1 minute read

“Bliain Covid”

“BLIAIN COVID”

I mí Aibreáin 2020, threoraigh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín an tionscnamh ‘Shine A Light’, in ómós d’íospartaigh na paindéime Covid-19

Oíche Chinn Bhliana 2020, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn le muintir na hÉireann:

“Agus muid ag fágáil slán le bliain Covid-19 is cóir dúinn smaoineamh ar iad atá imithe uainn agus iad atá fágtha ina ndiaidh.

Agus muid ag teacht chun cinn ó bhliain Covid-19 is iomchuí go gcuimhneoimid ar gach duine a d’imigh uainn i rith na bliana, agus orthu siúd atá fágtha ina ndiaidh agus nach raibh deis acu brón a dhéanamh dóibh ar an mbealach atá chomh traidisiúnta sin, agus atá ag croí saol na hÉireann.”

Le linn na “bliana Covid” cailleadh beathaí agus chuaigh scaipeadh an Coróinvíreas Nua (2019-nCoV) i bhfeidhm go mór ar phobail. Ón lá i mí Feabhra nuair a tuairiscíodh na chéad chásanna den víreas in Éirinn, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar a thábhachtaí a bhí sé cloí leis na moltaí sláinte poiblí, chun freagra éifeachtach ar scaipeadh an víris a áirithiú. Le linn na paindéime, labhair an tUachtarán faoin ngá lenár gcomhfhreagairt ar an bpaindéim a bhunú ar phrionsabail na trua, an chúraim, na dlúthpháirtíochta agus an chineáltais - go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Níorbh fhada tar éis don rialtas an chéad dianghlasáil a fhógairt i mí an Mhárta, gur labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoin coróinvíreas ina ráiteas Lá Fhéile Pádraig, ag iarraidh ar shaoránaigh faire amach dá chéile agus go háirithe dóibh siúd sna catagóirí is leochailí a bhféadfadh cúnamh agus cúram a bheith ag teastáil uathu.

“Sa lá inniu, agus scaipeadh domhanda an choróinvíris ann, iarrtar orainn níos mó ná riamh na luachanna a chuimsítear i scéal Naomh Pádraig a leanúint. Beidh ról bunúsach ag na luachanna dlúthpháirtíochta agus imní sin i ndáil le folláine ár gcomhshaoránach maidir le dul i ngleic go héifeachtach leis an dúshlán a chuirtear os ár gcomhair anois.

Is dúshlán é lena n-éilítear traidisiún agus cleachtas ár bpobal ag obair le chéile, ag aithint riachtanas a gcuid ball uile, agus go háirithe riachtanais na ndaoine is leochailí.”

Sliocht as aitheasc an Uachtaráin ar Lá Fhéile Pádraig, Márta 2020