Skip to main content

An tUachtarán Catherine Connolly - An Chéad 12 Mí - The First 12 Months

Page 1

AN tUACHTARÁN

CATHERINE CONNOLLY AN CHÉAD 12 MÍ THE FIRST 12 MONTHS

UACHTARÁN NA hÉIREANN THE PRESIDENT OF IRELAND


Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly President Catherine Connolly

ii

SUMMARY REPORT 2025/2026


19 Samhain 2025, An tUachtarán Connolly ag imeacht de chuid An Taisce i Halla na dTáilliúirí. 19 November 2025, President Connolly at An Taisce event in Tailors Hall.

Clár | Contents

Is achoimre ghearr atá sa tuarascáil seo ar chuid de na príomh dhualgais atá curtha i gcrích ag an Uachtarán Catherine Connolly sa chéad 12 mí in oifig di. Déanfar Athbhreithniú Bliana iomlán, eolas airgeadais san áireamh, a fhoilsiú sa bhliain nua ina ndéanfar cur síos ar an tréimhse ó 11 Samhain 2025 go 31 Nollaig 2026. This report provides a brief summary of some of the key work undertaken by President Catherine Connolly over her first 12 months in office. A full Year in Review publication covering the period from 11 November 2025 to 31 December 2026, including financial information, will be published in the new year.

Insealbhú na hUachtaránachta Presidential Inauguration Ag tabhairt cuairt ar agus ag tacú le pobail i chuile chontae Visiting and supporting communities in every county Ag leanúint le hobair na síochána Continuing the work of peace Ár nglór in úsáid ar ardán an domhain Using our voice on the world stage Aitheantas d’ár nDiaspóra Acknowledging our Diaspora An Ghaeilge faoi bhláth Allowing the Irish language to flourish Meas d’ár dtimpeallacht Valuing our environment Ag ceiliúradh ár n-oidhreacht agus ár gcultúr Celebrating our culture and heritage Ag tacú lenár n-imeachtaí spóirt Supporting our sporting events Ag comóradh ár staire Commemorating our history Reachtaíocht á scrúdú agus sealbhóirí oifige á gceapadh Examining legislation and appointing office holders

02 04 06 08 10 12 14 16 18 20 22

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 01


Insealbhú na hUachtaránachta 11 Samhain 2025

Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Insealbhaíodh Catherine Connolly mar deichiú Uachtarán na hÉireann ar an 11 Samhain 2025. Bhí seo tar éis Toghchán na hUachtaránachta ar an 24 Deireadh Fómhair tráth go bhfuair sí an líon ab airde riamh, 914,143, de vótaí uimhir a haon, sciar 63.36% den vóta bailí. Ina haitheasc labhair an tUachtarán Connolly faoin bhfís a bhí aici maidir le Poblacht na tíre, “Poblacht ar fiú a hainm í, ina bhfuil meas ar chách agus fáilte roimh éagsúlacht, áit ina gcuirtear réitigh inmharthana i gcrích go práinneach agus go bhfuil sé mar cheart bunúsach baile a bheith ag duine.” Mhol an tUachtarán spiorad na tíre “an traidisiún láidir dlúthpháirtíochta agus modhúlachta atá mar chnámh droma ár muintire” agus gheall sí “go mbeadh meas ar chuile ghlór, go mbeadh siad le cloisteáil agus go ndéanfaí ionadaíocht orthu uile, agus go spreagfaí díospóireacht phoiblí a chothódh cuimsiú, caoinfhulaingt agus saoránacht ghníomhach.” Is iad seo na luachanna a bhí mar threoir ag an Uachtarán Connolly sa chéad 12 mí dá hUachtaránachta agus níos mó ná 345 de choinní poiblí á gcur i gcrích aici, cuairt tugtha aici ar 32 contae an oileáin, agus casta aici ar phobail Éireannacha agus Cinn Stáit eile agus Cinn Rialtais anseo sa bhaile agus thar lear.

02

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS

Mar Uachtarán, déanfaidh mé comhrá oscailte agus ionchuimsitheach a chothú ar fud an oileáin ar bhealach a shoiléiríonn agus a thugann suntas d’ár gcosúlachtaí agus a léiríonn meas ar ár ndifríochtaí.


Presidential Inauguration 11 November 2025

St Patrick’s Hall, Dublin Castle

Catherine Connolly was inaugurated as the tenth President of Ireland on 11 November 2025. This followed the Presidential election on 24 October, where she received a record 914,143 first preference votes, 63.36% of the valid poll. In her Inauguration Address, President Connolly presented the vision for a new Republic which she had received from the public, “A Republic worthy of its name where everyone is valued and diversity is cherished, where sustainable solutions are urgently implemented and where a home is a fundamental right”. In her address, the President recognised the spirit of the country, “the deep tradition of solidarity and decency that continues to be the dominant force behind our people”, and promised to “ensure that all voices are represented, heard and valued, and promote a public discourse that nourishes inclusivity, tolerance and active citizenship”. These are the values which have guided President Connolly over the first 12 months of her Presidency, as she has completed over 345 public engagements, visited all 32 counties on the island, and met with Irish communities and fellow Heads of State and Heads of Government at home and abroad.

As President, I will foster an inclusive and open dialogue across the island in a manner that highlights and recognises our similarities and respects our differences.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 03


Ag tabhairt cuairt ar agus ag tacú le pobail i chuile chontae

12 Samhain 2025, Ionad Acmhainne Bhaile Átha Troim.

Gheall an tUachtarán Connolly ar lá a hInsealbhaithe go ndéanfaí ionadaíocht ar, go mbeadh meas ar agus go gcloisfí chuile ghlór. Tá an tUachtarán tar éis casadh, le linn a céad bliana, ar phobail agus eagraíochtaí a léiríonn éagsúlacht iomlán shaol na hÉireann. Tá cuairt tugtha ag an Uachtarán Connolly ar dhaoine agus ar thograí i chuile chontae agus ar chúig cinn de hoileáin na hÉireann: Oileán Acla, Árainn Mhór, Inis Bó Finne, Tóraigh agus Reachlainn. Chas an tUachtarán le cúramóirí, daoine óga, grúpaí ban agus grúpaí lucht siúil chomh maith le grúpaí ilchultúrtha agus iarrthóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Bhí Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Cúram Sláinte, Cúram Leanaí, Seirbhísí Tithíochta agus Athshlánúcháin, Príosúin agus Comharchumainn i measc na n-áiteanna ar a dtug sí cuairt. Chuir baill ó Sheirbhísí Éigeandála, criúnna deonacha na mbád tarrthála san áireamh, fáilte roimh an Uachtarán. Thug an tUachtarán cuairt ar 16 scoil agus chas sí le páistí scoile ag imeachtaí éagsúla lena n-áirítear Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta agus Bleaist Eolaíochta. D’fháiltigh an tUachtarán roimh mhic léinn ó chuile chearn den oileán chuig Áras an Uachtaráin mar chuid de Scoil Saoránachta Domhanda Chumann Múinteoirí na hÉireann agus bhronn sí Gradam Ór Gaisce ar níos mó ná 50 duine óg. Tá cuairt tugtha ag an Uachtarán Connolly ar go leor de hinstitiúidí tríú leibhéal an oileáin freisin. Tá an nós a bhunaigh ár gcéad Uachtarán Dubhghlas de hÍde á choinneáil beo ag an Uachtarán Connolly agus pobail ó fud fad na tíre ag triail ar Áras an Uachtaráin chun sult a bhaint as Cóisireacha Samhraidh sna Gairdíní chomh maith le hócáidí siamsaíochta agus ceiliúrtha eile. Tá litir chomhghairdis agus Deontas de €2,540 do dhaoine in aois a gcéid curtha ag an Uachtarán Connolly chuig 542 saoránach chomh maith le bonn comórtha chuig 774 saoránach eile ag a raibh lá breithe 101 nó níos sine. 04

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS

Figiúirí iad siúd in aois a gcéid ó 11 Samhain 2025 go 31 Deireadh Fómhair 2026


Visiting and supporting communities in every county

12 November 2025, Trim Resource Centre.

President Connolly committed at her Inauguration to ensuring that all voices are represented, heard and valued. Over her first year, the President has met communities and organisations that reflect the full diversity of Irish life. President Connolly has visited people and projects in every county, and on five of our islands: Achill, Arranmore, Inis Bó Finne, Tory and Rathlin. The President has met carers, young people, women’s groups and Travellers’ groups, along with multicultural groups and International Protection applicants. Her visits have taken in Family Resource Centres, healthcare, childcare, housing and rehabilitation services, prisons and cooperatives. Members of the emergency services, including the volunteer crews of our lifeboats, have also welcomed the President. The President has visited 16 schools and met with school children at events such as the Young Scientist and Technology Exhibition and Science Blast. The President has also welcomed students from across the island to Áras an Uachtaráin as part of the INTO Global Citizenship School and has presented Gaisce Gold Awards to over 50 young people. President Connolly has also visited many of our third level institutions. Continuing the tradition established by our first President, Douglas Hyde, President Connolly has welcomed communities from across the country to Áras an Uachtaráin for a series of summer Garden Parties, as well as for Afternoon Teas and other receptions. Since entering office, President Connolly has sent a letter and Centenarian Bounty of €2,540 to 542 citizens on their 100th birthday, while sending a further 774 citizens a commemorative coin on their 101st and subsequent birthdays. Centenarian Numbers from 11 November 2025 to 31 October 2026 AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 05


27 Meán Fómhair 2026, Reachlainn. Íomhá le caoinchead Tom McDonnell Photography. 4 Feabhra 2026, leis an gCéad-Aire agus an Leas-Céad-Aire.

18 Bealtaine 2026, ag casadh le Rí Séarlas III i Londain. Íomhá le caoinchead Press Association.

4 Feabhra 2026, PeacePlayers.

Ag leanúint le hobair na síochána Gheall an tUachtarán Connolly ina hAitheasc Insealbhaithe gur ar Thuaisceart Éireann a bheadh sí ag tabhairt a céad cuairt chun casadh le daoine ó chuile phobal agus oidhreacht shaibhir agus traidisiún iad siúd ar fad a maireann ann a cheiliúradh.

Thug an tUachtarán trí Chuairt Oifigiúil eile ar Thuaisceart Éireann i Lúnasa, Meán Fómhair agus tús na Samhna rud a d’fhág go bhfuil cuairt tugtha aici, leis na ceithre cuairteanna sin, ar chuile chontae de chuid Thuaisceart Éireann ina céad bliain in oifig.

