4 minute read

Reachtaíocht

Le linn 2020 bhreithnigh agus shínigh an tUachtarán Ó hUigínn 32 Bille ina ndlíthe.

Tá Tithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann) freagrach as billí a rith, ach ní dhéantar dlí de Bhillí go dtí go síneoidh an tUachtarán iad.

Is é ról an Uachtaráin sa chomhthéacs seo a mheas an bhfuil Billí a chuirtear faoina bhráid comhoiriúnach leis an mBunreacht.

Ní féidir leis an Uachtarán Bille a chrosadh toisc nach n-aontaíonn sé lena fhorálacha, ach seachas Billí Airgid nó Billí chun an Bunreacht a leasú, i gcás go bhfuil amhras air faoi bhunreachtúlacht an Bhille, is féidir leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit é a tharchur don Chúirt Uachtarach chun cinneadh a dhéanamh ina leith seo.

Má chinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille, nó aon chuid de, míbhunreachtúil, ní féidir leis an Uachtarán an Bille a shíniú agus ní achtaítear é. Mar sin féin, má mheasann an Chúirt go bhfuil an Bille bunreachtúil, síneoidh an tUachtarán an Bille agus déantar dlí de. Sa chás seo, faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, ní féidir agóid a dhéanamh níos déanaí maidir le bunreachtúlacht na reachtaíochta seo, nó maidir le foráil an bhille a tarchuireadh chuig an gCúirt Uachtarach.

I gcás easaontais idir an Dáil agus an Seanad, féadfaidh comhaltaí an Oireachtais achainí a dhéanamh ar an Uachtarán gan Bille a shíniú, ar an mbonn go bhfuil togra ann a bhfuil an tábhacht náisiúnta sin leis gur cheart toil mhuintir na hÉireann a lorg, trí reifrinn a reáchtáil. Éilíonn achainí den sórt sin tromlach an tSeanaid agus trian ar a laghad den Dáil. Níor feidhmíodh an fhoráil seo den bhunreacht riamh.

Foilsíonn an tUachtarán dán Lá Bealtaine

Ar an 1 Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn dán nua do Lá Bealtaine.

Bhí an dán tiomnaithe do Mary McPartlan, amhránaí tíre agus gníomhaí ceardchumainn, agus cara le Saidhbhín agus an tUachtarán Ó hUigínn. Mar gheall ar shrianta Covid-19, níorbh fhéidir leis an Uachtarán freastal ar a sochraid in Aibreán 2020.

Foilsithe ar an lá a thug an tUachtarán aitheasc d’imeacht fhíorúil Lá Bealtaine arna óstáil ag SIPTU, thug an dán ómós do ghluaiseacht na gceardchumann. Mary McPartlan

(In Memory of Mary McPartlan, Folk Singer & Trade Union Activist)

The night is long and I awake Recall the making of the march, On those Saturdays made holy, The beat of feet behind banners, That bore the glory of the words, The call for a life made equal, Banners held steady for the speech, Gold threaded, fringed, eyeleted With care, for the carrying, To defeat the opposing breeze, Borne by arms made strong, From work of mind, of heart and hand.

Those words, sent out to cheers I search for now, They are not gone, Nor is the memory, Of how they danced, without restraint, Skipping back and forth to cheers, In joyful subversion Of the ordinary.

The echo of that beat of feet behind banners, On Saturdays made holy Is slow to come. Can it be that it is lost, Perhaps forgotten? Surely not so. For in the long sweep of history,

Of Saturdays Made Holy

In the stories that will be told, Others will hear of how behind banners They marched, women and men And children too, on Saturdays made holy, It will be told of how they sometimes won, And often lost, if never defeated It will matter that they sometimes wept On folding, for another day, those banners That carried words, emancipatory

The night though long And dawn so slow in breaking Yet morning light, glorious, Reveals how from those arrows fledged in history, That missed their mark in darkness Have sprung in light some frail fruit trees, Of hope

In other times, an old planet weary finds new life, Renewal, from the music of the heart. And now a new song emerges, From behind banners gold threaded, again made sacred, On Saturdays made holy, with words emancipatory, As voices rise in unison, And sing of love, And a new day, For all humanity.

MDH May Day, 2020

Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc chuig Cruinniú Mullaigh Domhanda ILO ar Covid-19 agus ar Dhomhan na hOibre, Mí Iúil 2020

Solas don Diaspóra

I mí na Nollag, de réir mar a las an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín na soilse ar an gcrann Nollag taobh amuigh d’Aras an Uachtaráin, nocht siad abhainn nua solais ar fud na dtailte freisin.

Ag sruthú ón solas don diaspóra Éireannach ar an gcéad urlár den Áras, shín abhainn an tsolais chuig muintir na hÉireann go léir agus chuig gach duine nárbh fhéidir leo a bheith lena dteaghlaigh um Nollaig.

Agus é ag aithint na bliana deacra a bhí in 2020, d’eisigh an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht speisialta na Nollag don diaspóra Éireannach i mí na Nollag. Sa teachtaireacht, d’aithin an tUachtarán na deacrachtaí a bhaineann leis na srianta taistil paindéime, rud a fhágann nach raibh an oiread sin cairde agus teaghlach in ann teacht le chéile chun sóisialú agus ceiliúradh a dhéanamh: “díomá eile fós a chuirfear le hiarmhairtí pearsanta, sóisialta, eacnamaíocha agus go deimhin cultúrtha na paindéime atá taobh thiar den oiread sin tragóide ó chlúdaigh sé an domhan níos luaithe i mbliana.”

Agus é ag cuimhneamh ar riachtanais áirithe na nÉireannach thar lear, ghlac an tUachtarán an-chúram chun an diaspóra Éireannach a bhaint amach i rith na bliana.

Ag Áras an Uachtaráin, las an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín abhainn an tsolais, ag sruthú ón Solas don Diaspóra ar an gcéad urlár, trasna na dtailte, agus amach chuig muintir na hÉireann go léir agus chuig gach duine nach féidir leo a bheith lena dteaghlaigh um Nollaig