DEONTAS DO DHAOINE IN AOIS A gCÉID FOIRM IARRATAIS Is éard atá sa Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid ná an dámhachtain a bhronnann Uachtarán na hÉireann: (i) ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bhfuil céad bliana d'aois bainte amach acu (ii) ar shaoránaigh Éireannacha a rugadh ar oileán na hÉireann a bhfuil céad bliana d'aois bainte amach acu agus a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát. Ba chóir do dhaoine i gcatagóir (ii) nó a n-ionadaithe an fhoirm iarratais seo a chomhlíonadh. PRIONTÁILTEAR GO SOILÉIR I MBLOCLITREACHA. Tá an cháipéisíocht seo a leanas de dhíth le haois, aitheantas, áit bhreithe agus saoránacht Éireannach an éilitheora a dhearbhú: teastas breithe sibhialta an éilitheora agus/nó pas Éireannach; i gcás nach ionann sloinne éilitheora agus a s(h)loinne breithe, seol ar aghaidh cóip den teastas pósta nó cáipéisí ábhartha eile; dhá chruthú ar áit chónaithe (ar nós comhfhreagrais seolta chuig an éilitheoir maidir le pinsean, billí fóntais phoiblí, cáipéisíocht tí altranais, etc.) Ní mór don cháipéisíocht maidir le háit chónaithe a bheith eisithe le trí mhí anuas. Cáipéisí bunaidh atá de dhíth, ní ghlacfar le fótóchóipeanna. Eisítear an deontas i bhfoirm seic in airgeadra áitiúil agus é iníoctha leis an éilitheoir. Mar sin, sula mbronnfar deontas ar bith beidh ar gach éilitheoir a dhearbhú go bhfuil cuntas airgeadais ina (h)ainm ar féidir íocaíocht an deontais a lóisteáil ann. B'fhéidir go lorgóidh feidhmeannaigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ábhar breise le sonraí an éilitheora a dhearbhú agus beidh áthas orthu an cineál cáipéisíochta a bheadh oiriúnach mar cháipéisí tacúla a phlé le héilitheoirí nó a n-ionadaithe. Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe agus na cáipéisí tacúla a chur chuig: AN AMBASÁID/ARD-CHONSALACHT ÉIREANNACH IS CÓNGARAÍ DUIT (sonraí ar fáil ar www.dfa.ie) nó chuig Deontas do dhaoine in aois a gCéid An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 80 Faiche Stiabhna Baile Átha Cliath 2 Teil: (+353 1) 4780822 Facs: (+353 1) 4082026