Dúirt sí go ndéanfadh sí comhrá oscailte agus ionchuimsitheach a chothú ar fud an oileáin ar bhealach a shoiléiríonn agus a thugann suntas d’ár gcosúlachtaí agus a léiríonn meas ar ár ndifríochtaí.

Ag aithint tábhacht ár gcaidreamh le hoileán ár gcomharsana thug an tUachtarán dhá Chuairt Oifigiúil ar an mBreatain go dtí seo - ar Londain agus Leeds i mí na Bealtaine agus ar Albain i mí Mheán an Fhómhair. Chas an tUachtarán ar Rí Séarlas III na Breataine ar an dá thuras sin. Chas sí in Albain leis an gCéad-Aire John Swinney a bhí fáiltithe aici go hÁras an Uachtaráin i Samhain 2025. D’fháiltigh an tUachtarán roimh Céad-Aire na Breataine Bige Rhun ap Iorwerth i mí an Mheithimh.

Ag teacht leis na gealltanais sin is ar Thuaisceart Éireann a thug an tUachtarán Connolly a céad cuairt oifigiúil i Feabhra 2026 tráth a chas sí leis an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an Leas-Céad-Aire Emma Little-Pengelly chomh maith le cuairt a thabhairt ar thograí pobail i mBéal Feirste agus i nDoire Cholm Cille.

06

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


27 September 2026, Rathlin Island. Image courtesy of Tom McDonnell Photography.

4 February 2026, with First Minister and Deputy First Minister.

18 May 2026, meeting King Charles III in London. Image courtesy of Press Association.

4 February 2026, PeacePlayers.

Continuing the work of peace In her Inauguration Address, President Connolly committed that her first Official Visit would be to Northern Ireland to meet with people from all communities and celebrate the rich heritage and traditions of all who live there.

The President has returned to Northern Ireland on a further three Official Visits over the following months in August, September and early November, and over these four trips has visited all six counties of Northern Ireland in her first year in office.

The President further dedicated herself to fostering an inclusive and open dialogue across the island in a manner that highlights and recognises our similarities and respects our differences.

Recognising the importance of our relationship with our neighbouring island, President Connolly has also made two Official Visits to date to Britain – to London and Leeds in May, followed by a visit to Scotland in September. On both occasions the President met with King Charles III. In September she met with the First Minister of Scotland John Swinney, whom she also received in Áras an Uachtaráin in November 2025. In June, the President received the First Minister of Wales Rhun ap Iorwerth at Áras an Uachtaráin.

In line with those commitments, President Connolly made her first Official Visit to Northern Ireland in February, meeting with First Minister Michelle O’Neill and Deputy First Minister Emma Little-Pengelly and visiting community projects in Belfast and Derry/ Londonderry.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 07


Ár nglór in úsáid ar ardán an domhain Dhírigh an tUachtarán Connolly ar ghéarchéimeanna an domhain agus í á hinsealbhú mar Uachtarán. Thug an tUachtarán foláireamh faoin mbagairt eisiach a bheadh mar thoradh ar athrú aeráide agus cogaí atá ar siúl. Thug sí le fios go raibh 165 milliún duine curtha as a dtithe agus a dtíortha de bharr coimhlinte, gorta agus pláinéad atá ag téamh. Dúirt an tUachtarán nach bhféadfadh muid glacadh go deo le normálú ar chogadh agus ar chinedhíothú. Chuir an tUachtarán béim ar an tuiscint ar dhíláithriú, ocras agus cogadh atá againn anseo in Éirinn, ón ár dtaithí ar an gcoilíniú, ar an bhfód a sheasamh, ar an ngorta baolach de dhéanamh an duine, ar easpa aon rogha ach dul ar imirce, agus an chaoi go dtugann an taithí sin údarás dúinn labhairt amach go domhanda faoi na ceisteanna seo. Ag luí leis an tosaíocht seo ba é Cruinniú Mullaigh Chosaint an Daonlathais i mBarcelona i mí Aibreáin an chéad coinne thar sáile a thug an tUachtarán Connolly faoi. Bhí 12 Ceann Stáit agus Rialtais eile ó fud an domhain i láthair ag an gcruinniú mullaigh seo. D’éiligh an tUachtarán Connolly orthu siúd ar fad a bhí i láthair seasamh le chéile chun na hinstitiúidí, a bunaíodh tar éis uafáis dhá chogadh domhanda chun cearta daonna a chaomhnú gan aon cháilíocht, a chosaint agus oibriú as lámha a chéile chun comhoibriú idirnáisiúnta a neartú agus coinníollacha a chothú agus a fhorbairt chun síocháin leanúnach a bhaint amach. Rinne an tUachtarán an teachtaireacht seo a athrá ag cruinniú bliantúil Ghrúpa Arraiolos le 11 de Uachtaráin neamhfheidhmiúcháin an AE sa tSlóivéin i mí Dheireadh an Fhómhair. Chomh maith leis na cruinnithe a bhí aici thar sáile, chas an tUachtarán Connolly le Cinn Stáit agus Rialtais ó thíortha eile in Éirinn. Ina measc bhí Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán Mhontainéagró Jakov Milatović, Uachtarán na Moldóive Maia Sandu, Príomh-aire Cheanada Mark Carney agus Príomh-aire Bharbadós Mia Mottley, comh maith le Gobharnóir Ginearálta na hAstráile Sam Mostyn.

08

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS

Chas an tUachtarán le hionadaithe ó réimse d’eagraíochtaí lárnacha in Áras an Uachtaráin lena n-áirítear Fo-rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Daonnúla agus Comh-ordaitheoir Faoisimh Éigeandála Tom Fletcher, Uachtarán Ciste Idirnáisiúnta Fhorbairt Talmhaíochta NA Álvaro Lario, Rúnaí Ginearálta Chomhairle na hEorpa Alain Berset, Leasuachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch Teresa Ribera, agus Comhdháil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

18 Aibreán 2026, Barcelona. An tUachtarán agus Ceannairí ag Cruinniú Mullaigh ‘Cosaint an Daonlathais’

16 Deireadh Fómhair 2026, Cruinniú Ghrúpa Arraiolos, an tSlóivéin.


Using our voice on the world stage At her Inauguration, President Connolly addressed the crises facing our world. The President warned of the existential threat posed by climate change and ongoing wars. President Connolly noted that conflict, famine and a warming planet have forced 165 million people from their homes and countries. The President stated that the normalisation of war and genocide can never be acceptable to us. The President highlighted how Ireland’s experience of colonisation and resistance, of a catastrophic manmade famine and forced emigration gives us a lived understanding of dispossession, hunger and war and a mandate to lead on these issues globally. Reflecting this priority, President Connolly’s first overseas engagement was to attend the fourth ‘In Defence of Democracy’ Summit in Barcelona in April. At the summit, where she joined with 12 other Heads of State and Government from around the world, President Connolly called on those present to stand together to defend the institutions established to uphold human rights without qualification following the horrors of two world wars and to work together to deepen international cooperation and to nurture and develop conditions for lasting peace. This is a message which the President repeated at the annual Arraiolos Group meeting with 11 of her fellow non-executive EU Presidents in Slovenia in October. In addition to her meetings overseas, President Connolly has met with a number of fellow Heads of State and Government in Ireland. These have included the President of the United States Donald Trump, the President of Ukraine Volodymyr Zelenskyy, the President of Montenegro Jakov Milatović, the President of Moldova Maia Sandu, the Prime Minister of Canada Mark Carney and the Prime Minister of Barbados Mia Mottley, as well as the Governor General of Australia Sam Mostyn.

The President has also met with representatives of a number of key organisations at Áras an Uachtaráin including UN Under-Secretary-General for Humanitarian Affairs and Emergency Relief Coordinator Tom Fletcher, the President of the UN International Fund for Agricultural Development Álvaro Lario, the Secretary General of the Council of Europe Alain Berset, the Executive Vice-President of the European Commission for Clean, Just and Competitive Transition Teresa Ribera, and the Conference of Presidents of the European Parliament.

18 April 2026, Barcelona. President and Leaders at the ‘In Defence of Democracy’ Summit.

16 October 2026, Arraiolos Group Meeting, Slovenia.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 09


20 Bealtaine 2026, Ionad Éireannach Leeds, RA.

Aitheantas d’ár nDiaspóra Agus aitheantas á tabhairt aici d’ár ndiaspóra, atá de shíor ag dul i méid, thug an tUachtarán Connolly suntas agus í á hinsealbhú den taithí phearsanta atá ag go leor de chlanna na tíre seo ar an imirce, an chlisteacht agus an obair chrua atá déanta ag lucht imirce na hÉireann ar fud an domhain agus an grá daingean tíre agus cultúir a mhaireann ina gcroíthe. Tá casta ag an Uachtarán Connolly, ina gcéad bliain i mbun oifige, ar bhaill de Dhiaspóra na hÉireann sa Bhreatain ag fáiltithe i Londain, Leeds, Coatbridge agus Glaschú, chomh maith le baill d’ár nDiaspóra sa Spáinn agus sa tSlóivéin agus í ar cuairt ar Barcelona agus Ljubljana. Thug an tUachtarán aitheasc freisin ag Fóram Sibhialta Domhanda na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mí Aibreáin.

10

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


20 May 2026, Leeds Irish Centre, UK.

Acknowledging our Diaspora Recognising our large and growing Diaspora, President Connolly noted at her Inauguration the personal experiences of emigration in so many families across the country, the ingenuity and hard work which Irish emigrants have shown on every continent, and the love of Ireland and its culture which remains deep in their hearts. Over her first year in office, President Connolly has met with members of our Diaspora in Britain at a number of receptions in London, Leeds, Coatbridge and Glasgow, as well as with members of our Diaspora in Spain and Slovenia during her visits to Barcelona and Ljubljana. The President also addressed the Global Irish Civic Forum in Croke Park in April.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 11


