3 minute read

Covid-19 agus dlúthpháirtíocht dhomhanda

Covid-19 agus dlúthpháirtíocht dhomhanda

Léiríodh go géar agus go pianmhar le paindéim Covid-19 an nasc ollmhór atá ann idir muintir an domhain. Scaipeadh an víreas go tapa thar theorainneacha agus mhór-ranna, ag dul i bhfeidhm ar gach tír ar fud na cruinne.

Go luath sa phaindéim, leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an bhféidearthacht le scaipeadh an víris go mbuailfí is measa pobail leochaileacha i dtíortha bochta. I mí Aibreáin, in aitheasc chuig comhdháil gréasáin ar an bhfreagra ar phaindéim Covid-19 san Afraic, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn “cé gur bagairt dhomhanda é Covid-19, is iad na daoine is leochailí is mó atá i mbaol.”

Thug an tUachtarán le fios gur mhéadaigh an phaindéim Covid-19 dífhostaíocht dhomhanda go suntasach agus gur laghdaigh sé go suntasach ioncam gach duine atá i bhfostaíocht neamhchinnte. I dtíortha a bhfuil córais sláinte níos laige acu, agus i dtíortha a bhfuil géarchéimeanna daonnúla ag bagairt orthu, bhí daoine agus pobail leochaileacha - dídeanaithe agus imircigh, pobail dhúchasacha, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus leanaí - á bhfágáil ar deireadh, gan a bheith in ann maireachtáil a thuilleamh nó rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte éifeachtacha.

“Ní tráth é chun tarraingt siar taobh thiar de theorainneacha. I dtíortha na hAfraice ina bhfuil Covid-19, tá fadhbanna ollmhóra ann. Fadhbanna amhail easpa trealaimh, easpa maoinithe, oiliúint neamhleor oibrithe cúram sláinte, agus tarchur sonraí mí-éifeachtach.”

‘Ag freagairt do Covid-19 san Afraic’, Aibreán 2020

An tUachtarán Ó hUigínn ag tabhairt aitheasc don IIEA, ar an Eoraip agus ar an Afraic

Tá paindéim Covid-19 ag cur brú ar chórais sláinte ar fud an domhain, ag bagairt slite beatha, ag tabhairt dúshlán do phatrúin trádála, agus ag tástáil dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta.

D’úsáid an tUachtarán Ó hUigínn a theagmhálacha idirnáisiúnta chun dlúthpháirtíocht leis na daoine is boichte ar domhan a éileamh.

Agus é ag leagan béime ar an gcaoi a bhfuil an ghéarchéim Covid-19, ní hamháin ina dúshlán roimh ár gcórais sláinte, ach ag tástáil ár chomhdhaonnachta, labhair an tUachtarán le roinnt Ceannairí Stáit i rith na bliana faoin bprionsabal tábhachtach a chuimsítear sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, maidir le “gan aon duine a fhágáil ar deireadh.”

I mí Iúil, dúirt an tUachtarán: “Tá an rogha soiléir - nóiméad nua a ghabháil le haghaidh dlúthpháirtíochta domhanda nó iarracht a dhéanamh dul i bhfolach i gcliseadh córasach a theipeann ar fhormhór mór mhuintir an domhain agus a thug tubaiste éiceolaíoch dár bplainéad.”

I mí Mheán Fómhair, ina rannchuidiú le ‘cruinniú Fíorúil Ardleibhéil’ na Náisiún Aontaithe ar rochtain uilíoch ar chúram sláinte Covid-19, dúirt an tUachtarán gur léirigh géarchéim Covid-19, maidir le sláinte, nach mbeidh aon duine sábháilte go dtí go mbeidh gach duine sábháilte. Níl aon teorainneacha ag an bpaindéim, agus ní féidir dul i ngleic léi ach trí dhlúthpháirtíocht dhomhanda agus trí chomhar idirnáisiúnta.

Chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine i ngach áit ar sheirbhísí riachtanacha agus ar chosaint shóisialta, d’éiligh na Náisiúin Aontaithe go ndéanfaí tacaíocht agus maoiniú idirnáisiúnta a mhéadú go tapa chun tacú le daoine leochaileacha agus le tíortha nach bhfuil an cumas céanna orthu teacht slán ó thionchair na paindéime.

Ag meabhrú do bhallstáit na Náisiún Aontaithe “mar is amhlaidh leis an oiread sin géarchéimeanna, lena n-áirítear athrú aeráide, tá tionchar díréireach ag paindéim Covid-19 ar na daoine is leochailí, agus orthu siúd is imeallaithe”, mhaígh an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil riachtanas morálta ann oibriú le chéile chun a áirithiú go gcuirtear diagnóisic, teiripic agus vacsaíní éifeachtacha agus inacmhainne ar fáil do gach duine: “Leathnóidh freagraí neamhchothroma ar an bpaindéim éagothroime atá níos measa cheana féin ag tionchar Covid-19. Ní mór dúinn damáiste an neamhionannais a aithint.”

I mí Mheán Fómhair, agus é ag labhairt ag cruinniú Fíorúil Ardleibhéil de chuid na Náisiún Aontaithe ar rochtain uilíoch ar chúram sláinte Covid-19, d’iarr an tUachtarán Ó hUigínn gníomh idirnáisiúnta práinneach lena áirithiú go bhfaigheann tíortha bochta rochtain chothrom ar na teicneolaíochtaí nua sláinte agus ar na vacsaíní, chun cabhrú le deireadh a chur le scaipeadh an víris.

“Ós rud é gur admhaigh margaí traidisiúnta nach féidir leo seachadadh ar an scála is gá chun na cruinne ar fad a chlúdach, tá dlúthpháirtíocht laistigh de thíortha agus eatarthu agus an tá an earnáil phríobháideach riachtanach chun na dúshláin a chuireann Covid-19 os ár gcomhair a shárú maidir le rochtain a fháil ar chóireálacha míochaine iomchuí.”

25 Meán Fómhair 2020