Skip to main content

Volume 11 Issue II (Roads)

Page 22

Irish

- Feicim, a dúirt mé go trialach, go bhfuil an saol seo briste suas ina phaistí, ina chodanna éagsúla, is d'fhéadfá a rá go bhfuil a dhath féin ar gach paiste, agus a chruth is a dhéanamh féin. Is tá na paistí gormghlasa ann ar nós uisce a Meánmhara maidin earraigh, is tá na paistí maotha ómra mar a bheadh coilearnach beithe tráthnóna fómhair. Agus tá oiread sin paistí idir gach paiste gur dócha go bhféadfá a rá nach gairdín atá ann ach cathair - cathair ghríobháin. Ach go samhlaítear dom anois nach sráideanna atá idir na paistí ach srutháin, canálacha domhaine dúghorma. Feictear dom gurb í seo cathair na Veinéise. Seo iad dathanna San Marco. Agus feicim droichid bheaga dearga anseo is ansiúd thar na canálacha sa chaoi is gur féidir leat dul áit ar bith is maith leat sa chathair seo. - An-deas. Molaim do shamhlaíocht. Canálacha agus droichid. Cá dtéann na droichid sin? ... - Droichid shóisialta iad. Úsáideann daoine iad. Is ar an gcaoi sin a dhéanann paiste amháin teagmháil le paiste eile. Agus is bealaí sóisialta eile iad na canálacha. Ach ní teagmháil dhíreach í; ar na canálacha. Agus tá na canálacha ar fad ceangailte le chéile. Ach ní mar sin do na droichid. Bíonn na droichid ceangailte le paistí daite. Agus is aisteach an chaoi gurb iad na rudaí a scarann na paistí ó chéile, gurb iad sin na rudaí a chuireann i dteagmháil lena chéile iad.

19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Volume 11 Issue II (Roads) by Trinity Journal of Literary Translation - Issuu