
2 minute read
2 Taifeadadh plandaí roimh 2000
Tá traidisiún taifeadta plandaí fiáine againn a théann siar go dtí nótaí neamhfhoilsithe Richard Heaton sa 17ú haois, agus ina dhiaidh sin Flóraí na hÉireann le Caleb Threlkeld (Synopsis Stirpium Hibernicarum, 1727) agus J T McKay (Flora Hibernica, 1836). Faoi dheireadh an naoú haois déag, bhí córas na leas-chontaetha tugtha isteach ag R L Praeger. B’ionann go leor acu sin agus contaetha an lae inniu, ach bhí na contaetha ba mhó roinnte ina gcodanna, rud a d’fhág go raibh 40 leas-chontae in Éirinn ach 32 contae. I bprionsabal, d’fhéadfaí cur síos, nó léarscáiliú fiú, a dhéanamh ar mhinicíocht planda ar fud na hÉireann trí thagairt do na leaschontaetha ar aimsíodh é iontu.
Ó shin i leith, tá luibheolaithe ag déanamh doiciméadú níos córasaí ar na háiteanna a n-aimsítear plandaí fiáine, de réir contae de ghnáth, ach uaireanta de réir ceantar áitiúil amhail Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, Loch nEathach agus oileáin Bhá Bheanntraí. Tá Cumann Luibheolaíoch na Breataine agus na hÉireann (BSBI) ag comhordú na dtaifead ar phlandaí ó bhí lár an fichiú haois ann. Balleagraíocht neamhspleách eolaíochta is ea an Cumann, ag a bhfuil comhordaitheoir deonach i ngach leas-chontae. Tugtar an taifeadóir leaschontae ar an duine sin. Tháinig méadú de réir a chéile sa dara leath den 20ú haois ar an méid spéise a léiríodh i bplandaí fiáine na hÉireann a thaifeadadh, méadú a bhí ag teacht a bheag nó a mhór leis an méadú a tháinig ar rathúnas, am saor, pobail uirbeacha, agus nithe ab údar imní maidir leis an gcomhshaol. Chuir an Cumann tacaíocht eolaíoch ar fáil gan amhras, ach is é fírinne an scéil gurb iad grúpaí beaga luibheolaithe a rinne an chuid ba mhó den obair chrua. I gcuid mhaith cásanna bhí na luibheolaithe sin páirteach i gcumainn áitiúla, cumainn mór le rá ar nós Chumann Allamuigh Nádúraithe Bhaile Átha Cliath agus Chumann Allamuigh Nádúraithe Bhéal Feirste ina measc.
Advertisement
Sa chéad Atlas, a foilsíodh siar sa bhliain 1962, bhí Cumann Luibheolaíoch na Breataine agus na hÉireann ar thús cadhnaíochta ó thaobh úsáid a bhaint as líon mór oibrithe deonacha le sonraí a thaifeadadh i gcearnóga eangaí 10×10 km na Suirbhéireachta Ordanáis, sonraí a úsáideadh ansin le bonn eolais a chur faoi léarscáiliú na n-áiteanna a raibh plandaí ag fás go fiáin. Cuireadh na hoibrithe deonacha ag obair le sonraí a thaifeadadh maidir leis na cearnóga, tasc nár bheag óir go bhfuil beagán os cionn 1,000 cearnóg dá leithéid in Éirinn. Más rud é gur aimsíodh speiceas i gcearnóg, bhí ponc le feiceáil sa chearnóg sin ar an léarscáil dáileacháin. Ba mhór an dul chun cinn an tAtlas agus tuigtear anois a thábhachtaí a bhí sé mar fhoilseachán. Léiríodh go leor gnéithe de dháileadh na bplandaí sa Bhreatain agus in Éirinn ann agus bhí leagan amach tarraingteach, éasca le tuiscint air chomh maith. Leis sin, bhí an bealach réitithe d’atlais ghreille-bhunaithe maidir le raon leathan orgánach beo, lena n-áirítear éin agus go leor grúpaí feithidí.
A selection of some of the Irish county and regional floras. Rogha leabhar maidir leis an bhflóra i gcontae nó réigiún ar leith in Éirinn.
Micheline Sheehy Skeffington