An Ghaeilge faoi bhláth Tá béim ar leith curtha ag an Uachtarán Connolly ar thacú le agus spreagadh a thabhairt do phobal ár dtíre ár dteanga a labhairt, a fhoghlaim agus a úsáid. Thug an tUachtarán suntas de thábhacht na teangan i gcothú anam agus spiorad ár dtíre agus gheall sí go mbeadh sí ag saothrú go dúthrachtach chun cinntiú go mbeadh cead a cinn tugtha don Ghaeilge bláthú san Áras agus ar fud na tíre. Chuige sin, is ar Ghaelscoil Inse Chór a thug an tUachtarán a céad cuairt oifigiúil ar a céad lá iomlán di in oifig. Tá níos mó ná 40 coinne bainteach leis an nGaeilge curtha i gcrích ag an Uachtarán le bliain anuas chomh maith le cinntiú déanta go mbeadh an Ghaeilge in úsáid aon uair is féidir ina cuid coinní eile. San áireamh leis na himeachtaí sin bhí seoladh ar an gcéad foclóir Gaeilge-Gaeilge in Ionad EPIC i mBÁC, Scoil Gheimhridh Joe Steve i Seanscoil Sailearna i nGaillimh, Éigse na Brídeoige i Leathinis Uíbh Ráthaigh i gCo. Chiarraí, tuairisc maidir le húsáid na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, Féile Dorn san Aer i nGaoth Dobhair, Oireachtas na Samhna i gCill Airne agus Muintearas ‘26. Thug an tUachtarán cuairt freisin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, TG4 i mBaile na hAbhann agus 30 bliain a mbunaithe á cheiliúradh acu, agus rinne sí dhá Chiorcal Comhrá a óstáil in Áras an Uachtaráin le linn Sheachtain na Gaeilge. Thug an tUachtarán Connolly óráid trí Ghaeilge i Sabhal Mòr Ostaig, Ionad Náisiúnta Gàidhlig agus Cultútha, in Eilean Sgìtheanach agus í ar chuairt oifigiúil ar Albain i Mí Mheán an Fhómhair. Agus críoch á cur aici leis an gcéad bliain in oifig, d’fhógair an tUachtarán Connolly Togra Gaeilge an Uachtaráin don bhliain amach romhainn agus imeachtaí Gaeilge beartaithe in Áras an Uachtaráin agus lasmuigh le tacaíocht an Uachtaráin.

12

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS

Ligimis don Ghaeilge bláthú, éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uatha ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin agus in ómós dóibh agus dúinne, Gaeilgeoirí, Gaeil agus lucht foghlama na Gaeilge, ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bhéas an Ghaeilge san Áras ach sa gcéad áit mar theanga oibre agus beidh sí a labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata, go ceolmhar agus go húdarásach nuair is gá.


An Ghaeilge faoi bhláth President Connolly has placed a central importance on supporting and encouraging the public to use our native language. In her Inauguration Address, the President highlighted the importance of language in nurturing the soul and spirit of the nation and how she would work to help the language flourish, both in the Áras and throughout the country. In recognition of this importance, President Connolly’s first official engagement was a visit to Gaelscoil Inse Chór on her first full day in office. Since then, the President has undertaken over 40 Irish language engagements over her first year, as well as using Irish as much as possible in her other engagements. Some of these events have included the President launching the first monolingual Irish dictionary at the EPIC Centre in Dublin, Scoil Gheimhridh Joe Steve in Seanscoil Sailearna in Galway, Éigse na Brídeoige in the Iveragh Peninsula in Kerry, a report on usage of the Irish language at Maynooth University, Féile Dorn san Aer in Gaoth Dobhair, Oireachtas na Samhna in Killarney, and Muintearas ‘26. The President has also visited Raidió na Gaeltachta in Casla, TG4 in Baile na hAbhann to celebrate their 30th anniversary, and hosted two Ciorcal Comhrá events in Áras an Uachtaráin as part of Seachtain na Gaeilge. During her Official Visit to Scotland in September, President Connolly delivered an address in Irish at Sabhal Mòr Ostaig, the National Centre for Gaelic Language and Culture on the Isle of Skye. Marking the conclusion of her first year in office, President Connolly has announced Togra Gaeilge an Uachtaráin, which will see a year of events inside and outside the Áras over the next 12 months supported by the President.

Ligimis don Ghaeilge bláthú, éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uatha ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin agus in ómós dóibh agus dúinne, Gaeilgeoirí, Gaeil agus lucht foghlama na Gaeilge, ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bhéas an Ghaeilge san Áras ach sa gcéad áit mar theanga oibre agus beidh sí a labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata, go ceolmhar agus go húdarásach nuair is gá.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 13


Meas d’ár dtimpeallacht Ag tabhairt suntas di do ghéarchéim na haeráide atá mar bhaol d’ár bpláinéad, dúirt an tUachtarán ina hAitheasc Insealbhaithe gur ár ngníomhaíochtaí nó easpa gníomhaíochtaí maidir le hathrú aeráide a mhúnlóidh an domhan a bhéas mar oidhreacht ag ár gcuid páistí agus garpháistí agus go bhfuil sé de dhualgas orthu siúd ar a mbronntar oifig phoiblí teacht le chéile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chun ceannasaíocht a léiriú agus chun coinníollacha a chruthú a chinnteoidh maireachtáil inmharthana ar ár bpláinéad. Mar aitheantas ar an dúshlán seo chuir an tUachtarán Connolly béim ar leith ar chuairt a thabhairt ar thograí a ghlacann le réitigh inbhuanaithe agus ar féidir a dtaithí a roinnt ar fud na tíre. San áireamh bhí Brilliant Ballybunion i gCo. Chiarraí, Wildacres i gCo. Chill Mhantáin agus an tIonad Orgánach i Ros Inbhir, Co. Liatroma. Tá óráid tugtha, freisin, ag an Uachtarán Connolly ag Comhdháil Bhliantúil de chuid Institiúid Aeráide agus Sochaí OCBÁC, oscailt oifigiúil déanta aici ar Sheachtain Náisiúnta na gCrann i dTeach an Droichid Nua, Co. Átha Cliath, freastal déanta aici agus óráid tugtha aici ag Comórtais Náisiúnta Treabhadóireachta sa Scrígín, Co. Uíbh Fhailí agus ag Bord Bia Bloom i bPáirc an Fhionn Uisce.

14

8 Márta 2026, Seachtain Náisiúnta na gCrann Teach an Droichid Nua, Co Átha Cliath. Íomhá le caoinchead Naoise Culhane Photography.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


Valuing our environment Acknowledging the climate crisis facing our planet, President Connolly noted in her Inauguration Address that our actions or inaction on climate change will determine the world our children and grandchildren will inherit and that it is the responsibility of those entrusted with public office to come together both nationally and internationally to lead and to create the conditions for a sustainable existence on our planet. In recognition of this challenge, President Connolly has placed an importance on visiting projects that embrace sustainable solutions and the experiences of which can be shared with others across the country. Some of these have included Brilliant Ballybunion in Co Kerry, Wildacres in Co Wicklow and the Organic Centre in Rossinver, Co Leitrim. President Connolly has also delivered an address at the Annual Conference of the DCU Institute for Climate and Society, officially opened National Tree Week in Newbridge House, Co Dublin, and attended and spoken at the National Ploughing Championships in Screggan, Co Offaly, and at Bord Bia Bloom in the Phoenix Park.

8 March 2026, National Tree Week, Newbridge House, Co Dublin. Image courtesy of Naoise Culhane Photography.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 15


17 Márta 2026, An tUachtarán Connolly agus Brian ag freastal ar pharáid Lá Fhéile Pádraig.

11 Feabhra 2026, Bronnadh Saoi Aosdána ar an bhfís-ealaíontóir Dorothy Cross.

Ag ceiliúradh ár n-oidhreacht agus ár gcultúr Tá freastal déanta ag an Uachtarán Connolly ar níos mó ná 60 imeacht cultúrtha le bliain anuas, ag tacú le réimse leathán d’ár n-institiúid cultúrtha agus oidhreachta chomh maith le freastal a dhéanamh ar dhrámaí agus coirmeacha ceoil ar fud na tíre. Bhronn an tUachtarán An Torc ar Dorothy Cross agus í tofa ina Saoi Aosdána, d’fhógair sí Chris Haughton mar ochtú Laureate na nÓg 2026-2029, agus bhronn sí an 30ú Gradam Bliantúil Lawrence O’Shaughnessy don Fhilíocht ar Enda Wyley. D’fhreastail sí ar pharáid Lá Fhéile Pádraig i mBÁC, paráid na Samhna de chuid Macnas i nGaillimh, d’oscail sí Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 go

11 Bealtaine 2026, Uachtarán Connolly le Laureate na nÓg Chris Haughton.

16

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS

hoifigiúil i mBéal Feirste, An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach, Tradfest agus Féile na Saoirsí i mBÁC, Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus Uimhir 11, Cearnóg Pharnell - baile don Fhilíocht agus don oidhreacht in Éirinn chomh maith le go leor imeachtaí eile. D’fháiltigh an tUachtarán Connolly roimh go leor ealaíontóirí go hÁras an Uachtaráin, rinne sí óstáil ar eagrán speisialta trí Ghaeilge Other Voices Anam Sessions agus chas sí le hionadaithe ón bhFeachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon san Áras.

6 Deireadh Fómhair 2026, Taispeántas Christy Moore á seoladh ag an Uachtarán Connolly ag Taisce Cheol Dúchais.


17 March 2026, President Connolly and Brian at the St Patrick’s Day parade.

11 February 2026, Saoi of Aosdána presentation to visual artist Dorothy Cross.

Celebrating our culture and heritage President Connolly has attended more than 60 cultural events across the island over the last year, supporting a wide range of our cultural and heritage institutions and attending plays and concerts across the country.

in Belfast, the International Pan-Celtic Festival in Carlow, TradFest and the Liberties Festival in Dublin, the Galway International Arts Festival, and No. 11 Parnell Square – Ireland’s home for Poetry and Heritage, among many other events.

The President conferred the Torc on Dorothy Cross, newly elected Saoi of Aosdána, announced Chris Haughton as the eighth Laureate na nÓg for 2026–2029, and presented the 30th Annual Lawrence O’Shaughnessy Award for Poetry to Enda Wyley.

President Connolly has also welcomed a number of artists to Áras an Uachtaráin, including hosting a special edition of the Other Voices Anam Sessions through the Irish language and meeting with representatives from the National Campaign for the Arts at the Áras.

She attended the St Patrick’s Day parade in Dublin and Macnas Halloween parade in Galway, and officially opened Fleadh Cheoil na hÉireann 2026

11 May 2026, President Connolly with Laureate na nÓg Chris Haughton.

6 October 2026, President Connolly launching the Christy Moore exhibition at the Irish Traditional Music Archive.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 17


Ag tacú lenár n-imeachtaí spóirt

22 Samhain 2025, Sraith Náisiúin Quilter, Éire v An Afraic Theas, Staid Aviva. Íomhá le caoinchead Sportsfile.

2 Lúnasa 2026, Cluiche Ceannais Craobh Sinsearach Uile Éireann na mBan TG4, Páirc an Chrócaigh. Íomhá le caoinchead LGFA.

Tá tacaíocht láidir tugtha ag an Uachtarán Connolly do imeachtaí spóirt in Éirinn le bliain anuas. Bhí an tUachtarán i láthair ag cluichí ceannais Craobh Sinsearach Uile Éireann san Iománaíocht, Camógaíocht, Peil agus Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh, Comórtas Badmantan an Chraobh Cheiltigh agus cluichí idirnáisiúnta rugbaí agus sacair i Staid Aviva chomh maith le himeachtaí eile.

29 Eanáir 2026, An tUachtarán Connolly le captaein Bhaile Átha Luain agus Shelbourne roimh Chorn an Uachtaráin.

Rinne sí Cluichí Samhraidh Oilimpeacha Speisialta na hÉireann, Rith Domhanda na Dlúthpháirtíochta, Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, Cluichí Cuimsithe Spóirt Uisce Seoltóireacht na hÉireann a oscailt go hoifigiúil, agus d’fhreastail sí ar lainseáil soitheach ‘Spirit of Shackleton’ i gCuan an Ghuail, Dún Laoghaire. Bhronn an tUachtarán Pláta na Gaillimhe ag Rásaí na Gaillimhe agus Corn Aga Khan ag Seó Capall Átha Cliath agus d’fháiltigh sí roimh chaptaein Fhoireann Sacair Chorn an Uachtaráin 2026 go hÁras an Uachtaráin chomh maith le cosantóir Ruagairí na Seamróige Pico Lopes a rinne ionadaíocht thar barr ar Cape Verde i gCorn an Domhain 2026.

7 Lúnasa 2026, trófaí Aga Khan a bhronnadh ag an Uachtarán Connolly.

18

Bhí an tUachtarán páirteach le tionscnamh cispheil PeacePlayers i mBéal Feirste agus le Togra Pobail Chomharchumainn Bohemian i mBÁC.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


Supporting our sporting events

22 November 2025, Quilter Nations Series, Ireland v South Africa, Aviva Stadium. Image courtesy of Sportsfile.

2 August 2026, TG4 All-Ireland Ladies Football Senior Championship Final, Croke Park. Image courtesy of LGFA.

President Connolly has been a strong supporter of Ireland’s sporting events over the course of her first year in office. The President has attended each of the Senior All-Ireland Hurling, Camogie, Football and Ladies Football finals at Croke Park, the Celtic Challenge Badminton Tournament in Waterford, and international rugby and soccer matches at the Aviva Stadium among other events. 29 January 2026, President Connolly with the Athlone Town and Shelbourne captains ahead of the President’s Cup.

She has officially opened the Special Olympics Ireland Summer Games, the Global Solidarity Run, Cruinniú na mBád in Kinvara, Irish Sailing’s Watersports Inclusion Games and attended the launch of the vessel “Spirit of Shackleton” in Coal Harbour in Dún Laoghaire. The President presented the Galway Plate at the Galway Races and the Aga Khan Cup at the RDS Dublin Horse Show and welcomed the 2026 President’s Cup Men’s and Women’s soccer team captains to Áras an Uachtaráin, including Shamrock Rovers defender Pico Lopes who represented Cape Verde with such distinction at the 2026 World Cup.

7 August 2026, President Connolly presents the Aga Khan trophy.

In addition, the President engaged with the PeacePlayers basketball initiative in Belfast and the Bohemian Cooperatives Community Project in Dublin.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 19


Ag comóradh ár staire Tá freastal déanta ag an Uachtarán Connolly ar réimse leathán ócáidí comórtha le linn na bliana lena n-áirítear Comóradh Bliantúil Dhomhnach na Cásca ag Ard Oifig an Phoist, Searmanas Comórtha 1916 Chnoc an Arbhair, Lá Comórtha Náisiúnta in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, agus Seirbhís Náisiúnta Cuimhneacháin in Ard Eaglais Naomh Pádraig. Thug an tUachtarán aitheasc oscailte i mí na Bealtaine ag Scoil Samhraidh Roger Casement 2026 i nDún Laoghaire agus suntas á dhéanamh aici ar an mbaint atá ag saol Casement leis an méid atá ag tarlú i ndomhan an lae inniu. I measc na n-imeachtaí eile ar a fhreastail an tUachtarán le bliain anuas bhí ócáid chuimhneacháin Bláthanna do Magdalene i Reilig an Bhóthair Mhóir, Gaillimh, 50ú Cuimhneachán Chomhairle na hÉireann do Shaoirsí Sibhialta, 75ú Cuimhneachán Óglaigh Náisiúnta na hÉireann - Eagraíocht IarPhearsanra Seirbhíse ag Beairicí Chathal Brugha, 75ú cuimhneachán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus comhdháil Chartlann Náisiúnta na hÉireann ‘Scagadh ar dhaonáireamh 1926’. Rinne an tUachtarán óstáil ar fháiltiú in Áras an Uachtaráin mar chomóradh ar chuimhneachán 40 bliain ar thubaiste Chornobyl. 6 Bealtaine 2026, Searmanas Comórtha Chnoc an Arbhair.

20

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


Commemorating our history President Connolly has attended a number of important commemorations over the course of the year, including the annual Easter Sunday Commemoration at the GPO, the annual 1916 Arbour Hill Commemoration Ceremony, the National Day of Commemoration at the Royal Hospital Kilmainham, and the National Service of Remembrance at St Patrick’s Cathedral. The President delivered the opening address at the 2026 Roger Casement Summer School in Dún Laoghaire in May, reflecting on the continuing relevance of Casement’s life to the circumstances facing the world today. Some of the other events attended by the President over the course of the year have included the Flowers for Magdalenes Memorial event in Bohermore Cemetery in Galway, the 50th anniversary of the Irish Council for Civil Liberties, the 75th anniversary of Óglaigh Náisiúnta na hÉireann – the Organisation of National Ex-Service Personnel at Cathal Brugha Barracks, the 75th anniversary of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, and the National Archives of Ireland conference ‘Exploring the 1926 census’. The President also hosted a reception at Áras an Uachtaráin to mark the 40th anniversary of the Chornobyl disaster. 6 May 2026, Arbour Hill Commemoration Ceremony.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 21


Reachtaíocht á scrúdú agus sealbhóirí oifige á gceapadh Tá athbhreithniú agus a láimh curtha ag an Uachtarán Connolly le 48 píosa reachtaíochta le linn a céad bliain in oifig. Cheap an tUachtarán Connolly Fionnuala Ní Aoláin, Linda Ervine, Colin Harvey, Kathleen Lynch, Donncha O’Connell, Conor O’Mahony agus Ciarán Ó hÓgartaigh mar bhaill de Chomhairle an Stáit ar an 31 Márta. Rinne an tUachtarán cruinniú de chuid Chomhairle an Stáit a ghairm in Áras an Uachtaráin ar an 20 Aibreán chun bunreachtúlacht Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta 2026 a mheas, agus chuir sí a láimh leis an mBille an lá dar gcionn. Thionóil an tUachtarán cruinnithe leis an Taoiseach faoi Alt 28 den Bhunreacht agus cheap sí Hildegarde Naughton TD ina Aire Oideachas agus Óige ar 18 Samhain 2025. Tá an tUachtarán tar éis 26 searmanas Dintiúir a thionóil do Ambasadóirí Eachtracha agus d’fháiltigh sí roimh Chinn Misin de chuid an Chór Taidhleoireachta in Áras an Uachtaráin i mí Eanáir tráth a chas sí leis na hAmbasadóirí duine ar dhuine. Cheap an tUachtarán an Breitheamh Onórach Keenan Johnson mar Uachtarán na Cúirte Cuarda ar 13 Iúil 2026, duine de 22 Bhreitheamh a ceapadh chun na Cúirte Dúiche, na Cúirte Cuarda, na hArd Cúirte, na Cúirte Achomhairc agus na Cúirte Uachtaraí ag searmanais cheapacháin bhreithiúnacha in Áras an Uachtaráin.

20 Aibreán 2026, Cruinniú de chuid Chomhairle an Stáit.

22

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


Examining legislation and appointing office holders President Connolly has reviewed and signed 48 pieces of legislation over the course of her first year in office. On 31 March, President Connolly appointed Fionnuala Ní Aoláin, Linda Ervine, Colin Harvey, Kathleen Lynch, Donncha O’Connell, Conor O’Mahony and Ciarán Ó hÓgartaigh to serve as members of the Council of State. On 20 April, the President convened a meeting of the Council of State at Áras an Uachtaráin to consider the constitutionality of the International Protection Bill 2026, subsequently signing the Bill the following day. The President has held a number of meetings with the Taoiseach under Article 28 of the Constitution and appointed Hildegarde Naughton TD as Minister for Education and Youth on 18 November 2025. The President has held 26 Credentials ceremonies for foreign Ambassadors and has further received all of the resident Heads of Mission in the Diplomatic Corps for a reception at the Áras in January where she met with each Ambassador individually. The President appointed the Hon. Mr. Justice Keenan Johnson as President of the Circuit Court on 13 July 2026, one of 22 Judges appointed to the District Court, Circuit Court, High Court, Court of Appeal and Supreme Court at Judicial appointment ceremonies at Áras an Uachtaráin.

20 April 2026, Council of State Meeting.

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS 23


Níor chreid mé i spiorad na tíre seo chomh mór riamh. Tá sé feicthe agam i chuile chontae agus chuile choirnéal agus mé ag taisteal fud fad na tíre. Tá sé cloiste sa cheol, léite sa litríocht, agus feicthe agam i ndamhsa ár muintire. Tá sé le tuiscint sa traidisiún daingean dlúthpháirtíochta agus gnaíúlachta atá go smior i bpobal na tíre seo. Bhí sé le mothú agam sa dínit chiúin agus sa teacht aniar atá léirithe arís agus arís acu siúd a choinníonn ag imeacht lá i ndiaidh lae ainneoin na ndúshlán ollmhór atá rompu.

24

AN CHÉAD DHÁ MHÍ DHÉAG | THE FIRST 12 MONTHS


I have never believed more in the spirit of this country. Having travelled the length and breadth of the island, I have witnessed it in every county, in every corner of Ireland. I have heard it in the music, the literature and the dance of our people, in the deep tradition of solidarity and decency that continues to be the dominant force behind our people. I have felt it in the quiet dignity and stoicism of those who simply keep going, despite the very real challenges that they face.

THE FIRST 12 MONTHS25


Áras an Uachtaráin, D08 E1W3 www.president.ie @PresidentIRL


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
An tUachtarán Catherine Connolly - An Chéad 12 Mí - The First 12 Months by Áras an Uachtaráin - Issuu