Léirmheas ar an Mbliain 2020

Page 1

LÉIRMHEAS AR AN MBLIAIN 2020


An tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín, Bealtaine 2020

2 LÉIRMHEAS


CLÁR ÁBHAR Brollach 04 “Bliain Covid”

06

• Buíochas leis na hoibrithe riachtanacha

08

• Covid-19 agus dlúthpháirtíocht dhomhanda

12

• Ag tacú leis na healaíona le linn Covid-19

14

• Ag Teacht Ar Ais Níos Láidre

16

• “Tabhair Aire”

19

Ag Cuimhneamh ar an Am atá Caite

20

Ag Ionadú an Náisiúin

27

Príomhthéamaí 31 Reachtaíocht 33 Staidéar bithéagsúlachta

37

Tabhartas do Dhaoine os cionn 100 Bliain d’Aois

39

Airgeadas agus Rialachas

40

3 LÉIRMHEAS


BROLLACH Is cúis áthais dom an tuarascáil seo a thairiscint duit ó Áras an Uachtaráin ar bhliain neamhghnách le linn na paindéime. Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh faoin mothú suaite agus éiginnteachta, tráma agus tragóide a cruthaíodh leis an bpaindéim Covid-19, agus í ina cúis leis an anró a chuir ár saolta, ár sochaithe agus ár ngeilleagair - ár mbeathaí go deimhin - trí chéile le linn 2020. Bhí orm, cosúil leis an oiread sin daoine, le bliain anuas, in éineacht leis an bhfoireann in Áras an Uachtaráin, dul in oiriúint do bhealaí nua oibre. Nuair a tháinig na chéad srianta Covid i bhfeidhm i Márta 2020, breithníodh i dtosach cealú a dhéanamh ar go leor imeachtaí pleanáilte nó iad a chur siar. Tá áthas orm a thuairisciú, áfach, mar gheall ar aistriú bainistithe chuig modhanna agus nósanna imeachta nua, go rabhthas in ann leanúint ar aghaidh le líon suntasach coinní poiblí a bhí beartaithe i rith na bliana. Cé go mbraithim go mór uaim na deiseanna fáilte a chur roimh na mílte duine a dtugaimid cuireadh dóibh de ghnáth chuig Áras an Uachtaráin, nó mo chuairteanna ar ghrúpaí agus ar eagraíochtaí a chuir ar mo chumas a gcuid gníomhaíochtaí a fheiceáil i bpobail ar fud na tíre, tá súil agam maidir leis na hóráidí a rinneadh chuig ceamara agus leis na teachtaireachtaí a scríobh mé do ghrúpaí éagsúla, go raibh an éifeacht mhianta leo, is é sin buíochas a ghabháil le saoránaigh i ngach áit agus iad a spreagadh. Rud suntasach in 2020 ba ea ár rannchuidiú le Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn trí fhorbairt na sraithe seimineár ‘Machnamh 100’ a cheadaíonn spás a thabhairt do mhachnaimh mheasta, agus muid ag leanúint ar aghaidh le meabhrú eiticiúil ar na himeachtaí a mhúnlaigh breith an náisiúin seo 100 bliain ó shin. Leanfar leis na seimineáir seo i rith 2021 agus isteach in 2022 agus muid ag ceiliúradh Cogadh Saoirse na hÉireann, críochdheighilt agus an Cogadh Cathartha. Cuirtear an tuarascáil seo ar fáil chun cur le mo thiomantas níos mó trédhearcachta agus inrochtaineachta a thabhairt trí fhorbhreathnú a chur i láthair ar phríomhobair Uachtarán na hÉireann, lena

n-áirítear mórchoinní, imeachtaí, cuairteanna agus caiteachas a tabhaíodh le bliain anuas. Comhlánaíonn an t-athbhreithniú an saibhreas faisnéise atá foilsithe cheana ar an suíomh gréasáinwww.president.ie a chuimsíonn, chomh maith le sonraí a sholáthar maidir le coinní poiblí an Uachtaráin, rannán ilmheán ina bhfuil leabharlann óráidí i bhformáid fuaime, físe agus scríofa, grianghraif, foilseacháin agus eisiúintí nuachta. Tá súil agam go mbeidh an foilseachán seo ina chuidiú maidir le léargas níos doimhne a thabhairt ar obair agus ar fheidhmiú Oifig an Uachtaráin. Tá súil agam go mbeidh sé faisnéiseach maidir leis an iliomad daoine agus eagraíochtaí - Ranna Rialtais éagsúla, comhlachtaí Stáit amhail Oifig na nOibreacha Poiblí, an Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta – a ndéanaimid idirghníomhú leo agus a sholáthraíonn tacaíocht ríthábhachtach domsa mar Uachtarán agus d’obair Oifig an Uachtaráin. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le muintir na hÉireann agus leo siúd uile a ghlac páirt sna himeachtaí a cuireadh san áireamh anseo, i mo dhara athbhreithniú bliantúil. Gabhaim buíochas leo as a dtacaíocht leanúnach, a bhfuinneamh seasta agus an obair dhíograiseach a dhéanann siad i dtreo fíorú fhís na todhchaí, a bhunófar ar na mianta ar labhair mé fúthu agus a roinnimid le chéile, comhionannas, cuimsiú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht ina measc. Le linn mo thréimhse Uachtaránachta bhíodh agus tá sé go fóill, mar aidhm agam a bheith mar Uachtarán do mhuintir uile na hÉireann, cibé áit a bhfuil siad agus cibé coinníollacha a maireann siad iontu. Beir beannacht.

Micheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann

4 LÉIRMHEAS


“Níl aon amhras faoi gur imir scaipeadh an víris Covid-19 an-tionchar ar ár saolta go léir, agus gur chaill mórán daoine daoine muinteartha agus slite beatha, nó gur athraíodh a saolta ar bhealaí suntasacha. Bhí orainn go léir bheith ag brath ar dhlúthpháirtíocht daoine eile, i dtuiscint nua nach mbeadh aon duine sábháilte ón víreas go dtí go mbeimis go léir sábháilte.”

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, 16 Deireadh Fómhair 2020

5 LÉIRMHEAS


“BLIAIN COVID”

I mí Aibreáin 2020, threoraigh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín an tionscnamh ‘Shine A Light’, in ómós d’íospartaigh na paindéime Covid-19

Oíche Chinn Bhliana 2020, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn le muintir na hÉireann: “Agus muid ag fágáil slán le bliain Covid-19 is cóir dúinn smaoineamh ar iad atá imithe uainn agus iad atá fágtha ina ndiaidh. Agus muid ag teacht chun cinn ó bhliain Covid-19 is iomchuí go gcuimhneoimid ar gach duine a d’imigh uainn i rith na bliana, agus orthu siúd atá fágtha ina ndiaidh agus nach raibh deis acu brón a dhéanamh dóibh ar an mbealach atá chomh traidisiúnta sin, agus atá ag croí saol na hÉireann.” Le linn na “bliana Covid” cailleadh beathaí agus chuaigh scaipeadh an Coróinvíreas Nua (2019-nCoV) i bhfeidhm go mór ar phobail.

Ón lá i mí Feabhra nuair a tuairiscíodh na chéad chásanna den víreas in Éirinn, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar a thábhachtaí a bhí sé cloí leis na moltaí sláinte poiblí, chun freagra éifeachtach ar scaipeadh an víris a áirithiú. Le linn na paindéime, labhair an tUachtarán faoin ngá lenár gcomhfhreagairt ar an bpaindéim a bhunú ar phrionsabail na trua, an chúraim, na dlúthpháirtíochta agus an chineáltais go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Níorbh fhada tar éis don rialtas an chéad dianghlasáil a fhógairt i mí an Mhárta, gur labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoin coróinvíreas ina ráiteas Lá Fhéile Pádraig, ag iarraidh ar shaoránaigh faire amach dá chéile agus go háirithe dóibh siúd sna catagóirí is leochailí a bhféadfadh cúnamh agus cúram a bheith ag teastáil uathu.

6 LÉIRMHEAS


“Sa lá inniu, agus scaipeadh domhanda an choróinvíris ann, iarrtar orainn níos mó ná riamh na luachanna a chuimsítear i scéal Naomh Pádraig a leanúint. Beidh ról bunúsach ag na luachanna dlúthpháirtíochta agus imní sin i ndáil le folláine ár gcomhshaoránach maidir le dul i ngleic go héifeachtach leis an dúshlán a chuirtear os ár gcomhair anois. Is dúshlán é lena n-éilítear traidisiún agus cleachtas ár bpobal ag obair le chéile, ag aithint riachtanas a gcuid ball uile, agus go háirithe riachtanais na ndaoine is leochailí.” Sliocht as aitheasc an Uachtaráin ar Lá Fhéile Pádraig, Márta 2020

7 LÉIRMHEAS


An 27 Márta, shínigh an tUachtarán Ó hUigínn an Bille um Bearta Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19) 2020. I ráiteas a ghabhann leis an bhfógra faoina shíniú, chuir an tUachtarán a chomhbhrón in iúl “dóibh siúd go léir a chaill ball den teaghlach nó cara, agus guím gach rath orthu siúd go léir a bhí ionfhabhtaithe ag an víreas, ar gach duine nach raibh an deis acu a gcuid bróin a chur in iúl, nó a gcúram a thairiscint dá ndaoine muinteartha.” Lean an tUachtarán ar aghaidh: “Agus muid ag iarraidh a bheith i bhfad níos airdeallaí agus muid ag dul isteach sa chéim is deacra le dul i ngleic leis an víreas, is iomchuí mo bhuíochas a ghabháil le muintir na hÉireann as a bhfreagra ar an ngéarchéim, agus moladh dóibh coinneáil leis sin agus daoine eile a spreagadh déanamh amhlaidh. Tá an oiread sin daoine ag leanúint ar aghaidh lena ndícheall a dhéanamh chun muid a choinneáil sábháilte agus chun feidhmiú na tíre a choinneáil, trína gcuid iarrachtaí sa tseirbhís sláinte, i gcomhlachtaí seirbhíse poiblí, i seirbhísí sóisialta tábhachtacha, i siopaí agus i gcógaslanna. Is iomchuí go dtugaimid, mar náisiún, buíochas dóibh as a seirbhís trínár gcuid féin a dhéanamh, trí chloí le comhairle FSS. Bhí bearta neamhghnácha agus deacra riachtanach agus muid ag iarraidh deireadh a chur le taoide an ionfhabhtaithe a bhí ag méadú an t-am ar fad.” Ag tagairt don reachtaíocht éigeandála a shínigh sé, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn i mí an Mhárta “go raibh dlúthpháirtíocht idirghlúine ar cheann de na hacmhainní is mó i sochaí chomhaimseartha na hÉireann.”

Buíochas leis na chéad fhreagróirí Chuaigh paindéim Covid-19 i bhfeidhm ar gach duine, d’athraigh sé ár sochaí, agus cuireadh dúshláin suntasacha romhainn. Le linn na paindéime, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ag iarraidh ceannaireacht a sholáthar, ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear aird a thabhairt ar chomhairle sláinte an phobail agus tacú lena chéile i ndlúthpháirtíocht.

Agus ón tús, luaigh an tUachtarán na hoibrithe sin in earnálacha lárnacha na sochaí, a lean ar aghaidh ag soláthar seirbhísí riachtanacha le linn na dianghlasála. I dteachtaireacht chuig muintir na hÉireann, a scaipeadh trí nuachtáin áitiúla agus stáisiúin raidió áitiúla go luath i mí Aibreáin, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh deis againn sna laethanta dorcha a bhí romhainn “tarraingt ar na nádúir mhóra Éireannacha, amhail dlúthpháirtíocht, ionbhá agus cineáltas chun ligean dúinn cabhrú lena chéile tríd an uafás seo.”

“Glacaim an deis seo arís mo bhuíochas domhain, mar Uachtarán na hÉireann, a chur in iúl thar ceann mhuintir na hÉireann, dár n-oibrithe cúraim sláinte, do Dhochtúirí Teaghlaigh, do chógaiseoirí agus dá bhfoirne, do na Fórsaí Cosanta, agus don Gharda Síochána, gach duine acu a bhíonn ag obair go dícheallach agus go neamhleithleach chun a áirithiú go bhfuil an cúram is fearr is féidir á chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil tionchar ag an gCoróinvíreas orthu agus ar mhaithe le sábháilteacht ár saoránach uile.”

8 LÉIRMHEAS

Teachtaireacht chuig muintir na hÉireann, Aibreán 2020


D’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn roinnt imeachtaí chun cuimhneamh ar na hoibrithe go léir a fuair bás de bharr nochtaithe don víreas Covid-19 agus chun aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé gach oibrí a choinneáil sábháilte agus sláintiúil. Labhair sé freisin le hoibrithe sláinte, mar shampla ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí agus ag searmanais bhronnadh céime na scoileanna altranais. Ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí, dúirt an tUachtarán: “Tá eagna saothraithe go maith againn go léir maidir le luach oibrithe túslíne, amhail altraí, agus iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha ar fud an gheilleagair. Bheadh sé chomh aiféalach sin, millteanach fiú, dá ndéanfaimis mar shochaí neamhaird ar d’iarrachtaí gaisciúla nó dá ndéanfaimis dearmad orthu, chun filleadh ar an áit a rabhamar roimh an bpaindéim - is é sin sochaí nár chuir luach iomlán oraibh in amanna.”

“Ní mór dúinn fáilte a chur roimh an moladh, príobháideach agus poiblí, do na hoibrithe neamhleithleacha sin a bhfuil meas mór orthu. Ach ní thabharfaidh moladh amháin, áfach, cosaint leordhóthanach do shaol oibrithe leochaileacha nó iad a chosaint ó ísliú i ndáil le héifeachtúlacht eacnamaíoch. Is amháin tríd an mbearna idir focail agus gníomh a dhúnadh maidir le coinníollacha, sábháilteacht agus soláthar gur féidir linn comóradh go leordhóthanach agus go heiticiúil a dhéanamh ar na hoibrithe sin a dtugaimid onóir dóibh inniu.” Ráiteas do Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na hoibrithe, 29 Aibreán 2020

An tUachtarán Ó hUigínn agus láithreoir RTÉ Ryan Tubridy, ag ‘an Céachta agus na Réaltaí’, leacht cuimhneacháin tiomnaithe do chearta oibrithe, don Arm Cathartha agus don drámadóir Seán Ó Cathasaigh 9 LÉIRMHEAS


D’fhill an tUachtarán ar an téama seo ar an stáitse idirnáisiúnta. Ag labhairt dó ag cruinniú mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) i mí Iúil, mhaígh an tUachtarán gur chuir an phaindéim iallach ar “fhilleadh ar rudaí bunúsacha nach féidir le duine ar bith againn, an ILO san áireamh, neamhaird a dhéanamh orthu; cén fáth nach gcuirimid luach ar obair riachtanach agus ar oibrithe riachtanacha agus cén fáth nach bhfuil aird chuí againn ar na rudaí sin? Taispeánadh dúinn na hiarmhairtí a bhaineann le pribhléid a thabhairt dóibh siúd a fhaigheann luach saothair i ngeilleagar domhanda airgeadais seachas iad siúd a d’oibrigh i soláthar seirbhísí bunúsacha uilíocha, nó a d’oibrigh go deimhin san fhíorgheilleagar.” I mí Dheireadh Fómhair, ag príomhóráid chuig comhdháil an OECD ar “Aghaidh a Thabhairt ar Éigeandálaí Pláinéadacha”, leag an tUachtarán béim ar an éiginnteacht phá agus fhostaíochta atá ag roinnt daoine, leochaileacht tionóntaí, agus líon na n-oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha atá “á meas faoina luach agus atá ar phá róíseal ar bhealach náireach.”

“Táimid faoi chomaoin, agus beidh na glúnta sa todhchaí faoi chomaoin, ag na hoibrithe sin go léir, a d’fhreagair ar ghéarchéim Choróinvíris le spiorad dlúthpháirtíochta chomh fial sin. Ní féidir, áfach, buíochas, a bhfuil a léiriú chomh tábhachtach sin, a mheas mar ionadach leordhóthanach ar dhínit, ar fholláine agus ar shlándáil na fostaíochta atá mar cheart ag gach oibrí in aon sochaí chóir chuimsitheach.” 28 Aibreán 2020

An tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ag ceiliúradh Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na nOibrithe, le hionadaithe oibrithe a thugann aire dóibh siúd is mó atá buailte agus atá chun tosaigh sna hiarrachtaí chun paindéim Covid-19 a shrianadh 10 LÉIRMHEAS


I mí an Mheithimh 2020, sheol an tUachtarán Ó hUigínn ómós ceoil ar fud na tíre d’oibrithe riachtanacha ar Lá Ceoil na hEorpa

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn ómós ceoil ar fud na tíre d’oibrithe riachtanacha ar Lá Ceoil na hEorpa, Dé Domhnaigh, 21 Meitheamh. Chuaigh ceoltóirí leis an Uachtarán ar chéimeanna Áras an Uachtaráin chun ‘Ode to Joy’ le Beethoven (Óid don Lúcháire), an tAmhrán Eorpach, a sheinm, sular leanadh leis an gcúirtéis ceoil le grúpa níos mó ceoltóirí agus amhránaithe faoi stiúir an soprán iomráiteach Mairéad Buicke ar céimeanna an Cheolárais Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Macallaíodh ‘Ode to Joy’ ar fud na tíre de réir mar a iarradh ar cheoltóirí agus ar lucht ceoil a n-ómós féin Lá Ceoil na hEorpa a dhéanamh do gach oibrí túslíne laistigh dá bpobail áitiúla, agus fadú fisiceach á choinneáil.

“Tugann an coróinvíreas deis dúinn rudaí a dhéanamh níos fearr. Beidh deireadh leis an ngéarchéim seo, ach beidh víris agus géarchéimeanna eile ann. Ní féidir linn a bheith sa riocht leochaileach céanna arís. Tá ceachtanna foghlamtha againn arís maidir le cúram sláinte agus cothromas, maidir leis an méid atá riachtanach i ndáil le hioncaim agus riachtanais an tsaoil... Leis an gcoróinvíreas leagadh béim ar an gcás aonchiallach do gheilleagar polaitiúil éicea-shóisialta nua - seirbhísí uilíocha bunúsacha a bheith ann a thabharfaidh cosaint dúinn sa todhchaí.” 22 Aibreán 2020

11 LÉIRMHEAS


Covid-19 agus dlúthpháirtíocht dhomhanda Léiríodh go géar agus go pianmhar le paindéim Covid-19 an nasc ollmhór atá ann idir muintir an domhain. Scaipeadh an víreas go tapa thar theorainneacha agus mhór-ranna, ag dul i bhfeidhm ar gach tír ar fud na cruinne. Go luath sa phaindéim, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an bhféidearthacht le scaipeadh an víris go mbuailfí is measa pobail leochaileacha i dtíortha bochta. I mí Aibreáin, in aitheasc chuig comhdháil gréasáin ar an bhfreagra ar phaindéim Covid-19 san Afraic, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn “cé gur bagairt dhomhanda é Covid-19, is iad na daoine is leochailí is mó atá i mbaol.” Thug an tUachtarán le fios gur mhéadaigh an phaindéim Covid-19 dífhostaíocht dhomhanda go suntasach agus gur laghdaigh sé go suntasach ioncam gach duine atá i bhfostaíocht neamhchinnte. I dtíortha a bhfuil córais sláinte níos laige acu, agus i dtíortha a bhfuil géarchéimeanna daonnúla ag bagairt orthu, bhí daoine agus pobail leochaileacha - dídeanaithe agus imircigh, pobail dhúchasacha, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus leanaí - á bhfágáil ar deireadh, gan a bheith in ann maireachtáil a thuilleamh nó rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte éifeachtacha.

“Ní tráth é chun tarraingt siar taobh thiar de theorainneacha. I dtíortha na hAfraice ina bhfuil Covid-19, tá fadhbanna ollmhóra ann. Fadhbanna amhail easpa trealaimh, easpa maoinithe, oiliúint neamhleor oibrithe cúram sláinte, agus tarchur sonraí mí-éifeachtach.” ‘Ag freagairt do Covid-19 san Afraic’, Aibreán 2020

An tUachtarán Ó hUigínn ag tabhairt aitheasc don IIEA, ar an Eoraip agus ar an Afraic 12 LÉIRMHEAS


dhomhanda agus trí chomhar idirnáisiúnta.

Tá paindéim Covid-19 ag cur brú ar chórais sláinte ar fud an domhain, ag bagairt slite beatha, ag tabhairt dúshlán do phatrúin trádála, agus ag tástáil dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta.

Chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine i ngach áit ar sheirbhísí riachtanacha agus ar chosaint shóisialta, d’éiligh na Náisiúin Aontaithe go ndéanfaí tacaíocht agus maoiniú idirnáisiúnta a mhéadú go tapa chun tacú le daoine leochaileacha agus le tíortha nach bhfuil an cumas céanna orthu teacht slán ó thionchair na paindéime.

D’úsáid an tUachtarán Ó hUigínn a theagmhálacha idirnáisiúnta chun dlúthpháirtíocht leis na daoine is boichte ar domhan a éileamh. Agus é ag leagan béime ar an gcaoi a bhfuil an ghéarchéim Covid-19, ní hamháin ina dúshlán roimh ár gcórais sláinte, ach ag tástáil ár chomhdhaonnachta, labhair an tUachtarán le roinnt Ceannairí Stáit i rith na bliana faoin bprionsabal tábhachtach a chuimsítear sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, maidir le “gan aon duine a fhágáil ar deireadh.” I mí Iúil, dúirt an tUachtarán: “Tá an rogha soiléir nóiméad nua a ghabháil le haghaidh dlúthpháirtíochta domhanda nó iarracht a dhéanamh dul i bhfolach i gcliseadh córasach a theipeann ar fhormhór mór mhuintir an domhain agus a thug tubaiste éiceolaíoch dár bplainéad.” I mí Mheán Fómhair, ina rannchuidiú le ‘cruinniú Fíorúil Ardleibhéil’ na Náisiún Aontaithe ar rochtain uilíoch ar chúram sláinte Covid-19, dúirt an tUachtarán gur léirigh géarchéim Covid-19, maidir le sláinte, nach mbeidh aon duine sábháilte go dtí go mbeidh gach duine sábháilte. Níl aon teorainneacha ag an bpaindéim, agus ní féidir dul i ngleic léi ach trí dhlúthpháirtíocht

Ag meabhrú do bhallstáit na Náisiún Aontaithe “mar is amhlaidh leis an oiread sin géarchéimeanna, lena n-áirítear athrú aeráide, tá tionchar díréireach ag paindéim Covid-19 ar na daoine is leochailí, agus orthu siúd is imeallaithe”, mhaígh an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil riachtanas morálta ann oibriú le chéile chun a áirithiú go gcuirtear diagnóisic, teiripic agus vacsaíní éifeachtacha agus inacmhainne ar fáil do gach duine: “Leathnóidh freagraí neamhchothroma ar an bpaindéim éagothroime atá níos measa cheana féin ag tionchar Covid-19. Ní mór dúinn damáiste an neamhionannais a aithint.” I mí Mheán Fómhair, agus é ag labhairt ag cruinniú Fíorúil Ardleibhéil de chuid na Náisiún Aontaithe ar rochtain uilíoch ar chúram sláinte Covid-19, d’iarr an tUachtarán Ó hUigínn gníomh idirnáisiúnta práinneach lena áirithiú go bhfaigheann tíortha bochta rochtain chothrom ar na teicneolaíochtaí nua sláinte agus ar na vacsaíní, chun cabhrú le deireadh a chur le scaipeadh an víris.

“Ós rud é gur admhaigh margaí traidisiúnta nach féidir leo seachadadh ar an scála is gá chun na cruinne ar fad a chlúdach, tá dlúthpháirtíocht laistigh de thíortha agus eatarthu agus an tá an earnáil phríobháideach riachtanach chun na dúshláin a chuireann Covid-19 os ár gcomhair a shárú maidir le rochtain a fháil ar chóireálacha míochaine iomchuí.” 25 Meán Fómhair 2020 13 LÉIRMHEAS


Ag tacú leis na healaíona le linn Covid-19 Ó thús na paindéime Covid-19, tá béim leagtha ag an tUachtarán Ó hUigínn ar an ról atá ag an gcultúr chun cabhrú linn go léir maireachtáil sa tréimhse dheacair seo. I mí an Mheithimh, scríobh an tUachtarán Ó hUigínn chuig ceannairí na n-institiúidí Eorpacha, agus éileamh práinneach á dhéanamh aige chun tacú le hinstitiúidí agus oibrithe cultúrtha. D’óstáil an tUachtarán léirithe cultúrtha san Áras freisin, lena n-áirítear imeachtaí ag ceiliúradh Lá Bloom, Lá Ceoil na hEorpa, agus Oíche Chinn Bhliana. I mí Iúil, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do thaispeántas speisialta, “Songs from an Empty Room”, a óstáladh in ionaid ar fud na hÉireann, mar thacaíocht do theicneoirí agus do chriúnna atá ag obair sa

tionscadal imeachtaí beo. Tháinig laghdú ar a saothrú mar gheall ar an bpaindéim choróinvíris agus bhain an tUachtarán Ó hUigínn úsáid as an ócáid chun a rá go bhfuil “dlúthpháirtíocht ag teastáil anois” ó ealaíontóirí agus uathu siúd atá ag obair in amharclanna agus i léiriúcháin ealaíon.” In ainneoin go raibh gá ann líon na gcuairteoirí ar Áras an Uachtaráin a choinneáil chomh híseal agus is féidir mar gheall ar shrianta sláinte poiblí - i ngnáthbhliain, tagann níos mó ná 20,000 duine trí dhoirse bhaile an Uachtaráin - d’óstaigh an tUachtarán roinnt léirithe ag ealaíontóirí, ní amháin chun tallann Éireannach a cheiliúradh ach freisin chun cuidiú ar bhealach siombalach agus praiticiúil araon aird a tharraingt ar an easpa ioncaim ag an oiread sin d’ealaíontóirí agus d’oibrithe na hÉireann san earnáil chultúrtha.

Ar Lá Bloom 2020, féachann an tUachtarán Ó hUigínn ar léiriú le Lisa Lambe. D’óstáil an tUachtarán clár léirithe ar líne ag Áras an Uachtaráin, chun aird a tharraingt ar an ngá atá le tacú le healaíontóirí le linn na paindéime 14 LÉIRMHEAS


Cheiliúraigh an tUachtarán Ó hUigínn Oíche Chultúir 2020 le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, i nglao chun na healaíona agus iad siúd atá ag obair iontu a chosaint

Oíche Chinn Bhliana, thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín cuireadh do Dan McCabe chun ‘The Parting Glass’ a chanadh in Áras an Uachtaráin, in onóir gach duine a fuair bás, nó a chaill duine muinteartha i rith na bliana

I mí Feabhra, bhronn an tUachtarán Ó hUigínn leabhair óna bhailiúchán pearsanta ar an gcóras leabharlainne poiblí

An tUachtarán Ó hUigínn le baill de Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Meán Fómhair 2020 15 LÉIRMHEAS


Ag Teacht Ar Ais Níos Láidre Ó thús na paindéime Covid-19, rinne an tUachtarán Ó hUigínn iarracht díospóireacht phoiblí níos mó a chur chun cinn ar na leochaileachtaí inár gcórais náisiúnta agus idirnáisiúnta a mhéadaigh tionchar scaipeadh an víris. I mí Aibreáin, d’fhoilsigh an tUachtarán roinnt alt inar áitigh sé go raibh an freagra ar phaindéim Covid-19 ag brath go mór ar ghníomh Stáit, agus gur cheart go gcuirfeadh an meas athnuaite seo ar ról an Stáit bonn eolais faoi ní hamháin freagairtí gearrthéarmacha ar an bpaindéim ach freisin faoi na straitéisí fadtéarmacha lenár sochaí a athchruthú, agus lenár leochaileachtaí a laghdú don todhchaí. Dúirt an tUachtarán “mar a fuaireamar amach, nach ráthaíocht d’athchóiriú buan é bainistíocht rathúil géarchéime. Mar sin, ní mór dúinn an eagna saothraithe go maith ó ghéarchéim Covid-19 a leabú in obair láidir scolártha, i mbeartas agus i gcreataí institiúideacha.” D’áitigh an tUachtarán gur léirigh paindéim Covid-19 an chaoi a bhfuil an córas eacnamaíochta domhanda go bunúsach faoi réir géarchéimeanna agus teipeanna cascáideacha, agus go bhfuil gá le cuir chuige chórasacha nua agus smaointeoireacht eacnamaíoch chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo. Ag príomhóráid chuig an OECD, dúirt an tUachtarán “go intuigthe, go ndíríonn a lán tráchtaireachta eacnamaíochta reatha ar chostas na paindéime. Ach ní mór dúinn machnamh a dhéanamh freisin ar na laigí córasacha atá nochtaithe aici maidir leis an gcaoi a n-eagraímid ár sochaí agus ár ngeilleagar.” Ba cheart do shaoránaigh agus do rialtais ceachtanna ón ngéarchéim Covid-19 a úsáid mar dheis chun dul i ngleic leis an neamhionannas atá ag fás agus le damáiste don chomhshaol, agus bogadh ar shiúl ó fhócas neamhchabhrach ar fhás eacnamaíoch mar chroí-mhéadracht de rath eacnamaíoch. Mar thoradh ar fhócas cúng ar fhás OTI tá tomhaltas, infheistíocht, caiteachas rialtais agus cothromaíocht na trádála “calabraithe ionas go n-uasmhéadaítear an fás eacnamaíoch ar cibé costas ar chomhtháthú sóisialta agus gan aird chuí a thabhairt ar neamhionannas nó ar éifeachtaí éiceolaíocha dochracha.”

“Cé chomh haiféalach is atá sé gur paindéim inar cailleadh na mílte beatha i mórán tíortha a bhí ina cúis le meas forleathan a bhunú, nó a athmhúscailt, in obair sa réimse poiblí, ar an earnáil phoiblí agus ar an tábhacht le leas an phobail sa gheilleagar - agus, maidir lenár dtodhchaí roinnte, cumas neamhurchóideach agus claochlaitheach an stáit.” 22 Aibreán 2020

16 LÉIRMHEAS


I mí Dheireadh Fómhair 2020, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc chuig comhdháil an OECD ‘Confronting Planetary Emergencies’

I mí Dheireadh Fómhair, labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoin ngá le léargas eolaíoch a úsáid chun leasa na daonnachta iomláine. Ag príomhóráid chuig comhdháil bhliantúil Innealtóirí Éireann ar líne, d’iarr an tUachtarán ar innealtóirí, ceannairí gnó agus lucht déanta beartas gníomhú go práinneach maidir le hathrú aeráide agus oibriú le pobail chun aistriú go sochaí atá níos athléimní. Leag an tUachtarán béim ar a thábhachtaí atá sé na buntáistí a bhaineann le fionnachtain eolaíoch a roinnt, lena n-áirítear na vacsaíní Covid-19, go cothrom i measc náisiún agus laistigh de náisiúin. D’iarr an tUachtarán ar Stát na hÉireann “ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla” sa chath in aghaidh athrú aeráide, agus ról ceannasach a imirt “má tá creidiúnacht ar bith le bheith aige, nó aon dóchas réalaíoch a shaoránaigh a thabhairt leis ar an turas deacair chuig a todhchaí dícharbónaithe.” D’áitigh an tUachtarán go bhfuil gá le “athrú radacach paraidíme”, ag déanamh naisc níos mó idir éiceolaíocht, eacnamaíocht agus an tsochaí.

17 LÉIRMHEAS


D’áitigh an tUachtarán Ó hUigínn i rith na bliana, in ainneoin thromchúis na géarchéime Covid-19, go bhfuil síolta dóchais ann don todhchaí. Eascraíonn an dóchas seo go mór as an dlúthpháirtíocht agus as an gcineáltas a bhí le feiceáil i bhfreagraí daoine ar an staid nár tharla riamh roimhe, ach freisin ón gclisteacht a bhí le feiceáil, de réir mar a fuair daoine bealaí nua chun oibriú, sóisialú agus cúram a thabhairt dá chéile. Tá ár ndóchas don todhchaí inár gcumas agus inár dtoilteanas an mothú dlúthpháirtíochta seo a spreagadh, agus ceachtanna a bhaint as ár n-eispéireas, ar an gcaoi ar thugamar aghaidh ar an víreas agus ar an gcaoi ar tháinig ár sochaithe chomh leochaileach dá thionchair.

I bhfianaise na paindéime is léir go bhfuil práinn leis an ngá aghaidh a thabhairt ar na lochtanna atá ann inár múnla eacnamaíoch reatha, agus glacadh le paraidím nua, bunaithe ar uilíocht, inbhuanaitheacht agus comhionannas. Mar a dúirt an tUachtarán i mí na Nollag 2020: “As géarchéim den sórt sin, tugtar deis uair amháin sa ghlúin dúinn, b’fhéidir, rudaí a dhéanamh ar bhealach níos fearr, glacadh le paraidím nua bheatha lena chéile, maidir le hobair agus maireachtáil, agus leis an domhan féin, agus í a thabhairt i gcrích; nasc athnuaite agus níos sláintiúla den tsochaí, den gheilleagar inbhuanaithe agus den éiceolaíocht.”

An tUachtarán Ó hUigínn ag labhairt ag comhdháil fhíorúil 18 LÉIRMHEAS


“Take Care” Go luath i mí Aibreáin, d’iarr an tUachtarán Ó hUigínn ar mhuintir na hÉireann solas a chur ina bhfuinneoga chun dlúthpháirtíocht agus dóchas roinnte a shiombalú, i lár na paindéime coróinvíris. Tháinig dán a scríobh An tUachtarán Ó hUigínn ina inspioráid d’fheachtas FSS, ag impí ar Éireannaigh

‘Hold Firm’ a dhéanamh, de réir mar a lean tionchar na paindéime le damáiste a dhéanamh ar bheathaí agus ar shlite beatha. Scríobh an tUachtarán an dán, “Take Care” i 1992, agus athfhoilsíodh é in Aibreán 2020, chun daoine a spreagadh chun leanúint de chomhairle a leanúint chun scaipeadh Covid-19 a laghdú.

Take Care In the journey to the light, the dark moments should not threaten. Belief requires that you hold steady. Bend, if you will, with the wind. The tree is your teacher, roots at once more firm from experience in the soil made fragile. Your gentle dew will come and a stirring of power to go on towards the space of sharing.

In the misery of the I, in rage, it is easy to cry out against all others but to weaken is to die in the misery of knowing the journey abandoned towards the sharing of all human hope and cries is the loss of all we know of the divine reclaimed for our shared humanity. Hold firm. Take care. Come home together. MDH ‘Season of Fire’, 1993

19 LÉIRMHEAS


AG CUIMHNEAMH AR AN AM ATÁ CAITE CHUN ÁR DTODHCHAÍ A CHRUTHÚ Tá Éire ag ceiliúradh “Deich mBliana na gCuimhneachán”, ag leagan béime ar chomóradh céad bliain cuid de na himeachtaí ba thábhachtaí i stair na hÉireann, lena n-áirítear Frithdhúnadh 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Eipidéim an Fhliú, toghchán 1918, cruinniú an chéad Dáil, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha na hÉireann. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn i gceannas ar an gcomóradh, trí imeachtaí searmanais Stáit agus trí iarrachtaí náisiúnta a mhúnlú chun cúlra, tionchar agus ábharthacht chomhaimseartha na n-imeachtaí atá á gcomóradh a scrúdú. Ina chuid oibre, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an ngá le ‘cuimhneamh eiticiúil’ – an tábhacht a bhaineann leis na guthanna sin san am atá thart a bhí imeallaithe, díchumhachtaithe nó fágtha ar lár a chur san áireamh agus a aithint - agus seasamh de ‘fháilteachas insinte’ a ghlacadh - toilteanas a bheith oscailte do pheirspictíochtaí, scéalta, cuimhní cinn agus pianta an strainséir. In 2020, sheol an tUachtarán Ó hUigínn an chéad chéim eile den chlár cuimhneachán, trí shraith de sheimineáir a óstáil ag lorg machnaimh ar Chogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha, an Cogadh Cathartha agus an Chríochdheighilt. Dar teideal “Machnamh 100” – a thagraíonn do choincheap ársa Éireannach a chuimsíonn marana, smaoineamh, machnamh agus cuimhneamh - tá na seimineáir deartha chun scoláirí mór le rá, ó chúlraí éagsúla agus le raon peirspictíochtaí, a thabhairt le chéile chun a gcuid léargas agus smaointe ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí céad bliain ó shin a chomhroinnt. Is cuireadh é Machnamh 100 ón Uachtarán dóibh siúd go léir a bhfuil spéis acu san am atá thart in Éirinn machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le himeachtaí céad bliain ó shin dúinn sa lá inniu.

I mí na Nollag 2020, d’óstáil an tUachtarán an chéad sheimineár sa tsraith mhachnaimh, ag díriú ar nádúr an chuimhneacháin féin: cén fáth a ndéanaimid é, an rud a roghnaítear chun comóradh a dhéanamh, agus na rudaí a d’fhéadfadh a bheith roghnaithe againn a fhágáil ar lár ón gcomóradh. Ina aitheasc tosaigh don seimineár, áitigh an tUachtarán Ó hUigínn meas ar pheirspictíochtaí éagsúla ar imeachtaí na tréimhse 1913-1923, d’fhonn cóireáil níos barántúla ar ár stair chomhroinnte a éascú, ar féidir léi cur leis na dóchais iar-sheicteacha don todhchaí.

“Tá na himeachtaí casta céad bliain ó shin a gcuimhnímid orthu mar chuid lárnach den scéal a mhúnlaigh ár ndaoine ina n-éagsúlacht go léir, agus leis an gcaoi a ndéantar iad a mheabhrú agus a thuiscint, déanfar muid agus na cinntí a dhéanaimid a mhúnlú go leanúnach amach anseo.”

20 LÉIRMHEAS

Nollaig 2020


I mí na Nollag 2020, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn an chéad seimineár ina shraith de mhachnaimh ‘Machnamh 100’

Dúirt an tUachtarán go dtugann cineál comórtha iomchuí ar an am atá caite an deis machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-athraíonn ár sochaithe, agus ar an gcaoi ar athraigh siad le himeacht ama, agus cad a bhí ina chabhrú chun na hathruithe sin a chur chun cinn. Déanfar imeachtaí an ama a chuaigh thart a “athinsint ó go leor seasamh éagsúil, agus is trí mheas a bheith againn ar na peirspictíochtaí difriúla sin ina gcastacht uile gur féidir linn tógáil níos barántúla a éascú, ní hamháin ar ár stair chomhroinnte trasnaithe, ach ar na féidearthachtaí iar-sheicteacha atá againn don todhchaí.” Mar sin féin, níor cheart cinsireacht a dhéanamh ó chuimhne ar imeachtaí pianmhara an ama a chuaigh thart. Dúirt an tUachtarán gur minic a bhí na gníomhartha ionsaitheachta scaoilte ag fórsaí na Corónach agus a rinne na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta i gCogadh na Saoirse i bhfoirm de phionóis agus de dhíoltais chomhchoiteanna eiseamláireacha – beartáin a bheadh contrártha le Coinbhinsiún na Ginéive an lae inniu agus mheasfaí iad a bheith mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.

Níos luaithe sa bhliain, labhair an tUachtarán Ó hUigínn freisin ar théama na ndíoltas comhchoiteann. Ag scríobh dó i Meán Fómhair 2020 ar chomóradh céad bliain ar Scrios Bhaile Brigín, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn nach raibh an pionós comhchoiteann ag fórsaí na Breataine uathúil d’Éirinn, ach mar chuid de na bearta a úsáideadh i gcoilíneachtaí eile, lena n-áirítear san India, sa Chéinia agus sa Chipir. Bhí seimineár tar éis an chéad seimineár Machnamh 100 i mí Feabhra 2021 ina scrúdaíodh freagraí ó impireacht na Breataine ar imeachtaí in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse agus an Chonartha, agus déanfar machnamh ar thríú seimineár, i mí na Bealtaine 2021, ar ghluaiseacht an tsaothair agus ar rannpháirtíocht na mban sa tstreachailt le haghaidh neamhspleáchais. San iomlán, óstálfaidh an tUachtarán sé sheimineár sa tsraith, agus foilseofar gach rannchuidiú ar shuíomh gréasáin an Uachtaráin agus i leabhar ar thionscnamh an Uachtaráin, rud a fhoilseofar ag deireadh na sraithe.

21 LÉIRMHEAS


An tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ag bualadh Chlog na Síochána ag Áras an Uachtaráin, Domhnach na Cásca, Aibreán 2020

22 LÉIRMHEAS


An tUachtarán i gceannas ar Chomóradh Éirí Amach na Cásca Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i gceannas ar an gcomóradh bliantúil ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca 1916. In athrú ón ngnáthphrótacal mar thoradh ar threoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le Covid-19, rinneadh fir agus mná 1916 a chomóradh, ní trí shearmanais ar fhreastail baill den phobal orthu, ach trí imeacht ar an teilifís. Cuireadh tús leis an searmanas agus scaradh sóisialta ann leis an Uachtarán ag bualadh Chlog na Síochána ag Áras an Uachtaráin, agus paidir agus léamh an Fhorógra ó Ard-Oifig an Phoist. Ansin leag an tUachtarán fleasc ag grúpa de 16 chrann beithe a cuireadh, ar thionscnamh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín, in onóir na réabhlóidithe a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916. An lá dar gcionn, thug searmanas gairid dar teideal ‘Ireland Remembers’ onóir do gach duine a fuair bás mar thoradh ar phaindéim Covid-19.

I mí Aibreáin 2020, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i gceannas ar chomóradh speisialta ag ceiliúradh 104 bliain Éirí Amach na Cásca 1916

23 LÉIRMHEAS


An tUachtarán Ó hUigínn ag searmanas Lá Náisiúnta an Chuimhneacháin i nDún Uí Choileáin, in onóir gach fear agus bean Éireannach a fuair bás i gcogadh nó ar seirbhís le fórsaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe. Grianghraf: Na Fórsaí Cosanta

An tUachtarán Ó hUigínn ag an tSeirbhís Chuimhneacháin Náisiúnta bhliantúil ag Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath, Samhain 2020

I mí na Bealtaine, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i gceannas ar shearmanas comórtha Stáit in onóir cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916

24 LÉIRMHEAS


Ag cuimhneamh ar an Uileloscadh I mí Eanáir 2020, thaistil an tUachtarán Ó hUigínn chun na Polainne, chun freastal ar chomóradh 75 bliain ó scaoileadh campa geibhinn agus díothaithe na Naitsithe. Chuaigh an tUachtarán le níos mó ná 200 marthanóir campa, daoine a roinn a gcuid scéalta agus a thug rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le hionsaithe frith-Sheimíteacha an lae inniu, agus le ceannairí ó thart ar 60 tír, i searmanas ag tabhairt onóra do bhreis agus 1.1 milliún duine, Giúdach a bhformhór mór, a fuair bás sa champa. Sula ndeachaigh sé chun na Polainne, thug an tUachtarán aitheasc do Chuimhneachán bliantúil Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe i dTeach an Ard-Mhéara, inar thug sé ómós do na marthanóirí agus thug sé rabhadh faoi ardú i gcaint agus i bpolaitíocht antoisceach ar fud na hEorpa, ag rá go bhfuil “meon uafásach frith-imirceach ag iarraidh teacht chun cinn in Éirinn”. San óráid seo, dúirt an tUachtarán “nár tháinig laghdú ar an gcineál truaillithe seo de dhaonlathas ar fud na hEorpa, agus níor baineadh frith-Sheimíteachas ó mhór-reitric na ndaoine atá ag iarraidh ceap milleáin a dhéanamh de dhaoine leochaileacha.”

I mí Eanáir, las an tUachtarán Ó hUigínn coinneal ag an gcuimhneachán i gcampa geibhinn agus díothaithe Auschwitz-Birkenau

25 LÉIRMHEAS


An tUachtarán Ó hUigínn agus Uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael John Horan le linn Chuimhneachán Dhomhnach na Fola CLG i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: CLG

An tUachtarán Ó hUigínn ag Cuimhneachán Domhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, i mí na Samhna 2020

26 LÉIRMHEAS


AG IONADÚ AN NÁISIÚIN

An 27 Meitheamh 2020, cheap an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn baill an Rialtais, ag searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Is poblacht é Stát na hÉireann agus is é an tUachtarán an Ceann Stáit, duine a thoghann na daoine go díreach. Forordaíonn Bunreacht na hÉireann, ról agus cumhachtaí an Uachtaráin, lena n-áirítear: •

An Taoiseach, baill an Rialtais, breithiúna agus oifigigh eile a cheapadh;

Fios a chur ar Dháil Éireann agus ar Sheanad Éireann agus Dáil Éireann a dhíscaoileadh, nó an díscaoileadh a dhiúltú;

Reachtaíocht a shíniú ina dhlí agus/nó Billí a tharchur chuig an gCúirt Uachtarach;

Ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir na hÉireann;

Gníomhú mar Cheannasaí Uachtarach ar na Fórsaí Cosanta.

Cuimsíonn ról taidhleoireachta an Uachtaráin fáilte a chur roimh Cheannairí Stáit agus ambasadóirí eachtracha, agus cuairteanna a thabhairt thar lear in áiteanna a ndéanann an tUachtarán ionadaíocht ar Éirinn ag an leibhéal is airde.

Tá buntáistí taidhleoireachta tábhachtacha ag tionchar an Uachtaráin, ag neartú tionchar na hÉireann ar eagraíochtaí iltaobhacha amhail na Náisiúin Aontaithe, ach go heacnamaíoch freisin, ag cuidiú le doirse a oscailt do chuideachtaí, acadóirí agus ealaíontóirí Éireannacha. Chomh maith lena chúraimí foirmiúla a chomhlíonadh, tá ról tábhachtach ag an Uachtarán freisin ag déanamh ionadaíochta ar náisiún iomlán na hÉireann. Mar phríomhionadaí agus mar cheannaire na tíre, ní amháin go ndéanann an tUachtarán pearsanú ar Éirinn ar an stáitse idirnáisiúnta, ach bíonn sé ina shiombail ar fhéiniúlacht, luachanna, tosaíochtaí agus mianta na hÉireann. Trí labhairt ar son an náisiúin ag amanna tragóide náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó ag amanna ceiliúrtha, is féidir leis an Uachtarán guth a thabhairt do mothúcháin mhuintir na hÉireann. Ina theannta sin, trí aird a tharraingt ar obair agus ar éachtaí daoine agus eagraíochtaí, is féidir leis an Uachtarán aitheantas a thabhairt do rannchuidithe tábhachtacha inár sochaí, agus aird a tharraingt ar théamaí nó ar ghníomhaíochtaí ar leith.

27 LÉIRMHEAS


Cuairt Stáit ó Uachtarán Pavlopoulos na Gréige

Sa tráthnóna, d’óstaigh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Dinnéar Stáit in onóir an Uachtaráin Pavlopoulos, inar labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi na bannaí doimhne idir an dá thír, agus faoin gcaoi ar féidir leis an dá náisiún oibriú le chéile chun an daonlathas a dhoimhniú ar fud an Aontais Eorpaigh.

I mí Eanáir, thug a Shoilse, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, Prokopios Pavlopoulos, Cuairt Stáit ar Éirinn, ar chuireadh ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn. Tharla an Chuairt Stáit tar éis Chuairt Stáit an tUachtarán Ó hUigínn ar an nGréig, i mí Feabhra 2018 agus tar éis óráide Aristotle an Uachtaráin in 2019 san Aithin, inar labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi nádúr an daonlathais agus conas is féidir leis freagairt do na dúshláin a bhaineann le díghrádú comhshaoil agus éagothroime atá ag fás i sochaithe. Cuireadh tús leis an gCuairt Stáit le fáilte searmanais ag Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin bhí cruinniú déthaobhach ann idir an bheirt Cheann Stáit. Ina gcruinniú, labhair an tUachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Pavlopoulos faoin tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar idir Éire agus an Ghréig maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda is práinní, lena n-áirítear athrú aeráide, neamhionannas, bochtaineacht, coimhlint fhoréigneach agus imirce.

“Tugadh deis uathúil, agus freagracht go deimhin, dúinn inár saolta féin, bunluachanna an daonlathais, an chomhtháthaithe, na n-ionchas roinnte, chearta an duine agus an smacht reachta a dhearbhú i ndomhan atá ag éirí níos idirspleáiche ina gcuirtear dúshlán roimh na luachanna sin. Ligimis é a dhéanamh le chéile.” I mí an Mheithimh, tar éis blianta d’fheachtais ag an Uachtarán, ag an Rialtas agus ag taidhleoirí na hÉireann, vótáladh Éire ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Sna blianta roimh an vótáil, bhain an tUachtarán Ó hUigínn úsáid as an iliomad cruinnithe a bhí aige le ceannairí domhanda agus le Cinn Stáit chun an cás a dhéanamh ar son na hÉireann, ag rá go bhfuil taifead na hÉireann ar neamhspleáchas agus a huaillmhian ról cuiditheach a imirt i rannchuidiú maidir le síocháin, slándáil agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach mar bhonn agus thaca ag iarrthóireacht na hÉireann.

An tUachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Pavlopoulos na Gréige, ag bualadh le leanaí scoile ag Áras an Uachtaráin, Eanáir 2020 28 LÉIRMHEAS


Toghcháin 2020 An 14 Eanáir, shínigh an tUachtarán Ó hUigínn Forógra an Díscaoilte don 32ú Dáil. Faoi Airteagal 13 den Bhunreacht, “Déanfaidh an tUachtarán Dáil Éireann a thoghairm agus a dhíscaoileadh ar chomhairle an Taoisigh,” ach is féidir leis an Uachtarán, i gcásanna áirithe, deonú an díscaoilte a dhiúltú. Tar éis próiseas fada chun rialtas a bhunú, shínigh an tUachtarán Ó hUigínn an barántas lena gceaptar comhaltaí an Rialtais, de réir Airteagal 13 den Bhunreacht, an 27 Meitheamh. Mar gheall ar shrianta sláinte poiblí Covid-19, tharla an searmanas, ar iarratas ón Uachtarán Ó hUigínn, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ní in Áras an Uachtaráin.

Shínigh an tUachtarán Ó hUigínn Forógra an Díscaoilte don 32ú Dáil

29 LÉIRMHEAS


“Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom a rá cé chomh buíoch ar chóir dúinn go léir a bheith go raibh a leithéid de John Hume againn chun solas dóchais a chruthú sna tréimhsí is deacra.” I mí Lúnasa 2020, threoraigh an tUachtarán Ó hUigínn ómós do John Hume, Buaiteoir Gradaim Nobel na Síochána agus Státaire, a d’éag, in aois a 83 bliana.

An tUachtarán Ó hUigínn ag sochraid John Hume, Lúnasa 2020

Coinnle i gcuimhne ar John Hume

An tUachtarán Ó hUigínn, agus an Tiarna-Leifteanant, an Dr. Angela Garvey, ag sochraid John Hume, Lúnasa 2020 30 LÉIRMHEAS


PRÍOMHTHÉAMAÍ Tá an ghné seo dá chuid oibre struchtúrtha ag an tUachtarán Ó hUigínn ar roinnt téamaí, tugtha le chéile i roinnt tionscnamh speisialta: •

Rannpháirtíocht agus Claochlú – Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis sochaí níos uilechuimsithí a chur chun cinn mar bhunchloch dá chuid oibre, bunaithe ar a chreideamh daingean go bhfuil cion luachmhar le déanamh ag gach duine in Éirinn agus go neartaítear an tsochaí nuair a thacaíonn sí le héagsúlacht eispéireas agus peirspictíochtaí, agus nuair a bhíonn sí múnlaithe acu siúd.

chumhacht chun mealladh, dúshláin a thabhairt, claochlú agus cumhachtú. •

Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte – Is é aidhm an tionscnaimh seo ag an Uachtarán plé poiblí a chur chun cinn maidir le conas is féidir linn go léir a bheith rathúil ar oileán na hÉireann, agus muid ag maireachtáil ar aon dul le meas ar ár stair chasta. Le bliain anuas, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do smaointeoirí ó chúlraí, ó phobail agus ó ghrúpaí cultúrtha éagsúla chuig Áras an Uachtaráin, agus chuig a thionscnamh Machnamh 100.

Athmhachnamh a dhéanamh ar an nGeilleagar – Ina chruinnithe agus ina óráidí poiblí, lean an tUachtarán Ó hUigínn le díospóireacht phoiblí níos mó a chur chun cinn faoi bheartas eacnamaíoch agus faoi dhéanamh beartas. Ag leagan béime dó ar a thábhachtaí atá sé níos mó rannpháirtíochta poiblí le beartas eacnamaíoch a chur chun cinn, spreag an tUachtarán díospóireacht ar na beartais a d’fhéadfadh teacht in áit na mbeartas a d’fhág go bhfuil méadú ag teacht ar neamhionannas agus ar bhagairtí don phláinéid.

Samhlaíocht agus an Náisiún – Tá an tionscnamh Samhlaíochta agus an Náisiúin bunaithe ar dhearcadh an Uachtaráin gur gá cumhacht na n-ealaíon cruthaitheach chun mealladh, dúshláin a thabhairt, claochlú agus cumhachtú a cheiliúradh agus a chosaint. I rith na bliana, d’oibrigh an tUachtarán Ó hUigínn chun aird a tharraingt ar thábhacht na healaíne agus na cruthaitheachta i saol na hÉireann, trí cheiliúradh a dhéanamh ar a •

I mí na Nollag 2020, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an údar Áine Ní Ghlinn, an cúigiú Laureate na nÓg, agus roimh an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon chuig Áras an Uachtaráin 31 LÉIRMHEAS


Ócáid neamhchoitianta a cheiliúradh le daoine urghnácha Ar an Satharn, 29 Feabhra - lá neamhchoitianta - bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina óstach ar theacht le chéile leanaí lena dteaghlaigh chun Lá Idirnáisiúnta Galar Neamhchoitianta 2020 a cheiliúradh. Thug an tUachtarán cuireadh do líon mór othar Galar Neamhchoitianta agus a dteaghlaigh chuig Áras an Uachtaráin. Sainmhínítear galar neamhchoitianta mar ghalar a bhfuil leitheadúlacht níos lú ná 5 chás ann i ngach 10,000 duine. Déantar cur síos ar thart ar 8,000 galar neamhchoitianta faoi láthair, agus meastar go bhfuil galar neamhchoitianta ar suas le 300,000 duine in Éirinn.

Cuairteoirí ag ócáid arna óstáil ag an tUachtarán Ó hUigínn chun Lá Galar Neamhchoitianta a cheiliúradh, 29 Feabhra 2020

“Tá na prionsabail a fheidhmíonn mar threoir inár dtiomantas athnuaite chun an víreas Covid-19 a chomhrac bunaithe ar roinnt luachanna bunúsacha a léiríonn go cinnte an chuid is fearr dínn féin, amhail Dlúthpháirtíocht, Cúram, Trócaire agus Cineáltas. Le bheith éifeachtach tá tiomantais dearfacha ag teastáil uainn go léir agus ní mór dúinn labhairt agus spreagadh a thabhairt dá chéile chun fís a bheith againn faoin solas a thiocfaidh, go cinnte, as ár n-iarrachtaí uile nuair a dhéantar iad a athnuachan agus a athdhúbailt.” Nollaig 2020 32 LÉIRMHEAS


REACHTAÍOCHT Le linn 2020 bhreithnigh agus shínigh an tUachtarán Ó hUigínn 32 Bille ina ndlíthe. Tá Tithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann) freagrach as billí a rith, ach ní dhéantar dlí de Bhillí go dtí go síneoidh an tUachtarán iad. Is é ról an Uachtaráin sa chomhthéacs seo a mheas an bhfuil Billí a chuirtear faoina bhráid comhoiriúnach leis an mBunreacht. Ní féidir leis an Uachtarán Bille a chrosadh toisc nach n-aontaíonn sé lena fhorálacha, ach seachas Billí Airgid nó Billí chun an Bunreacht a leasú, i gcás go bhfuil amhras air faoi bhunreachtúlacht an Bhille, is féidir leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit é a tharchur don Chúirt Uachtarach chun cinneadh a dhéanamh ina leith seo. Má chinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille, nó aon chuid de, míbhunreachtúil, ní féidir leis an Uachtarán an Bille a shíniú agus ní achtaítear é. Mar sin féin, má mheasann an Chúirt go bhfuil an Bille bunreachtúil, síneoidh an tUachtarán an Bille agus déantar dlí de. Sa chás seo, faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, ní féidir agóid a dhéanamh níos déanaí maidir le bunreachtúlacht na reachtaíochta seo, nó maidir le foráil an bhille a tarchuireadh chuig an gCúirt Uachtarach. I gcás easaontais idir an Dáil agus an Seanad, féadfaidh comhaltaí an Oireachtais achainí a dhéanamh ar an Uachtarán gan Bille a shíniú, ar an mbonn go bhfuil togra ann a bhfuil an tábhacht náisiúnta sin leis gur cheart toil mhuintir na hÉireann a lorg, trí reifrinn a reáchtáil. Éilíonn achainí den sórt sin tromlach an tSeanaid agus trian ar a laghad den Dáil. Níor feidhmíodh an fhoráil seo den bhunreacht riamh.

33 LÉIRMHEAS


Foilsíonn an tUachtarán dán Lá Bealtaine Ar an 1 Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn dán nua do Lá Bealtaine. Bhí an dán tiomnaithe do Mary McPartlan, amhránaí tíre agus gníomhaí ceardchumainn, agus cara le Saidhbhín agus an tUachtarán Ó hUigínn. Mar gheall ar shrianta Covid-19, níorbh fhéidir leis an Uachtarán freastal ar a sochraid in Aibreán 2020. Foilsithe ar an lá a thug an tUachtarán aitheasc d’imeacht fhíorúil Lá Bealtaine arna óstáil ag SIPTU, thug an dán ómós do ghluaiseacht na gceardchumann.

Mary McPartlan

Of Saturdays Made Holy (In Memory of Mary McPartlan, Folk Singer & Trade Union Activist) The night is long and I awake Recall the making of the march, On those Saturdays made holy, The beat of feet behind banners, That bore the glory of the words, The call for a life made equal, Banners held steady for the speech, Gold threaded, fringed, eyeleted With care, for the carrying, To defeat the opposing breeze, Borne by arms made strong, From work of mind, of heart and hand. Those words, sent out to cheers I search for now, They are not gone, Nor is the memory, Of how they danced, without restraint, Skipping back and forth to cheers, In joyful subversion Of the ordinary. The echo of that beat of feet behind banners, On Saturdays made holy Is slow to come. Can it be that it is lost, Perhaps forgotten? Surely not so. For in the long sweep of history,

In the stories that will be told, Others will hear of how behind banners They marched, women and men And children too, on Saturdays made holy, It will be told of how they sometimes won, And often lost, if never defeated It will matter that they sometimes wept On folding, for another day, those banners That carried words, emancipatory The night though long And dawn so slow in breaking Yet morning light, glorious, Reveals how from those arrows fledged in history, That missed their mark in darkness Have sprung in light some frail fruit trees, Of hope In other times, an old planet weary finds new life, Renewal, from the music of the heart. And now a new song emerges, From behind banners gold threaded, again made sacred, On Saturdays made holy, with words emancipatory, As voices rise in unison, And sing of love, And a new day, For all humanity. MDH May Day, 2020

34 LÉIRMHEAS


Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc chuig Cruinniú Mullaigh Domhanda ILO ar Covid-19 agus ar Dhomhan na hOibre, Mí Iúil 2020

35 LÉIRMHEAS


Solas don Diaspóra I mí na Nollag, de réir mar a las an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín na soilse ar an gcrann Nollag taobh amuigh d’Aras an Uachtaráin, nocht siad abhainn nua solais ar fud na dtailte freisin. Ag sruthú ón solas don diaspóra Éireannach ar an gcéad urlár den Áras, shín abhainn an tsolais chuig muintir na hÉireann go léir agus chuig gach duine nárbh fhéidir leo a bheith lena dteaghlaigh um Nollaig. Agus é ag aithint na bliana deacra a bhí in 2020, d’eisigh an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht speisialta na Nollag don diaspóra Éireannach i mí na

Nollag. Sa teachtaireacht, d’aithin an tUachtarán na deacrachtaí a bhaineann leis na srianta taistil paindéime, rud a fhágann nach raibh an oiread sin cairde agus teaghlach in ann teacht le chéile chun sóisialú agus ceiliúradh a dhéanamh: “díomá eile fós a chuirfear le hiarmhairtí pearsanta, sóisialta, eacnamaíocha agus go deimhin cultúrtha na paindéime atá taobh thiar den oiread sin tragóide ó chlúdaigh sé an domhan níos luaithe i mbliana.” Agus é ag cuimhneamh ar riachtanais áirithe na nÉireannach thar lear, ghlac an tUachtarán an-chúram chun an diaspóra Éireannach a bhaint amach i rith na bliana.

Ag Áras an Uachtaráin, las an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín abhainn an tsolais, ag sruthú ón Solas don Diaspóra ar an gcéad urlár, trasna na dtailte, agus amach chuig muintir na hÉireann go léir agus chuig gach duine nach féidir leo a bheith lena dteaghlaigh um Nollaig 36 LÉIRMHEAS


STAIDÉAR BITHÉAGSÚLACHTA “Nocht an phaindéim Covid-19, a bhuail ár sochaithe chomh crua sin, ár nascacht as cuimse le leochaileachtaí an dúlra.

I mí na Samhna 2020, fuair an tUachtarán Ó hUigínn tuarascáil ina bhfuil mionsonraí ar thorthaí staidéir bliana ar éagsúlacht shaibhir shaol plandaí agus ainmhithe ar thailte Áras an Uachtaráin. Le tamall fada anuas, is eol don Uachtarán agus do Saidhbhín an éagsúlacht shaibhir atá sa timpeallacht nádúrtha timpeall Áras an Uachtaráin, agus ba chúis imní é chun a cosaint a áirithiú, agus a rath a áirithiú sa todhchaí, gur iarr an tUachtarán ar Oifig na nOibreacha Poiblí foireann éiceolaithe a choimisiúnú chun ‘iniúchadh bithéagsúlachta’ mionsonraithe a dhéanamh ar Áras an Uachtaráin agus ar a thailte.

Meabhraíodh dúinn go pianmhar an méid mór lena bhfuilimid nasctha le héiceachórais shláintiúla bheoga agus an méid a mbímid ag brath orthu dár sláinte, bia, cógas, foscadh agus fuinneamh.”

Soláthraítear sa tuarascáil, a d’fhoilsigh OOP agus foireann eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, anailís eolaíoch ar na gnáthóga éagsúla agus ar éagsúlacht mhór na speiceas ar an láithreán 130 acra timpeall ar bhaile Uachtarán na hÉireann. Tugtar faoi dear sa tuarascáil go bhfuil neart plandaí agus fiadhúlra ar thailte Áras an Uachtaráin, le 297 speiceas éagsúil plandaí, 247 speiceas inveirteabrach, 188 fungas agus 51 speiceas éan éagsúil. Ag freagairt dó don tuarascáil, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: “Ag am nuair a bhíonn ár ndomhan nádúrtha i mbaol chomh géar sin, agus an oiread sin d’éiceachórais leochaileacha ár bplainéad á scriosadh, á dtruailliú agus á gcreachadh, soláthraítear i dtuarascáil an lae inniu ní hamháin forbhreathnú luachmhar ar a bhfuil ann cheana féin, ach freisin tá tacar moltaí ann maidir le conas is féidir le comhlachtaí Stáit mar an OOP, le hidirghabhálacha beaga ach spriocdhírithe, rannchuidiú inláimhsithe agus bríomhara a dhéanamh le sláinte ár dtimpeallachta nádúrtha.”

Lá Náisiúnta Bithéagsúlachta, 22 Bealtaine 2020 Cuireadh ar fáil sa tuarascáil freisin moltaí maidir le conas an bhithéagsúlacht ag Áras an Uachtaráin a fheabhsú ar tírdhreach é a chruthaigh agus a bhainistigh daoine do dhaoine eile - lena n-áirítear trí fhéarthailte saibhir le speicis a fheabhsú agus a athshlánú, agus gnáthóg a chruthú d’fheithidí, do phailneoirí, d’éin agus do mhamaigh chun nead a dhéanamh iontu – agus b’fhéidir trí ghnáthóga bogaigh nua a bhunú.

37 LÉIRMHEAS


Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn tús le Bliain Idirnáisiúnta na Sláinte Plandaí Roghnaigh Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an bhliain 2020 chun feasacht a mhúscailt ar conas is féidir, trí shláinte phlandaí a chosaint, cabhrú le deireadh a chur leis an ocras, an bhochtaineacht a laghdú, an comhshaol a chosaint, agus forbairt eacnamaíoch a threisiú. Le tús a chur leis an mBliain, chuir an tUachtarán Ó hUigínn crann darach dúchasach i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanáir.

Cur i láthair na Tuarascála Bithéagsúlachta ón Ollamh Jane Stout agus ón Dr. Aoibheann Gaughran, Samhain 2020

Téama leanúnach ar fud Uachtaránacht Micheál D. Ó hUigínn is ea an tábhacht a bhaineann le plandaí, fiadhúlra agus ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint. Leag an tUachtarán béim faoi leith ar thionchar an athraithe aeráide gan stad, ag rá “go dtabharfaidh na glúnta atá le teacht breithiúnas ar an tsochaí chomhaimseartha maidir le cibé ar thugamar neamhaird ar leochaileachtaí ár bplainéad. . . nó an raibh an comhbhá riachtanach againn chun ár n-idirspleáchas a cheiliúradh”.

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn Lá Náisiúnta na gCrann 2020 a cheiliúradh le baill den Tionscadal Easy Treesie agus de ‘Crann Trees for Ireland’

Chuir An tUachtarán Ó hUigínn tús leis an mBliain Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí le crann a chur i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath 38 LÉIRMHEAS


TABHARTAS DO ‘DHAOINE ATÁ OS CIONN CÉAD BLIAIN D’AOIS’ Chuir an tUachtarán Dubhghlas De hÍde tús leis an traidisiún i 1940 trína bhfaigheann daoine a bhfuil a 100ú breithlá bainte amach acu bronntanas €2,540 ón Stát mar aon le teachtaireacht speisialta ó Uachtarán na hÉireann, ag guí lá breithe sona dóibh agus ag déanamh comhghairdeas leo as fad a saoil. In 2006, chinn an Rialtas na critéir incháilitheachta don scéim a leathnú ionas go mbeidh gach saoránach Éireannach a rugadh ar oileán na hÉireann incháilithe iarratas a dhéanamh. Ón 1 Eanáir 2000, tá lá breithe na ndaoine os cionn 100 bliain d’aois á cheiliúradh ag Uachtarán na hÉireann freisin. Ar an 101ú lá breithe agus ar gach lá breithe ina dhiaidh sin, faigheann an duine bonn cuimhneacháin speisialta i mbosca bronntanais, mar aon le litir chomhghairdis arna síniú ag an Uachtarán. Dearadh bonn nua do gach bliain.

Teachtaireachtaí do Dhaoine os cionn 100 Bliain d’Aois Eisithe 2020 Iomlán

546

Éire

440

Baineann

357

Fireann

83

Thar lear

106

Baineann

95

Fireann

11

Bonn 2020 Iomlán

648

Éire

536

Baineann

460

Fireann

76

Thar lear

112

Baineann

99

Fireann

13

39 LÉIRMHEAS


AIRGEADAS AGUS RIALACHAS Bhí Oifig an Uachtaráin bunaithe ag Bunreacht na hÉireann, agus leag Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 ról an Uachtaráin amach mar aon lena liúntais a ghabhann leis. Socraíonn an tOireachtas an buiséad d’Oifig an Uachtaráin, ar bhonn bliantúil, faoi Vóta 1. Sonraítear caiteachas faoin gceannteideal seo go bliantúil sa chuntas Leithreasa, agus is é tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) a dhéanann é a iniúchadh agus a fhoilsiú go neamhspleách. Déanann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a hiniúchadh faoin údarás a thugtar leis an Acht um ArdReachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 agus de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) is infheidhme arna fhógairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta agus na rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta arna leagan síos ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tugtar leis an iniúchadh, trí thuairisciú na tuairime iniúchta, dearbhú neamhspleách go gcuireann an Cuntas Leithreasa fáltais agus caiteachas an Vóta don bhliain reatha chuntais i láthair i gceart. Foilsítear sonraí faoi chaiteachas Oifig an Uachtaráin freisin ar shuíomh gréasáin Áras an Uachtaráin, www.president.ie. In €1,000í Tuarastail, pá agus liúntais Taisteal agus cothú Costais oiliúna, forbartha agus teagmhasacha Post agus Cumarsáid Innealra Oifige agus soláthairtí oifige eile agus seirbhísí gaolmhara Tabhartas do Dhaoine os cionn 100 Bliain d’Aois Leithreasaí i gcabhair IOMLÁN

2019

2020

1,724

1,884

87

76

327

237

64

87

195

187

1,258

1,452

(78)

(81)

3,577

3,842

Socraítear leibhéil foirne, agus tuarastail gach ball d’fhoireann an Uachtaráin, de réir scálaí pá agus socruithe caighdeánacha na státseirbhíse. Íoctar na costais tuarastail go léir ó Vóta ginearálta an Uachtaráin agus, dá bhrí sin, – déantar iad a thuairisciú don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG), duine a dhéanann iniúchadh orthu ar bhonn bliantúil. Tá an fheidhm Iniúchta Inmheánaigh do Bhunaíocht an Uachtaráin le hAonad Iniúchta Inmheánaigh Roinn an Taoisigh ó 2012/2013. Soláthraíonn an Coiste Iniúchóireachta maoirseacht neamhspleách ar shocruithe airgeadais agus tá sé de chúram air comhairle neamhspleách a sholáthar maidir le hoiriúnacht agus láidreacht chórais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh na heagraíochta. Bíonn a cuid oibre bunaithe ar anailís ar na rioscaí airgeadais a bhfuil Oifig an Uachtaráin nochtaithe dóibh agus tá sé mar aidhm aici na príomh-rialuithe a chlúdach ar bhonn rollach thar thréimhse réasúnta. 40 LÉIRMHEAS


Seirbhísí Gaolmhara Faigheann Oifig an Uachtaráin tacaíocht ó roinnt Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit. Soláthraíonn na Fórsaí Cosanta tacaíocht searmanais don Uachtarán maidir le himeachtaí Stáit, lena n-áirítear Cuairteanna Stáit, searmanais dintiúir agus searmanais chuimhneacháin, agus soláthraíonn siad cúnamh leanúnach foirmiúil agus neamhfhoirmiúil don Uachtarán trí Oifig an Aide de Camp. Soláthraíonn an Garda Síochána slándáil agus iompar don Uachtarán, agus socraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála taisteal eachtrach an Uachtaráin agus cuireann sí an taisteal sin in áirithe. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) aire don fhoirgneamh liostaithe, is é sin Áras an Uachtaráin, agus soláthraíonn sí na seirbhísí go léir a theastaíonn le haghaidh an iliomad imeachtaí a óstáiltear san Áras. Déanann an OOP bainistíocht freisin ar na gairdíní foirmiúla, agus ar na gairdíní deimhnithe orgánacha glasraí agus cistine óna soláthraítear torthaí, glasraí agus bláthanna le húsáid ag an iliomad imeachtaí a óstáiltear in Áras an Uachtaráin. Níl figiúirí do 2020 ar fáil go fóill, agus tabharfaidh na seirbhísí ábhartha tuairisc orthu in am trátha.

Liúntas 1938 Tá an liúntas uachtaránachta bliantúil de €317,000 in aghaidh na bliana féilire ann chun tacú le hobair na hUachtaránachta. Tá an liúntas ann ó 1938, faoi théarmaí Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938, agus bhí sé ar fáil do gach Uachtarán le 80 bliain anuas. Socraíodh an méid reatha i 1998 (faoi I.R. Uimh. 67/1998). Úsáidtear an liúntas chun costais bhreise nach gclúdaítear in áit eile i Vóta an Uachtaráin a cumhdach agus cuidíonn sé le cur ar chumas gach Uachtaráin a (h)Uachtaránacht a shainiú. Le blianta beaga anuas, úsáideadh an liúntas chun tacú le fáilteachas do thart ar 20,000 duine a thugann cuairt ar Áras an Uachtaráin gach bliain suas go dtí 2020, le Dinnéir Stáit do Chinn Stáit atá ar cuairt, agus leis na céadta imeacht a óstálann an tUachtarán ag Áras an Uachtaráin gach bliain. Chun trédhearcacht a fheabhsú tuilleadh, bunaíodh go neamhspleách Coiste Maoirseachta Airgeadais seachtrach, agus tháinig sé le chéile i rith na bliana, go fíorúil san áireamh. Seo a leanas achoimre airgeadais ar na hábhair a breithníodh.

41 LÉIRMHEAS


2020 Imeachtaí inmheánacha 1. Bia & Deochanna

€82,711

2. Fáilteachas & Siamsaíocht

€31,065

3. Iompar, Bronntanais agus Costais Ghaolmhara Fo-iomlán

€8,654 €122,430

Taisteal eachtrach agus taidhleoireacht

€1,348

Leabhair, taighde, páipéarachas agus postas

€9,106

Caiteachas iomlán

€132,884

Iomlán a fuarthas

€317,434

Barrachas

€184,550

Baineann na figiúirí seo le caiteachas faoi Liúntas 1938 don tréimhse 1 Eanáir 2020 - 31 Nollaig 2020. Sna seacht mbliana dá chéad téarma in oifig, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh thart ar 140,000 duine chuig Áras an Uachtaráin, agus chlúdaigh Liúntas 1938 na costais fáilteachais a bhain leis na cuairteanna seo. Ag deireadh a chéad téarma, thug an tUachtarán na codanna den Liúntas nár caitheadh, dar luach €238,443 san iomlán, ar ais don státchiste, mar a bhí mionsonraithe i dtuarascáil an Uachtaránachta faoi Athbhreithniú, rud a foilsíodh in 2018. Mar an gcéanna, ag deireadh a théarma reatha, in 2025, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aon chistí ón Liúntas nár caitheadh ar ais don státchiste.

42 LÉIRMHEAS


Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.R.H Diúc Cambridge agus Bandiúc Cambridge ag tús a gcuairte oifigiúil ar Eirinn, Mí an Mhárta 2020

Choinnigh Niamh Kelly, neacht an cheoltóra Luke Kelly agus príomhoide Ghaelscoil Bhreifne, in Achadh na Sceire, Co. an Chabháin, an ceol ag dul in ainneoin na drochaimsire, nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín cuairt ar an nGaelscoil ar an 12 Márta 2020, an lá a d’fhógair an Rialtas bearta déine chun an phaindéim Covid-19 a chomhrac. Grianghraf: Lorraine Teevan Photography 43 LÉIRMHEAS


D’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín fáiltiú chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, 8 Márta 2020

I mí Eanáir 2020, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú chun suiteáil “Pangur Bán”, dealbh le Imogen Stuart, ag Áras an Uachtaráin a cheiliúradh. Tá an píosa ar iasacht chuig Áras an Uachtaráin ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ar taispeáint. Tá sé suiteáilte anois sa limistéar fáiltithe in Áras an Uachtaráin 44 LÉIRMHEAS


An crann Nollag á lasadh, Nollaig 2020. I mblianta eile, freastalaíonn na céadta leanbh agus a dteaghlaigh ar an ócáid seo, ach in 2020, mar gheall ar shrianta Covid-19, bhí an searmanas ar siúl gan aíonna

45 LÉIRMHEAS


Slán le hUachtarán na Gréige, Eanáir 2020

46 LÉIRMHEAS


Cuirtear an foilseachán seo ar fáil faoi cheadúnas oscailte. Tá cead ag léitheoirí an foilseachán seo a chóipeáil, a fhoilsiú, a dháileadh agus a tharchur, ar an gcoinníoll go luaitear an foinse go sainráite agus go soiléir. Ní fhéadfar an foilseachán seo a úsáid chun críocha polaitiúla nó tráchtála, agus ní cheadaítear lógó Uachtarán na hÉireann agus Bunaíocht an Uachtaráin a úsáid. Teastaíonn cead ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann chun aon ábhar cóipchirt tríú páirtí a chuimsítear san fhoilseachán seo a úsáid. Tá an foilseachán seo ar fáil ar www.president.ie Ba chóir aon fhiosrúcháin maidir leis an bhfoilseachán seo a sheoladh chugainn trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá ar fáil ag www.president.ie

47 LÉIRMHEAS


Áras an Uachtaráin, D08E1W3 www.president.ie/ga @PresidentIRL


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.