1 minute read

INSIDE OUT

Féachtar leis an tionscnamh nua seo ó Mná100, i gcomhar le múinteoirí ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus le scoláirí i bPríosún Mhuinseo, le béim a chur ar ról agus ar thaithí na mban sna himeachtaí claochlaitheacha a tharla idir 1912 agus 1923 - an tréimhse a bhfuilimid ag cuimhneamh uirthi anois i nDeich mBliana na gCuimhneachán. San fhóta-aiste seo, tá scéalta na mban mór le rá agus na mban nach bhfuil chomh mór sin a cuireadh i bpríosún i rith an ama sin tugtha ar aird againn.

“Tá an tábhacht a bhaineann le guth na bpríosúnach — príosúnaigh a bhí ann agus atá ann anois araon — a chloisteáil, i gcroílár an tionscadail Staire seo. Trí fhocail agus obair chruthaitheachta na bpríosúnach a roinnt ón taobh istigh go dtí an taobh amuigh, beidh na ballaí a bhí ciúnaithe agus scartha roimhe seo anois ina láithreáin foghlama agus mhachnaimh. Ó tharla go raibh rólag an bpríosún agus ag na príosúnaigh maidir le bunú an Stáit, is cuí atá sé gur féidir le príosúnaigh ó Ionad Oideachais Mhuinseo cur le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

- Paula Egan

This article is from: