phobal. Ní raibh saol éasca aige. Bhí fadhbanna móra aige.

chun é sin a mhíniú. “When I began working in the graveyard of that industrial school I was 16 and was on the verge of despair. Through studying the names and dates on the graves that ranged from babies up to 18 years and by caring for their resting place, I came to realize that unlike those poor devils, I was indeed lucky to be alive! I knew that unlike them I would eventually be released. I made a promise that I would make sure that their story would be told because they could never do so. I was holding their hope as well as my own. In a strange way they gave me hope and I carry theirs. That is why I now do what I do and why I never gave up in spite of all my nervous break-downs and countless personal problems.” Seo scéal Sheáin i nGaeilge ghlan: “Bhí mé sé bliana déag d’aois nuair a thosaigh mé ag obair i reilig na Scoile Saothair sin agus bhí mé in ísle brí. Trí na hainmneacha agus na dátaí a bhí ar na huaigheanna, idir naíonáin agus buachaillí

ocht mbliana déag d’aois, a scrúdú, agus trí chúram a dhéanamh dá n-uaigheanna, thuig mé de réir a chéile gurbh amhlaidh a bhí an t-ádh ormsa a bheith beo, murarbh tamaill, rud nach raibh i ndán dóibhsean. Gheall me go bhféachfainn chuige go n-inseofaí a scéal mar nach bhféadfaidís féin é a insint go deo. Bhí a ndóchas-san agus mo dhóchas féin ag brath ormsa. Thug siadsan dóchas domsa ar bhealach neamhghnách agus iompraímse a ndóchas siúd. Sin é an fáth a ndéanaim an rud a dhéanaim agus nár thug mé isteach riamh in ainneoin a mhinice a chlis na néaróga orm agus an iliomaid fadhbanna pearsanta atá agam.” ar a thrua agus a ghrá dá chompánaigh sa reilig agus dúirt –‘Bhunaigh mé mo theampall díreach san áit sin’. “Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.”

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA LÚNASA: LÁMH CHÚNTA A THABHAIRT DO DHAOINE AR AN IMEALL Agus sinn ár séanadh féin, go dtaga muid ar an tuiscint conas a bheith inár gcomharsana maithe acu sin atá ag maireachtáil ar imeall na beatha agus na sochaí.

Timire Summer 2015.indd 37

05/05/2015 11:25


DÁN Mícheál Ó Siochrú

SCEILG Ar stuaic na carriage tá paiste féarmhar le lámhacán níos airde arís chuig an teorainn idir cloch is síoraíocht, Os cionn raon na fuaime glacann cánóg scíth i mo araicis, scalann stua gléigeal thíos, briseann is soilsíonn na ribíní bána go síothlaítear iad, faoileán ar guardal ag dúnadh sciathán le saighdeadh chun iascaigh is tá an t-aer breac le broighill, saidhbhéir is caobhaigh, iad ar fad ina dtost. Anso in anallód dhreap manach éigin an staighre creagach is chuaigh ar na ceithre boinn thar an bpaiste féarmhar seo

daonnaí leochaileach croctha ar an imeall, spiorad cumhachtach san aer ar a shástacht i seilbh an tsaibhris. Scréach ghutha laistíos ag fógairt na tuirlingte is is leasc liom bogadh, turas anacrach romham, seacht gcéad strapa garbha, strácáilim liom ach cuireann dúshlán na fána chuig an gcallán múisiam orm.

Timire Summer 2015.indd 38

05/05/2015 11:25


SCONNAÍ Le Síle Ní Chearbhaill Chuaigh mé ar thuras timpeall ar thuaisceart na tíre le déanaí agus mar chuid den turas sin bainteach leis an Titanic. Rinne mé sin ar mo lá deireanach agus mar chuid den eispéireas bhí tae beag againn ar nós an tae beag a riaradh ar an mbád féin sula ndeachaigh sí faoi thoinn. Cuireadh rogha leathan ceapaire agus císte os ár gcomhar. Is freastalaí a bhí gléasta i stíl an Titanic a riar an tae dúinn i gcupáin phoircealláin. Ach an rud is mó a thorthaí an duine dúinn le subh sú talúin agus uachtar. Is minic a dhéanaimid dearmad ar an sconna sa lá atá inniu ann toisc go bhfuil cupcakes agus taosráin difriúla ar fáil. Ó shin i leith tá mé tar éis an- chuid ama a chaitheamh ag tástáil oideas le haghaidh sconnaí chun teacht ar sconna ar nós an chinn a fuair mé an lá sin. Measaim go bhfuil sé aimsithe agam anois agus cúpla leagan malartach de mo chuid féin freisin. COMHÁBHAIR: 450g plúir bán 50 siúcra mionaithe 2tsp púdair bácála Gráinnín salainn 250ml bainne MODH: 1. Réamh-théigh an t-oigheann chuig 220c/ gásmharc 7. 2. Criathraigh an plúr, púdar bácála agus salann isteach sa bhabhla. (is gá duit é 3. Cuimil isteach an t-im. Corraigh isteach an siúcra. 4. Déan tobar i lár an mheascáin agus doirt isteach an chuid is mó den bhainne agus tarraing le chéile le do lámh é chun taos bog a dhéanamh. Cuir isteach breis bainne más gá. 5. Iompaigh amach ar chlár ar a bhfuil beagán plúir agus fuin go héadrom agus go tapa. 6. Roll amach chuig tiús 3cm agus gearr le gearrthóir sconna. 7. Bris an ubh isteach i mbabhla agus buail le forc. Tum gach sconna san ubh agus cuir ar thráidire bácála plúraithe.

Timire Summer 2015.indd 39

8. Bácáil san oigheann ar feadh 15 nóiméad nó go bhfuil dath donn órga orthu. 9. Bain den tráidire iad agus fuaraigh ar thráidire sreinge. LEAGANACHA MALARTACHA SCONNAÍ CHAOIRE: Cuir isteach 50g sú chraobh roimh an bainne. Is féidir 50g sheacláide bháin a chur isteach leis seo freisin. SCONNAÍ PHIORRA AGUS ALMÓINNE: Cuir 2 phiorra aibí (gan chraiceann agus agus cuir 50g almóinne ar barr an ghlónra. SCONNAÍ SEACLÁIDE: Cuir 75g de phíosaí seacláide isteach roimh an bainne.

05/05/2015 11:25


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin; An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna; Deichniúr den phaidrín a rá gach lá ar intinní an Phápa don mhí.

MEITHEAMH INIMIRCIGH AGUS DÍDEANAITHE Go bhfaighe inimircigh agus dídeanaithe fáilte agus urraim sna tíortha ina mbíonn siad.

IÚIL AN PHOLAITÍOCHT ardleagan den charthanacht.

LÚNASA OIBRITHE DEONACHA lucht na gannchoda.

MEÁN FÓMHAIR DEISEANNA DON ÓIGE Go dté i líonmhaireacht na deiseanna oideachais agus fostaíochta ata ar fáil do dhaoine óga.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Summer 2015.indd 40

05/05/2015 11:25


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
An Timire - Samhradh 2015 by Conradh na Gaeilge - Issuu