3 minute read

Staidéar bithéagsúlachta

I mí na Samhna 2020, fuair an tUachtarán Ó hUigínn tuarascáil ina bhfuil mionsonraí ar thorthaí staidéir bliana ar éagsúlacht shaibhir shaol plandaí agus ainmhithe ar thailte Áras an Uachtaráin.

Le tamall fada anuas, is eol don Uachtarán agus do Saidhbhín an éagsúlacht shaibhir atá sa timpeallacht nádúrtha timpeall Áras an Uachtaráin, agus ba chúis imní é chun a cosaint a áirithiú, agus a rath a áirithiú sa todhchaí, gur iarr an tUachtarán ar Oifig na nOibreacha Poiblí foireann éiceolaithe a choimisiúnú chun ‘iniúchadh bithéagsúlachta’ mionsonraithe a dhéanamh ar Áras an Uachtaráin agus ar a thailte.

Soláthraítear sa tuarascáil, a d’fhoilsigh OOP agus foireann eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, anailís eolaíoch ar na gnáthóga éagsúla agus ar éagsúlacht mhór na speiceas ar an láithreán 130 acra timpeall ar bhaile Uachtarán na hÉireann.

Tugtar faoi dear sa tuarascáil go bhfuil neart plandaí agus fiadhúlra ar thailte Áras an Uachtaráin, le 297 speiceas éagsúil plandaí, 247 speiceas inveirteabrach, 188 fungas agus 51 speiceas éan éagsúil.

Ag freagairt dó don tuarascáil, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: “Ag am nuair a bhíonn ár ndomhan nádúrtha i mbaol chomh géar sin, agus an oiread sin d’éiceachórais leochaileacha ár bplainéad á scriosadh, á dtruailliú agus á gcreachadh, soláthraítear i dtuarascáil an lae inniu ní hamháin forbhreathnú luachmhar ar a bhfuil ann cheana féin, ach freisin tá tacar moltaí ann maidir le conas is féidir le comhlachtaí Stáit mar an OOP, le hidirghabhálacha beaga ach spriocdhírithe, rannchuidiú inláimhsithe agus bríomhara a dhéanamh le sláinte ár dtimpeallachta nádúrtha.”

“Nocht an phaindéim Covid-19, a bhuail ár sochaithe chomh crua sin, ár nascacht as cuimse le leochaileachtaí an dúlra.

Meabhraíodh dúinn go pianmhar an méid mór lena bhfuilimid nasctha le héiceachórais shláintiúla bheoga agus an méid a mbímid ag brath orthu dár sláinte, bia, cógas, foscadh agus fuinneamh.”

Lá Náisiúnta Bithéagsúlachta, 22 Bealtaine 2020

Cuireadh ar fáil sa tuarascáil freisin moltaí maidir le conas an bhithéagsúlacht ag Áras an Uachtaráin a fheabhsú - ar tírdhreach é a chruthaigh agus a bhainistigh daoine do dhaoine eile - lena n-áirítear trí fhéarthailte saibhir le speicis a fheabhsú agus a athshlánú, agus gnáthóg a chruthú d’fheithidí, do phailneoirí, d’éin agus do mhamaigh chun nead a dhéanamh iontu – agus b’fhéidir trí ghnáthóga bogaigh nua a bhunú.

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn tús le Bliain Idirnáisiúnta na Sláinte Plandaí

Roghnaigh Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an bhliain 2020 chun feasacht a mhúscailt ar conas is féidir, trí shláinte phlandaí a chosaint, cabhrú le deireadh a chur leis an ocras, an bhochtaineacht a laghdú, an comhshaol a chosaint, agus forbairt eacnamaíoch a threisiú.

Le tús a chur leis an mBliain, chuir an tUachtarán Ó hUigínn crann darach dúchasach i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar an 15 Eanáir.

Téama leanúnach ar fud Uachtaránacht Micheál D. Ó hUigínn is ea an tábhacht a bhaineann le plandaí, fiadhúlra agus ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint. Leag an tUachtarán béim faoi leith ar thionchar an athraithe aeráide gan stad, ag rá “go dtabharfaidh na glúnta atá le teacht breithiúnas ar an tsochaí chomhaimseartha maidir le cibé ar thugamar neamhaird ar leochaileachtaí ár bplainéad. . . nó an raibh an comhbhá riachtanach againn chun ár n-idirspleáchas a cheiliúradh”.

Cur i láthair na Tuarascála Bithéagsúlachta ón Ollamh Jane Stout agus ón Dr. Aoibheann Gaughran, Samhain 2020

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn Lá Náisiúnta na gCrann 2020 a cheiliúradh le baill den Tionscadal Easy Treesie agus de ‘Crann - Trees for Ireland’

Chuir An tUachtarán Ó hUigínn tús leis an mBliain Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí le crann a chur i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath